Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Brian 'ac Cuarta (c1847–1936), Ardagh, Omeath, Co Louth
Eolas ar an chainnteoir.


LA1217.1
Teideal: Micil Rice and a calf
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí aige Micheál Ó Radhsa gamhain, agus ba ghnáthach leis a' ghamhain seo a chur 'un tsléibhe gach'n lá le cuid beithidhigh a' chomarsain.

Tháinig coinfheasgair amháin fliuch agus dubhairt sé le bean a' toighe go rachadh sé 'un tsléibhe fá'n ghamhain. Dubhairt bean a' toighe, "Cha leigeann tú leas, b'fhéadtaidhe go dtiocfadh sé abhaile leis na bá eile." "Cuma liom," a deir sé, "rachaidh mé 'na choinne."

'Mach suas leis chuige geata an tsléibhe. Agus chas sé air fear beag, agus cailín bheag. Dubhairt a' fear beag, coinfheasgar fliuch a bhí ann. "'Seadh," a deir Micheál, "a' bhfacha sibh gamhain?" "Chanaic," a deir a' chailín bheag, "tá sé thuas ud air a' chnuic." 'Mach suas leis agus fuair sé an gamhain, go díreach ionns an áit a dubhairt sí.

Thiomáin sé arais, teacht abhaile. Taobh amuigh den gheata ionns a' sean-bhóthar bhí sé buachaillí beag 'na shuidhe air sé gearrán. Air a' taobh eile den bhóthar bhí sé cailíní 'na suidhe ar sé gearránaibh eile. Deir fear aca, "Cá ngeobhas muinn gearrán do Mhicheál?" "'N fheil feidhm gearráin air, cuirfidh muinn a mharcaidheacht air a' ghamhain é."

Nuair a dubhairt sé sin, 'mach leis na t-eallach síos, agus char stop siad go dtáinig siad chuige Bád an Chaoil. Trasna leobhtha annsin uilig, go rabh siad ar a' taobh thall. Agus seo Micheál agus a ghamhain, trasna leis comh maith le cionn air bith aca.

'Mach suas leobhtha thríde Chonndae an Dúin. Agus tháinig cailín bheag clósáilte do Mhicheál, agus dubhairt sí leis ionna nGaodhlag, "Anois a Mhicheáil, is cuma caidé chluinnfeas tú nó a fheicfeas tú, ná labhair aon fhocal amháin go dtiocfaidh tú arais, ar do bhás."

'Mach leobhtha agus char stop siad go dtáinig siad chuige h-Abhainn a' Bhanna. Tá sé sin breágh léim trasna. Siar leis na gearránaibh uilig, seo Micheál agus a ghamhain agus trasna leis mar a bhéadh h-éan ionn. (I've a bad cold.) Thionntuigh sé thart nuair a bhí sé air a' taobh eile agus dubhairt sé leis féin, "Má bhéas mé gan aon fhocal a labhairt comh fada agus a bhéas mé beo, sin léim iongantach do ghamhain."

Nuair a dubhairt sé sin, thionntuigh sé arais, cha rabh fear, bean nó gearrán air a n-amharc. Bhí sé i n-a seasamh i lár páirc mhór, cúig míle as an Iubhar, é féin agus a ghamhain. B'éigean dó a thiomáint isteach 'un an Iubhair, agus as an Iubhar go dtí Óméith, cúig míle eile. Sin an méid a fuair Michéal air son an dhó-nó'r-trí fhocal a labhair sé.

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh Shéamuis Uí Néill):

Bhí age Micheal Ua Rísa gamhain. Ba ghnáthach leis an gamhain a chur a tsléibhe gach lá le bá na gcomharsánaí. Thainig coinfheascar amháin fliuch agus dubhairt sé le bean a toighe go raghadh sé 'na tsléibhe fa'n ghamhain. Dubhairt bean an toighe, "Suidhe liom, cha leigeann tú leis, b'fhéadtaí go dtiocfadh sé abhaile leis na bá eile." "Is cuma liom, ragha mé 'na choinne." 'Mach leis suas go dtainig sé chuige geata an t-sléibhe. Chais fear bog agus bean bog, dubhairt an fear bog agus bean beag, "Seo an coinfheascar fliú," a deir an fear bog. "Seadh," a deir Micheál, "bhfaca sibh gamhain?" "Chonnaic," adeir an cailín beag, "tá sé shuas ud ar an chnuic." Suas leis, fuair sé an gamhain go díreach ins an áit a dubhairt sí. Thionntuigh sé leis agus thainig sé abhaile. Chais sé ar sé fir bheag 'na shuidhe ar sé geárnaí agus ar an taobh eile den bhóthar bhí sé cailíní 'na suidhe ar sé geárnaí deis. Deir duine ínteacht, "Gá ngeobhasmuinn geárn do Mhicheál." "Níl feidhm gearán air. Cuirfimuinn é a mharcaidheacht ar an ghamhain." Nuair a dubhairt sé sin, amach leis na geárnaí agus char stap siad go dtainig siad go Bád a' Chaoil. Treasna leis na geáránaí go rabh siad ar an taobh thall eile agus treasna le Micheál agus an gamhain comh maith le gearán ar bith acu. Amach leobhtha suas an Conndae an Dúin agus thainig cailín bog breagh clósáilte do Bhrian agus dubhairt sí leis in Gaedhilc, is cuma goidé chearis tú, ná labhair aon fhocal amháin go dtiocfaidh tú arais, ar do bhás. 'Mach leobhtha go dtainig siad chuige abhainn an Bheanna. Treasna leis na geárnaí uilig go rabh siad ar an bhancainn taobh thall. Seo Micheál leis mar bhéadh h-éan ann. Nuair a bhí sé ar an taobh eile thionntuigh sé thart agus dubhairt sé leis féin, "Má bhéinnse gan aon fhocal a labhairt a fhad is bhéadh sé beo, sin léim íontach do ghamhain." Thionntuigh sé réis, cha rabh ar a n- amharc fear, bean nó gearán. Bhí sé 'na sheasamh é féin agus an gamhain cúig míle as an Iubhar agus b'éigin dó an gamhain a thiomaint isteach in an Iubhar cúig míle, agus cúig míle eile as an Iubhar go dtí Óméith agus tart agus ocras air féin agus an gamhain bocht. Sin an méid a fuair Micheál ar son ionáirce focal a labhair sé.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 8–9 (phonetic), 69–74 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, pp 295–6 (orthographic, phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 250–3 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1217d1 (orthographic, English translation).

1. Muireadhach Méith, "I dTír na h-Óige: Ag Marcaidheacht ar Ghamhain", An tUltach 3:6 (6–7?/1926) 7, repeated An tUltach 5:8 (9/1928) 6, from our speaker here. That is a slightly more elaborate version than here, with some adjustment of grammar and lexis by the editor.

2. McPolin manuscripts, from Clonduff, Co Down (SO ms, p 62), in English. The principal character is called Mick Keenan, Carlingford Lough is crossed in the opposite direction, and the horses and calf are created by the fairies from ragworts.

3. R.L. Praeger, A Populous Solitude (Dublin 1941), p 67. A brief Co Down version, in English, in which the main character is called Brian Bradley.

4. Charles McGlinchey, The Last of the Name (Belfast 1986), p 135. An Inishowen version.

5. Tyrone version, in English: Jeanne Cooper Foster, Ulster Folklore (Belfast 1951), p 74.

6. Béaloideas 8 () p 156: "Na Marcaigh Sidhe" from Teelin, Co Donegal.

7. Michael J Murphy, Island of Blood and Enchantment, riding on a calf on Oidhche Shamhna pp 41–2, 45 (Rathlin Island)


LA1218.1
Teideal: Brighid Ní Chuarta agus an cat
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí aige Brighid Ní Cuarta cat mór bán, agus ba h-iongantach an cat seo i ndiaidh luchógadh. Char d'fhág sé luchóg thart fá na toighthe nár mharbh sé.

Nuair a bhí sin réidh aige, thoisigh sé a dhul 'uig na h-éinigh bheag ó na cearca. Bhí Seaghán Óg Mhac Cuarta 'na sheasamh aige claidhe a' gharraidh coinfheasgar amháin, agus chonnaic sé an cat a' teacht trasna agus éan leis ionn a mbéal.

D'ársuigh sé do na comharsanaigh, agus deir fear aca, "Ó, sin a' buachaill a bhí a' tabhairt na cinnidh óga h-ar shiubhal, char smaoinigh muinn ariamh air a' chat.

Chruinnigh cúigear de na buachaillí thart ionna toigh amháin an oidhche sin, agus tharraing siad méarógaí le h-aghaidh a fheiceáil gá h-aca bhéarfadh bás do'n chat. Thuit sé air Seaghán Óg Mhac Cuarta.

Air a' darna coinfheasgar chonnaic sé an cat a' teacht aríst agus cnapán maith éin leis ionn a mbéal. Síos leis chuige sciobol Brighid, isteach air sean-bhfuinneog dall a bhí ionns a' bhalla, go díreach air son a' cat a theacht amach agus isteach am ar bith a thiocfadh sé.

Síos le Seaghán agus a' chomrádaidhe bhí aige, agus druid siad a' sean-bhfuinneog le clocha. Fuair gach'n duine aca bata annsin, agus thoisigh siad i ndiaidh a' chat agus char stad siad gur mharbh siad é.

D'ársuigh buachaill de na comharsanaigh do Bhrighid gur mharbhadh a' cat breágh a bhí aicí. "Ó, mo chat bán luchóg, gá h-é mharbh é?" "Ó, cha dtig liom sin a h-ársuighe duit." "Má tá, duine eighinteacht de'n chúigear a rinn é. Á mbéadh fios agam gá h-aca, dhéanfainn ceol orthu."

      "Má tá tá'n scéal seo go maith, go dtiocfaidh an Féil' Bhrighde,
      Nuair a bhíonns na saic líonta 'sna luchógadh a' teacht,
      Bhí Micheál agus Stíofán ar a' chúigear a mharbh mo chat."

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh Shéamuis Uí Néill):

Bhí age Bríghid Ní Cuarta cat mór bán agus ba híontach an cat seo indiaidh luchógaí. Chár d'fhág sé luchóg thart fá'n tír nar mharbh sé. Nuair a bhí sin réidh aige thoisigh sé a goid h-éinigh bhog ó na cearca. Thainig Seán Mac Cuarta. Bhí sé 'na sheasamh ag claidh an garadh agus chonnaic sé an cat ag teacht treasna agus na h-éan leis 'na mbéal. D'ársuigh sé do na comharsanaí goidé chonnaic sé. Deir bean acu, "sin an buachaill a bhí ag tabhairt na h-éinigh bog ó na cearca gach lá. Char smoinuigh muinn ariamh ar an chat." Chruinnigh cúigear de na buachaillí thart 'na toighe amháin an coinfheascar sin agus tharraing siad dhearógaí le haghaidh fheicealt ga h-aca a bheirfeadh bás don chat. Thuit sé ar Sheán Óg Mhac Cuarta. Ar an darna coinfheascar bhí sé 'na sheasamh ins an áit chéadna. Chonnaic sé an cat ag teacht agus cnapán mór éin leis ina mbéal. Síos leis an chat go taoibh sgioboil Bríghid agus isteach leis ar sean- bhfuinneog dall a bhí insa bhalla. D'ársuigh sé do chomrádaí a bhí aige. Síos leobhtha agus drod siad an sean-bhfuinneog le clocha agus fuair gach nduine acu bata maith agus isteach leobhtha ins an sgioboil. Thoisigh siad thall is i bhfos i ndiaidh an cat, agus char stad siad gur mharbh siad é. D'ársuigh duine éighinteacht de na buachaillí do Bríghid gur mharbhadh duine inteacht an cat breágh a bhí aicí. "Ó," deir sí, "ga h-é mharbh é?" "Ó, cha dtig liom sin a h-ársuigh duit." "Má tá, duine inteacht den chúigear a rinne é. Dá mbéadh fhios agam gá h-acú dheánfainn ceol ortha, má tá:
      Tá'n sgéal seo go maith go dtiocfaidh 'n Féil' Bríghde,
      Nuair a bhíonns na sac líonta 's na luchógaí ag teacht.
      Bhí Micheál agus Stíobhán ar an chúigear a mharbh mo chat.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 9–10 (phonetic), 74–8 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, pp 296–7 (orthographic, phonetic).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1218d1 (orthographic, English translation).

1. J. Lloyd (?), "Some Omeath words and idioms", Irisleabhar na Gaedhilge 11, pp. 155-6, contains on p. 155 the saying: "Bhí Micheál is Stiabhán ar dhuine den chúigear a mharbh an cat."

2. "gá h-aca": cf Réamonn Ó Muirí, "Gnéithe de chanúint an Bhionadaigh" in Meascra Uladh 3 (c2004) 121–43 ag 124: cia hoca 56 (sé sin, líne 56 de Lámhscríbhinn Staire an Bhionadaigh).


LA1218.2
Teideal: Numerals 1–20
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


haon, dó, trí, ceithir, cúig, sé, seacht, ocht, naoi, deich, haon dhéag, dó dhéag, trí déag, ceithir déag, cúig déag, sé déag, seacht déag, ocht déag, naoi déag, fiche

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 48, 214 (phonetic).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1218d2 (orthographic, English translation).


LA1219.1
Teideal: My father and a fishing rod
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Chuir mo h-athair [mé] a bhuachailleacht lá amháin le mairt, bearach agus asail, siar i n-aice leis an abhainn. Ghoid mé slat iascaireacht' a bhí aige, agus siar liom agus thionntuigh mé cloch, fuair mé cnumhóg, chuir mé air a' dubhán é, isteach ionns a' pholl leis agus thlig mé breac maith amach air an fhéar. Isteach leis aríst agus char stad mé go fhuair mé trí cinnidh mhaithe. Síos liom an abhainn gá ngabháil go tapaidh, char smaoinigh mé níos mó air na bá.

Tháinig comharsanach toigh s'againne agus scairt sí aig an doras, "Bhfeil aonduine istigh?" "Tá mise annseo," adeir mo h-athair, "goidé tá contráilte?" "Tá do chuid bá ionns a' choirce, agus tá creachraidh aca." "Bhuel, chuir mise buachaill leobhtha le haghaidh a bhuachailleacht, agus b'fhéadtaidhe gur thuit sé 'na chodladh." "Deomhan codladh air, tá sé síos an abhainn, 'gabháilt breac le do slat." "Nuair a gheobhas mise greim air, brisfidh mé a muineál."

Annsin thionntuigh mise thart, teacht abhaile. Chonnaic mo h-athair a' teacht mé. "Nuair a gheobhas mise greim ort, brisfidh mé do mhuineál." Bhí h-eagla orm a theacht abhaile. Shuidh mé faoi sciathóg a bhí ionns a' pháirc agus air ball chonnaic mé mo h-athair a' teacht amach, 'cathamh a phíopa. Siar leis a' bhóthar, agus ghlac mise uchtach agus tháinig mé abhaile. Bhí fhios agam nach mbainfinn mo mháthair liom.

Nuair a tháinig mé, chuir mé a' slat iascaireacht 'na seasamh taobh amuigh daen doras, suas le urla 'n toighe. Bhí cearc 'gabháil thart agus duisín éanaí bheag léithe, agus chonnaic sí an cnumhóg air a' lín. Thug sí léim i n-áirde, agus fhuair sí greim air a' chnumhóg, sháitht' a' dubhán ionna gháilleach. Bhí a theanga amuigh, croichte annsin. Bhí na cinnidh beaga a' gabháil air buile air a' tsráid.

Tháinig mo mháthair amach agus scairt sí air dreathair dae mo chuid a bhí deánamh rud eighinteacht ionns a' pháirc, "A' bhfacha tú an cearc a bhí leis na h-éanaí?" "Chan fhachaidh," a deir sé, "níl sé annseo." Thionntuigh sí thart agus chonnaic sí 'n cearc croichte, agus a' dubhán sháithte ionn a ghob. Scairt sí air a' bhuachaill, "tá an cearc marbh, rith go tapaidh." Tháinig sé siar agus thug sé cead a bealaigh don chearc agus ...

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh Shéamuis Uí Néill):

Chuir m' h-áthair ag buachailleacht le mairt, beara agus asal mé. Ghoid mé an slat iasgaireachta. Siar liom chuig an abhainn agus thionntuigh mé cloch agus fuair mé cnumhóg agus chuir mé ar an dubhán é. Isteach leis ins an pholl, thlig mé breac maith ??? barr an fhéir agus isteach liom aríst ins an pholl agus fuair mé trí cinn ins an pholl sin. Síos liom an abhainn agus bhí mé 'ga ngabhailt agus fuaidh na bá ins an coirce. Thainig bean de na comharsannaí chuig toigh m'áthar agus bhéich sí ag an doras, "Bhfeil aon duine istuigh?" "Táimse annseo," adeir mo h-áthair. "Tá," adeir sí, "tá do chuid bá ins an coirce agus béidh crá-réidh acú." Chuir mise buachaill leis na bá le h-aghaidh a bhuachailleacht agus péataí gur thuit sé 'na chodladh." "Dheamhan codhladh air. Tá sé síos an abhainn a ghabhailt bric le do slat." "Nuair a gheobhas mise greim air, brisfidh mise a mhuineál." Nuair a thionntuigh mé thart ag teacht abhaile. Chonnaic m' h-áthair mé. Dubhairt sé, "Nuair a gheobhas mise greim ort, brisfidh mé do mhuineál." Bhí h-eagla orm a theacht abhaile. Shuidh mé faoi sgiach bheag a bhí ins an pháirc agus ar ball chonnaic mé m' h-áthair ag teacht amach as an toigh ag caitheamh píopa. Siar an bóthar leis agus ghlac mé uchtach agus tháinig mé abhaile. Bhí fhios agam nach mbainfeadh mo mháthair liom. Chuir mé an slat iasgaireachta ah seasamh suas le h-urla an toighe. Agus bhí cearc ag dhul thart ar an tsráid agus dosaoin éiní bog léithe. Chonnaic sí an líon. Bhí cnumhóg ar an dubhán agus léim sí in áirde agus fuair sí greim ar an dubhán, ar an chnumhóg. Sháith an dubhán 'na gob. Cha dtiocfadh léithe béicint féin. Bhí na cinní beaga ag dhul ar buile ar an tsráid. Thainig mo mháthair amach agus scáirt sí ar dhritheár de mo chuid a bhí ins an pháirc, an bhfaca sé an cearc. "Chan fhachaidh," adeir sé, "níl sé annseo." Agus nuair a thionntuigh sí thart chonnaic an cearc croithte as an líon agus scáirt sí air rith go tapaidh, "Tá an cearc marbh." Thainig sé agus thug siad a bealach léithe. Ar maidin d'éirigh mé go breágh moch agus d'iarr mé cead ó mo mháthair an leigfeadh sí mé dhul leis na bric síos ag an trágha, péataí go ndíolfainn iad. "Téigh má's é do thoil é." Chuir mé dosaoin acú ar phláta agus síos liom go toigh an tighearna agus thainig cailín d'á chuid chugam agus d'fhiafruigh sí díom goidé bhí ins an bhásgaid. "Tá, bric." "Thig liom a fheicilt?" D'fhoscail mé an básgaid agus dubhairt sí gur cinní deise bhí agam. "Goidé méid tá tú ag iarraidh ortha?" "Dhá sgilling," adeirim-sa. Thug sí suas an staighre mé agus fuair sí báisín bhreágh mór bán. "Thlig isteach annseo iad." Rinne mé sin agus dubhairt sí, "dheánfaidh sé sin gnaithe." Síos linn chuig an cistineach. D'fhosgail sí cupbord agus thug sí buileamháin amach. Ghearr sí ina dá leith agus chuir sí cnapán cása eadar an dá phíosa. "Tabhair seo abhaile chuige do mháthair agus seo dhá sgilling ar son na bric."

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 10–1 (phonetic), 78–83 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, pp 297 (orthographic, phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 254–7 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1219d1 (orthographic, English translation).

1. Lorcán Ua Muireadhaigh, Pota Cnuasaigh (1923), an chéad chuid, pp. 9–11: "Lá iasgaireachta". No source mentioned, but probably same as here, story again told in first person. Story same as on the record, with moderate differences, but then ends quickly with mother relenting and telling the boy to come in, that he will not be punished.


Ciarán Ó Duibhín
2012/07/10
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite