Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Éamonn 'ac Grianna (1899–1982), Loch an Iubhair, Annaghery, Co Donegal
Eolas ar an chainnteoir.


Éamonn 'ac Grianna, 1942.
Pioctúir: Cnuasach Bhéaloideas Éireann.


LA1237.1
Teideal: Story: An tSluagh Sídhe ag tabhairt na mná as Conndae Mhuigheó go hOileán na Cruite

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí sin ann agus más fada ó bhí, mac baintreabhaighe ionn a chomhnuidhe istigh i n-Oileán na Cruite. Oidhche amháin Shamhna, agus é ag teacht anuas an t-oileán, mhothuigh sé an trup agus an tsluagh sídhe aig tarraingt air. D'éist sé tamallt, agus níor mhothuigh sé go rabh siad thart air. Tháinig fear acu aníos go dtí é, agus dubhairt leis gur mhaith leo dá mbéadh sé leo siar go Connachta, a dh'iarraidh mná. Ní rabh sé saor gan eagla a bheith air agus chuaidh leo.

Thug siad beathach dó, chuaidh sé a mharcuidheacht, agus ní thearn stad mara nó mór-trágha, go dtí go rabh siad thiar toigh Pheadair Uí Dhuibhir i gConndae Mhuigheó. Tháinigtheas go dtí an teach, agus d'fhág siad na beathaigh ar a' léana taobh thuas dó, agus bhí damhsa ag gabháil air aghaidh annsin. Léim iomlán acu ionn áirde ins na creataí ach a' Dálach, agus fágadh eisean ionn a sheasamh air leac a' doruis taobh amuigh.

Bhí damhsa ag gabháil ar aghaidh, agus an bhean óg a bhí le pósadh lá thar n-a bhárach a' damhsa. Aig teacht thart a' chéad uair daoithe, bhuail fear acu le slat na draoidheachta í, agus thuit sí i laige i lár a' toighe. "Do Dhia 's do Chríost thú," ars' an mháthair, "caidé 'tá 'teacht ort?", agus d'éirigh sí slán arais. 'Teacht thart a' dara h-uair daoithe, bhuail sé arais le slat na draoidheachta í, agus thuit sí. "Do Dhia 's do Chríost thú," ars' an mháthair, "caidé tá 'teacht ort anocht?" D'éirigh sí slán folláin arais. Agus an tríomhadh h-uair, ag teacht thart daoithe, bhuail sé le slat na draoidheachta arais í, agus thuit sí. Agus "damnú ort," ars' an mháthair, "caidé na laigidheacha atá ag gabháil duit anocht air chor ar bith."

Agus 'nuas leis a' tsluagh sídhe agus d'árduigh leo í eadar chorp agus chleiteacha, agus d'fhág sean-scuab ionn a cosamhlacht a' luighe i lár a' toighe. Thug amach í agus chuir ar chúlaibh a' Dálaigh í ar a bheathach. Agus níor stad go dtí go rabh siad arís aig Oileán na Cruite. Ach ní rabh cead acu bheith amuigh aon bhomaite amháin i ndiaidh a' dó dhéag, agus ag teacht daobhtha bhí an t-am thuas. Agus ní rabh siad abálta a dhath a dheánamh ach séideog a chur ionn a béal agus í a fhágáil bodhar balbh aig an Dálach, ionn a seasamh air an oileán.

Thug suas chuig a mháthair í agus choinnigh annsin í go bliadhain ón oidhche sin. Chuaidh sé síos a' t-oileán arais agus mhothuigh sé an ceol agus an trup arís. Ach ón chéad oidhche a casadh orthu é, ní rabh sé saor ní ba mhó gan eagla a bheith air, agus bhéadh i gcomhnuidhe braon uisce choisricthe agus a tháinig ua leis. D'éist sé tamallt ag bárr na mbeann agus chualaidh sé fear acu ag rádh thíos, "Bliadhain agus an oidhche anocht bhain a' Dálach a' bhean dúinn." "Más é féin," ars' an dara fear, "is beag is cabhair dó í. D'fhág mise bodhar balbh aige í ó shoin." "Maise is beag a' rud a léigheasfadh sin," ars' an tríú fear, "dá mbéadh braon amháin amach as an bhuideál seo aicí, bhí sí slán arís."

Dar leis féin, caidé an dóigh a dtiocfadh liom an buideál a fhagháil uabhtha anois. Agus síos leis fríobhtha, agus ag gabháil thart fá'n bhuideál aig a thaoibh sciob sé é, agus chraith sé 'n t-uisce coisricthe, agus shín leis 'na bhaile go cruaidh gasta arís.

Thug bolgam den bhuideál le h-ól don mhnaoi, agus labhair sí leis. "Cá bhfuair tú an buideál seo?" arsa sise. Agus d'inns sé daoithe caidé mar bhí an scéal, agus thúsaigh sise annsin agus d'inns sí dó caidé mar thárluigh daoithe féin.

Air maidin lá thar n-a bhárach, ghléas sé 'chapall agus shín leis, agus ní thearn sé stad mara nó mór-trágha go dteachaidh sé siar toigh Pheadair Uí Dhuibhir i gConndae Mhuigheó. Tháinig isteach ansin agus d'iarr lóistín air a' tsean-phéire. Bhí an tsean-bhean 'n-a suidhe sa chlúdaigh agus í aig mairgnigh. Agus dubhairt a' seanduine nach rabh a ngléas mór, ach mar sin féin go gcoinneochadh siad iad.

Dubhairt a' tseanbhean, ach go bé go rabh Máire s'acu-san marbh, nach gcreidfeadh sí ariamh nach sin í a bhí leis. Agus ní thiocfadh leobhtha coinneált suas níos mó, nó gan innse daobhtha caidé mar thárluigh an chaill. Agus d'innis gur seo a nighean arís leis, agus achan seort. Pósadh an Dálach agus Máire, agus chomhnuigh sé thiar i gConndae Mhuigheó, agus tá sé go fóill, é féin agus a iaruaibh 'n-a dhiaidh thiar annsin.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

M. A. O'Brien.

An tsluagh sidhe ag tabhairt na mná as Conndae Mhuigheó go h-Oileán na Cruite.

Bhí sin ann & más fada 'bhí, mac baintreabhthaighe na chomhnuidhe in Oileán na Cruite. Oidhche amháin Shamhna & é ag teacht anuas an toileán, mhothuigh sé an trup & an truisneach ag tarraingt air. D'éist sé tamall beag & níor mhothuigh sé go rabh sé istoigh ina measg. Thainic fear acu aníos go dtí é & dubhairt leis gur mhaith leo dá mbéadh sé leóbhtha go Conndae Mhuigheó a dhéin mná. Ní rabh sé saor gan eagla a bheith air & thoiligh sé gabháil leo. Thug siad beathadhach dó & chuaidh siad a mharcuigheacht & shín leo & ní theárn siad stad mara na trágha go dtainic siad go teach Pheadair Uí Dhuibhir thiar i gConndae Mhuigheó. D'fhág siad na beathadhaigh ar a léana taobh thuas don teach & thainic anuas go dtí an doras. Bhí oidhche dhamhsa ins an teach seo. Bhí nighean Peadair le pósadh lá thar na mhárach. Isteach leis an tsluagh sidhe & d'imthigh suas insa creataigh & ní fhaca duine insa teach iad & d'fhág siad an Dálach na sheasamh ar leac an dorais. Bhí an damhsa ag dul ar aghaidh & an chéad uair thainic an cailín thart, bhuail fear acu le slait na draoitheachta í & thuit sí a laige. Do Dhia & do Chríosta thu [= jesta xri:sta hu:] arsan mháthair & le sin d'éirigh sí slán arís, & ag teacht thart an dara huair duithe, bhuail sé le slait na draoitheachta ar ais í. jesta Chríosta thú arsan mháthair "goidé atá ag teacht anocht ort, & le sin d'éirigh sí slán arís. Acht ag teacht thart an tríomhadh huair duithe, buailidh sé arís le slait na draoitheachta í & thuit sí marbh ar an urlár. Damnú ort arsan mháthair goidé na laicíeacha atá ag teacht ort anocht & le sin anuas leis an tsluagh sidhe & d'árduigh leo í eadar chorp & cleiteacha & d'fhág sean sguab ina comortas marbh ar an urlár.

Thug siad leo í & chuir ar chúlaibh an Dálaigh ar an bheathadhach í, & níor stad siad go dtainic siad na Cruite arís. Ní thiocfadh leo bomaite indéidh a dó dhéag amuigh, & an t-am ag teacht goirid ortha nuair a thainic siad un an oileáin & ní rabh faill acu a dhath a dheánamh acht séideog a chur ina béal & í fhágáil bodhar balbh ag na Dálach. Thug an Dálach leis una bhaile í chuig a mháthair & bhí sí mar sin aige ar feadh bliadhna & bliadhain an oidhche sin, oidhche Shamhna arís a bhí ann, chuaidh an Dálach arís síos an t-oileán & chuala sé an ceól taobh thuas dó ins na beannaibh. Chuaidh sé go bárr na mbeann & d'éist sé leo & chuala sé fear acu ag rádh bliadhain & an oidhche anocht bhain an Dálach an bhean dúinn. Maise arsan fear eile is beag an chóir dó í ná d'fhág mise bodhar balbh í aige. Maise is beag an rud a leighisfeadh sin arsan tríomhadh fear. Dá mbéadh braon beag aici as a bhuideal seo, bhéadh sí go maith & a bhí sí ariamh. & an oidhche roimhe sin a thainic siad ar an Dálach ní rabh sé saor gan eagla bheith air ní ba mhó & bhéadh i gcomhnuidhe buideál beag uisge coisrioctha leis ina phóca & choróin Mhuire. Ní rabh 's aige goidé mar bhuaidhfeadh leis an buideál seo fhagháil uabhtha & síos leis go dtí iad & nuair a bhí an buideál ag teacht thart ag a thaobh, sgiob sé as láimh fir acu é, chraith an tuisge coisrioctha & agus d'imthigh leis na bhaile, thug bolagam do'n bhean le hól dó, & labhair sí & chuir sí ceist air cá bhfuair sé an buideál. D'innis sé duithe gach seórt ach a dtaobh dó & d'innis sise dó sean annsin gach seórt ach a dtaobh duithe fhéin. Níor luaithe thainig an lá lá thar na mhárach ná ghléas se a chapall & níor stad sé fhéin & eise go rabh sé thiar i gConndae Mhuigheó anns an áit ar tógadh í.

Thainic isteach sa teach & d'iarr lóistín na hoidhche. Bhí seanbhean na suidhe insa chlúdaigh & í ag gol & dubhairt an seanduine go bhfuigheadh cinnte ach nár mhaith aon ghléas mar nach rabh acu acht iad fhéin na mbeirt & arsan tseanbhean ins an chlúdaigh, ach go bé go bhfuil Máire s'againne marbh ní chreidfinn ó Dhia na sí tá leat, na sé a pictiúir ar an tsaoghal seo í & arsan Dálach ca huair a fuair Máire bás & thús an tseanbhean & d'innis sí iomlán an sgéil daobhtha & ní rabh siad ábalta an sgéal a choinneáil uaithi níos fuide & d'innis an Dálach gur seo a nighean Máire a bhí leis chuice & d'innis sé duithe an sgéal ó na thús go dtí na deireadh & bhí gáirdeachas mór & luthgháir ar an tseanlánamhain & pósadh n lánamhain annsin & chaith an Dálach a shaoghal i gConndae Mhuigheó & tá cuid de a hiaramh le fagháil annsin go fóill.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1237d1 (orthographic, English translation).

1. Séamus Ó Néill (S.M.), "Béaloideas Uladh", Irish Independent (10/03/1932) 4, from this occasion. See also Nollaig Mac Congáil agus Ciarán Ó Duibhín, Glórtha ón tseanaimsir, 2009, pp 29–32.

2. For the saying "Do Dhia 's do Chríosta mé/thú" — or similar — particularly by or to a person who has had a fall, see:
      "'Dhia 's do Chríost mé/thú": Seán Ó hEochaidh, "Beannachtaí agus Abairtí Ócáide", Béaloideas 14 (1944) pp 130–55 @ 136, nos 43 and 44.
      "'Dhia 's do Chríost thú": Seán Ó hEochaidh, "Sídhe-Scéalta: Réamhrádh", Béaloideas 23 (1954) pp 135–229 @ 152.
      "'Dhia 's do Chríosta thú": Eoghan Ó Domhnaill, Scéal Hiúdaí Sheáinín, 1940, p 129.
      "Do Dhia is do Chríost mé": Leaslaoi U. Lúcás, Cnuasach Focal as Ros Goill, 1986, sub Dia 2(b).
      "De dheas do Chríosta mé": Tadhg Ó Rabhartaigh, Thiar i nGleann Ceo, 1954, p 249.

3. Stories bearing considerable similarly to the present one include:
      Niall Ó Domhnaill (eag.), Scéalta Johnny Sheimisín, 1948: "Mac na Baintreabhaighe" pp 75–6; "Domhnall Gorm" pp 76–8.
      Eoghan Ó Domhnaill, Scéal Hiúdaí Sheáinín, 1940: "Croidheán" pp 128–30; "Tuathal na Gruaige" pp 143–8.
      Séamus Ó Searcaigh, Fios Feasa 4, 1931: "Conall Ó Baoighill agus na Daoine Beaga", pp 23–4.
      Seán Ó hEochaidh, "Sídhe-Scéalta: Réamhrádh", Béaloideas 23 (1954) pp 135–229: "An bhean a tugadh as" pp 152–3 from Teilionn; "Neidí na ngugán agus an sluagh sídhe" pp 153–4 from Mín an Aodhaire.
      Brighid Ní Chaslaigh, "Scéal eile air oidhche Shamhna (An bhean tostach)", An tUltach 2:7 p 3; 4:10 p 6; 8:9 p 3 (Óméith).
      Ann MacKenzie, Traditions of North Mull pp 160–1 (Eilean Muile, man goes with the fairies to get a wife, but detail different).


LA1240.1
Teideal: Comrádaidheacht Dhá Ghasúr as Árainn

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí dhá ghasúr ann uair amháin ionn Árainn, a bhí 'n a ndá chomrádaidhe mhóra aig a chéile. Agus thug siad gealltanas dá chéile, cibé a' chéad fhear acu a gheobhadh bás, go dtabharfadh sé - go dtiocfadh sé arís le scéala 'thabhairt don fhear eile caidé mar bhí an saoghal ud eile 'n a shuidhe.

D'éirigh siad aníos 'n a mbeirt fheara agus pósadh iad air an oileán. Agus fuair fear acu bás, dar bh'ainm Tadhg 'ac Pháidín. Agus tamallt ionn a dhiadh sin, bhí Eoin Ó Baoighill amuigh ag iascaireacht oidhche amháin, agus a' teacht isteach dó 'un a' chladaighe, rinne sé dearmad de n-a phíopa, a d'fhág sé thiar air a' tafta bheag ionn a dhiaidh. Agus nuair a bhí an chuid eile 'n fhuireann air shiubhal suas ó'n bhád, seo isteach arís é fá choinne a phíopa.

Agus, air amharc ins — i dtoiseach a' bháid dó, fuair sé Tadhg 'ac Pháidín 'n a sheasamh ann, i n-a chumórtas mar bhí sé ar an tsaoghal seo. "Tá tú ann," arsa Eoin. "Tá," arsa Tadhg, "níl eagla ort romham?" "Ní rabh eagla orm romhat beo, is ní bhéidh eagla orm romhat marbh." "Maith thú," arsa seisean, ag innse dó caidé fá dtaobh do chuid de na comharsain a fuair bás le tamallt ama roimhe sin. Go rabh cuid acu i n-Ifrinn, cuid acu sna Flaithis, agus cuid acu i bPrugadóir.

Le sin dó, bhí seanbhean as a' chomharsain dar bh'ainm daoithe Máire Ní Chearbhaill, ag gabháil thart. Agus stánuigh sí 'n áirde ar Eoin, ag cainnt agus gan duine ar bith le feiceáil aici ag cainnt leis. Agus thuit sí agus bhris sí 'cos. "Tá sí a' scannrughadh romhat," arsa Eoin le Tadhg. "Níl," arsa Tadhg, "ní fheiceann sí mé air chor ar bith. Ach tchidheann sí tusa a' cainnt agus gan duine air bith agat. Agus tá tusa a thabhairt scannruighthe daoith'."

"Agus ní bhéidh mis' air an tsaoghal seo ach go dtí tráthnóna amárach, agus ba mhaith liom i gceart tamallt eile cómhráidh bheith agam leat, dá dtaradh leat é."

D'imthigh Eoin 'na' bhaile, agus d'inns sé do n-a bhean agus don teaghlach caidé thárluigh air a' tráthnóna sin. Scannruigh sé iad agus dar leo gur b'é rud a bhí sé 'gabháil thairis féin agus chuaidh fhad leis a' tsagart. Tháinig an sagart fhad le Eoin agus chuir ceist air caidé thárluigh aige - thárluigh air, agus d'inns sé dó achan seort agus dubhairt a' sagart gur a' diabhal a bhí aige. Dubhairt Eoin nár bh'é, gur Tadhg a bhí aige mar bhí sé air a' tsaoghal seo. "Bhuel" - agus go gcaithfeadh sé ghabháil tráthnóna amárach arís, a chómhrádh leis.

"Maith go leor," ars' an sagart, "má chaitheann tú ghabháil, seo duit a' chailís agus a' ribín. Agus má's a' diabhal atá ann, fanfaidh sé 'mach uait, agus más aingeal as na Flaithis atá ann tiocfaidh sé agus pógfaidh sé an ribín agus a' chailís."

Bhí go maith 's ní rabh go h-olc, tráthnóna lá thar n-a bhárach d'imthigh Eoin síos air an am a gheall sé dó, gheall ar a ghabháil a chómhrádh leis. Agus tchidheann sé é san áit chéanna an fear ag tarraingt air, an tráthnóna seo arís. "Tá eagla orm romhat," arsa Eoin. "Ná bí eagla ar bith ort romham," arsa Tadhg. "Ní dheánfaidh mé dochar duit." Agus tharraing Eoin amach a' chailís agus a' ribín as a phóca, agus tháinig Tadhg 'un tosaigh agus phóg sé an chailís agus a' ribín.

Agus d'inns sé dó achan seort a d'fhiafhruigh sé dó. Agus d'inns sé dó fosta go rabh sé féin ag gabháil a fhagháil bás fá chionn míosa eile, nach rabh aige ach a'n mhí amháin le bheith beo ar an tsaoghal seo, agus é tryáil le gnaithe maith a dheánamh dá mba fhéidir leis é. Agus chraith a' bheirt dhá lámh le chéile agus chuaidh Eoin 'na' bhaile. Agus chuaidh sé agus níor éirigh sé ní ba mhó. Mí ó'n lá a dubhairt a' taidhbhse leis, bhíthear aig iomchur a chuirp go reilig Áranna. Agus cuireadh é, agus ba é sin deireadh a' dá chomhrádaidhe ghasúra.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ní hann dó.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1240d1 (orthographic, English translation).

1. Éamonn 'ac Grianna, "Comráduigheacht Dhá Ghasúr as Árainn", An tUltach 10:8 (1933) p 5. From the present occasion. Reproduced in Éan an Cheoil, 1954, pp 47–9.

2. Tá an scéal cosail leis, agus é suidhte in Árainn, ag Pádraig Ua Cnáimhsí, Róise Rua, 1988, pp 187–9.


Ciarán Ó Duibhín
2013/01/12
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite