Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Máire Ní Arbhasaigh (1856–1947), Clonalig, Crossmaglen, Co Armagh
Eolas ar an chainnteoir.


An cainnteoir (ar dheis) le n-a máthair, Máire Ní Arbhasaigh eile, a fuair bás 1930. Peadar Ó Dubhda a rinne an pioctúir.


LA1224.1 agus LA1224.2
Teideal: Úirchill an Chreagáin (focla an amhráin)

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ag Úirchill an Chreagáin annsin chodail mise aréir faoi bhrón,
A's le h-éirghe na maidne tháinig ainnir fá mo dhéin le póig,
Ó bhí gríos-gruaidh dhaithte aicí is bhí loinnir ionn a céibh mar ór,
Is b'é íoc-shláint' an domhain a bheith 'g amharc air an aoibhlinn óg.

Ó, a théagair 's a chuisle, ó más cinneamhainte duit mé mar stór,
Ó éirigh 'do sheasamh agus siubhail liom féin siar sa ród,
Go tír deas na meala nach bhfuair Gallaibh ionn cead réim 'snach bhfaghann,
Gheobh' tú innti aoibhneas ar hallaí ga mo mhealladh-sa le siamsán ceoil.

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ó, a théagair 's a chuisle, ó más cinneamhainte duit mé mar stór,
Tá tú gan éideadh gan earradh acht barrainneach bocht baoth gan dóigh,
Nach mb'fhearr duit ionns na liosa agus mise le do thaobh gach neóin,
Ó nó saighde Clann Bhullaidh bheith tolladh thríd do chroidhe go deó.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

(Tá ainm Shéamuis Uí Néill leis, agus annsin ainm Éamoinn Uí Thuathail, ach tá líne fríd ainm Éamoinn; ach is cosamhla an láimh féin le Micheál Ó Briain.)

Ag Úirchill ná Creagain sé chodul mise aréir faoi bhrón,
Ó is le h-éirghe na maidne thainig ainnir fa mo dhéin le póig
Bhí gríos gruaidh dhaithte aicí is bhí loinnir 'na ciabh mar óir
Is bhéadh aoibhneas an domhain a bheith ag amharc ar an [fhaoilinn] óg.

A théagair is a chuisle, más cinneamhaint tú duid mé mar stóir
Éirghe in do sheasamh agus siubhal liom féin siar san ród
Go tír deas na meala nach bhfuair Gallaibh aon chead réim is nach bhfaghann
Gheobhaidh tú aoibhneas ar hallaí ga mo mhealladh le siamsa an cheóil.

Ó a théagair is a chuisle más cinneamhaint tú duid mé mar stóir
Tá tú gan éideadh gan earradh ach bearadach bocht baoth gan dóigh
Nach mbfhearr duid ins na liagaibh agus mise le do thaoibh gach neóin
Is na saighdaí chlann Bilí a bheith ag polladh do chlíth go deo.

Nótaí:

0. Other transcriptions of these tracks:
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 320–3 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1224d1 and http://doegen.ie/ga/LA_1224d2 (orthographic, English translation).

1. Séamus Ó Ceallaigh, "Úir-Chill an Chreagáin", An Claidheamh Soluis 10:33 (24/10/1908), pp 5–6. Based on a previously printed version (in the Irish American), corrected from speakers including Neilidh Ní Annluain, Omeath. Verses 1, 2, 6, 8 and 9 bear most resemblance to our version:

      Aig' Úir-chill an Chreagáin 'seadh chodail mé 'réir faoi bhrón
      'S le héirghe na maidne thainic ainnir fa mo dhéin le póig
      Bhí gruaidhe grís-daithte uirthi 's luinnear na céibh mar ór
      'S b'í íocshláinte an domhain bheith 'g amharc ar an righ-bhean óig.

      A fhiail-fhir charthannaigh ná caithtear thusa i ngalraí bróin,
      Ach' éirigh go tapaidh agus aistir liom siar sa ród,
      Go tír dheas na meala nach bhfuair Galla ann céid-réim go fóill,
      Gheobhair aoibhneas ar hallaí dod' mhealladh le siamsan ceoil.

      Chan airighim gur cara dhuit a mhaireann de do ghaoltaí beo,
      Táir gan éideadh gan earradh, bocht, earraideach, baoth, gan dóigh,
      Nach fearr duit seal tamaillt le hainnir na ndlaoi-fholt óir
      Nó an tír a bheith 'fanamhuid fa gach ramhan dha ndéan tú i gceol?

      Och, tréaghdadh na treibhe sin i nEachdhruim agus faraoir sa Bhóinn
      Sliocht Mhíleadh na bhflaith béaradh fasgadh do gach draoi gan ghleo!
      'Snach fearr dhuit ins na leasaibh agus mise le do thaoibh gach neoin
      'Ná saighde chlann Bhulaidh bheith 'tolladh do chroidhe go deo.

      Muise, a rígh-bhean mhilis, má's cinneamhain duit gur mé do stór
      Tabhair léagsa domh agus gealladh ar maidin sul fá dtéidhim sa ród
      Da n-éagfainn i dTír Mhanain, faoi'n tSeanainn, nó san Éiphte mhóir
      Gur 'measg Gaedheal cumhartha an Chreagháin a leagfaidhe mé i gcré faoi fhód.

2. Ó Ceallaigh's article (note 1 supra) says that Seosamh Laoide had noted the tune from Neillidh Ní Annluain, and presumably the words too. Laoide replied (An Claidheamh Soluis 10:34 — 31/10/1908 — p 7) that he had three versions of the tune, and criticises Ó Ceallaigh's words, but he does not give either tune or words himself. Laoide finally gives nine verses in An Cúigeadh Leabhar (Connradh na Gaedhilge 1914), pp 130–2, but without any provenance, or stating whether it is a manuscript or oral version. It contains the same nine verses as Ó Ceallaigh has, in a slightly different order and with minor emendations to the text, and omits Ó Ceallaigh's closing "ceangal". Here are verses 1, 2, 6, 8 and 9:

      Ag úr-chill an Chreagáin 'sé chodail mise aréir faoi bhrón,
      'S le héirghe na maidne thainic an ainnir fá mo dhéin le póig;
      Bhí gríos-ghruaidh gharrtha aici agus lainnear i n-a ciabh mar ór,
      'S gur bh'é íocshláinte an domhain a bheith 'g amharc ar an ríoghain óig.

      A fhial-fhir charthannaigh, ná caithtear thusa i néaltaibh bróin,
      Acht éirigh go tapaidh agus astruigh liom siar sa ród
      Go tír dheas na meala nach bhfuair Gallaibh innti réim go fóill,
      Mar 'bhfuighe tú aoibhneas ar hallaíbh do mo mhealladh-sa le siamsa an cheoil.

      Ní shaoilim gurth caraid duit a maireann de do ghaoltaibh beo
      Óir táir fadhbhthaidh gan earradh, bocht, earráideach, baoth, gan dóigh.
      Nach mb' fhearr dhuit-se imtheacht le hainnir na maoth-chrobh meór
      Ná an tír seo bheith 'fonnóid fá gach rabhán dá ndéin tú 'cheol?

      Ó treaghdadh na treabhanna bhí i nEachdhruim is faraor fán mBóinn,
      Sliocht Íre na flatha bhéarfadh fasgadh do gach draoi gan ghleo,
      Nach mb' fhearr duit ins na liosaibh agus mise le do thaoibh gach ló
      Ná saighde Chlann Wully bheith 'tolladh thríd do chroidhe go deóidh?

      A ríoghain dheas mhilis, má's cinneamhain duit mé mar stór
      Tabhair léagsa agus gealladh damh ar maidin sul má dtéidhim sa ród,
      Má éagaim fá'n tSeanainn, i gcrích Mhanainn nó san Éiphte mhóir,
      Gur aige Gaedhil chumhra an Chreagáin a leagfar mé i gcré faoi fhód.

3. Séamus Ó Searcaigh, Foghraidhacht Ghaedhilge an Tuaiscirt, 1925, pp 174–7 — rinneadh an t-adhbhar a chnuasacht fá 1915. Leagan béil ó András Ó Marcaigh. The first and second verses there correspond substantially to the first two verses of our recorded version:

      Aige Úir-Chill an Chreagáin 'seadh chodail mé aréir faoin bhrón;
      Le héirghe na gealaighe thainig an ainnir fa mo dhéin le póig;
      Bhí dís-ghruaidh ghartha aici agus loinnir ina ciabh mar ór;
      Is gurbh é éac-shláinte an domhain bheith ag amharc ar an ríogh-bhean óig.

      A fhial-fhir chumann, na caithtear thusa i néaltaib bróin,
      Ach éirigh go tapaidh agus astar liom-sa siar sa ród
      Nó go tír dheas na ngeallaibh nach bhfuair Galla innti réim go fóill,
      Is gheobhaidh tú aoibhneas ar hallaibh do mo mhealladh-sa le seamsa an cheoil.

Nothing in Ó Searcaigh's other two verses resembles our recorded version.

4. Muireadhach Méith, "Úir-Chill an Chreagáin", An tUltach 3:7 (8/1926) 3: tune (from Bn Mhic Giolla Chaoil, Omeath) and one verse:

      Ag Úir-Chill a' Chreagáin 'seadh chodail míse aréir faoi bhrón,
      'S le h-éirghe na máidne thainic an infhir fá mo dhéin le póig,
      Bhí grís-ghruaidh gharrtha aici agus loinnir in a ciabh mar ór,
      'Sgurb é íocshláinte 'n domhain bheith ag amharc ar an ríogháin óig.

Words repeated, with a different tune (from Aindreas Ó Marcaigh), by Tomás Ó Caondealbhán in An tUltach 3:9 (9/1926) 5. Both repeated in Muireadhach Méith, Amhráin Chúige Uladh, an chéad chuid, 1927, pp. 36–7.

Repeated, with two extra verses, in Muireadhach Méith, Amhráin Chúige Uladh, an dara cuid, 1937, p 8, and in "Píosaí Ceoil le h-Aghaidh Fheis Mhuirtheimhne", An tUltach 14:4 (4/1937) 8. The extra verses are:

      Sé mo ghéar-goin tinnis gur theastuigh uainn Gaedhil Thír' Eoghain
      Agus oighrí an Fheadha gan seaghais faoi líg dár gcómhair
      Géaga glan-daithte Néill Fhrasaigh nach dtréigfeadh a' ceol
      Is chuirfeadh éideadh fá Nodlaig ar na h-ollaimh bhéadh ag géilleadh dhóibh.

      A ríoghain dheas mhilis, má's cinneamhain duit mé mar stór
      Tabhair léagsa is gealladh damh ar maidin sul má dtéidhim 'sa' ród
      Má éagaim fa'n tSeanainn, i gcrích Mhanainn, nó 'san Éiphte mhóir
      Gurab ag Gaedhil chumhra an Chreagáin a leagfar mé i gcré faoi fhód.

See also 1977 edition of Amhráin Chúige Uladh by Colm Ó Baoill 1977, pp 54, 120–1 and 172–3, esp. pp 172–3 for reference to other versions of words and music.

Ó Muireadhaigh gave the song again, with a tune and ten verses, in his History of the Parish of Creggan in the 17th and 18th Centuries, 1940, pp 67–9.

5. A written version of the words (nine verses) was given by Nicholas O'Kearney, Transactions of the Ossianic Society for the year 1854, Vol 2, 1855, pp 87–8. Verses 1, 2 and 8 resemble our verses somewhat:

      Ag úir Chille Creagain seadh chodail me raoir faoi bhron,
      'S le h-éirghidh na maidne thánaic aindir fá mo dhéin le póg;
      Bhí gruaidh ghrís-dhaite 'ci, 's laindir 'na ciabh mar ór,
      B'e aoibhneas an domhain bheith ag amharc air an riogain óg!

An t-Siothog:
      A fhiall-fhir charthannaigh ná caitear thusa a n-galraigh bróin,
      Acht éirghidh go tapaidh 's tair liomsa siar 'sa ród;
      Go tír dheas an Gheallaidh nach bh-fuair Gaill ann cead réim go fóill,
      Gheabhair aoibhneas air h-allaoidh dod' mhealla le siansa ceoil.

An t-Síothóg:
      O threaghdamh na treabha sin an Achruim, 's foraoir sa Bhóinn,
      Sliocht Mhileadh na bh-flaith bhéaradh fasgadh do gach druigh gan ghleó;
      Nach m'fhearr duit 's na liosaibh agus mise led' thaoibh gach nóin,
      Ná saighde chlann Bhilly bheith tollamh faoid' chroidhe go deó?

A traditional tune was collected and placed with O'Kearney's words, which were themselves augmented with variant manuscript readings, by Luke Donnellan and Séamus Ó Cuinn, "Words and Music (traditional) of Úir Chille Creagan," County Louth Archaeological Journal 2:1, 1908, pp 78–82; ditto (correction), ibid 2:2, 1909, p 207.

Fr Quinn also gave these words and tune to Charlotte Milligan Fox, who published them in a somewhat similar form in CMF, "Cill Cregan", Journal of the Irish Folk Song Society 7, 1909, pp 17–19 (for which see here). The tune was published again, along with another of a similar name, in CMF, "Review (of Feis Ceoil collection of Irish airs)", Journal of the Irish Folk Song Society 15, 1915, pp 21–5 at 22–3 (for which see here).

6. For further literary versions, see, e.g. Énrí Ó Muirgheasa, Amhráin Airt Mhic Chubhthaigh, 2nd ed. 1926, cuid 1, pp 1–3; Seán Ó Baoighill, Cnuasacht de Cheoltaí Uladh, 1944, pp 54–5; Tomás Ó Fiaich, Art Mac Cumhaigh, Dánta, 1973, pp 132–4; Pádraigín Ní Uallacháin, A Hidden Ulster, 2005, pp 250–8.


LA1224.3
Teideal: Aige bruach Dhún Réimhe

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Aige bruach Dún Réimhe in uaigneas lae,
Ó ba shnuadhmhar géaga bláthgheal,
'Sé cuala mé géimneach chuantaí Éireann,
'S gruaim sa spéir anáirde.

Da rádh gur buadhartha bhí mo scéal,
Mo suidhe faoi léigibh sparrthlaí,
Plúr na n-éan a' fuagradh 'n scéil,
Ó le cumhaidh gur éag na cágaí.

Gur fuaduigheadh Féidhlim uasal tréitheach,
Suas go Laighean le bhás fhagháil,
Eoghan Ruadh mo léan a fuaidh uainn i gcré,
'Sé ruaigfeadh an cheitheirne Ghallda.

Nuair a chualaidh 'n t-éan mé 'luadhadh Shíol Néill,
Ó le gruaim gur éirigh 'n áirde,
Agus d'fhág sé 'sciatháin síos go féar,
Agus buail sé 'thaobh go cráidhte.

Á rádh gur buadhartha bhí mo scéal,
Mo suidhe faoi léigibh sparrthlaí,
Dá gcuartóchainn fhéin fán teampall féin
Go bhfuighfinn 'na n-ualach cré is cnámh iad.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

(Tá ainm Éamoinn Uí Thuathail leis, ach is cosamhla an láimh féin le Micheál Ó Briain.)

Aige bruach Dún Réime ar uaigneas lae
Ó ba shnódhmhar géag gach bláth geal
'Sé chuala mé géimneach cuantaí Éireann
'S fuaim 's na spéirthí i n-áirde
Dá rádh ... gur baertha a bhí mo sgéal
'S mo chroidhe faoi liag a's baslaí (?)
Plúr na n-éan a fógradh an sgéil
Ó le cumhaidh gur éag na cágaí.
'S gur fuad(uigh)eadh Féilim uasal tréitheach
Suas go Laighean dá bhás fhagháil
'S Eoghan Rua mo léan a fuaidh uainn i gcré
Ó sé ruaigfeadh an cheithearnach gállta
Nuair a chualaidh an t-éan mé a labhair (?) shíol Néill
Ó le gruaim gur éirigh in áirde
Agus sgar se a sgaithanaibh síos go féar
Agus bhuail se a thaobh go cráidhte
Dá rádh gur baertha a bhí mo sgéal
'S mo chroidh faoi liaga spásluí (?)
'S dá gcuartachainn féin fan teampall féin
Go bhfuighinn in ualla (?) chré a's cramha iad.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 324–7 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1224d3 (orthographic, English translation).

1. Muireadhach Méith, "Aige Bruach Dhún-Réimhe", An tUltach 2:4 () 4.
Tune and three verses obtained from the present speaker, stated to be all that she remembered:

      Aig bruach Dhún Réimhe ar uaigneas lae,
      Ba shnuadhmhar géaga bláthgheal,
      Chualas géimneach cuantaí Éireann,
      'Gus fuaim sa spéir in áirde.
      Na dúile i bpéin 'sa gcúl le céile,
      Is gnúis na gréine báithte,
      'Gus plúr na n-éan ag fuagradh sgéil,
      Le cúmhaidh gur éag na cága.

      Tráth chualaidh an t-éan mé a luadh Síl Néill
      Le cúmhaidh gur éirigh in áirde
      Bhí a sgiathanna scaoilte síos go féar
      Agus bhuail sé a thaobha go cráidhte.
      Ag rádh gur buartha baoth mo scéal
      Ó chuaidh faoí liagaibh sparrtha,
      'S da gcuartóchainn fhéin fá'n tumba chéadna
      Nach bhfuighinn ann acht cré gus cnámha.

      'Eoghain Ruaidh, mo léan thú bheith fuar i gcré,
      A ruaigfeadh an ceithearnach Gallta,
      'S gur fuaduigheadh Feidhlim uasal tréitheach
      Go Cúige Laighean d'a bhás fhághail'
      Tighearna Uibh Éathach gus uaisle Gaedhil
      Nó gur chríonaigh an t-éag a gcnámha
      'S cá bhfuighfear a léithid aríst chun féadhma
      Ó síneadh i gcré 's i gclárthaí iad.

Repeated in Muireadhach Méith, Amhráin Chúige Uladh, an chéad chuid, 1927, p 23, with a fourth verse added at the end, again from the present speaker:

      A smaolaigh cléibh, ó tcí tú féin
      Gur claidheadh Gaeidhil na h-áite,
      Tabhair iarraidh léim i lúib an aeir,
      As beir suidheamh i gcéin thar sáile;
      Mar bhfuighfidh tú fréamh do ghaol Uí Néill
      I dtíorthaí tréan' na Spáinne,
      Agus ársuigh don té a mhaireas ó'n éag
      Gur scaoileadh an aol-chloch dhaithte.

Muireadhach Méith, Amhráin Chúige Uladh, an dara cuid, 1937, pp 6–7, has four verses, being verses 1 and 2 of above with two extra verses between them ("Tráth thionntuigh a' spéir a's gach nidh faoí'n ghréin..." and "D'fhiafruigheas fhéin de phlúr na n-éan..."). Repeated in "Píosaí Ceoil le h-aghaidh Fheis Mhuirtheimhne", An tUltach 14:3 () 4. See also 1977 edition of Amhráin Chúige Uladh by Colm Ó Baoill, 1977, pp. 46–7, 113 and 169.

Ó Muireadhaigh gave the song again, with a tune and six verses, in his History of the Parish of Creggan in the 17th and 18th Centuries, 1940, pp 61–3.

2. For literary versions, see, e.g. Énrí Ó Muirgheasa, Amhráin Airt Mhic Chubhthaigh, 2nd ed. 1926, cuid 1, pp 28–30; Tomás Ó Fiaich, Art Mac Cumhaigh, Dánta, 1973, pp 79–81; Pádraigín Ní Uallacháin, A Hidden Ulster, 2005, pp 259–64.


LA1225.1
Teideal: Tá mé buaidheartha (amhrán)

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Tá mé buaidheartha tréith-lag claoidhte
Fá rún mo chléibh is 'n 'eil mo leigheas ionns a' tír
A mur bhfuighidh mé do póg rachaidh mé faoi fhód
Chuala mé a stór gur claoin tú;
'Dhia gan tú agam ionn mo líontaí
'S mé fhagháil bháis dae do ghrádh gos íseal
Dá labharthá le mo bhéal a stór léigheasfá m'aicíd
Is cha deánainn tualasc a choidhche.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

(Tá ainm M Dillon leis, ach is cosamhla an láimh féin le Séamus Ó Néill.)

Tá mé buartha tréan-lag claoite
Fá rún mo chléibh 's níl mo leigheas insan tír
Mur bhfuighidh mé do póg ó rachaidh mé faoi fhód
Chuala mé a stór gur chlaon tú
A Dhia gan tú agam in mo líonta
'S mé ag fáil bháis de do ghradh chois íseal sin
Dar an leabhra le mo bhéil a stór, léigheasfá m'aicíd
Ó cha déanfainn do mhalairt a choidhche.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 32 (phonetic), 161–2 (orthographic, English translation).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 330–1 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1225d1 (orthographic, English translation).


LA1225.2
Teideal: Tríona Ní Mhordha, an óigbhean mhaiseach (focla amhráin)

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Ó Caitríona Ní Mhórdha an óigbhean maiseach
A thug bárr deis' air Vénus,
'Sí seo 'n chuilfhionn mhúinte bhéasach
A gile gan smúid a fuair cliú ban Éireann,
An fhaoileann óg is milse póg.
Caitríona Ní Mhórdha sástaí
A leanbh na mbrí bhean láidir
Is minic a thug cíos ionns an áit seo
Ó a londubh a' tséin 'sna gcraobhfholt daithte
Is í siúd atá mé 'ráidhtí.

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh...):

(Tá ainm M Dillon leis, ach is cosamhla an láimh féin le Séamus Ó Néill.)

A Tríona Ní Mhórdha, an oigbhean mhaiseach
A thug barr deis' ar Vénus
'Si seo an cúilín mhúinte bhéasach
A gile gan smúid a fuair cliu ban Éireann
An naoilinn óg is milse póg
'S is b'ar Tríona Ní Mhórdha a tracht fuithi.
A leanbh na mbrigh fear láidir
Is minic a thug cías insan áit seo
Ó londubh an tséin is na gcraobh fholt daithte,
sé siúd ... mé ... a ráití.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 32 (phonetic), 161–2 (orthographic, English translation).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 332–3 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1225d2 (orthographic, English translation).

1. This appears to be from Carolan's song "Seabhac Bhéal Átha Seanaigh". An air is published in P.W. Joyce, Old Irish Folk Music and Songs, 1909, p 298, and attributed there to Ruaidhrí Dall Ó Catháin.

2. D O'Sullivan, Carolan, 1958, vol 2, pp 82–85. Two verses quoted from Thaddaeus Connellan, An Duanaire (Fonna Seanma), 1829, of which the first has similarities to that found here:

      So féirín deagh-mhná is áille
      Ó Chonar Uí Raghallaigh go Sléibhtibh Uí Mháille
      An rí-bhean óg is milse póg,
      Ar Inghin Uí Mhórdha a thráchtaim.
      Gaol na mbrígh-bhfear láidir
      Is faide a léigeadh cíos ar cáirde,
      Planda an tséin is na réidh-bhfolt daite,
      Is tú atáim a rádh anois.

3. Énrí Ó Muirgheasa, Dhá Chéad de Cheoltaí Uladh, 1934, pp 61–62. An oral version from Donegal.

4. Literary versions include: Hardiman's Irish Minstrelsy, 1831, vol 1, pp 32–37, 113–116; Tomás Ó Máille, Amhráin Chearbhalláin, 1916, pp 135-138, 292–293.


LA1225.3
Teideal: Sé mo léan go bhfaca mé (focla amhráin)

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


'Sé mo léan go bhfacha mé dearg nó donn,
'Sé mo léan go bhfacha mé bruach na dtonn,
'Sé mo léan go bhfacha mé do chúla liom,
Ó's a Cheathtaí a stór tá mé breoidhte tinn.

'S a Cheathtaí 's tú mhearuigh 's tú bhreoidh mo chiall,
D'fhág m'intinn ar mearbhall gach'n lá le bliadhain,
Gur dhubhairt tusa liom-sa is dubhairt tú fá dhó
Nach ndéanfá mo mhalairt a choidhche 's go deóidh.
Go bhfacha mé thusa le fear eile ag ól,
Air chúl an tor dreasóg 's do ghloine 'n do dhórn.

Ó arsa'n deadaí 's é 'g ól a dighe
Gheobh' tusa Ceathtaí air a' stól ionna suidhe;
Gheobh' tusa Ceathtaí air a' stól ionna suidhe
Agus tabhair leat abhaile 'un do mháithrín í,

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

(Tá ainm M Dillon leis, ach is cosamhla an láimh féin le Séamus Ó Néill.)

Sé mo léan go bhfaca mé dearg nó donn
Sé mo léan go bhfaca mé bruach na dtonn
Sé mo léan go bhfaca mé chúile liom
Ó is a Chaití, a stóir, tá mé breóidhte tinn.

Ó a Chaití is tú a mhearuigh is tú a bhreodhuigh mo chiall,
Is d'fhág mo inntinn ar mearú gach aon lá le bliadhain
Ó's gur dhubairt tusa liom-sa agus dhubhairt tú fá dhó
Nach ndeánfá mo mhalairt a choidhche na go deó.
Is go bhfaca mé thusa le fear eile ag ól
Ar chúl tor dreasóg is do ghloine in do dhorn.

Ó arsa'n Deádaí 's é ag ól an dighe
Gheobhaidh tusa do Chaití ar an stól na suidhe
Gheobhaidh tusa Caití ar an stól na suidhe
Agus tabhair leat abhaile in do bhainríoghan í.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 32 (phonetic), 162–3 (orthographic, English translation).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 328–9 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1225d3 (orthographic, English translation).

1. Muireadhach Méith, "Caithtí na gCiabh", An tUltach 1:10 () 8. Tune and four verses from the present speaker, as well as other verses from Omeath and Donegal. The words obtained from our speaker are:

      Sé mo léun géur go bhfaca mé dearg nó donn,
      Sé mo léun géur go bhfaca mé bruach na dtom,
      Sé mo léun géur go bhfaca mé do chúla liom,
      'Sa Chaithtí a stór tá mé brónach tinn.

      A Chaithtí, is tú mhearuigh 's tú bhreóigh mo chiall,
      Agus d'fhág m'inntinn air mhearughadh ga'n lá le bliadhain
      A's gur dhubhairt tusa liomsa agus dubhairt fá dó
      Nach ndeanfá mo mhalairt a choidhche 's go deóigh.

      Ó! dubhairt tusa liomsa agus dubhairt tú fá dhó
      Nach ndeanfá mo mhalairt a choidhche 's go deóigh
      A's go bhfaca mé thusa a's fear eile ag ól
      Air chúil an tor dreasóig 's do ghloine do dhórn.

      Hó! hó! ars' a gaidí, a's é 'g ól na dighe,
      Gheobhaidh tú Miss Kitty air an stól in a suidhe,
      Gheobhaidh tú Miss Kitty air an stól in a suidhe,
      Agus tabhair leat 'na bhaile chun do mháithrín í.

Repeated in Muireadhach Méith, Amhráin Chúige Uladh, an chéad chuid, 1927, p 9, with a fifth verse, again from our present speaker:

      Dá bhfeicfeá mo Chaithtí amuigh air an tsliabh
      Ba ghile í ná a'n litir d'a bhfacthas ariamh,
      Ó, gheobhaidh tusa Caithtí mar tá sí 'na suidhe
      Agus tabhair leat abhaile ó n-a máthairín í.

See also 1977 edition of Amhráin Chúige Uladh by Colm Ó Baoill, 1977, pp 37–8, 104–7, 167.

2. There are a number of versions from Omeath, broadly similar to each other, with slight resemblances to our recorded version. They include: Cú Chadhain, "Caití na gCiabh", Irisleabhar na Gaedhilge 11 (November 1901) 185–186; Lorcán Ó Muireadhaigh, Ceoltaí Óméith (1920), pp 14–15; "Caithtí na gCiabh", in "Abhráin Chúige Uladh", An tUltach 17:11 () p 6–7, at p 7.

3. Literary versions include: Hardiman's Irish Minstrelsy, 1831, vol 1, pp 246–249, 347–348; Énrí Ó Muirgheasa, Céad de Cheoltaí Uladh, 1915, pp 60–62, 228–229, 333; Tomás Ó Máille, Amhráin Chearbhalláin, 1916, pp 251–252, 331; Breandán Ó Buachalla, Cathal Buí, Amhráin, 1975, pp 73–74, 132.


LA1225.4
Teideal: Uimhreacha 1–20

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


hAon, dó, trí, cei(thi)r, cúig, sé, sea(ch)t, ho(ch)t, naoi, deich, haon dhéag, dó dhéag, trí déag, cei(thi)r déag, cúig déag, sé déag, sea(ch)t déag, ho(ch)t déag, naoi déag agus a fiche.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 50, 214 (phonetic).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1225d4 (orthographic, English translation).


Ciarán Ó Duibhín
2012/07/16
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite