Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Seán 'ac Giolla Chearr (c1879–1952, Teilionn, Lifford, Co Donegal
Eolas ar an chainnteoir.


LA1271.1
Teideal: Story: Lá iasgaireachta (tús)

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


D'éirigh mé maidin nuair a bhí mé 'mo Bhrian óg, ar scór a ghabháil a dh'iascaireacht. Chuaidh mé síos 'un a' chladaigh, agus tharraing muid isteach a' bád. Agus chuaidh muid ar na ceithre mhaide — chuir muid amach na ceithre mhaide agus chuaidh muid a dh'éileamh baoití fá choinne braeisíní agus feannógaí. Bhí muid ag treabhadh linn go rabh muid — go bhfuair muid beagán ar scór a ghabháil a dh'iascaireacht.

Bhuel, dubhairt a' dá sheanduine 'bhí ionns a' bhád gur chóir dúinn a ghabháil a mharbhadh na mbraeisíní agus na bhfeannógaí. Rois siad na dorgaí agus bhí siad, na braeisíní agus na feannógaí, le fagháil go dearbh aghainn. Bhuel, rois siad, muid uilig ann, agus bhí braeisíní go dtí beirt, go dtí triúr le fagháil go dearbh aghainn agus bhí muid a' gabháil daobhtha annsin go rabh sé 'teannadh eadar a h-aon agus a dó a chlog.

Arsa fear den bhunadh óg liom féin, "Nach cóir dúinn bheith 'tarraingt .. go bhfuighidh muid rud éighineacht dinnéara. Arsa'n fear den bhunadh aosta, de na seandaoiní, "Caithfidh sinn tuilleadh baoití murlais a fhagháil fá choinne an tráthnóna. "Maith go leor," arsa mé féin, a' labhairt. Tharraing muid isteach na dorgaí, agus chuir muid amach na rámhaí, agus chuaidh muid i dtreo 'na bhFionna agus chuir na seandaoiní 'mach a dá ndorga arais, agus bhí siad ag iarraidh - fuair siad beagán baoití. Agus nuair a bhí siad ag tarraingt isteach na ndorgaí, dubhairt fear acu go mb'fhearr dúinn a ghabháil a dh'iarraidh braeisíní arís.

Bhuel, tarraingeadh isteach na rámhaí agus chua muid a dh'iarraidh na mbraeisíní agus na bhfeannógaí arís. Agus dá mbéadh dhá dhubhán - trí dhubhán amuigh aghat bhéadh trí bhraeisín ná trí fheannóg leat achan iarraidh. Bhuel, bhí sé 'teannadh déanach go maith sa lá, agus bhí an t-ocras a' teacht orainn. "Bhfuil iomrádh ar bith aghaibh ar a ghabháil 'na' bhaile," arsa mise le fear den bhunadh aosta. "Níl," arsa seisean. "Bhuel," arsa mise. D'amharc mé ar mo chomhrádaidhe 'bhí taobh thuas domh, agus bhí 'n dath ag athrughadh air. "Racha tú abhaile," arsa mise, "nuair a bhéidh tú mall." "Bhuel," arsa seisean, "bíodh foighid aghat," arsa seisean, ag cur a lámh siar i n-a bhrollach nó i n-a phóca...

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ní hann dó.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1271d1 (orthographic, English translation).

For other notes, see the following track.


LA1272.1
Teideal: Story: Lá iasgaireachta (tuilleadh)

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Chuir sé meisneach — chuir a' t-arán buidhe meisneach bheag ionnainn, agus chuaidh muid a mharbhadh na mbraeisíní go faobharach láidireach, á marbhadh go rabh sé 'teannadh déanach ionns a' tráthnóna. Agus bhí mo chomrádaidhe-sa 'g iascaireacht le mo thaoibh agus tchidhim a dath éadáin ag athrughadh. Arsa seisean liom-sa, "Tá mé 'g éirigh lag." "Bhuel, má tá," arsa fear daen tsean-bhunadh, "béimid ag tarraingt ar a' bhaile." "Tá tú mall," arsa mé féin.

Chua muid ar aghaidh ocrach lag fliuch fuar agus chuir muid amach na rámhaí agus chua muid a tharraingt a' treabhadh air a' bhaile. Agus bhí muid a' treabhadh, ag gabháil ar aghaidh go dtáinig muid comhgarach don talamh ath-uair. "Bhuel," arsa fear den tseanabhunadh, "tá sibh 'deánamh cúis mhaith go fóill." "Bhuel," arsa mé féin, a' labhairt, "béidh a' cladach, a' baile, trom go leor aghainn a ghabháil air aghaidh."

Chua muid á bhroslughadh agus a choinneáil ghuaileacha le chéile le teannadh ar na rámhaí go bhfuair muid 'un a' chladaigh ins an áit a d'fhág muid. Agus buaileadh isteach a' bád air a' chladach agus cuireadh 'mach a' rópa. Agus le sin chuaidh mo chomrádaidhe-sa, chua sé a thuitim agus fuair mise mo lámh roimhis agus choinne mé greim air go dtáinig a' seanduine aniar gur thug sé é 'mach as a' bhád. Agus nuair a chua sé 'un a' chladaigh, "Tá tú mall," arsa mé féin. "Níl, a chladhaire," arsa seisean, "'á bhfaghadh sé deoch bhainne mhilis bheirfeadh sé é ar aghaidh go fóill."

Chuaidh mé féin amach as a' bhád agus rug mé greim air agus théaltóigh muid siubhal 'un a' bhaile. Agus d'fhág muid slán agus beannacht aig an dá sheanduine.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ní hann dó.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1272d1 (orthographic, English translation).

1. "ar scór":
      Seán Ó hEochaidh agus Heinrich Wagner, "Sean-chainnt na gCruach", Zeitschrift für celtische Philologie 29 (1962–4), pp 1–90 @ 15:
            "Tá sé an-riachtanach eólas a fhagháil ar chúrsaí an cheanntair uilig agus ar ghráth-shaoghal laethiúil na ndaoine ... ar scór comhrádh agus cainnt a dhéanamh leó."
      Maghnus 'ac Comhaill, Na Rosa go Bráthach (1939) p 103."Ní phósfadh Anna Chatach é," arsa Nóra. "Caidé'n scor nach bpósfadh?" arsa Dramhlas.


Ciarán Ó Duibhín
2013/07/10
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite