Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Seán Éamuinn Ruaidhrí 'ag Uidhir (1849–1938), Legnagrow, Gleann Ghaibhleann, Co Cavan
Eolas ar an chainnteoir.


Seán Éamuinn Ruaidhrí 'ag Uidhir.
Grianghraf as Breifne, Iml. 8, Uimh. 1


LA1205 is one of the six Ulster records of which careful transcriptions were made as part of the Doegen project. I have taken this transcription into account in the following.

LA1205.1
Teideal: Story: Siúd thall é

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Buachaill as an áit ar tóigeadh mise a pósadh le cailín deas óg, agus ní rabh sé ró-fhada pósta gur thuit sé i gconsoinsion. Agus ní rabh leigheas ar bith ag na doctúirí dhó. "Well," arsa'n bhean óg, "má gheibh tusa bás, béidh mise marbh comh luath leat - comh luath leat." "Á, ní féidir sin," arsa'n fear. "Béidh, maise," deir sise.

Tháinig deartháir an bhuachaill chuig a' bhfear tinn agus dubhairt sé leis, "Tá talta agus toighthe annseo agat. Agus ba chóir duit do thiomna a dheánamh, agus gan é h-uilig 'fhágáil aig a' mnaoi óg." "Á, níl gar a' cainnt air sin," ar seisean, "béidh a' mnaoi - béidh a' bhean óg marbh comh luath liom féin."

"Well," ar seisean, "béidh fhios agat anocht cé hacu. Tá coileach mór francach amuigh annsin," ars' eisean, "agus lomfaidh mise 'nocht é, agus ní fhágfaidh mé gráinn' air ach oiread le leac a' tarsaigh. Agus leigfidh mé 'steach ar a' doras é eadar a' dá sholas. Agus béidh tusa ionn aon choirneál amháin agus ise ionns a' choirneál eile. Agus nuair a deirfidh sí, 'Goidé sin a' teacht isteach?', ó, abair thusa gur b'é an bás."

Rinn an fear mar a dubhairt sé, agus leig sé 'steach a' coileach francach agus bhí sé 'síneadh a mhuineál síos 'uig an mbean óg. Agus chraith an bhean óg a lámh ar an choileach francach, agus "Ní annseo a' taobh cheart ar chor ar bith, siud thall é, siud thall é, siud thall é."

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh M A Ó Briain):

Buachaille óg a pósadh le cailín óg. Ní raibh siad i bhfad pósta gur thuit an buachaill i gconsenshen. Ní raibh leigheas le fagháil aige ó na dochtúirí. "Bhel" arsan bhean óg. "Má gheibhfidh tusa bás, ní mhairfidh mise tamall ar bith," arsan bhean óg. Bhí neart toighthe agus talmhanta aige. Thainig an dearbhráthair chuige agus d'iarr sé air a thiomna a dheánamh. "Ní bhéidh tú i bhfad marbh go raibh an bhean óg so pósta arís." "Ó," arsan fear tinn, "ní bhéidh mé i bhfad marbh go raibh mo bhean marbh. Brisfidh ar a croidhe." "Bhel," ars an dearbhráthair leis "béidh 's agat ce chioca anocht. Tá coileach Franncach amuigh annsin agus lomfaidh mise é agus ní fhágfaidh mé grainne cluimheach air ach oiread agus atá ar an leac sin. Leigfidh mé isteach ar an doras é, eadar an dá sholus. Bí tusa do shuidhe san chlúid agus bí sise na suidhe san chlúid eile. Nuair a thiocfas an coileach isteach, d'fhiostrachaidh sí dhuit goidé sin. Abair thusa gurb é an bás é. Béidh seisean ag síneadh a mhuineáil anuas chuig an bhean óg. Agus déarfaidh sí, "Siud thall é. Tá tú ag dul ar seachrán."

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 42–3 (phonetic), 196–8 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, pp 300–1 (orthographic, phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 304–7 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1205d1 (orthographic, English translation).

1. "Seanchas Ghleann Ghaibhle", Béaloideas 4, 1934, appendix, pp 19–20, ón chainnteoir chéanna.

2. Séamus Ó Néill (S.M.), "Béaloideas Uladh", Irish Independent, 14/04/1932, p 4, from the present occasion. See also Nollaig Mac Congáil agus Ciarán Ó Duibhín, Glórtha ón tseanaimsir, 2009, pp 48–9.

3. Essentially the same story from County Tyrone, noted by Michael J Murphy from Pádraig Mac Culadh of Curraghanalt. (CBÉ MS1221.122)


LA1205.2
Teideal: An Fear a chuaidh go hIfreann

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Rachaidh mé 'r aghaidh...

Well, bhí buachaill as an áit agam-sa agus chuaidh sé go Sasain iongantach fad' ó shoin. Bhí sé in áitidh iongantach breágh, ach níl pighinn dá saothróchadh sé rith na seachtmhaine nach n-ólfadh sé ceann deireannach an tSathairn nuair a gheibheadh sé 'pháighe. An duine bocht.

Bhí sé ceann deireannach an tSathairn amháin ag gabháil 'a' bhaile chuig n-a lóistín agus thuit sé marbh ar meisce chois a' bhóthair. Bhí na fir a bhí 'tógáil a' ghuail ins an oidhche ag gabháil isteach, agus fuair siad a' fear marbh ar meisce chois a' bhóthair. Agus thóg siad ar a nguailneacha é agus thug siad isteach faoi'n talamh é.

Agus leag siad a chois a' bhalla é agus thoisigh siad a dh'obair. Agus luigh sé annsin an chuid is mó daen oidhche. Agus mhuscail sé suas nuair a bhí sé tamall fada ionn agus chonnaic sé gach fear dá rabh annsin agus solas i gclár a éadáin, ar an mbearad. Agus iad comh dubh leis an diabhal é féin, lámha agus éadan agus uile.

"Á, i n-ainm Dé," ars eisean, "cá bhfuil mé?" "Á, tá tú i n-Ifreann," arsa'n fear a bhí comhgarach dó." "In Ifrinn? Á, is fada an áit sin dá fhógairt orm," ar seisean. "Goidé dheánfas mé?" "Ní bhéidh muid ró 'lc leat a' chéad oidhche anyway. Bhéarfaimid do shuipear dhuit." Thug siad a shuipear dhó, agus thug siad buideál breagh uisce bheatha anuas 'uig an tábla aige, agus d'ól sé an buideál uisce bheatha agus thuit sé marbh ar meisce chois a' bhalla arís.

Agus nuair a bhí sé an t-am ag na fir a ghabháil amach ar maidin ó obair na h-oidhche, bhí sé marbh ar meisce, an fear a bhí a chois a' bhalla. Chaith siad ar a nguailneacha é agus thug siad é 'mach gur leag siad é a chois a' bhóthair é, ionns an áit a bhfuair siad marbh é an tráthnóna roimhe sin.

An maidin roimhe sin, I should say. Well,...

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh M.A. Ó Briain):

Críochnuighthear an scéal san ath-innse.

Buachaill óg a chuaidh go Sasana. Bhí sé ag saothrughadh páighe móir agus níl pighinn dá saothruigheadh sé nár ól sé ann deireannach an tSathairn. Thuit sé ar meisge gabháil abhaile chuig na lóistín ann deireannach an tSathairn. Luigh sé síos a chois an bhóthair. Bhí na fir ag gabháil ag obair ins an oidhche chuig tógáil an ghuail agus casadh an fear mesige dobhtha agus d'iomchar siad é isteach fe'n talamh an áit a raibh siad ag tógáil an ghuail agus níor chorruigh sé as cois an bhalla go riabh sé i bhfad san oidhche. D'osgail sé suas. "O, in ainm Dé, goidé an áit seo a bhfuil mé?" "Tá tú in Ifreann," ars an fear a bhí le na thaoibh. Dhearc an fear meisge thart agus thainic sé solus ar gach aon fear dá raibh annsin agus a n-éadan comh dubh leis an ghual. "Bhel," arsa seisean, "is fada tá an áit seo dá bhagairt orm go rachainn go hIfreann." "Bhel," arsan fear a bhí le na thaoibh, "ní bhéidh muid ró chruaidh ort an chéad oidhche. Bhéarfuidh muid do shuipéar duid." Thug siad oiread uisge beatha dó gur thuit sé marbh ar meisge arís. Nuair a bhí na fir ag dul amach agus an obair réidh acu d'árduigh siad é ar a nguailleacha agus d'fhág siad é amuigh cois a bhóthair é ina an áit a bhfuair siad é ar dtús. Níor mhuscail sé go rabh na daoine ag dul chuig an Aifreann ar maidin Dé Domhnaigh. Shiubhail sé leis in déis na cuideachta agus bhí an sagart ag deánamh seanmóir nuair a chuaidh sé isteach. An chéad fhocalse a chuala sé on tsagart nuair a chuaidh sé isteach "Amach as Ifreann níl fagháil ar bith". "Stad de'n chainnt sin feasta, tá tú fada go leór dá innse dúinn. Bhí mise in Ifreann aréir agus ní rabh mé in aon toigh comh modhmhail, fuair mé mo dh'iarraidh le n-ithe agus le n-ól agus leig siad amach mé agus tá mé annseo anois.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 43–4 (phonetic), 198–201 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, p 301 (orthographic, phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 300–3 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1205d2 (orthographic, English translation).

1. Séamus Ó Néill (S.M.), "Béaloideas Uladh", Irish Independent, 14/04/1932, p 4, from the present occasion. See also Nollaig Mac Congáil agus Ciarán Ó Duibhín, Glórtha ón tseanaimsir, 2009, pp 50–1.

2. "Seanchas Ghleann Ghaibhle", Béaloideas 4, 1934, appendix, pp 18–9, ón chainnteoir chéanna.

3. Compare "Fuascailt as Ifrionn", An tUltach 3:4 5/1926 p 7 (Tír Chonaill ?)


LA1206.1
Teideal: Story: Muileann Iarainn

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Triúr Sasanaigh tháinig aniar chuig baile comhgarach don áit a bhfuil mise 'mo chomhnaidhe, agus fuair siad iarann faoin tsliabh ionn, agus thoisigh siad a bhruith an iarainn agus dá leaghadh. Agus chuir siad suas muileann. Agus bhí siad ag deánamh neart airgid ionns an áit, ach ní bheireadh siad obair do dhuine ar bith ach dá seort féin.

Bhí fear ionns a' chomharsain sin a dtugadh siad Traolach Buidhe air, agus níl rud ar bith a d'iarrfadh sé ar na daoine maithe a bhí thuasad ar bárr an tsléibhe, an áit a rabh a gcaisleán, nach ndeánfadh siad dó. Chuaidh sé suas agus labhair sé isteach ionns a' chaisleán, chuig na daoine maithe agus ar seisean:

      "Á Chuilcigh na Séid(?), ar seisean, ná leig do mhasla le d'aois
      Gur sine thú féin ná an méid seo a thainig 'un t-saoghal(?).
      Bris agus réab fá thaoibh an mhuilinn seo síos
      Agus scuab go Loch Éirne lucht Béarla agus bhuigeannaí buidhe."

Tháinig an tuile léithe anuas ón tsliabh, ó Bheinn Eachlainn, agus níor fhág sé muileann nó bhuig nó fear acu nár scuab sé síos go Loch Éirne.

Beinn Eachlainn.
© Gareth Buchanan. Ceadaithe faoi Creative Commons Licence


Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh Shéamuis Uí Néill):

Triúr Sasanaigh thainig chuig an muileann iarainn agus thoisigh siad ag tógáil iarainn agus chuir siad suas muileann. Bhí siad 'a roith is an meilt ins an muileann iarainn, ní bheirfheadh siad obair na píghinn le saothrughadh do dhuine ar bith ach a sórt féin. Bhí fear comhgarach do'n muileann iarainn agus níl rud a d'iarrfadh sé ar na daoine maithe nach ndeánfadh siad dó. Chuaidh sé suas ag barr na sléibhe ag beinn Eachrainn in áit a rabh na daoine maithe 'na gcomhnuidhe. Bhí a gcaisleán annsin acú. Labhair Triallach isteach chuig na daoine maithe.

      "A Choilltigh na Séid ná leig do mhasla le d'aois
      gur sine thú féin na an méid seo a thainig i t-saoghal.
      Bris agus réab fa shuidhe an muilinn seo thíos
      Agus scuab go Loch Éirne lucht Béarla agus bhiggendí buidhe."

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 44–5 (phonetic), 201–4 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, p 302 (orthographic, phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 316–7 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1206d1 (orthographic, English translation).

1. "Seanchas Ghleann Ghaibhle", Béaloideas 4, 1934, appendix, p 24, ón chainnteoir chéanna — an véarsa, also notes on pp 46–7.


LA1206.2
Teideal: Story: An Págánach agus an Críosdaidhe

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Pagánach agus Críostaidhe a chuaidh amach a bhádáil lá amháin. Thuit an Pagánach amach as a' mbád ins an uisge agus chuaidh sé síos chuig bun an uisge.

Tháinig sé aníos chuig uachtar an uisge, agus ar seisean leis a' Chríostaidhe, "Sábhail mé". "An gcreideann tú ionn Dia an uile- chumhachta?" ars an Críostaidhe leis a' Págánach. "Ní chreidim," ar seisean. "Well, síos leat aríst."

Chuaidh sé síos agus chuaidh sé síos chuig bun an uisce. Agus tháinig sé anuas [sic] an dara uair. Agus "Sábhail mé, sábhail mé" ar seisean leis an Chríostaidhe. "An gcreideann tú ionn Dia an uile-chumhachta anois?" "Ní chreidim" ar seisean. "Well, síos leat aríst," ar seisean.

Chuaidh sé síos, agus an treas uair nuair a tháinig sé chuig bárr an uisce, bhí sé gha thachtadh. "Á, sábhail mé, sábhail mé, sábhail mé," ar seisean leis a' Chríostaidhe. "An gcreideann tú ionn Dia an uile- chumhachta anois?" ar seisean. "Á, creidim," ar seisean. "Well síos leat anois," ar seisean, "agus tá d'intinn maith, agus tá dúil as Dia agam go mbéidh d'anam sabháilte."

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh Shéamuis Uí Néill):

Pagánach agus Críostaidhe a chuaidh amach a bhádáil lá amháin. Thuit an Pagánach amach ins an uisge gur chuaidh sé síos go h-íochtar an uisge. Thainig an Pagánach aníos chuig uachtar an uisge. "Sabhail mé," arsa sé leis an Chríostaidhe. "An gcreideann tú in Dia n-uile-chomhachtach?" "Ní chreidim," arsan Pagánach. "Síos leat aríst" arsan Críostaidhe. Nuair a thainig sé chuig uachtar an uisge aríst: "Sabhail mé, sabhail mé" arsa seisean leis an Chríostaidhe. "An gcreideann tú in Dia n-uile- chomhachtach?" "Ní chreidim" arsan Pagánach. "Síos leat aríst" arsan Críostaidhe. Nuair a thainig sé chuig uachtar an uisge aríst, bhí sé gha thachtadh agus gliogar 'na sgornach. "Sabhail mé, sabhail mé," arsan Pagánach aríst. "An gcreideann tú in Dia uile-comhachtach anois" arsan Críostaidhe. "Creidim, creidim" agus é da thachtadh. "Bhail síos leat anois agus tá dúil as Dia agam go mbéidh d'anam sabháilte nuair atá tú ar an intinn ceart."

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 45 (phonetic), 204–6 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, p 302 (orthographic, phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 308–11 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1206d2 (orthographic, English translation).

1. "Seanchas Ghleann Ghaibhle," Béaloideas 4, 1934, appendix, p 17, ón chainnteoir chéanna.

2. Compare "Baisteadh an Phágánaigh," Modh na Ráidhte, Léightheóir 3, pp 6–9.


LA1206.3
Teideal: Prayer: An Sean-Confiteor

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Aidmhighim dhuit-se, a Dhia (na) Glóire, a Naomh Mhuire tá ar thaobh na h-uaighe, Naomh Micheál Árd Aingeal, Naomh Peadar agus Pól agus Naomh- patrún Pádraig agus gach aon naomh eile gur peacach bocht mé 'pheacuigh go trom trom, le droch-smaoití, droch-ghníomharthaí agus le cion faillighe. Ach anois ar an adhbhar sin tá mé ag iarraidh maitheamhnas ar an athair Síorruidhe agus ort-sa m'athair faoistine ó uair mo bháistidh go h-uair mo bháis.

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh Shéamuis Uí Néill):

Aduighim dhuit-se, a Dhia mhóir, a Naomh Mhuire tá ar thaobh na h-uaighe, Naomh Micheál Árd Aingeal, Naomh Peadar agus Pól agus Naomh patrún Pádraig agus gach uile naomh eile gur peachach bocht mé a pheachuigh go trom trom, le droch-smaoitigh, le droch-ghníomharthaí agus le cinn-faillighe. Ach anois ar an adhbhar sin tá mé ag iarraidh maitheamhnais (as) ar an athair Síorruidhe agus ortsa m'athair faoistine ó uair mo bháistidh go h-uair mo bháis.

(Tá ath-innse ar an Irish News 30/09/1931 lch 3, atá mar an gcéanna.) Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 45 (phonetic), 206–7 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1206d3 (orthographic, English translation).

1. "Seanchas Ghleann Ghaibhle," Béaloideas 4, 1934, appendix, p 30, ón chainnteoir chéanna.


LA1206.4
Teideal: Uimhreacha 1-30

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Aon, dó, trí, ceathair, cúig, sé, seacht, ocht, naoi, deich, aon dhéag, dó dhéag, trí déag, ceathair déag, cúig déag, sé déag, seacht déag, ocht déag, naoi déag, fiche, cionn is fiche, dhá chionn is fiche, trí cinn fhichead, ceithre cinn fhichead, cúig cinn fhichead, sé cinn fhichead, seacht gcinn fhichead, ocht gcinn fhichead, naoi gcinn fhichead, deich gcinn fhichead.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

None.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 50–1, 214 (phonetic).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1206d4 (orthographic, English translation).

1. Numerals 1–30


LA1207.1
Teideal: Story: Bearnaí an Chustom

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Well, bhí beirt buachaill ag ól istigh i dtoigh-óstas ins an mBlaic, baile beag atá le mo thaoibh-sa. Agus d'ól siad go rabh siad ar bog-mheisce, agus chuaidh siad amach 'un a' bhóthair, agus nuair a tháinig siad amach chuig beárnaí an chustom, arsa duine de na buachaillí leis a' duine eile, "Ara a chladhaire," ar seisean, "Níl aon aonach inniu," ar seisean, "ach dá mbéadh sealbhán caoirigh agam indiu, chuirfinn a chur amach iad gan custom," ar seisean. "Thug tú d'eitheach" arsan buachaill eile, "ní leigfinn-se dhuit a gcuir amach." "Thug tusa d'eitheach, chuirfinn amach iad dae d'ainneoin," adeir seisean. "Amach libh," arsan buachaill. "Isteach libh," arsan buachaill eile. Bhí siad a' troid fá na caoirigh, agus gan aon chaoirigh, ná aon eallach ar bith. Agus tháinig fear chucu agus ar seisean, "Caidé seo tá sibh a dheánamh annseo, a' troid agus a' bruighin? Níl ciall air bith air mur scéal," ar seisean. "Fágaigí air ráidhte an chéad fhear a gheibheas sibh suas leis socrú eadraibh," ar seisean. "Well, dheánfamuid sin," arsa na buachaillí. D'imthigh leobhtha, agus fuair siad suas le fear a rabh sac mine aige air dhruim a bheathaigh. Agus shiubhail sé giota beag, agus ar seisean, "Ní thig liom," ar seisean, "a shocrú eadraibh go dtigidh sibh giota beag eile." Tháinig siad giota beag eile, agus leag sé an sac anuas ó dhruim a' bheathaigh agus leag sé air bhalla an droichid é. Ghearr sé an sreangán air bhéal an sac agus chaith sé an min síos ionns an uisce agus bhuail sé an sac air bhalla an droichid. "Bhail, an breitheamhnas a bhéarfas mise oraibh," ar seisean, "níl únsa céill' aig ceachtar agaibh," ar seisean, "ach oiread is tá min ionn mo shac."

Ar a scríobhadh ón ath-innse (ainm "S Ó Néill" ach i láimh M A Uí Briain):

Chuaidh beirt bhuachaill isteach ag toigh-osta lá amháin agus theisigh siad ag ól uisge beatha, go rabh siad ar bhog-mheisge. Chuaidh siad amach 'na bhóthair ag teacht abhaile, nuair a thainig siad comh fada le beárnaí an chustom, arsa duine de na buachaillí, "dá mbéadh sealbhán caoraigh agam indiu, gheibhinn amach iad gan custom." "Thug tú d'eitheach" arsan fear eile. "Ní leigfinn-se duit a dhul amach." "Amach libh" arsan fear. "Isteach libh" arsan fear eile. Thainig fear suas leobhtha agus d'fhiosruigh sé dobhtha goidé an troid a bhí acu. D'innis siad an scéal dó. "Bhail, ní thiocfadh liom a shocrú eadraibh ach siubhalaigidh libh agus an chéad fear a gheibheas sibh suas leis, fág ag breitheamhnas an fear sin é." Shiubhail siad leobhtha agus an chéad fhear a chas dobhtha bhí sac mine ar dhruim a beathaigh aige. D'innis siad an sgéal dó. "Siubhailigidh libh giota beag eile." Shiubhail siad leobhtha go dtainig siad chuig droichead a rabh abhainn ag dul síos faoi. Leag an fear an sac isteach ar bhalla an droichid. Ghearr sé an sreangán a bhí ag ceangailt an saic agus leig sé an mhin síos insan abhainn agus bhuail sé an sac folamh ar bhalla an droichid. "Bhail" ar seisean, "an breitheamhnas a bheirimse oraibh anois, nach bhfuil únsa céille ach oiread is tá min in mo shac."

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 46 (phonetic), 208–10 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, pp 302–3 (orthographic, phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 312–15 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1207d1 (orthographic, English translation).

1. "Seanchas Ghleann Ghaibhle," Béaloideas 4, 1934, appendix, pp 17–8, ón chainnteoir chéanna.


LA1207.2
Teideal: Story: Cál Ceanainn san oidhche

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Buachaill aimsire a bhí ann tá fad ó shoin. Agus nuair a tháinig sé abhaile chuig na mháthair d'fhiostruigh sí dó goidé an seórt beatha a bhíodh sé a fhagháil. "Ó" ar seisean, "cál ceannainn san oidhche, an fuighleach ar maidin, preátaí fuara ins an meadhon lae, agus arais aríst cál ceanainn."

Ar a scríobhadh ón ath-innse (ainm "S Ó Néill" ach i láimh M A Uí Briain):

Buachaill aimsire a bhí ann fad ó shoin. Nuair a thainig sé abhaile chuig na mháthair d'fhiostruigh sí de goidé an seórt beatha a bhíodh sé a fhagháil. "Ó" ar seisean "Cál ceannainn san oidhche, an fuighleach ar maidin, preataí fuara ins an meadhon lae, agus ar ais aríst cál ceanainn."

(Tá ath-innse ar an Irish News 07/10/1931 lch 3, atá a bheag nó a mhór mar an gcéanna.)

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 46–7 (phonetic), 211–3 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, p 303 (orthographic, phonetic).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1207d2 (orthographic, English translation).

1. "Seanchas Ghleann Ghaibhle," Béaloideas 4, 1934, appendix, p 25, ón chainnteoir chéanna.


LA1207.3
Teideal: Grace before meals

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bail na gcúig n-arán agus a' dá iasc ar na cúig mhíle seo 'roinn Dia; rath an ríogh go dtigidh chugainn air ár gcuid is air ár gcrann.

Ar a scríobhadh ón ath-innse (ainm "S Ó Néill" ach i láimh M A Uí Briain):

Bail na gcúig n-arán agus an dá iasc ar na cúig mhíle seo 'roinn Dia; rath an Ríogh go dtigidh chugainn ar ár gcuid is ar ár gcrann.

(Tá ath-innse ar an Irish News 07/10/1931 lch 3, atá mar an gcéanna.)

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 45 (phonetic), 207–8 (orthographic, English translation)).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1207d3 (orthographic, English translation).

1. "Seanchas Ghleann Ghaibhle," Béaloideas 4, 1934, appendix, p 29, ón chainnteoir chéanna.


LA1207.4
Teideal: Days of the week

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Dé Domhnaigh, Dé Luain, Dé Máirt, Dé Céadaoin, Déardaoin, Dé hAoine, Dé Sathairn, agus Dé Domhnaigh.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

None

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 47, 214 (phonetic).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1207d4 (orthographic, English translation).


LA1207.5
Teideal: Song: An Samhradh Daor

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Air an ghleanntán sléibhe seo d'imthigh 'n léan-scrios
Níor chómhnuigh éan ionn le corradh is bliadhain
Breac ní léimnidh ar linn go h-éag ionn
Le cumhaidh is le buaireadh mar a d'athruigh an saoghal.

Na scológaí láidir 'bhí rith 'nns an áit seo
'mBíodh ór 'na mhámaí acu thríd an tír
Bíonn siad féin 'sa bpáistí ag goil 's a' garrtha
Ó cá bhfuighfidh muid áras a' teacht 'na h-oidhche.

Na gabhair ghléigeal a bhíodh chun coill gach aon lá
'S na húthacha pléascadh orthu teacht 'na h-oidhche
'Gus na caoirigh maola a bhí fá bharr a' tsléibhe
Ghoid siad ó n-a céile iad air a' tSamhradh daor.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

None – "omitted in error".

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 47 (phonetic), 211–3 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1207d5 (orthographic, English translation).

      Hand-written transcription of the spoken record by Colm Ó Baoill, filed with his copy of the ath-innsí:

      Ar an ghleanntán sléibhe seo d'imigh 'n léimscriot
      Níor chónaí aonduine ann le corradh is bliain
      Leac níl aon ní ar linn go h-éagan
      Le cobhal is le buaireadh mar a d'athruigh an saol.

      Na scológaí laidir gur shroich siad an áit seo
      Ní mhór do lannraidh ach go dtig i dtír
      Bíonn siad féin sa báistí ag goil sa cortha
      Os a bhfuighfidh muid earra 's ag teacht 'na thaoibh.

      Na gamhain gléigeal a bhíodh chun coill gach aon lá
      'S na hubhacha pléascmhar thu teacht 'na thaoibh
      'Gus na caoirigh maola a bhí fa bharr a' tsléibhe dhuit
      An dtainig aon nidhe de 'r an tSamhradh daor.

1. "Seanchas Ghleann Ghaibhle," Béaloideas 4, 1934, appendix, p 35, ón chainnteoir chéanna.

2. Michael J Murphy, CBÉ MS1217.263; MS1220.396, 400: In Tyrone, this name was applied to the summer of 1815 or 1816. The previous summer had been very dry, with the result that grain crops had had to be pulled rather then cut.

3. Seaghán Mhac Meanman, Irish Independent 03/08/1937 2, says "Bliain an tSamhraidh Daoir (1817)".


Ciarán Ó Duibhín
2013/01/03
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite