Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Séamus 'ag Fhionnlaoich (1898–1967), Letterkenny, Co Donegal
Eolas ar an chainnteoir.


Séamus 'ag Fhionnlaoich, sagart, ar Inis Bó Finne.
Pioctúir: Teach Pobail Chríost Rí, Gort a' Choirce 1953–2003, lch 156.


LA1279.1
Narrative: Cainnt ar Ghabhla.

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Tá Oileán Ghabhla 'na luighe amuigh, trí mhíle ó'n tír mór, ar chósta Thír Chonaill, leath bealaigh iodar Toraigh agus Árainn. Tá deich dteaghlach agus fich' ann, agus tuairim ar chéad go leith duine. Tá feirm beag talamh ag gach teaghlach, ach tuilleann siad a mbeatha ar bhárr na fairrge. Tá na fir ina n-iascairí agus ina mbádóirí maithe. Bíonn siad ag iascaireacht gliomaigh, balláin, deargógaí, scadáin, murlais agus bradáin. Tá bádaí beaga agus bádaí móra acu, bádaí beaga fá choinne iascaireacht chois talamh, agus na bádaí eile fá choinne iascaireacht sa doimhneacht.

Tháinig caill mhór ar an oileán i mbliadhna. Tráthnóna amháin chuaidh ceathrar fear amach a dh'iascaireacht bradán. Bhí an oidhche olc, gaoth mhór agus fairrge mhór, agus í ag éirghe níos measa gach bomaite. I mBáighe Thoraigh a bhí leabaidh na h-iascaireachta. Bhí sin naoi nó deich 'e mhílte as Gabhla. Ní fhacaidh ceachtar acu Gabhla aríst ariamh beo. Cailleadh iad. Tháinig an bád isteach, lá thar na bhárach, agus gan caill uirthi. Ach ní fhacthas aon duine de na cuirp ariamh. Ba mhór an tuaiste a thug an chaill sin ar an oileán. Agus go mórmhór ar a gcuid daoine mhuinntearacha, na daoine a gcailleadh. Triúr deartharacha a bhí i dtriúr de na fir, triúr buachaillí óga a d'fhág a máthair beo. Tá sí anois léithe fhéin, a croidhe briste brúighte, agus í ag amharc amach ar an fhairrge mhór gach lá, ag dréim le na cuid mic nach dtig a choidhche. Mar dubhairt sí liom lá amháin, "Chaill mé lán toighe de fhir." Ach sin trioblóid an tsaoghail.

I nGabhla ní labhartar dadaidh ach Gaedhilg. Gaedhilg atá ag na páistí, atá ag na daoine móra agus na daoine beaga. Labhrann siad í sa bhaile agus ar scoil, ag 'ul go teach a' phobail, agus ag obair ar an farm. Caitlicigh is (eadh) iad uilig. Ach níl teach pobail ar bith ar an oileán. Caithfidh siad a dhul amach go tír mór, agus tá cuid mhór trioblóid ag 'ul go teach a' phobail, go h-áirid san gheimhreadh. Bíonn an fhairrge mór, bíonn an bealach olc, bíonn na puirt olc, agus corr-uair sa gheimhreadh ní thig leo dhul go teach a' phobail ar chor ar bith.

Tá scoil amháin ar an oileán, agus téigheann páistí an oileáin uilig ar an scoil sin. Tá siopa amháin ar an oileán fosta, ach tig siopaí isteach ó'n tír mór, agus ghnídheann siad cuid mhór oibre ar an oileán, díolann siad agus ceannann siad.

Thart fá Ghabhla, tá oileáin eile. Tá Inis Meadhoin, agus Inis Oirthir. Tá Oileán Uaighe, tá Inis Fraoich, Oileán Ghó, agus Oileán Eala. Tá áiteacha eile fosta, creigtheacha, agus tá a n-ainm fhéin ar achan chreig. Tá an Tor Glas, an Tor Ruadh, tá Umfuinn ann. Tá na Doichill ann; sin an áit ar cailleadh bád fad ó shoin, agus sin an t-ainm atá ar an áit anois, na Doichill.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Gan ainm, ach i láimh Shéamuis Uí Néill.

Tá Gabhla 'na luighe amuigh trí mhíle ó'n tír mór ar chósta Dún na nGall, leath bealaigh eadar Toraigh agus Arain. Tá deich dteaghlach is fiche ann agus céud go leith duine. Tá feirm beag talamh ag gach teaghlach, ach saothruigheann siad a mbeatha ar bharr na fairrge. Tá na fir 'na n- iasgáirí agus 'na mbádóirí maithe. Bíonn siad ag iasgaireacht gliomaigh, balláin, deargógaí, sgadáin, muirluisg, bradáin. Tá bádaí beaga agus bádaí móra aca, bádaí beaga fá choinne iasgaireacht cois talamh, agus bádaí eile fá choinne iasgaireacht sa doimhneacht.

Thainic caill mhór ar an oileán i mbliadhna. Tráthnóna amháin chuaidh ceathrar fear amach a dh'iasgaireacht bradán. Bhí an oidhche olc, gaoth mhór agus fairrge mhór, agus í ag éirighe níos measa gach bomaite. I mbaidhe Thoraigh bhí leabaidh na h-iasgaireachta. Bhí sin naoi nó deich mílte as Gabhla. Ní fhacaidh ceartar (ceachtar) acu Gabhla aríst beo. Cailleadh iad. Thainic an bád isteach lathar na bharach agus gan cearr uirthi ach ní fhacthas aon duine de na cuirp ariamh. Ba mhór an tubaiste an chaill sin ar an oileán, agus go mór mhór ar a gcuid daoine muintireaiche. Triúr deartharacha a bhí i dtriúr de na fir, triúr buachaillí óga a d'fhág a máthair beo. Tá sí anois léithe féin, a croidhe briste brúidhte agus í ag amharc amach ar an fhairrge mhór achan lá ag dréim le na cuid mic nach dtig a choidhche. Mar dubhairt sí liom, "Chaill mé lán toighe de fhir." Is sin trioblóid an tsaoghail.

Ní labhartar ar an oileán acht Gaedhilg uilig: beag, mór, óg agus sean, labhrann siad í. Catolicigh atá ar an oileán uilig, téidheann siad go dtí an tír mór go tigh an phobail. Tá sgoil amháin ann, agus siopa amháin.

Tá oileáin eile thart fá Ghabhla: Inis Meadhon, Inis Irir, Uaighe, Inis Fraoich, Oileán Ghabha agus Oileán Ala. Tá ainimneacha ar na creigeacha fosta, Tor Ruadh, Tor Ghlas, na Doichill: creigeacha atá ann sin ar cailleadh bád ortha.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 158–61 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1279d1 (orthographic, English translation).

1. The drowning referred to was that of the three brothers Edward, Andie and John Sweeney and Charles Diver, on board the "Celtic" in June 1931. The bodies were never recovered, but the fishing boat was found a few days later drifting near Horn Head by Antoin Ruadh 'ac Eiteagáin (see under Pádraig Ó Siadhail). See Seán 'ag Fhionnlaoich,Ó Rabharta go Mallmhuir, 1975, p 116; Cáit Nic Giolla Bhríde, Gaoth Dobhair by land and sea, c2003 pp 1–7; Máirín Uí Fhearraigh, Gabhla, an tOileán, 2008, pp 13, 16–7, 39–40. The present speaker's elder brother, Fr Tadhg 'ag Fhionnlaoich (Ó Rabharta go Mallmhuir, pp 129, 133–4, 135-6), assisted the islanders in the wake of the drownings.

2. Na Doichill: See Ó Rabharta go Mallmhuir, p 66.


Ciarán Ó Duibhín
2012/12/05
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite