Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Pádraig 'ac Ailín (1876–1951), Mín a' Droighin, Gleann Cholmcille, Co Donegal
Eolas ar an chainnteoir.


LA1267.1
Teideal: Story: Nuair a bhí mé mo ghasúr bheag buídeach (tús)

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Nuair a bhí mé beag buídeach aig mo dhaoiní ionns a' bhaile, bhí fear 'n-a chomhnuidhe i mbaile a dtugann siad Mín na Crois' air, ar bh'ainm dó Pádraig Ó Gallchobhair. Bhí sé 'n-a chomhnuidhe go h-an-bhocht. Ní rabh maoin, caoirigh ná eallaigh aige ná mórán slighe beo, ach a' deánamh gléasaraí beaga, soithigh bheaga fá choinne coinneáilt uisce. Lá amháin fuair sé scéala a ghabháil síos go Bail' Uí Ára (Ballyara) a dheánamh soitheach fá choine coinneáil biotáilte - deánamh biotáilte.

D'imthigh sé, agus nuair a bhí sé ag gabháil fríd a' bhaile, chuaidh a chos síos i ndíog (leis). Ní rabh sé a' fagháil a chos tarrainthí leis, agus dubhairt sé le n-a chos féin, "Go rabh tú ag an diabhalaidh," ars' eisean, "agus tar aníos as sin." Fuair sé an chos leis, agus d'imthigh sé sa teach a rabh sé ag gabháil - go dtí an teach a rabh sé ag gabháil a dh'obair ann.

Nuair a chuaidh sé 'un toighe thosuigh sé ar a' ghléas a rabh sé ag gabháil a dh'obair orthai, agus níor chríochnuigh sé an gléas an lá sin. Tháinig sé abhaile tráthnóna agus maidin lá thar n-a bhárach d'imthigh sé arís. Nuair a bhí sé ag gabháil trasna ionns an áit chéanna, chuaidh a chos síos ins a' díogaidh, agus ní rabh dul aige an chos a fhagháil leis.

Bhuel, labhair a' rud a bhí thíos ins a' díogaidh. "Is mise an diabhal," ars' eisean, "agus ní thig leat do chos fhagháil leat. Thug tú 'n chos domh-sa inné. Agus is liom-sa thú inniú." "Bhuel," arsa Pádraig, "leig cead domh inniú. Tá mé ag gabháil a shaothrughadh páighe a' lae. Agus deána giota beag iarainn daoit féin anois," arsa Pádraig, "agus gabh isteach ionn mo phóca. Agus siubhail liom." "Maith go leor," ars' an diabhal. Rinne sé an giota iarainn dó féin, agus chuaidh sé isteach ionn a phóca.

Chuaidh siad go dtí an teach a rabh sé ag deánamh an ghléas fá choinne coinneáil na biotáilte, deánamh shoithigh na biotáilte, agus chríochnuigh sé an job a' lá seo. Nuair a chríochnuigh sé an gléas a' lá seo, 'sé an pháighe a fuair sé, dhá phíosa tuistiúna. Tháinig sé abhaile tráthnóna, agus nuair a bhí sé a' teacht air a bhealach abhaile, smaointigh sé go rachadh sé fhad leis a' ghabha 'bhí ionns na Cealla Beaga go bhfaghadh sé fiacal cléith-fhorstaí deánta daen ghiota iarainn.

Chuaidh sé fhad leis a' ghabha, agus a' chéad bhuille a thug a' gabha don ghiota iarainn, d'éirigh sé ionn a splanncacha teineadh air fud an urláir. Thug a' gabha iarraidh buille daen chasúr ar Phádraig, agus fhobair nár mharbhuigh sé Pádraig. Fuair Pádraig bocht teichte, agus thug sé iarraidh air a' bhaile. Nuair a bhí sé 'teacht aníos aig droichead Fhionntrágha, bhí fear ionn a sheasamh air a' bhóthar roimhe.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ní hann dó.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/doegen/ga/LA_1267d1 (orthographic, English translation).

For other notes, see the following track.


LA1268.1
Teideal: Story: Nuair a bhí mé mo ghasúr bheag buídeach (tuilleadh)

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Casadh fear do Phádraig nuair a bhí sé 'teacht aníos aig droichead Fhionntrágha. Labhair sé leis, agus d'fhiafruigh sé do Phádraig a' rabh airgead air bith aige. Dubhairt Pádraig nach rabh mórán, nach rabh aige ach dhá phíosa tuistiúin. "Maise, 'gheall air a' rí," ars' an fear, "agus tabhair domh-sa ceann acu." "Bhuel," arsa Pádraig, "ó d'iarr tú orm é 'e gheall air a' rí, bheirfidh mé cionn acu duit." "Bhuel," ars' an fear, "nuair a bhí tú chomh maith sin domh-sa 'nocht, ca bith trí achaine a iarrfaidh tú orm, gheobhaidh tú iad."

"Bhuel," arsa Pádraig, "iarraim achaine ort a' cófhra mór atá ionns a' tseomra i gcúl na teineadha ionns a' bhailidh a líonadh lán mine." "Ó dheánfaidh mé sin duit," ars' a' fear. "Caidé 'n dara h-achaine atá tú a dh'iarraidh?" "Tá mé 'g iarraidh achaine, duin' air bith a thiocfas 'e chomhair a' chrann atá i gcúl mo thoighe, a bhfuil mórán ubhlaí a' fás air, é 'ghreamughadh don chrann," arsa Pádraig, "nó níl mé féin ná mo pháistí a' fhagháil aon chionn dae na h-ubhlaí le h-ithe." "Maith go leor," arsa 'n fear, "dheánfaidh mé sin duit. Caidé 'n tríomhadh h-achaine atá tú a dh'iarraidh?" ars' an fear. "Iarraim achaine ort," arsa Pádraig, "mé féin agus an uile dhuine dae mo bhunadh a thabhairt 'na bhFlaitheas." "Bhuel, is maith an achaine í sin," arsa'n fear.

Tháinig Pádraig abhaile, agus d'fhiafhruigh a bhean dó, "Pádraig, a' bhfuil cabhair air bith leat anocht?" ars an bhean. "Ó níl mórán," arsa Pádraig. "Ach gabh suas agus amharc ionns a' chófhra i gcúl na teineadha, go bhfeicfidh tú 'bhfuil sé lán mine." "Ó," ars' an bhean, "a bhrealláin bhocht, caidé líonfadh an cófhra lán mine." "Ó, gabh suas," arsa Pádraig. Chuaidh sí suas, agus nuair a chuaidh sí 'un a' tseomra, bhí an cófhra lán mine. Rinne sí réidh suipéara breagh daoith' féin - daobhtha féin agus do na páistí.

Bhí páiste beag buídeach ionns' a' teach, le coinneáil le baisteadh, agus d'iarr a bhean air Phádraig a ghabháil agus daoiní 'fhagháil a choinneochadh 'n páiste le baisteadh. "Bhuel, rachaidh," arsa Pádraig, "agus a' chéad duine 'mheetálfas mé - chasfhar orm, bíodh sé Gaedhealach nó Gallda, cuirfidh mé leis a' pháiste é." D'imthigh Pádraig agus ba ghoirid a bhí sé air siubhal gur casadh duin' air.

"An rachaidh tú go gcoinnighidh tú páiste le baisteadh domh," arsa Pádraig. "Rachaidh," ars' an duine, "is maith liom gur iarr tú orm é. Agus is mise an bás," ar seisean, "agus ó bhí tú chomh maith domh agus go bhfuil tú 'tabhairt páiste domh le coinneáil le baisteadh, dheánfa mé dochtúr daoit. Agus níl aonduine tinn a rachas tú fhad leis nach léigheasfa tú. Ach má bhíom-sa aig cionn na leabtha, ná léigheas é, agus má bhíom aig cos na leabtha léigheas é." "Maith go leor" arsa Pádraig.

Tháinig Pádraig abhaile agus ba ghoirid ionn a dhiaidh sin go gcualaidh Pádraig trácht air nighean duin' uasail —

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ní hann dó. Ach amharc nóta 1 thíos.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/doegen/ga/LA_1268d1 (orthographic, English translation).

1. Other versions from the present speaker:
      Séamus Ó Néill (S.M.), "Béaloideas Uladh", Irish Independent 21/04/1932, p 4, from the present occasion. See also Nollaig Mac Congáil and Ciarán Ó Duibhín, Glórtha ón tseanaimsir (2009) pp 52–4

2. The first half of this story is relatively unique and localised, but the second half turns into a tale generally known as "An Cearrbhach 'ac Cába" or "Gabha 'n tSuic", of which the main themes include seeking a caras Chríost for a baby, being granted three wishes by the devil (or by Death), becoming a doctor, and outwitting (or failing to outwit) the devil. Most of these themes are found in another Donegal version:
      • Niall Ó Domhnaill, "An Cearrbhach Mac Cába", Scéalta Johnny Sheimisín (1948) pp 20–6, from Johnny Sheimisín Ó Domhnaill
and also in the Formaoil, Tyrone version of Proinsias Ó Cianáin, collected independently by:
      • Pilip Ó Bhaldara, "An dochtúir & an bás", An Claidheamh Soluis 13/09/1913, p 4
      • Eoin Mac Néill, "An dochtur agus an bás", Athchló Uladh, eag. Mac Giolla Domhnaigh agus Stockman (1991), pp 81–95
and in the version of his relation, Doegen speaker Eoin Ó Cianáin:
      • Éamonn Ó Tuathail, "An fear a bhuail bab air an bhás", Sgéalta Mhuintir Luinigh (1933), pp 23–25

3. The theme of the three wishes is missing from:
      • Seosamh Laoide, "An fear a chuir cluain ar an mbás", Sgéalaidhe Óirghiall (1905) pp 16–9, from Tomás Mac Ruadair, Fearnmhagh

4. The themes of the caras Chríost and of becoming a doctor are missing from some other Tír Eoghain versions:
      • "Liam an tSoluis", An tUltach 2:5 p 7 and 2:6 p 7, from Carrickmore, Tír Eoghain
      • Éamonn Ó Tuathail, "Liam an tSoluis", Sgéalta Mhuintir Luinigh (1933), pp 10–19, same as previous
      • Éamonn Ó Tuathail, "Liam an tSoluis", Sgéalta Mhuintir Luinigh (1933), pp 20–2, from Eoin Ó Cianáin
and similarly for this Donegal version:
      • Seaghán 'ac Meanman (a Doegen speaker), "An Gabha Dubh agus Giolla an tSúithche", Crann an Eolais V (An Toradh) pp 71–81; idem, Cnuasacht Céad Conlach (1989) pp 122–9
These versions also concur in having the devil turn himself into a coin at one point and being threatened with the blacksmith's hammer — which has an echo in the early part of the Doegen story — and in the main character finishing up as Will o' the Wisp for all eternity.

5. "Ballyara" is mentioned also by E C Quiggin, A dialect of Donegal (1906), p 215: "i mbaile Uí Ára i bhfogus do na Cealla". An almost identical explanation was given to me by Seán Ó hEochaidh: "baile fearainn comhgharach do na Cealla Beaga". The grid reference is 685788.


Ciarán Ó Duibhín
2013/11/16
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite