Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Diarmuid 'ac Giolla Cheara (1852–1934), Urris, Clonmany, Inishowen, Co Donegal
Eolas ar an chainnteoir.


LA1261.1
Teideal: Story: Cailín a thug stán líonta agus bádaí dona daoinibh

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Well, bhí bail' ann agus bhí siad bocht, agus bhí siad — bhí siad bocht. Agus 'air a bhí, tháinig cailín ionns'orthu de lady 'steach tráthnona, agus d'fhiafruigh sí daobhtha an gcoinneochadh siad ise 'gcionn cupla mí. D'abair sí go gcoinneochadh — d'abair siad go gcoinneochadh. Agus stop sí annsin acu, agus fuair sí bád úr buildeáilte daobhtha agus stand líontaí.

'Air a fuair, bhí sí annsin acu, agus fuair sí bádaí don bhaile uilig, agus stand líontaí, agus 'air a fuair, d'imthigh sí annsin agus bhí siad ag deánamh air dóigh dae, aig coinneachamh na scadán. Bhí siad 'á ndíol uilig a réir mar bhí siad a bhfagháil.

Agus 'air a bhí, d'imthigh sise annsin agus nuair a bhí siad — nuair a bhí siad tamallt maith aig an iascaireacht, d'imthigh sí annsin agus d'iarr sí orthu tobán uisce a fhágáil síos i steomra. D'fhág siad tobán uisce thíos i steomra, agus 'air a d'fhág, d'imthigh siad annsin — d'iarr sí orthu gan a ghabháil amach an oidhche seo dh'iascaireacht.

Cha dteachaidh. D'iarr sí orthu ghabháil síos annsin, agus amharc air a' tobán, caidé mar bhí an tobán. Agus chuaidh siad síos. Bhí 'n cupán a' slapáil ó thaobh go taobh ionns a' tobán. D'iarr sí orthu ghabháil síos an tríomhadh heat. Agus 'air a chuaidh, bhí 'n cupán, bhí sé tionntuighthe 'nsa tobán.

D'imthigh sise amach annsin air a' doras agus 'air a bhí sí aig gabháil amach, d'iarr sí air a'n duine acu gan a ghabháil a dh'iascaireacht a choidhche.

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh Shéamuis Uí Néill):

Cailín a thug stán líontaí agus bádaí do na daoine fá choinne iasgaireachta. Fuair sí bádaí buildeáilte do'n bhaile uilig. Fuair sí isteach líontái dobhtha uilig fá choinne iasgaireacht sgadán, agus bhí siad ag deánamh go maith de, bhí siad ag faghailt an oiread sin sgadán, ag fágháil díolaidheacht ar a son. D'imthigh sí annsin na' bhí sí barramhlach(?) go rabh sí fada go leor ar an bhaile sin. Thug sé órdú do toigh a rabh sí ag stopadh ann stopadh, gan iad a dhul a dh'iasgaireacht an oidhche sin, iad fanacht istuigh. D'orduigh sí dobhtha annsin tubán uisge a fhágháil thíos sa tseomra. Agus d'fhág siad sin. D'iarr sí orthu annsin cupán a fhágáil síos ins an tubán agus d'iarr sí orm annsin a dhul síos agus amharc goidé mar bhí an tubán ag obair. Agus d'innis mé dithe(?) go rabh an cupán a slápáil ó taobh go taobh an uisge. D'iarr sí orm annsin a dhul síos agus amharc ar an chupán arais. Nuair a chuaidh mé síos annsin bhí an cupán tionntuighthe san tubán. Sheasuigh sí i lár an toighe annsin agus d'iarr sí orthu gan aonduine acu a dhul a dh'iasgaireacht ar an fhairrge a choidhche fhad is a bhéadh sé beo. Agus d'imthigh sise ar siubhal(?).

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 33 (phonetic), 164–6 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, pp 287 (orthographic, phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 196–9 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1261d1 (orthographic, English translation).

1. Versions of this story are sometimes connected with the Bruckless drownings of 1813 in south-west Donegal; e.g.
      Heinrich Wagner, Gaedhilg Theilinn, 1959, pp 274–6;
      Kinnfaela, The Cliff Scenery of South-West Donegal, 1867, pp 37–39;
      Seán Ó hEochaidh, "Seanchas iascaireachta", Béaloideas 33, 1965, pp 1–96, at 52–3;
      and (without mentioning Bruckless), Seaghán Mhac Meanman, Cnuasach Céad Conlach, 1989, pp 107–8;
      Seaghán Mhac Meanman, "An bhfuighmid breitheamhnas?" in Crann an Eolais: An Bláth, pp 89–95.

2. Béaloideas 10, 1941, p 31, from Iorras Aithneach, ach luaidhtear na Cealla Beaga.

3. Béaloideas 11, 1941, p 102, from Inis Eoghain, rather different, but connects overturned cup with drownings.


LA1261.2
Teideal: Story: Amadán Shliabh Gad

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Well, bhí amadán air Sliabh Gad ionn a chomhnuidhe aig a n-athair. Agus 'air a bhí, d'imthigh sé annsin agus bhí sé a' ráidhte go rachadh sé a shuirghe le nighean a' rí a bhí a' tnúth. "Á," arsa siadsan, "goidé 'n mhaith tú a dhul a shuirghe le nighin a' rí sin. Ní bhfuighfá deánta ach do cionn a bhaint daot." Ná ní bhfuigheadh duin' air bith nighean a' rí ach an té a bhainfeadh bréagach aisti.

D'imthigh seisean agus chuaidh sé ann, agus 'air a chuaidh, d'imthigh sé annsin, agus thug a' rí amach é agus theispeánadh sé cruach fhéir dó. 'Air a chuaidh, "'Bhfaca tú 'n chruach fhéir ariamh nas mó ná í sin?" "Och," arsa seisean, "chonnaic mé cruach fhéir comh mór le ceathra cionn annseo. Bhí cruach fhéir aige m'athair mór air Sliabh Gad, agus dá rachadh coileach ionn áirde air lár na cruaiche agus coileach ionn áirde air achan chionn, nach gcluinfeadh 'n chionn de na coiligh 'cionn eile 'scairtigh." "Tchidhim," arsa seisean.

"Well," arsa seisean. Arsa seisean annsin leis — thug sé amach é a theispeáint garradh cáil dó. D'abair sé annsin leis, "'Bhfaca tú 'n gharradh cáil ariamh a bhí nas mó ná sin?" "Och," arsa seisean, "chonnaic mé garradh cáil aige m'athair mór air Sliabh Gad, agus bhí cráin mhuice aige agus chaill sé 'chráin mhuice, agus chuaidh sé amach lá amháin agus bhí dhá phigín déag aici astoigh ionns a' chroidhe, croidhe de chuid a' cháil."

"Agus 'air a bhí, thug sé isteach iad agus 'air a thug, chas madadh ruadh dó nuair a bhí siad 'teacht isteach, agus bhí sé a' cac prannóg agus bhuail sé aon chionn dae na prannógs isteach 'nsa choirce.

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh Shéamuis Uí Néill):

Bhí amadán ar Shliabh Gad agus bhí sé 'na chomhnuidhe ag n-a athair. Bhí sé ráidhte go rachadh sé a shuirghe (h'iarradh???) le nighean an ríogh. Agus cha ngeobhadh duine ar bith í ach an té a bhainfeadh bréagach as an ríogh. Thug an rí amach é (?) chuaidh a theasbain(?) cruach fheir do a bhí amuich sa garradh. "Bhfaca tú an chruach fhéir a bhí nios mó na sin ariamh?" "Chonnaic mé cruach fhéir ag m'athair mór a bhí i (?) Sliabh Gad. Dá rachadh coileach in airde ar achan cheann de agus coileach eile sa láir, nach gcluinfeadh ceann acu an ceann eile ag sgáirtigh." Thug sé amach annsin é a theasbaint(?) garradh cál dó. Bhfaca sé garradh cál a bhí ní b'fhearr na sin? Arsa seisean, "Chonnaic mé garradh cál ag m'athair mór ar Shliabh Gad, agus bhí cráin mhuice aige, agus chuaidh sí isteach ins an ceártlí chál (cearth..?) agus bhí dhá phigín déag aici ann. Nuair a bhí sí ag teacht amach casadh madadh ruadh di a bhí sé cac pramas. Thóg sé ceann acu, agus léigh sé sa phramas go rabh a athair mór sin ar fhástódh ag n-a athair mór sin ar Shliabh Gad, ag buachailleacht. "Bréagach thú," arsa'n rí. "Tá do nighean buaidhte," arsa seisean. "Nach ndeanfaidh sí maith duit."

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 33–4 (phonetic), 166–9 (orthographic, English translation).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 138–41 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1261d2 (orthographic, English translation).

1. Muireadhach Méith, "I dTír na hÓige: Rí na mBréag", An tUltach 1:4, 1924, p 7. Possibly from Omeath.

2. Seosamh Mag Uidhir, Maith thú, a Mhicí, 1956, pp 12–15: "Giolla na mBréag," told by Micí Sheáin Néill Ó Baoill, Rann na Feirste, Co Donegal.
      Leagan eile ó Rann na Feirste: Seoirse Ó Dochartaigh, "Giolla na mBréag" ar CD dá chuid, Oíche go Maidin.

3. Áine Ní Dhíoraí, Na Cruacha, Scéalta agus Seanchas, 1985, pp 97–9: "Bréag Mhór Éireann", collected by Seán Ó hEochaidh in Na Cruacha, 1947.

4. Béal. 1, 188ff (198ff?) ("Prionsa na mBréag")

5. Seosamh Laoide, Sgéalaidhe Óirghiall, 1905: "Bréagóir Éireann," pp 50–3, told by Tomás Ó Corragáin, Fearnmhaigh.

6. Pádraig Ó Baoighill, Faoi Scáth na Mucaise, 2005, "Bréaga Éireann", pp 78–84, ón Chraosloch.

7. Eoin Mac Néill, "Bréaga Éireanna", An tUltach 51:2, 02/1974, pp 8–10; ó Sheán Ó Brolcháin, Muine na Míol.
      Pilib Ó Bhaldrain, "Breugaidhe Éireann", Ulster Herald, 25/01/1913 p 6 & 01/02/1913 p 6; ón tseanchaidhe chéanna.


Ciarán Ó Duibhín
2012/07/26
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite