Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Seán 'ac Conaglaigh (c1855–19xx), Carrowcannon, Falcarragh, Co Donegal
Eolas ar an chainnteoir.


LA1228 is one of the six Ulster records of which careful transcriptions were made as part of the Doegen project. I have taken this transcription into account in the following.

LA1228.1
Teideal: Address

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


An chanamhaint a bhí in am amháin ina canamhaint iomlán, ag ár gcuid chéad-aithreachaí, a bhí seolaiste le oideas, eolais agus teagasc a thabhairt d'achan dhuine thiocfadh fhad leotha. Ba mhór a' truaighe cúl a theacht air a' Ghaodhlag ná ligint daoithe fuaradh.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ar iarraidh.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1228d1 (orthographic, English translation).

1. The word which is written "seolaiste" above was transcribed by Éamonn Ó Tuathail in the "careful transcript" as "seoileasta" and tentatively translated "trained" by him.


LA1228.2
Teideal: Story: San am a bhí Naomh Colm Cille i dToraigh

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


An am a bhí Naomh Colm Cille i dToraigh, tháinig meath ar a chailís. Agus chuir sé teachtaire léithe le í a fhagháil cóiriste i mBaile Átha Cliath. Nuair a bhí an teachtaire leath-bealaigh eadar Toraigh agus tír, sheasuigh cosamhlacht duine san fhairrge ag taobh a' churaigh. Chuir ceist air cá rabh sé ag gul. Dubhairt sé... d'inns sé an fhírinne dó, go rabh sé ag gol le cailís Cholm Cille le í a fhagháil cóiriste i mBaile Átha Cliath.

"Taispeán domh í," ars an chosamhlacht. Agus thaispeán sé dó í. Shéid sé a anáil uirthi, agus chóirigh sé í. Agus d'iarr sé ar a' teachtaire pilleadh go Toraigh, go rabh sí cóiriste, agus ceist a chur ar Cholm Cille, goidé an breitheamhnas a bhéarfadh sé ar a' té a chóirigh an chailís.

Phill a' teachtaire go Toraigh agus d'inns do Cholm Cille goidé casadh air agus a bhí deánta agus gur h-iarradh air iarraidh ar Cholm Cille breitheamhnas a thabhairt ar a' té a chóirigh an chailís. Dubhairt Colm Cile, "Mo thrua agus mo nua, agus gan i ndán fuasgailte dó anois ná go bráthach."

Chuaidh sé amach go tóin a' toighe, agus d'inns sé do'n chosamhlacht goidé dubhairt Colm Cille. D'imthigh an chosamhlacht uadh, 'fáisceadh a dhá láimh agus ag gol. Chuir a' teachtaire ceist air cá rabh sé a' gul anois. "Tá mé a' gul go dtí na Tonna Ceananna taobh ó thuaidh de Albain, go lá an bhreitheamhnais, mar i ndúil go dtabharfadh Dia deagh-bhreitheamhnas orm an lá sin."

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ar iarraidh, ach dearc nóta 1 thíos

San am a rabh Naomh Colum Cille i n-Oileán Thoraidh, thainig meath ar an chailís agus b'éigin dó teachtaire a chur léithe 'na tíre go dtí go gcóireochaidhe i mBaile Átha Cliath í. Ghlac an teachtaire curach agus thug an chailís leis 'na tíre. Nuair a bhí sé leath-bealaigh eadar Toraidh agus tír, theasbain cosamhlacht duine é féin do 'n-a sheasamh san fhairrge ag taobh an churaigh; chuir ceist air cá rabh sé ag dhul. D'innis sé an fhírinne dó, go rabh se'ag dhul le cailís Cholum Cille le í a fhagháil cóirighste i mBaile Átha Cliath.

"Teasbain domh í," arsan chosamhlacht agus theasbain sé do'n chosamhlacht í. Shéid an chosamhlacht anál uirthí agus chóirigh í, agus d'iarr ar an teachtaire pilleadh go Toraidh, go rabh an chailís cóirighste, agus ceist a chur ar Cholum Cille goidé'n breitheamhnas a bheirfeadh sé ar an té a chóirigh í, agus go mbéadh sé amuigh ag tóin an toighe le clap-sholus ag fuireacht leis an fhreagar.

Nuair a d'innis an teachtaire do Cholum Cille goidé d'éirigh dó, dubhairt Colm Cille, "Mo thruaighe agus monuar, agus gan i ndán fuasgáilte dó anois nó bráth."

Nuair a d'innis an teachtaire do'n chosamhlacht goidé dubhairt Colum Cille, d'imthigh sé uaidh ag fáisgeadh a dhá láimh is ag gol. Chuir an teachtaire ceist air, cá rabh sé ag dhul anois. Dubhairt sé go rabh sé ag dhul go dtí an Tonna Ceananna, an taobh ó thuaidh d'Albain go lá an bhreitheamhnais mar i ndúil go dtabhairfeadh Dia déagh-bhrietheamhnas dó an lá sin.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1228d2 (orthographic, English translation).

1. Séamus Ó Néill, "Cailís Choluim Cille", An tUltach 10:11 (1933) 4. From the present speaker. This is probably the written version made on the spot and is therefore reproduced under "ath-innse" above.

2. Éamonn Ó Tuathail, "Trí Sgéalta o Chloich Cheann Fhaolaidh", Béaloideas 1:2 (1927) 158–66 at 158 (orthographic) and 162–3 (English translation). From the same speaker.

3. Mánus Ó Domhnaill, Beatha Cholm Cille

4. Na Tonna Ceananna: although located in the story to the north of Scotland, they have also been identified with the Ton Bank(s) at the mouth of Lough Foyle (Dónall Mac Giolla Easpaig). See here; also "Notes and comments", Derry People 12/03/1932 4; or Google "the tons" inishowen


LA1228.3
Teideal: Song: Smaoitiú ar an am a bhí

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Is aoibhinn éalódh suas a' gleann,
Agus suidhe ar bhruach na h-abhna,
San tsamhradh bhuidhe nuair a' dul a luighe
Atá an ghrian tráthnóna.

An t-éanlaith beag ar bhárr na gcrann,
Gabháil cheoil 'na suidhe go h-aerach,
Na bric a' léimhnigh ins a' tsruthán,
Go lúthgháireach aerach meadhrach.

Is aoibhinn suidhe ar mhullach cnuic,
Os coinn ghort is coillte 's corrán,
A' smaointiú ar an am a bhí.
I bhfad ó shoin in Éirinn.

Nuair a chosain gaisgidhigh na h-árd-Chraobh-Rua'
Gach bean, seanfhear, is páiste,
Sular chuir ár námhaid ualach ar
Ár dtírín, marbh-fáisg air.

Ar an scrios a ghníonn an námhaid orainn,
Is minic mise 'smaoitiú,
Ach tiocfaidh 'n lá le cuidiú Dé,
A mbaintear astu cúiteamh.

Beannacht Dé ar Éire bhocht,
Agus mallacht ar a námhaid,
A d'fhág ár dtír faoi leathtrom mhór,
A d'fhág sinn 'nois mar tá muid.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ar iarraidh.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1228d3 (orthographic, English translation).

1. Niall Mac Giolla Bhríghde, Blatha Fraoich (Whaley, Dublin, 1905) lch 10 (also mentioned in Pádraig Ó Baoighill, Ó Ghleann go Fánaid lch 361)


LA1229.1
Teideal: Story: Aon am amháin bhí fear do mo chineadh ina chomhnuidhe in Árainn

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí aon am amháin a rabh fear de mo chineadh ina chomhnuidhe in oileán Árann, a bhí 'na charpenter. Agus ní rabh ach mac amháin aige, agus nuair a tháinig a' mac in aois pósta, thug sé cead dó bean a iarraidh agus pósadh. Chuaidh sé go comharsa go bhfuair sé bean agus go dtearnadh dáil. Agus bhí sé ina fhear mhór ceoil agus damhsa, agus bhí fidil ins a' bhaile aige, agus chuir sé teachtaire 'na bhaile fá choinne an fhidil. B'fhada leis a bhí an teachtaire a' teacht agus chuaidh sé amach 'un na sráide agus shnaom sé é féin ar chreag mhór gharbh a bhí ina shuidhe ar a' tsráid.

Tháinig na daoiní beaga agus thug siad leobhtha ó'n chreag é, agus d'fhág cosamhlacht ina áit a bhí ó laige go laige. Thug a mhuinntir isteach a' chosamhlacht 'un toighe agus chuaidh a chealgadh, ná go dtí gur fhág a' chosamhlacht iad dena bheath. Am ina dhiaidh sin, chuir sé scéala 'un a' bhaile go rabh sé ag na daoiní beaga, agus an oidhche Shamhna a bhí 'teacht, go mbéadh sé ag dhul thart ina rang beatha chóir theacht air. Agus d'inns sé daethibh a bhfuair a bheath ins a' rang, agus gur mhaith leis dá dtabharfadh siad iarraidh é a bhaint amach.

D'inns sé d'fhear dae'n chomharsa sin, agus oidhche Shamhna chruinnigh muinntir na comharsana go teach an fheara fá choinne dhul 'un tosaigh lena bhaint amach. Chuaidh duine acu faoi'n scéal agus os a chionn, agus thuit a' scéal fána gcois. Ghlac siad beag-uchtach agus cha dteachaidh ar aghaidh, agus chaith sé a shaoghal ag na daoiní beaga, 'na fhidiléar.

In am amháin bhí ball damhsa ag na daoiní beaga in áit a bhfuil Baoigheallach air, agus chuir taobh de na daoiní beaga geall as chailín a bhí i gConnachta, agus taobh eile de na daoiní beaga geall as cailín a bhí in Árainn, oiléan Árann, dá mbéadh an cailín acu ag an bhall, go mbainfeadh siad a' geall.

Chuaidh partaí acu go Connachta fá choinne an chailín a bhí i gConnachta, agus partaí eile go h-oileán Árann fá choinne an chailín a bhí in Árainn. Tugadh an cailín a bhí in Árainn a phota... potaí brúighte... pota... le pota a bhí sí... pota... a pota préataí brúighte a bhí sí a bhrúghadh ar an urlár. Agus nuair a chuaidh sí go Baoigheallach chuig an damhsa, d'athain an fear seo í, a bhí ina sheanduine acu agus ina fhidiléar, mar bhí fhios aige cé hí, agus a muinntir. Chuir sé forrán uirthi agus d'inns cé hé, agus d'iarr uirthi shuidhe faoi a dheánamh, go rabh cailín as Connachta 'na h-éadan, a dhul a dhamhsa, agus ba dhubail a bheatha go bhfuígfí slán folláin sa bhaile arais í.

Chuaidh a' scéal gur bhain cailín Árann a' ball, agus gur fágadh arais sa bhaile í...

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ar iarraidh.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1229d1 (orthographic, English translation).

1. Éamonn Ó Tuathail, "Trí Sgéalta o Chloich Cheann Fhaolaidh", Béaloideas 1:2 (1927) 161–2 (orthographic) and 165–6 (English translation). From the same speaker.


LA1230.1
Teideal: Story: An fear uasal agus an fear bocht

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí fear uasal in am amháin ann, agus bhí fear bocht ag obair achan lá aige, agus ag gabháil 'na' bhaile san oidhche. Agus aon oidhche amháin, dubhairt sé leis an fhear bhocht, mur' bhfuasclóchadh sé ceist ar maidin lá thar n-a bhárach dó, bhí sé 'gabháil a chur air, nach dtabharfadh sé obair níos mó dó. Agus b'í an cheist í, freagar a bheith leis, caidé na trí ní a ba sine agus a b'óige ar a' tsaoghal.

Chuaidh an fear bocht 'na' bhaile, briste brónach, cha rabh fhios aige caidé an freagar a bhearfadh sé air. Chuir a nighean ceist air, caidé an brón a bhí air, nach rabh sé mar ba ghnáthach leis, 'cuartughadh a shuipeár. D'innis sé daoithe caidé dubhairt a' fear uasal leis, agus nach dtiocfadh leis freagar a thabhairt air, nach rabh fhios aige ughdar na ceiste a chuir sé air.

D'innis sé daoithe annsin caidé 'n cheist, agus d'iarr sí air suidhe ag n-a shuipeár, agus nuair a bhéadh sé 'g imtheacht ar maidín, go n-innseochadh sise dó 'n freagra a bheirfeadh sé ar an fhear uasal. Nuair a d'éirigh sé ar maidín, d'iarr a nighean air innse do'n fhear uasal gur b'í an léigheamh — gur b'í an ghrian, a' ghealach agus an fhoghluim na trí ní 'ba sine agus a b'óige ar an tsaoghal.

"Cé d'inns sin duit?" ars' an fear uasal. "Nighean atá sa bhaile agam," ars' an fear bocht. "Caithfidh tú í a thabhairt domh-sa," ars' an fear uasal. "Le do thoil," ars' an fear bocht, "níl sí fóirsteanach le theacht in do láthair." "Is cuma liom caidé mar tá sí," ars' an fear uasal, "caithfidh sí a theacht in mo láthair."

Chóirigh an fear bocht a nighean comh maith agus tháinig leis, agus thug roimh an fhear uasal í. Agus dubhairt a' fear uasal léithe go rabh sé ag gabháil a glacadh ina bean. "Bhál," ars' an cailín. Chuir sé ceist air a' chailín an rabh sí sásta. "Tá mé sásta," ars' an cailín, "air acht." "Caidé 'n t-acht?" ars' an fear uasal. "Tá, mo thrí ultach den tsaidhbhreas is fearr atá agat a thabhairt domh a' lá a chuirfeas tú ar shiubhal mé. Tá fhios agam nach gcoinneann tú i bhfad mé." "Gheobhaidh tú sin," ars' an fear uasal.

Bhí sí aig an fhear uasal go rabh triúr de chlann ann agus san am sin tháinig fear uasal eile ar cuairt chuige air laetha saoire.

Ó, rinne mé dearmad dó.

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh Shéamuis Uí Néill):

I láimh M.A. O'Brien. Bhí fear uasal aon am amháin a rabh fear bocht ag obair aige ar feadh an lae. Agus ag gol na bhaile san oidhche una theach fhéin. Tráthnóna amháin nuair a bhí an fear bocht réidh ag obair, dubhairt an fear uasal leis go rabh sé ag gol a chur ceist air la fuasgladh. Agus mur dtiocfadh leis an cheist a fhuasgladh ar maidin lá ar na mháireach nach dtabhairfeadh sé obair níos mó dó. Ba í an cheist í, goidé na trí ní a bha sine agus ab óige ar an tsaoghal seo.

Chuaidh an fear bocht na bhaile go brónach agus shuidh go faiteach ina theacht féin. Bhí nighean óg aige, thug fa deara go rabh sé brónach. Chuir sé ceist air goidé bhí air ná nach rabh sé ag tabhairt iarraidh ná amharc ar a s(h?)uipeár a dheánamh mar ba ghnáthach leis. D'innis dé duíthe gur chuir an f.u. ceist air a bhí le fuasgladh ar maidin agus na dtiocfadh leis í — an cheist a f(h?)uasgladh.

Chuir an nighean ceist air goidé an cheist. Dubhairt sé go gcaithfeadh sé innse don fh.u. goide na trí ní a ba sine agus a b'óige ar a' tsaoghal, agus nach rabh fhios aige. "Suidh" ars an nighean, "agus deán do shuipeár, agus nuair a bhéas tú ag imtheacht ar maidin, tiocfaidh leat a ráidht leis gurbé an ghrian, a ghealach agus an fhoghluim na trí ní as sine agus as óige ar an tsaoghal.

Nuair a d'inis an fear bocht sin dó ar maidin, chuir an f.u. ceist air cé d'innis sin dó. Dubhairt sé leis gur nighean a bhí sa bhaile aige. Dubhairt an f.u. leis go gcaithfeadh an nighean a theacht ina láthair. "Le do thoil," ars an f.b., "níl sí fóirsteanach le theacht in do láthair." "Cuma liom goidé mar tá sí, caithfidh tú tabhairt fhaid liom."

Chóirigh an fear b. an nighean go maith agus tháinig leis, agus thug i láthair an fh.u. í. Dubhairt an f.u. léithe go rabh sé gabháil á glacadh na bean. Chuir sé ceist uirthi an mbéadh sí sásta. Dubhairt sí leis go mbéadh, ar (e)acht. Chuir sé ceist uirthi goidé an (e)acht. "Tá's agam," ar sise leis, "nach gcoinnigheann tú mé i bhfad, agus nuair a chuirfeá 'un siubhail mé, geallstan a thabhairt domh, trí ultach de do chuid saidhbhris a thabhairt damh." Dubhairt sé go dtabhairfeadh.

Bhí capall ag an fh.bh. agus bhí stail ag an fh.u. Thainic an stail treasna ar an chapall ná go dtí go rabh searrach ag an chapall. Thainic an f.u. an searrach a bhí ag capall an fhear bhocht. Thaitin an searrach leis. D'aithin sé gur as a stail féin a tháinig an searrach, go rabh sé cosmhail leis an stail. Dubhairt sé leis an fh. bh. go gcaithfeadh sé 'n searrach a thabhairt dó. Dubhairt an f.b. nach gcaithfeadh agus ná dtabhairfeadh. Nuair a thainic an f.u. nach rabh an f.b. sásta, smaointigh sé ar dhóigh le theacht thart ar an fh.bh. leis an tsearrach do bhaint dó. Dubhairt sé leis an fhear bhocht go gcuirfeadh sé an stail agus an capall agus an searrach isteach i sgiobóil...

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 1703 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1230d1 (orthographic, English translation).

1. The narrator terminated the story, not because he had forgotten what to say next, but because he had omitted an earlier episode, which was now required to understand the rest of the story.

2. Éamonn Ó Tuathail, "Trí Sgéalta o Chloich Cheann Fhaolaidh", Béaloideas 1:2 (1927) 158-61 (orthographic) and 163–5 (English translation), From the same speaker.
This is the gist of what the speaker had forgotten to say:
      Bhí searrach ag capall leis an fhear bhocht agus dar leis an fhear shaidhbhir gur le stail
      leisean é. Chuir siad an stail, an capall agus an searrach isteach i sgioból a rabh dhá
      dhoras air, lean an searrach an stail, agus thug an fear saidhbhir leis é.
This is the gist of the unfinished part of the story:
      Tháinig fear saidhbhir eile ar cuairt agus chuaidh an bheirt amach a sheilg. Dubhairt an
      bhean leis an fhear bhocht slat iascaireachta a thabhairt leis, seasamh istigh san abhainn,
      agus an dubhán a chaitheamh isteach ar an talamh thirim. Tháinig na sealgairí agus dubhairt
      siad leis gurbh iontach an rud a bhí sé a dheánamh. Dubhairt seisean nárbh iongantaighe é
      ná searrach an chapaill an gearrán a leanstan. Rinne an fear saidhbhir amach annsin go
      gcuirfeadh sé an bhean ar shiubhal. D'iarr sise na trí ultach. D'iompar sí amach an triúr
      clainne ar dtús. Annsin lán braithlín de airgead. Annsin d'iarr sí ar an fhear shaibhbhir
      a dhul ar a druim. Chuir seisean ceist caidé d'éireochadh don chuid a bhéadh fágtha.
      Dubhairt sise go rabh cead aige, go rabh a cuid féin léithe, agus gur chuma léithe. D'iarr
      an fear saidhbhir uirthi pilleadh isteach agus níor chuir sé ar shiubhal í ní ba mhó.

3. Trí ultach de do chuid saidhbhris... cf. An gobán saor in Pádraig Ó Baoighill, Faoi Scáth na Mucaise at p 38.


LA1230.2
Teideal: Prayers

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Cuirfidh mé mé féin i bhfiadhnaise Dé.
Deánaim gníomh adhartha.

Creidim a Dhia go bhfuil tú annseo i láthair, go bhfuil tú a' féachaint orm, go bhfuil tú 'g éisteacht liom, go bhfuil fhios agat ... air m'uile smaointiughadh. Adhraim agus onóraim tú, aidmhighim gur tú mo chruthaitheoir agus m'árd-tighearna. Íslighim mé féin go h-iomlán faoi do smacht.

Gníomh buidheachas.

Bheirim míle buidheach as duit a thighearna ar son do chuid tréatachas domh ó tháinig mé ar an t-saoghal, agus go speisialta fá mo thabhairt slán ó chodladh na h-oidhche aréir.

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh Shéamus Uí Néill):

Ar iarraidh, ach dearc nóta 1 thíos.

Gníomh adhara.

Cuirfidh mé féin i bhfiadhnaise Dé; creidim a Dhia go bhfuil Tú ann i láthair; go bhfuil Tú ag féachaint orm; go bhfuil Tú ag éisteacht liom; go bhfuil fhios agat ar m'uile smaoite. Adharaim is ónóraim Thú, aidim (admhuighim) gur Tú mo chruthuightheóir agus m'árd tighearna. Íslighim mé féin go h-iomlán faoi do smacht.

Gníomh Buidheachais.

Bheirim míle buidheachas Duit, a Dhia, fa gach tiodhlachadh is grásta a thug Tú domh ó thainig mé ar an t-saoghal; agus go speisialta fa mo thabhairt slán ó chodladh na h-oidhche aréir.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1230d2 (orthographic, English translation).

1. S(éamus) Ó N(éill), "Na Gníomhannaí", An tUltach 10:7 (1933) 6. From the present speaker (wrongly described as "as na Dúnaibh"). This is probably the written version made on the spot and is therefore reproduced under "ath-innse" above.

2. Similar prayers occur in the works of Pádraig Mac Giolla Cheara: for example, Leabhar Urnaighthe (1939) has a "Gníomh Adhartha" and a "Gníomh Buidheachais" on p. 7. His Leabhar Urnaighthe na bPáistí (1941) has them on pp. 8 and 24 respectively, and his Leabhar an Aifrinn (1948) has them on pp. 4 and 12 respectively.

3. Raphoe catechism: Cuirimis sinn féin i bhfiadhnaise Dé, lch 15


Ciarán Ó Duibhín
2012/07/21
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite