Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Annie Murray (1914–1986), Rannafast, Annagry, Co Donegal
Eolas ar an chainnteoir.


Annie Bhidí Mhéadhbha.
Pioctúir: Conall Ó Grianna, Rann na Feirsde, Seanchas ár Sinsear.


LA1238.1 agus LA1238.2
Teideal: Song: Tiocfaidh an Samhradh

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Tiocfaidh 'n samhradh agus fásfaidh 'n féar,
Agus tiocfaidh 'n duilleabhar glas fá bharra na gcraobh,
Tiocfaidh mo rún-searc le bánughadh 'n lae,
Agus buailfhear tiúin daoithe le cumhaidh 'na diaidh.

Splóid air an fhairrge nach ab í 'tá mór,
Agus tá sí 'ghabháil eadar mé 's mo mhíle stór,
D'fhág sí air a' bhaile seo mé 'deánamh bróin,
Is gan dúil le pilleadh as a choidhche níos mó.

Sgairtigh mé aréir aig an doras ionn,
Agus scairt mé 'rís air mo rún-searc fagháil,
Sé dubhairt a Mamaí liom nach rabh sí ionn,
Ná gur éalóigh sí 'réir leis an bhuachaill donn.

Tá ceathrar agus fích' acu air an ranc amháin,
Agus 'sí mo Mháire-sa an bhean is fearr,
Tá blas na meal' uirthi 's an boladh breagh,
Is í an pósaí álainn í atá doiligh fhagháil.

Tá an oidhche seo dorcha 'gus béidh go lá,
Le dhul na Mhuinne suas a dh'iarraidh mná,
'Sair Aodh 'ag Fhionnghaile, bhfuil aige 'sháith,
Ná go bhfaghaidh muid Máire uadh agus faoi na lámh.

Is óg 's is óg a chuir mise dúil i ngreann,
Is go ndeánfainn súgradh le mo rún air a faill,
Níl baile cuain air bith go ngéabhfainn ann,
Nach bhfuighinn maighdean óg dheas air bhuideál rum.

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Shiubhail mé thoir agus shiubhail mé thiar,
Shiubhail mé Corcaigh 'gus sráid Bhail' Áth' Cliath,
Shiubhail mé 'n baile seo le om le bliadhain,
Aig iarraidh mo stóirín a bhain daoim mo chiall.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh Shéamuis Uí Néill.

Tiochfaidh an samhradh agus fásfaidh an féar,
Agus tiochfaidh an duilleabhar glas ar bharra na gcraobh,
Tiochfaid mo rún-searc le banú an lae,
Agus buailfear tún díthe le cumhaidh 'na diaidh.

Scáirt mé aréir ag an doras ann,
Scáirt mé aríst ar mo rún-searc fáill,
Sé dubhairt a mamaí liom nach rabh sí ann,
Gur éaluigh sí aréir leis an bhuachaill donn.

Spróid ar fhairrge nach í tá mór
Tá sí ag dhul eadar mé agus mo mhíle stóir,
D'fhág sí ar an bhaile seo mé ag deánamh bróin,
Agus gan dúil le pilleadh as a choidhche níos mó.

Tá ceathrar agus fíche acu 'na ranc amháin,
Agus is í mo Mháire-sa an bhean is fearr,
Tá blas na meala uirthi agus an boladh breágh,
Sí'n pósaí aluinn í atá doiligh a fhaghail.

Tá an oidhche dorcha agus béidh go lá,
Le dhul na Bhainne dh'iarraidh mná,
Sé Aodh Ó Gionaighe a bhuil aige a sháith
Go bhfághamuid Máire uaidh agus faoi na láimh.

Is óg is óg a chuir mé dúil i ngreann,
Is go ndeánfainn súgradh le mo rún ar faill,
Níl baile cuain ar bith a rachainn ann
Nach bhfuighinn maighdean óg dheas ar bhuidéal rum.

Shiubhal mé thoir agus shiubhal mé thiar,
Shiubhal mé Corcaigh agus sráid Bhaile Átha Cliath,
Shiubhal mé an baile seo dhá uair le bliadhan,
Ag iarraidh mo stóirín a bhain díom mo chiall.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1238d1 agus http://doegen.ie/ga/LA_1238d2 (orthographic, English translation).

1. Muireadhach Méith, "Tiocfaidh an samhradh", An tUltach 5:9 (11/1928) 4 has a composite version obtained in Omeath and Rannafast "from many people", including the grandmother of the present speaker. It is repeated in Lorcán Ó Muireadhaigh, Amhráin Chúige Uladh, an dara cuid, 1937, pp 51–3 (see also new edition by Colm Ó Baoill, 1977, pp. 85–6, 159, 185). It consists of verses 1,6,7,3,5,-,4,2 of this version, but includes two versions of the fifth verse, one from Omeath and one from Rannafast. The sixth verse is:

      Acht is deas an cailín í, stór mo chroidhe;
      Nach méanar don fhear óg a phósfas í;
      Tá grádh ó Mhuire uirthí, agus séan ó Chríosd,
      Acht mo mhallacht ar an athair a rinn sclábhuidhe dí.

Donn Piatt, "Tiocfaidh an samhradh", An tUltach 5:10–11 (12/1928) gives a tune and the words of the opening verse from Gaoth Dobhair, and these are also found on p 53 of Amhráin Chúige Uladh 2.

2. Tadhg, Ulster Herald 16/04/1904 p 3, gives words which are slight variations on our verses 1,6,2,7,3,5,4. Tadhg's address is given as Glenties, but he identifies the place “an Muinne” in our fifth verse as an Muine Mór, Dún Lúithche.

3. Donnchadh Ó Searcaigh, An Uiseog (Connradh na Gaedhilge 1905), pp 7–8. Consists of verses 1,6,2,7,5,4 of this version. In a possible reference to this work, Alice Milligan regrets the absence of an air in "one of the cheap publications of the Gaelic League", and supplies one from Gaoth Dobhair: "Tiocfaidh t-Samhradh", Journal of the Irish Folk-Song Society 7 (c1909) p 19.

4. Nollaig Ó hUrmoltaigh, Ceolta Uladh I (Belfast 1973), pp 2–3. From Cití Mhic Ruairí, Toraigh. Consists of verses 1,2,7,5,3,4,6 of this version, followed by:

      Slán ag m'athair is ag mo mháthair ó,
      Agus slán ag mo dheirfiúr is gan agam ach í;
      Má théimse ar an fharraige, rud a rachas mé,
      Cuirfidh mé fortún ionsair an féirín ó.

Also in Ó hUrmoltaigh, The Irish of Tory Island (Belfast 1974), pp 73–6. The same eight verses, in a different order, and with minor modifications to the words, are given in Peter Kennedy, Folksongs of Britain and Ireland, 1975, pp 112–3, 124 (notes). Kennedy draws on Ó hUrmoltaigh's 1967 collection of the song, as well as on a version he himself collected from Conall Ó Domhnaill (Condaí Mhicí Hiúdaí) in London in 1962; Condaí's comments on the song are of unusual interest. In his notes Kennedy lists some other printed versions.

5. Doegen track LA1263.2 contains another version of this song, entitled "An Táilliúr Aerach", from South Donegal. The written version of that track has five verses, corresponding to verses 6, a mixture of 4 and 5, 2, 1 and 3 here.


LA1238.3
Teideal: Laethe na Seachtmhaine

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Dé Domhnaigh, Dé Luain, Dé Máirt, Dé Céadaoine, Déardaoin, Dé hAoine agus Dé Sathairn.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

None.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1238d3 (orthographic, English translation).

1: Days of the week, Sunday–Saturday.


LA1238.4
Teideal: Uimhreacha 1-20

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


haon, dó, trí, ceathair, cúig, sé, seacht, ocht, naoi, deich, haondhéag, dó dhéag, trí déag, ceathair déag, cúig déag, sé déag, seacht déag, ocht déag, naoi déag, fích'.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

None.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1238d4 (orthographic, English translation).

1. Numerals 1–20.


LA1239.1
Teideal: Song: Tá mé 'mo shuidhe

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Tá mé 'mo shuidhe ó d'éirigh 'n ghealach aréir,
Aig cur teineadh síos go buan 's a fadughadh go géar,
Tá bunabh an toighe ionn a luighe is tá mise liom féin,
Tá na coiligh ag glaoch is tá'n tír 'n a gcodladh ach mé.

Casadh bean tsidhe domh thíos aig Lios Bhéal an Átha,
Agus d'fhiafruigh sí domh-sa an scaoilfeadh glais air bith grádh,
Labhair sí gos íseal go diaganta macánta 'g rádh
Nuair a théid sé fá'n chroidhe ní scaoiltear as é go bráthach.

Molaim an té 'ghníos oidhche dhorcha 's lá,
Agus molaim an té 'ghníos caora dhubh agus bán,
Molaim an té 'ghníos pearsa fir agus mná,
Ach ca hiongnadh é ná líonadh, muir agus tráigh.

A bhuachaillín bháin ní h-adhbhar magaidh duit mé,
Níl agat le rádh liom ach amháin go bhfuil mé gan spré,
Ní fhaghann tusa mo ghrádh go bráthach ní miste duit é,
Ach má tá mé gan bhólacht is fearr liom codladh liom féin.

Buachaill ó'n Éirne mé agus bhréagfainn cailín deas óg,
Ní iarrfainn bó spré léithe ná tá mé féin saidhbhir go leor,
'S liom Corcaigh dá bhféadfainn 's dhá thaoibh a' ghleanna 's Tír Eoghain,
'S mur' n-áthrói' mé béasaí 's liom Éire 'gus Conndae Mhuigh Eó.

Sin a bhfuil ann anois.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Le Séamus Ó Néill.

Tá mé 'mo shuidhe ó d'éirigh an ghealach aréir,
A' cur teineadh síos go buan is 'a fadódh go géar,
Tá bunadh an toighe 'na luighe is tá mise liom féin
(féin - f ag n-a máthair mhór)
Tá na coiligh ag glaodh is tá'n tír 'na gcodladh ach mé.

Casadh bean-tsidhe domh thíos ag lios Bhéil an Átha,
D'fhiafruigh mé díthe an sgaoileadh glais ar bith grádh,
Labhair sí go s-íseal go stodanta, macanta ar mhná
Nuair a théid sé fa'n chroidhe, ní sgaoiltear as é go brathach.

Molaim an t-e (a) níos oidhche dhorcha is lá,
Molaim an t-e (a) níos caoirigh dhubh agus bán,
Molaim an t-e (a) níos pearsa fir agus mná,
Ach cé h-íongnadh é na líonadh muir agus tráigh.

A bhuachaillín bháin ní h-adhbhar magaidh duit mé,
Níl agat le radh liom ach amháin go bhfuil mé gan spré,
Ní tusa mo ghrádh go brathach, ní miste duit é,
Agus má tá mé gan bhólacht is eól uaim codladh liom féin.

Buachaill in Éirinn mé, agus bhréagfainn cailín deas óg,
'S ní iarrfainn bó-spré léithe ná tá mé féin saidhbhir go leór,
Is liom Corcaigh, dá bhféadfainn dha thaoibh an ghleanna is tír Eoghain,
Agus mur n-athruigh mé béasaí, is liom Éire is Conndae Mhuigheó.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1239d1 (orthographic, English translation).

1. "Tá mé 'mo shuidhe" (verse 1 here) and "Buachaill ón Éirne" (verse 5 here) are nowadays generally regarded as separate songs. Interestingly, however, versions of both verses are found together in Énrí Ó Muirgheasa, Céad de Cheoltaí Uladh (Dublin 1915), "Buachaill Uí Néill", pp 83–4, 247–8, which derives in part from Rann na Fearsaide, from members of the family of Doegen speaker Feidhlimidh 'ag Grianna. Ó Muirgheasa deleted two of the verses he got there "partly because they did not appear to belong to the song, and partly because the song is too long even without them."

2. Our verses 1 and 5 also occur together in Dónall P Ó Baoill (eag.) Amach as Ucht na Sliabh iml 2 (Gaoth Dobhair 1996), pp 95–7. Two versions of the song are given, one of which also contains our verse 4 (incomplete), while the other contains our verse 2.

3. "Buachaill ón Éirne" and "Tá mé mo shuidhe" both appear in a song written down by Seamus Ennis, possibly in Toraigh (CBÉ MS1282.309).

4. Songs entitled "Tá mé 'mo shuidhe", and containing versions of verses 1 and 2 here, are found in, for example: Énrí Ó Muirgheasa, Dhá Chéad de Cheoltaí Uladh (Dublin 1934), pp 75–6 (possibly including the verses he deleted from his earlier anthology — see note 1); Nollaig Ó hUrmoltaigh, Ceolta Uladh 2 (Belfast 1973) p 4 (from Jimmy Ó Mianáin, Toraigh); Pádraig Mac Seáin, Ceolta Theilinn (Belfast 1973), pp 34–5 (from Teilionn).

5. "Buachaill ón Éirne", containing verse 5 here, is found in: Seán Ó Baoighill, Cnuasacht de Cheoltaí Uladh (Belfast 1944), pp 20–1 (probably from Rinn na Feairste); Pádraig Mac Seáin, op. cit., pp 30–1; Dónall P Ó Baoill, op. cit., p 96.

6. Our verses 1 and 4 appear in Dubhghlas de h-Íde, Abhráin Ghrádha Chúige Chonnacht (Dublin 1931), "Mala an tSléibhe Ruaidh", pp 21–2. Our verse 4 reads there:

      'S a bhuachaillín óig ní ádhbhar ar bith magaidh dhuit mé,
      Níl agad le rádh acht amháin go bhfuil mé gan spré,
      Ní tusa mo ghrádh agus mo chrádh má's miste liom é,
      'S má tá mé gan bhólacht is leór dham luighe liom féin.

A more distant relation of our verse 4 appears as the third verse of a song from Oileán Cléire entitled "Dá bhfaghainn-se Sail-chuach", Béaloideas 11 (1941), p 51.

7. Our verse 4 appears in An Lóchrann (Eanáir 1927), p 111. The song is there entitled "Buachaillín Éirne" and came from Domhnall Ó Domhnaill. It seems free of admixture from "Tá mé 'mo shuidhe"; the verses begin:
I. Buachaillín Éirne mé...
II. 'Bhuachaillín bháin! ní'n ádhbhar mór magaidh duit mé
III. Buachailleacht bó...
IV. Tá íochtar mo chóta stróctha caithte liom síos
V. Rachaidh mé i mbárach...

The second verse in full reads:

      'Bhuachaillín bháin! ní'n ádhbhar mór magaidh duit mé,
      Níl agat le rádh liom acht amháin dó go bhfuil mé gan spré,
      Ní'n tusa mo ghrádh 'gus go bráthach ní miste liom é,
      'S má tá mé gan bólacht is eol [ach] dom codladh liom féin.

8. Our verse 3 sometimes appears in isolation. One such place is in Fionn Mhac Cumhaill, 'Sé Dia an Fear is Feárr (Dublin 1928), p 86:

      Molaim an Té gnídheas caora dhubh agus bhán,
      Molaim an Té gnídheas oidhche dhorcha agus lá,
      Molaim an Té gnídheas pearsa fir agus mná
      'S cé hiontaigh é ná éalódh mara agus trágha.

An almost identical version from Rann na Fearsaide appears in CBÉ 261:91, in a story recorded as part of the schools' collection by Sorcha Anna Ní Dhomhnaill, Doire na Mainséar, from her father Somhairle Ó Domhnaill (Sam Néill), and quoted in in Conall Ó Grianna, Rann na Feirsde, Seanchas ár Sinsear, 1998, p. 48; also quoted in Tom Hodgins, An Slabhra gan Bhriseadh, 2007, p 63.

CBÉ also yields the following oral version from Rann na Fearsaide, from the same story as recorded by Aodh Ó Domhnaill (Hiúdaí Mhicí Hiúdaí) from Micheál Ó Baoighill (Micí Sheáin Néill), 34, on 09/09/1936, in CBÉ 261.82–5; it is quoted in Seán Ó Súilleabháin, "Scéalta Cráibhtheacha", Béaloideas 21 (1951–2) pp i–337: "An creideamh i n-Árainn Mhóir" @ 242–3, 301 (nótaí), 334 (Béarla):

      Is beannuigh' an Té a rinne créatúr fir agus mná,
      Is beannuigh' an Té a rinne oíche dhorcha agus lá,
      Is beannuigh' an Té a rinne caora dubh agus bán,
      Agus ní hiongantaí é ná éalódh mara agus trágha.


LA1239.2
Teideal: Scéal Chroigheáin

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí gasúr ann fad' ó shoin 'ar bh'ainm Croidheán, agus nuair a bhí sé seacht mbliadhna de aois fuair sé bás, agus shíl a athair 'gus a mháthair gur chun na bhFlaitheas a chuaidh sé.

Agus lá amháin tháinig fear isteach agus bhí sé greannmhar.

"Chan an achlais anu?" ars an tseanbhean. "Sé," arsa seisean.

"Órú, charbh fhéidir gur as na Flaithis tú?" "Is é."

"An bhfaca tú Croidheán?" "Chonnaic".

"An bhfuil sé go maith?" "Ó, tá sé comh maith agus d'fhéad sé. Tá sé ag buachailleacht achan lá."

"Mbíonn mórán seascaireacht éadaigh sa lá air?" "Leoga, ní bhíonn."

"Mbíonn mórán seascaireacht éadaigh san oidhche air?" "Leoga, ní bhíonn."

"Mbíonn im ar an arán aige?" arsa sise. "Ní bhíonn," arsa seisean.

"Bhuel, cuirfidh mé cóta leat, agus blaincéid agus croc ime agus leath stocaí óir, agus dheánfaidh sin tamallt maith ." "Ach b'fhéidir," ar sise, "go mbéadh sé trom agat; is fearr dúinn a' beathach agus an dá chliabh a thabhairt leat."

So chós, d'imthigh sé leo agus nuair a bhí sé giota mór fada ar shiubhal, tháinig an seanduine isteach. "Tá tú ag teacht anois," arsa sise, "nuair atá an fear air shiubhal a bhí istigh a bhí i gcuideachta Chroidheáin sna Flaithis."

Fhobair nár mharbhuigh sé í nuair a chuala sé caidé a rinne sí, agus shín leis i ndiaidh an fhir. Chonnaic an fear ag tarraingt air é, chuir sé isteach a' beathach 'un na coilleadh, agus chuaidh - luigh sé féin air shlat chúl a chinn amuigh air an bhealach mhór.

"Éirigh amach suas annsin," ars' an seanduine. "Chan éirighim," arsa seisean. "Dá bhfeicfeá thusa a' méid a chonnaic mise anois. Chonnaic mé fear agus dhá chliabh agus beathach agus iomlán air shiubhal suas chun na bhFlaitheas."

Phill a' seanduine, dar leis féin gurab é an rud sin an fhírinne, agus níor amharc sé ó'n lá sin go dtí'n lá inniú go feargach ar an tseanbhean.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh Shéamuis Uí Néill.

Sgéal Chroigheáin.

Bhí gasúr beag ann fad ó shoin, bhí sé seacht bliadhna nuair a fuair sé bás. Agus shíl a athair is a mháthair gur na bhflaitheas a chuaidh sé.

Lá amháin tháinig fear isteach, agus bhí sé greannmhar, agus d'fhiafruigh an tsean-bhean c'ar bas é. Dubhairt gur as anuas annsin é.

"An as na flaithis thú?" arsa sise. "Sé," arsa seisean.

"Bhfaca tú Críomhann?" "Chonnaic," arsa seisean. "Tá sé go maith, bíonn sé ag buachailleacht."

"Mbíonn seasgaireacht éadaigh sa lá air?" "Leóga, ní bhíonn."

"Mbíonn seasgaireacht éadaigh air san oidhche?" "Leóga, ní bhíonn."

"Bhfuil siopaí ann?" arsa sise. "Tréan siopaí, dá mbadh dath agat le dhul ionnta."

D'éirigh sí 'na seasamh, agus chuir sí cóta Chríomhann agus péire pláincead agus croc ime agus leath-stócaí óir leis chuig Chríomhann.

"Mbéidh sé trom agat?" arsa sise. "Leóga, béidh," arsa seisean. "Bhail, cuirfidh mé an beathach agus an dá chliabh leat," arsa sise. Chuir agus d'imthigh leis. Nuair a bhí sé giota mór fada ar shiubhal, thainig an fear a' toighe isteach.

"Bíonn tú ar shiubhal achan lá," arsa sise. "Bhí fear annseo a bhí i gcuideachta Chríomhann ins na flaithis."

Níl an ach é, nar mhairbh an seanduine í, agus d'imthigh sé i ndeaghaidh an fhir.

Tháinig sé suas leis, agus nuair a chonnaic an fear é ag tarraingt air, chuir sé isteach an beáthach i gcoillidh, agus luigh sé féin ar an bhealach mhór.

"Éirigh as sin," ars an seanduine.

"Cha n-éirighim," arsa seisean. "Tchím fear ar shiubhal suas, agus beáthach agus dhá chliabh leis."

Dar leis an tseanduine go rabh sin fíor, agus phill sé na bhaile, agus níor amharc sé feargach níos mó ar an tseanbhean o'n lá sin amach.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1239d2 (orthographic, English translation).

1. The following may be compared with this version:

      Gordon Mac Gill-Fhinnéin, Seanchas Annie Bhán (1997): Scéal Chráidheain, pp 224–8.
      Conall Ó Grianna, Rann na Feirsde, Seanchas ár Sinsear (1998): Teachtaire as na Flaithis, pp 312–3.
      Niall Ó Domhnaill (eag.), Scéalta Johnny Sheimisín (1948): Murchadh na Cointinne, pp 78–80.
            Compare Johnny Sheimisín, "Murchadh na Cointinne", An tUltach 8:9 (11/1931) p 1.
      Áine Ní Dhíoraí, Na Cruacha, Scéalta agus Seanchas (1985): Séamus na Leithchruaiche, pp 89–93.
      A J Hughes, "Roinnt Scéalta ó lss Sheáin Mhic Mheanman", An tUltach 12/1984: Donn Ó Doinn, pp 19–20,23.
      Seán Bán Mac Meanman (also a Doegen speaker), "Donn Ó Duinn", Crann an Eolais V (An Toradh), 1939, pp 101–7; idem, Cnuasach Céad Conlach (1989), pp 142–6.
      Pádraig Ó Baoighill, Faoi Scáth na Mucaise (2005): A' bhean a b'amaidí sa tír, pp 109–12. Tamhnach a' Mhullaigh.
      Aoidhmín Mac Gréagóir, Sgéaltan Rachreann (1910): Sgiob Liath an Earraigh, pp 17–9. Oileán Reachrann.
      (In English) Sam Henry, Ulster Folktales (c1939): The Man with the Sore Foot, pp 21–2.
      Róis Ní Chonchubhair, Irish News (20/01/1908): An triúr díthchéillidhe, p 3.

The phrases "lá na coise tinne" or "fear na coise tinne" commonly occur in versions of this story. The name Croidheán however is rarely found.

2. This story has little in common with "Croidheán" in Eoghan Ó Domhnaill, Scéal Hiúdaí Sheáinín, 1940, pp 124–30.


Ciarán Ó Duibhín
2013/02/02
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite