Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Séamus 'ac a' Bháird (1871–1951), Downings, Lifford, Co Donegal
Eolas ar an chainnteoir.


Séamus agus Treasa Nic a' Bháird, 1916.
Pioctúir ó Aingeal Nic a' Bháird.


LA1280.1
Teideal: Dialogue from Troid Bhaile an Droichid

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhuail Séamus suas 'toighe Phaidí, agus d'fhág thiar gloine a bhain snagarnach as agus d'fhág sruth uisce le na shúilibh. Agus bhí buideál beag fosta 'un a' bhealaigh leis.

"Goidé do bharamhail de sin?" arsa Paidí.

"Níl lá loicht air," arsa Séamus, nuair a fuair sé 'anáil leis.

"Ariamh char ól tú gloine ionchurtha leis," arsa Paidí.

"D'ól," arsa Séamus, "agus ólfaidh. Chan a rádh atá mé nach bhfuil sé toghna fosta, ach rinne mé fhéin téigheadh anuraidh nach n-amharcóchadh sé air."

"Shaoil mé," arsa Paidí, "gur scoith a dteárnadh annseo ariamh an braon atá mé a rádh."

"Níl lá scéil air adeirim leat, a Phaidí. Lean leat mar tá tú, agus cha n-abrann duine ná diúlach leat nach bhfuil uisce beatha galánta agat."

Amach le Séamus agus anuas 'na bhaile fá choinne a bhata. Chraith sé an t-uisce coisreactha air fhéin, agus ar Chaitlín, agus d'iarr ar Chaitlín paidir a chur leis.

"Maise, rath Dé agus Muire ar mo bhéal," arsa Caitlín, "paidir ná cré cha chuirim leat agus an siubhal amaideach a bhfuil tú air. Cha rachadh amhlóir, chan é amháin duine leagas amach dó fhéin a bheith siosmaideach ciallmhar stuamdha, ins a' tsiubhal seo inniu. Cha cheilim ar Dhia nó ar a' tsaoghal é, ba mhaith liom thú griosáil mhaith bhuailte 'fhagháil, ach gan do mharbhadh ar fad, sul a bpillidh tú. Agus níl ach amaidigh domh an béal a bheith a' milleadh an anma agam, paidir nó paidir nó cuid den phaidir cha chuirim leat."

"Tá teangaidh in do cheann, a Chaitlín, a bhainfeadh an craiceann anuas de'n dearnaid, agus nár choiglidh Dia thú é a chaitheamh ar cheithre bhallaí an toigh e go dtigidh mise arais. Tá mise ar shiubhal. Agus fad agus mhairfeas órlach de'n bhata seo le chéile, béidh Séamus Mór Ó Duibhir ar a sháimhín suilt, ag 'ul agus a' gearradh, a' cosnadh 's a' cnagadh, mar chleacht agus mar ba dhual d'ar maoidheadh ariamh air."

Siud 'un siubhail é agus níor chuimhnigh sé a hata Domhnaigh a chur air. Agus bhí an ceann lom-chaithte a bhí ar a cheann droch-dhaithteach tuarthuighthe leis an aimsir, agus comh míochmhar gránna agus chonnaic tú ariamh.

"Pill annseo," arsa Caitlín, "agus cuir ort do hata, agus steall dhuit an show sin atá ort."

Ach ní phillfeadh Séamus. Ní chorróchadh sé an sean-hata gránna anois de, leisg oiread de shásamh a thabhairt daoithe. B'fhearr leis leoga, in éantoisg uirthi, é bheith seacht n-uaire ní ba ghráiceamhla.

Chuaidh Séamus faoi n-a churach, d'iomchair ar a mhuin síos 'na trágha é, agus leag i mbéal na tuinne é. Chuaidh sé isteach annsin ann, fá mhuinighin Dé, agus is iomdha buille de chéaslaidh a tharraing sé ó sin go rabh sé ar an tír. Níl aon bhomaite de uair go leith nár bhain an cúrsa as, agus d'aindeoin nach rabh a mhacasamhail le fagháil ar an chósta le brígh cuirp, cruadhas agus urradh, bhí a sháith aige dó, agus bhí sé leath-chlaoidhte go leor agus spuaiceacha comh mór le uibh circe ar bhosa a dhá lámh ag dorna na céasladh sul mur shroich sé an tráigh.

Shónnruigh bean Shéamuis Mhóir Uí Ghallchobhair Séamus a' teacht. Agus bhí fhios aici go maith gur a' teacht a chuidiughadh le n-a fear fhéin a bhí sé. Agus bhí beathach fána shréin agus fána dhiallait aici ar a' tráigh fá choinne Shéamuis.

"Sé do bheatha," ar sise. "Téigh a mharcaidheacht comh tiugh géar agus thig leat, agus bain a' t-aonach amach i bpreabadh na súl má rinne tú riamh é. Nuair a shroichfeas tú an fad sin, caith an t-adhastar fá mhuineál an bheathaigh, tabhair a ceann daoithe, agus bainfidh sí fhéin an baile amach."

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ní hann do'n ath-innse, cionnas gur ag léigheamh as a leabhar fhéin a bhí an cainnteoir; dearc nóta 1 thíos.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1280d1 (orthographic, English translation).

1. This extract is read by the author from his book Troid Bhaile an Droichid (1907). The written version above differs only in very minor respects from the book.


Ciarán Ó Duibhín
2012/11/04
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite