Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Pádraig 'ac Conaglaigh (c1860–1946), Baile 'n Chnoic, Baile Láir, Fanad, Co Donegal
Eolas ar an chainnteoir.


LA1252.1
Teideal: Story: An bheirt a bhí thall in Albain

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí beirt i n-am amháin i n-Albain agus bhí siad ag stopadh ionna dteach amháin. Ach bhí cailíní óga a' stopadh ionns a' teach fost'. Bhí fear acu a rabh Seán air, agus an fear eile a rabh Donnchadh air. Ach Seán, bhí sé lán agallamh. D'imthigh sé aon oidhche amháin agus bhain sé amach cuid brístí bána Dhonnchaidh as a chuid drawers agus thug sé leis [iad] agus chuir sé isteach péire brístí bána — péire brístí de chuid na ngiorrsachaí.

Bhí Seán, bhí sé, chaithfeadh sé dhul a dh'obair an lá thar n-a bhárach, agus bhí Donnchadh a dhul a dh'obair. Ach nuair a d'éirigh Donnchadh agus tharraing sé air na brístí bána air maidin, "Och!" a deir sé, "Och! 'Sheáin," a deir sé, "an bhfuil tú 'do chodladh?" "Chan fhuil," a deir sé, "caidé tá ort?" "Ó, 'Dhia, tá mise tum-atthaí" "Caidé tháinig ort, a Sheáin?" "Ó," a deir sé, .. nó a deir Seán "Caidé tháinig ort, a Dhonnchaidh?" "Ó," a deir sé, "chan fhuil fhios agam. Cha dtig mo chuid brístí bána," a deir sé, "fá leath bheilt inniu. Agus aréir rachadh siad thairis sin agus thiocfadh liom pionna mór a chur ionntu."

D'éirigh Seán agus d'amharc sé. "Bhail, a Dhonnchaidh," a deir sé, "tá droch-iarraidh ort. Ach nom-gin gabh isteach a luighe," a deir sé. "Hey, a Dhonnchaidh, 'bhfuil aon leithphighinn airgid agat?" "Tá dhá phíosa dhá sgilling ionns an phóca mo bheiste aig cionn na leabtha." Agus, "Well," deir sé, "gabh isteach a luighe agus rachaidh mise agus gheobhaidh mé braon de uisce bheatha mhaith duit," a deir sé, agus "Ó, 'Sheáin, 'Sheáin" a deir sé, "is fearr a ghabháil fá choinne an doctúr' domh." "Ó, anois," a deir sé, "ná bíodh eagla ort. Níl ort ach tocht fuaicht," a deir sé, "agus chonnaic mise cásaí daen tseort sin roimhe. Gheobhaidh tú biseach anois," a deir sé. "Gabh a luighe," a deir sé, "má chuireann tú bláth mhaith allais," a deir sé, "is fagh codhladh, is sure-álta go bhfuighidh tú biseach."

Ach chuaidh Seán amach agus thug sé isteach leithphionnta uisce bheatha. Agus thug sé leith i gcomhad do Dhonnchadh, agus d'ól sé féin an chuid eile dae. "Anois," a deir sé, "ná corruigh as faoi'n éadach," a deir sé, "go meadhon lae. Agus tiocfaidh mise go bhfeicidh mé caidé mar bhéas tú." Tháinig Seán ionns a' mheadhon lae chuig Donnchadh is d'fhiafair sé dó. "'Dhonnchaidh, goidé mar mhothuigheas tú?" "Ó, a Dhia," a deir sé, "níl fhios agam. Tabhair chugam mo bhríste bána," a deir sé, "go bhfeicidh mé." Thug Seán chuige na bríste bána agus tharraing sé air na brístí bána. "Ó, Dhia 's ceind a bheith a' deánamh gardus, tá mé nas measa ná ariamh," a deir sé. "Dá mbéadh na brístí bána an dóigh céanna," a deir sé, "a dtiocfadh siad orm aréir," a deir sé, ach iad as aithne, bhlian tá siad dúnta na mbaile fríd shíle Gabh amach agus tabhair isteach leathphionnta eile." "Ó, anois, a Dhonnchaidh, b'fhéidir go bhfuil go leor deánta againn." "Chan fhuil," a deir sé. "Cha rachadh dhá cheithre scilling i bhfad orm-sa, dá mbéadh agam leis an doctúir," a deir sé, "agus ólfamuid," a deir sé, "an t-airgead," a deir sé. "Is fearr dúinn sin a dheánamh ná é a thabhairt don doctúir."

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ar iarraidh

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1252d1 (orthographic, English translation).


LA1252.2
Teideal: Story: Mánus Ó Muilleagáin

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Tháinig fear i n-am amháin aniar go Baile na Brocaighe, agus d'imthigh sé isteach i dtoigh Mhicí Eoin. Agus d'iarr sé aoideacht oidhche. "Bhál, a dhiúnlaigh, ar shiubhail tú i bhfad?" "Maise," deir sé, "shiubhail mé aniar as Árd Mhic Giollagáin." "Bhfuil dochar domh fhiafruighe," a deir sé, "cad is ainm thú?" "Well," deir sé, "Mánus Ó Maoileagáin aniar as Árd Mhic Giollagáin, sin m'ainm agus an áit ar tógadh mé."

"Muise, a Mhánuis," a deir sé, "an bhfuil cineál ar bith ceirde agat?" "Maise, bím a' seinnm air théadaí." "Tchidhim," a deir sé. "Bhail, a Mhánuis," a deir sé, "an bhfuil dochar a fhiafruighe cén seinnidhe is fearr thiar annsin agaibh-se?" "Maise, deir daoine gur mise," a deir Mánus, "agus deirim féin nach mé." "M'anam féin, maise, 'Mhánuis," a deir sé, "gur tusa a chreidim." "Ó well, chan fiú air bith do dhuine air bith a bheith dhá mholadh féin. Ach an méid a sheinnim-sa, seinnim go fíor é." "Á do h'anam maise 'Mhánuis," deir sé, "gur minic a bhí an fhírinne féin searbh."

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ar iarraidh.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1252d2 (orthographic, English translation).


LA1253.1
Teideal: Story: An saighdiúir a bhí ag imirt na gcárdaí sa teampall

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


D'órduigh an t-oifigeach, aon lá amháin, a pháirtí 'uig an teampall. Nuair a chuaidh an ministéar isteach agus thoisigh sé air a' tsoiscéal, achan duine dá rabh leabhar urnaighe de chineál ar bith, urnaighe Bíobla acu, tharraing siad amach iad. Ach bhí saighdiúir ann, agus cha rabh aon dadaidh aige-sean ach chuir sé a lámh isteach ionn a phóca agus tharraing sé amach paca cárdaí. Agus thosuigh sé a dh'amharc orthu, do réir cionn agus cionn.

Tháinig an t-oifigeach agus tháinig sé chuige. "Hó had" a deir sé, "Fág uait na cárdaí sin," a deir sé. Chan áit air bith seo daobhtha." "Ná bac le sin," a deir an saighdiúir, a deir sé, "níl dadaidh agat le deánamh liom-sa annseo." Ach nuair a bhí achan chineál thart agus chuaidh siad amach 'un na sráide, tháinig an t-oifigeach chuig an saighdiúir seo, agus deir sé leis, "'Ógánaigh," a deir sé, "tá tú 'n do phríosúnach agam." "Cad chuige?" deir an saighdiúir, a deir sé, "caidé tá deánta agam go mbéinn 'n mo phríosúnach agat?" "D'imir tú gam cárdaí ins an teampall." "Ó maise, níor imir" deir an saighdiúir, a deir sé, "ní dearn mé ach gur amharc mé air a' phaca." "Cuma fá sin anois," a deir sé, "tá tú 'do phríosúnach." "Agus cá h-àit a gcaithfidh muid a dhul?" a deir an saighdiúir. "Caithfidh tú dhul roimhe mhéara 'n bhaile mhóir."

Ach chuaidh siad agus nuair a fuair siad fhad le teach a' mhéara, bhí sé aig a dhinnéara. Nuair a rinne sé a dhinnéara, tháinig sé amach. "Bhail," a deir sé leis an oifigeach, "Caidé na gnaithe atá agat liom? Caidé na gnaithe atá agat liom?" "Well, le do thoil" a deir an t-oifigeach, "Thug mé saighdiúir annseo roimhe d'onoir a bhí ag imirt cárdaí ionns a' teampall." "Ag imirt cárdaí sa teampall?" "Seadh, maise." "Well, ab é sin an saighdiúir?" "Seadh." "Well," a deir sé, "caidé tá agat le ráidht ar do shon féin? Tá dúil agam," a deir sé, "go bhfuil rud maith, agus cuid mhaith dae. Ná mur bhfuil," a deir sé, "gheobhaidh tú an úsaíd is measa fuair aon fhear ariamh."

"Bhail," a deir a' saighdiúir, "tá mé le cúig seachtmhain ag gabháil thart, agus níl aon ghléas mór beo orm. Níl dadaidh agam, níl leabhar urnaí agam, níl Bíobla agam, níl dadaidh agam ach paca cárdaí. Ach tá dúil agam go dtabharfaidh d'onoir éisteacht damh, an cás orm a chur in do láthair. Chuir sé a lámh isteach ionn a phóca, agus tharraing sé amach a' paca cardaí, agus spréidh sé iad roimhe 'n mhéara, agus thosuigh sé leis an aon.

Nuair tchidhim a' t-aon, a deir sé, cuireann sé ionn mo chionn nach bhfuil ann ach a'n Dia amháin. Nuair a tchidhim a' dó, cuireann sé ionn mo chionn an t-Athair agus an Mac. Nuair a tchidhim an trí, cuireann sé ionn mo chionn an t-Athair, a' Mac agus a' Spiorad Naomh. Nuair a tchidhim an ceathair, cuireann sé ionn mo chionn na ceithre dhaoine maithe a scríobh an Soisgéal fríd an tsaoghal, sin Mata, Marcus, Lúcas agus Eoin. Nuair a tchidhim an cúig, cuireann sé ionn mo chionn na cúig mhaighdeán uasal a bhí ag deánamh suas a gcuid soluis. Nuair a tchidhim a' sé, cuireann sé ionn mo chionn gur ionn sé lá a rinne Dia Neamh agus Talamh. Nuair a tchidhim a' seacht, cuimhnim go dearn Dia a scíste agus go dtearn sé an tseachtú lá ionn a lá saoire. Nuair a tchidhim a' h-ocht, cuireann sé ionn mo chionn na h-ocht naomh maithe a shábháil Dia nuair a chuir sé an díle ar an tsaoghal: Noah, a bhean, a thriúr mac, agus a gcuid mná. Nuair a tchidhim an naoi, cuireann sé ionn mo chionn an naoi naomh ar ghlan Dia an aicíd mhilltineach a bhí orthu, leprosy. Ach den deich gclaigeann char phill aon duine acu ach aon fhear amháin le buidheachas a thabhairt dó ar fud na naoi gclaigne a chóirigh sé. Agus nuair a tchidhim a' deich, cuireann sé ionn mo chionn na deich n-aithne a thug Dia do Mhaoise ar Chnoc Sinai, air a' dá thábla cloch. D'amharc sé ar a' chuileat, agus chuir sé ar an taobh amháin é. Nuair a tchidhim a' bhanrioghain, cuireann sé ionn mo chionn a' bhanrioghain uasal a tháinig ón áit a b'fhuide air siubhal den tsaoghal le fiacháilt air a' rí Solamh, deánamh amach go rabh sí féin 'n a bean comh críonna agus bhí seisean 'n-a fhear. Thug sí léithe deich gclaigne agus daichead gasúraí —

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Le M.A. Ó Briain.

Saighdiúr a bhí ag imirt na gcárdaí sa teampall.

D'órduigh an t-oifigeach a pháirtí 'un teampaill. Nuair a fuaidh an ministeir isteach agus thoisigh sé ar an tsoisgéal, 'ach duine dá rabh Bíobla ná leabhar urnuighthe acu tharraing siad amach iad agus thoisigh siad ag gol fríobhtha. Bhí saighdiúr ann. Chuir sé a lámh isteach ina phóca agus tharraing sé amach paca cárdaí agus thoisigh sé ag amharc ortha réir cinn is cinn. Thainic an t-oifigeach. "Thuathail" ar seisean "fág uait na cárdaí sin, chan áit ar bith seo leobhtha." "Ná bac leis sin" adeir an saighdiúr "níl dadamh le deánamh liomsa annseo." Nuair a bhí achan chineál thart chuaidh amach na saighdiúirí. Thainig an t-oifigeach chuig an tsaighdiúr seo. "Ógánaigh tá tú do phríosúnach agam." "Goidé tá deánta agam go bhfuil mé mo phríosúnach agad?" "D'imir tú GAME cárdaí sa teampall." "Maise níor imir" arsa'n saighdiúr "ní dhearna mé ach amharc ar a' phaca." "Is cuma fá sin" adubhairt sé "tá tú do phríosúnach." "Ca háit a gcaithfimíd a dhul" adeir an saighdiúr. "Caithfidh tú dhul roimhe MHÉIR an bhaile mhóir." Ach fuaidh siad agus nuair a thainig siad i dteach an mhéire bhí sé ag a dhinnéara. Nuair a ghlac sé a dhinnéara thainig sé agus d'fhiafruigh sé don oifigeach "goidé an gnaithe atá agad liomsa?" "Le do thoil" adeir an t-oifigeach "thug mé saighdiúr annseo ann do láthair cionn's bheith ag imirt cárdaí annsa teampall." "Ag imirt cárdaí sa teampall?" adeir an méir. "An b'é sin an saighdiúr?" "Sé" dubhairt an t-oifigeach. "Bhel" adeir sé leis an tsaighdiúr "goidé tá le ráidht agat ar do shon fhéin? Tá dúil agam go bhfuil rud maith agus cuid mhaith de. Ná mar bhfuil, gheobhaidh tusa an úsáid is measa a fuair aon fhear ariamh." "Bhel" adeir an saighdiúr "tá mé le cúig seachtmhainí ag dhul thart agus ní rabh aon chaoi mhór beó orm. Níl Bíobla agam, níl leabhar urnuighthe agam, níl dadaidh agam ach paca cárdaí. Tá dúil agam go dtabharfaidh d'onóir éisteach maith damh san rud atá rún agam a chur in do láthair." Chuir sé a lámh isteach in a phóca agus tharraing sé amach an paca cárdaí agus spréidh sé iad roimh an mhéire agus thoisigh sé leis an aon. "Nuair a tchím an t-aon" adeir sé "cuireann sé in mo cheann nach bhfuil ach aon Dia amháin ann. Nuair a tchím a' dó cuireann sé in mo cheann an tAthair agus an mac. Nuair a tchím a' trí cuireann sé in mo cheann an tAthair an Mac agus an Spiorad Naomh. Nuair a tchím an ceathar cuireann sé in mo cheann na ceithre duien maithe a bhí ag spréidheadh an tsoisgéil fríd an tsaoghal (athrú láimhe go Séamus Ó Néill) Maitiu, Marcus, Lucus agus Eoghain. Nuair a tchím an cúig cuireann sé mo cheann na cúig mhaighdean uasal a bhí ag deánamh suas a gcuid solus. Nuair a tchím an sé cuireann sé mo chionn gur i sé lá a rinne Dia neamh agus talamh. Nuair a tchím a' seacht, cuireann sé mo chionn gur ar a' seachtmhadh lá a rinne Dia a sgíghiste agus rinne sé lá saoire de. Nuair a tchím a h-ocht cuireann sé mo chionn an díle ar an tsaoghal. Nuair a tchím a naoi cuireann sé mo chionn na naoi gclaigne a ghlan Dia ar an aicíd a bhí ortha, an liopasaí. Bhí deich gclaigne ann ach char phill ach duine amháin acú ach an duine amháin le buidheachas a thabhairt Dó. Nuair a tchím an deich, cuireann sé mo cheann na deich n-aithne a thug Dia do Mhaois ar Chnoc Síne ar dhá táb;a clocha." Bheir sé ar a' chuileat agus chuir sé ar an taobh amháin é. "Nuair a thcím an bhainríoghan cuireann sé mo cheann an bhainríoghan a thainig as an taobh a b'fhuide ar shiubhal de'n tsaoghal le fiachal a chur ar rí Solomon. Bhí sí ag deánamh amach go rabh sí ina bean ba chríonna na bhí seisean 'na fhear. Thug sí léithe deich gclaigne is daichead gasraí agus deich gclaige is daichead girseachaí agus chuir sí culaith gasraí uilig ortha agus thug sí iad roimh an Rí Solom le eisean innse cé acu bhí 'na ngirseachaí agus cé acu bhí 'na ngasraí. Ach ní thiocfadh leis. Ach d'orduigh sé uisce le iad féin a níghe. Nígh na girseachaí suas go dtí a gcuid uillean (an uilne) agus char nigh na gasraí thar (thaire) ceann na láimhe. Bhí rí Solomon abalta innse annsin cé acu bhí 'na ngirseachaí agus cé bhí 'na ngasraí. Nuair a tchím an rí" arsa seisean "cuireann sé mo chionn an Rí atá ar thalamh agus ar an rí atá ar neamh, rí na bhflaitheas." Stop sé annsin. "Bhail" adeir an méire "thug tú cunntas maith ar achan cárda ach an cárda amháin." "Goidé'n cárda é sin?" adeir an saighdiúr. "An chuileat" adeir an maor. "O" adeir sé "thiocfadh liom cunntas maith a thabhairt ar an cheann sin mur mbéadh corruighe ar d'onóir liom." "Cha bhéadh" adeir an maor "cha bhéadh corruighe ar bith orm mur gcuirfeá síos an chuileat domh féin." "An chuileat is mó a chuala mé iomrádh ariamh air an t-oifigeach a thug mé annseo in do láthair indiú." "O" adeir an maor "chan fhuil fhios agam an b'é an chuileat is mó é ach tá mé siúiráilte gur b'é an t-amadán is mó é." "Thiocfadh liom teisint duit anois" arsa'n saighdiúr "goidé 'n dóigh a ndeánaim úsáid de na cárdaí seo, an leabhar urnaighthe, an Bhíobla agus an paca cárdaí." "O tá fhios agam" arsa'n maor "gur fear gasta atá ionnat, ach tá eagla orm go mbéadh obair agat sin a thabhairt chun soluis." "Nuair a chunntasaim cá mhéad cárdaí atá sa phaca tá dhá chárd déag is daichead i gcóir achan seachtmhain atá sa bhliadhain. Nuair a chunntasaim cá chéad [sic] cleas atá sa phaca tá trí ceann déag ann, tá an oiread sin mí ins an bhliadhain." "O stop" arsa'n maor "tá mearú cunntais ort." "Bheirim isteach go bhfuil" arsa'n maor [sic] "ach chan fhaca mé aon leabhar cunntais ariamh nach mbéadh a bheagán nó a mhórán breathlán (breallán?) ar dhóigh ínteacht." "Tá tú ceart go leor" arsa'n maor "gabh ar aghaidh." "Nuair a chunntasaim cá mhéad spota atá sa phaca, tá trí chéad, trí fiche agus cúig spota, tá'n oiread sin laethe insan bhliadhain. Sin a' dóigh a dtig liomsa deánamh amach leabhar urnaighthe, Bíobla as an phaca cárdaí." D'orduigh an maor dó builbín aráin, gram cáise, agus thug sé píosa airgid dó agus d'iarr sé air dhul i gcionn a ghnaithe, gur b'é an fear a ba ghasta (gaiste) a casadh ariamh air.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 106–13 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1253d1 (orthographic, English translation).

1. Séamus Ó Néill (S.M.), "Béaloideas Uladh", Irish Independent, 03/03/1932, p 4, from the present occasion. See also Nollaig Mac Congáil agus Ciarán Ó Duibhín, Glórtha ón tseanaimsir, 2009, pp 25–8.


Ciarán Ó Duibhín
2012/12/02
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite