Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Tomás 'ac Seagháin (c1859–1935), An Cheapach, Teilionn, Lifford, Co Donegal
Eolas ar an chainnteoir.


LA1273.1
Teideal: Story: Eachtra faraige (tús)

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí mé lá amháin aig fear na comharsan, a' cur tuighe air a theach. Agus chonnaic muid duine chughainn agus scéala a bhí ann go rabh scadáin mharbh sna Cealla an oidhche roimhe sin. Agus chuaidh muid ar siubhal soir 'na' gCeall an oidhche sin. Agus chuir muid ár gcuid eangachaí ann. Agus bhí muid ann curtha go rabh a deich a chlog ins an oidhche ann. Thóg muid na h-eangachaí agus ní bhfuair muid iasc ar bith. Agus chuaidh muid isteach 'un na gCeall go maidin. Agus d'fhan muid ag an gcéidh go maidin. Bhí muid ag fágáil na céadhbha ar maidin go luath agus tháinig fear as an áit linn féin a bhí ann anuas chughainn, agus dubhairt sé linn go rabh muid i n-am go leor corrughadh go fóill, nach rabh cuma ró-mhaith air a' mhaidin, agus muid ár mbricfeasta a dheánamh. Agus ghlac muid a chómhairle agus rinne muid a' bricfeasta. Nuair a bhí an bricfeasta deánta, chuaidh muid i gcionn a' lae a oibriú 'na' bhaile.

Agus bhí an ghaoth ionn ár n-éadán. B'éighean dúinn ghabháil 'e réir cúrsaí leis, 'mach fhad le talamh air thaoibh a' chuain, a bhfuil Port Úcaire air. Tháinig muid anuas annsin, air an bhórd sin, anuas go dtáinig muid anuas go Tón a' Ruadhlaigh. Agus thuit a' lá marbh orainn, d'imthigh an ghaoth, agus ní rabh aghainn ach a ghabháil a dh'iomramh air ár gcuid maidí rámha. Chuaidh muid amach air a' dóigh sin go rabh muid amach aig Cionn Mhucros. Agus chruinnigh cnap dubh ó thuaidh agus dubhairt fear leis an fhear eile go rabh cioth a' teacht. "B'fhearr daoibh," arsa mise, "cuid daen tseol a ísliughadh sul ma bhuailidh an cioth sibh. Ná b'fhéidir go mbéadh barraidheacht gaoithe leis."

Leig muid anuas an seol agus thóg muid dhá chúrsa. Agus ní rabh an dá chúrsa ach tógtha aghainn nuair a tháinig sé comh tréan agus go mb'éighean dúinn beirt eile a thógáil. Agus chua muid siar air a' dóigh sin go dtí áit a bhfuil Béal Thor na n-Imeann air. Agus nuair a bhí muid thiar, leis a' bhád a leigean aniar chuig a' chuan, b'éighean dúinn cúrsa eile a thógáil air an taoibh cúil daen chrann. Tháinig muid aniar air a' dóigh sin, a' tarraingt air a' chuan, agus d'fhiafhruigh mo dhearthair domh-sa air a' bhealach "'Bhfuil eagla ort?" "Caidé bhéadh orm," arsa mise, "gan eagla a bheith orm. Bhuel, mur' dtáinig sé i n-am dár gcailleadh, tiocfaidh muid thríd."

Fuair muid aniar 'un a' chuain annsin agus chua muid anonn trasna a' chuain, an áit a bhfuil Tor Pholl a' Chubhair air, nó Tor a' tSasanaigh. Tháinig muid thart thall agus tháinig muid anall air a' lorg chéanna a dteachaidh muid anonn air. Agus chuaidh muid anonn arais agus tháinig muid thart thall air a' lorg chéanna. "Níl aon ghar daoibh ann," arsa mise, "ní rachaidh 'n bád suas a' cuan." "Caidé tá muid a' gabháil a dheánamh?" arsa'n chuid eile. "B'fhearr dúinn pilleadh air na Cealla arais." "Ní phillfidh muid," arsa mise, "air na Cealla. Ní fheicim aon dadaidh romhainn go rabh muid mall agus rachaidh muid suas air a' talamh." "Agus caidé (mar) dheánfas muid é?" "Rachaidh muid," arsa mise, "isteach 'un a' Tamhnaigh, ionns'air áit atá ann, a bhfuil a' Gobán Liath air. Agus gheobhaidh muid foscadh annsin, eadar a' dá shliabh."

Chuaidh muid isteach 'un a' Tamhnaigh, air a' chomhairle sin. Agus dubhairt cuid eile annsin air a' bhealach a' gabháil isteach dúinn go mb'fhearr dúinn iarraidh a thabhairt air a' chéidh, go mb'fhéidir go n-athróchadh a' ghaoth agus go rachadh sí anall is go gcaillfidh sinn féin ins(?) a' bhád. Agus thug muid iarraidh air a' chéidh, agus bhuail a' bád orainn ar a' bhealach sul ma dteachaidh 'un na céadhbha. Bhí aghainn le suidhe istigh innti annsin, gan biadh gan aon dath eile, ná gur thuit a' taoille uainn, gur imthigh an taoille.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ní hann dó (amharc ar LA1274.1)

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/doegen/ga/LA_1271d1 (orthographic, English translation).

For other notes, see the following track.


LA1274.1
Teideal: Story: Eachtra faraige (tuilleadh)

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


B'éighean dúinn coinneáilt ins a' bhád annsin, ná gur imthigh an taoille uaithe. Agus d'imthigh beirt acu ar siubhal go Baile 'n Droichid fá choinne aráin agus buideál uisce bheatha. Agus nuair a bhí siad a' gabháil amach as a' bhád, "Coimheádaigí sibh féin," arsa mise, "agus ná gabhaigí amach taobh Cille Cartha. Gabhaigí amach taobh na Tamhnaighe, is ann is tanaidheacha. Agus chuaidh siad amach nuair a thuit a' taoille, agus thug siad a n-aghaidh a' taobh chontráilte, chuaidh siad taobh Cille Cartha agus ní rabh ann ach nach dtug an tuile léithe iad. Ach chua siad soir agus fuair siad a' t-arán agus an buideál uisce bheatha. Agus tháinig siad chughainn arais agus rinneadh réidh a' biadh agus bhain an uile dhuine úsáid as ach fear amháin - bhí sé fhad air gcúl agus go mb'fhearr leis a fhágáil mar bhí sé ná ól ná ithe a dheánamh.

Tháinig — ghlan an oidhche suas annsin agus nocht na réalta agus nuair a shnámh a' bád arais bhí an spéir glan agus é breagh socair leis a' bhaile a bhaint amach. Tháinig muid anall 'un a' bhaile, trasna 'un ár n-áit féin annsin, roimh an lá, agus air maidin bhí na comharsanaigh uilig go léir cruinn, 'cur ár dtuairisc, 'deánamh go rabh muid caillte ó oidhche, nuair a chonnaic siad a' bád aig an chéidh.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ní hann dó. Ach amharc ar nóta 1 thíos.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/doegen/ga/LA_1274d1 (orthographic, English translation).

1. Other versions from the present speaker:
      An tUltach 10,6,1–2 "I ngabhadh ar an fhairrge", from the present occasion.

2. Poll Thor na n-Imeann: amharc ar Seán Ó hEochaidh agus Séamas Ó Catháin, "Foclóir agus seanchas na farraige", Zeitschrift für celtische Philologie 31 (1970) pp 230–74, faoi "giota"


LA1274.2
Teideal: Story: Goidé mar fuair mo mhac bás

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí mé lá amháin, mé féin agus mo mhac, chuaidh muid amach a dh'iascaireacht le triúr eile. Agus goirid a' t-am a bhí muid air siubhal ag iascaireacht, cuireadh mise agus fear 'en chomharsain amach air charraig agus d'imthigh seisean agus beirt eile uainn agus is ró-ghoirid a' t-am 'bhí siad air siubhal uaim nuair a tháinig siad le scéala chugham go rabh sé crothnuighthe acu. Agus thug siad mise siar ionns an áit ionn ar cailleadh é, agus ní rabh aon dath le fagháil aghainn ach a bhearad air an uisce.

Tháinig mé 'na' bhaile agus an scéal sin liom annsin agus bhí muid an uile lá air feadh coicís' a' feitheamh air, go bhfuighimís a chorp air dhóigh éighineacht, le tabhairt 'na h-uaighe. Agus air a' cheathramhadh lá déag, bhí oifigeach na gCoastguards air siubhal le n-a chuid nigheanacha a' deánamh pléisiúir agus ag teacht 'na' bhaile dó casadh leis é ar bharr na fairrge agus é ag gabháil ó sholus.

Chuir sé scéala chugham-sa aniar 'un a' bhaile agus bhí na soilse dá lasadh ins na toighthe an uair sin. Agus d'imthigh mé féin agus fear 'en chomharsain ná go dteachaidh muid san áit a dtug sé tuairisc dúinn go bhfaca sé é. Agus bhí muid ag cuartughadh anonn agus anall agus thug an uile bhád eile annsin dá gcualaidh an scéala, thug siad iarraidh fosta orainn. Ach bhí mise agus a' fear a bhí liom ag amharc agus a' cuartughadh, agus bhí sé comh dorcha agus chonnaic mé 'n t-uisce 'corrughadh - solus a' teacht ar an uisce, agus "Gabhaimid isteach," arsa mise leis a' chomrádaidhe, "tá rud éighineacht ar an uisce istigh annsin." Agus chuaidh muid fhad leis an áit a rabh 'n t-uisce a' corrughadh, agus bhí seisean a' snámh ar bharr na fairrge. Thug muid isteach 'un a' bháid é annsin agus abhaile. Agus ní rabh ann ach 'thabhairt 'un na h-uaighe ar maidin lá thar n-a bhárach.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ní hann dó. Ach amharc nóta 1 thíos.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/doegen/ga/LA_1274d2 (orthographic, English translation).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 154–7 (orthographic, English translation).

1. Other versions from the present speaker:
      An tUltach 10,7,2 "Cailleadh", from the present occasion.


Ciarán Ó Duibhín
2013/11/13
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite