Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Róise Nic Comhghaill (1871–1936), Loch Chathair, Crolly, Co Donegal
Eolas ar an chainnteoir.


LA1242.1
Teideal: Song: Chuaidh mé 'na Rosann

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Agus chuaidh mé seal tamaillt air cuairt
Go mbreathnóchainn uaim a' spéir,
Ó thart fá na h-oileáin air ruaig
Mar h-eileat is cú 'n a diaidh.
'Sé deirfeadh 'ach duine fá'n chuan
Nuair a thuirling mé anuas fá'n ché,
Ó aithnim go maith air do ghruaim
Gur fear thú 'bhfuil ruaig 'do dhiaidh.

Órú chonnaic mé fear ar tír mór
bheathuigh go mór inné,
Agus deir siad gur tusa 'n fear óg
A bhfuilthear le tóir 'n do dhiaidh.

Órú thuit mé ionn dtursa 's ionn bróin
Nuair a thárluigh an óigbhean daoim,
Cá h-áit a bhfuighinn gloine le n-ól,
A thógfadh a' bróin seo daoim?
Tá teach beag i leath-taobh a' róid
Is coinneann sí 'gcomhnuidhe braon
Gabh thusa 'gus rapáil a' bórd
'S ní dhíolfaidh do phócaí aon phighinn.

Nuair a bhíthear 'dhul isteach 'dtoigh an óil,
Ó, b'fhaitcheach go leor mé suidhe,
Air eagla 's go dtiocfadh a' tóir
'S go mbainfidhe an óigbhean daoim.
Ní rabh mis' i bhfad 'dtoigh 'n óil,
Gur chruinnigh 'n t-aos óg 'un toighe,
'Ach duine 's a jug ionn a dhórn,
Le comhmóradh a thabhairt don dís.

Bhí biotáilte farsaing go leor
Is beagán dá h-ól sa tír,
Dá n-ólainn gálún Uí Dhomhnaill
Ní dhíolfadh mo phócaí aon phighinn.

Nuair a bhíthear 'dhul amach as toigh an óil,
Do dh'fhiafruigh an óigbhean daoim
Cá h-áit a mbíonn tú 'do chomhnuidhe
Ná 'gcoinneann tú cró duit féin?
Ó bím 'rú seal 'dtoigh an óil,
'S ní theanaim a'n lón de'n pighinn
Ach an méid a thuillim sa lá
'Ró caithim le spórs san oidhche.

Agus tá muid a' cruinniughadh an lón
tiocfaidh cuid mhór dár saoghal
Órú cá h-áit bhéas toiseacht le h-ól,
Béidh cuidiughadh air dóigh arís.

Órú stad de do mhagadh níos mó
Ní 'n duine den tseort sin mé
Nach rachainn os coinne do shróin
Ná 'mach ar tír mór 'e léim.
Ó 's doiligh do mholadh go fóill
'S tú laguigh go mór mo chroidhe
Gan duine dá bhfeicfeadh an tseod
Nach dtuitfeadh an brón sin daoith'.

Do leitheid ní fhacas go fóill
I mbealach nó ród dá mbím,
Dá gcasfaidhe thú i mBéal an Átha Móir
Bhéadh cailíní óg' air pighinn.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh Shéamuis Uí Néill.

Rachaidh mé seal tamaillt ar cuairt go mbreáthnochainn uaim an spéir,
Thart fa'n h-oileáin ar ruaig mar thuile agus cubhar na diaidh.
Sé déirfeadh gach duine fa'n chuan nuair a thorainn (thuirling) mé anuas fa'n chéidh
Aithnim go maith ar do ghruam gur fear thú a bhuil ruaig 'na dhiaid.

Chonnaic mé fear as tír mór & é a' reathaidhe go mór ndiaidh
& deir siad gur túsa a' fear óg a bhuilthear le tor 'na dhiaidh.
Thuit mé 'un tuirse agus 'un bróin nuair a thárluigh an óig-bhean díom,
Cá h-áit a bhfuighfinn gloine le n-ól a thógfadh an brón seo díom.
Tá teach beag i leath-taoibh an róid & coinnigheann sé i gcomhnuidhe braon
Gabh thusa agus rapail bórd & ní dhíolfaidh do phoca an fíon.

Ar dhul isteach toigh an óil domh b'fháiteach go leor mé suidhe
Ar h-eagla is go dtiochfadh an tóir agus go mbainfidhe an óigbhean díom.
Ní rabh mise i bhfad ar i dtoigh an óil gur chruinnigh taos óg an toighe
'Ach duine is a jug 'na dhórn le comardhadh a thabhairt de'n dígh.

Bhí biotáilte fáirsing go leor & beagan d'á h'ól ins an tír
& d'a n-ólfainn féin galún Uí Dhomhnaill ní dhíolfadh mo phoca an píghinn.

Ar a dhul amach as toigh an óil domh is é d'fiafruigh an óigbhean díom
Cá h-áit a mbíonn tú do chomhnuidhee, na gcoinneann tú cró duit féin.
Bím-se seal i dtoigh an óil & ní dheanaim féin lón a'n phiginn
Ach méid de shaothruighim sa lá a chaitheamh le sport san oidhche.

Má's fear thusa a leanas de'n t-seort ní mholaim go mór do thrade,
Is fearr duit fanacht 'mo chomhair go ndeánaidh mé lón de'n phighinn.

Fad agus bhéidh muid ag cruinniú an lóin, tiocfaidh cuid mhór d'ar saoghal
Is fhearr dúinn toiseacht go h-óg & béidh cuideadh ar gcomhair aríst.
Stad de do mhagadh níos mó, ní duine de'n t-seórt sin mé,
Na rachainn os coinne do rúin amach as tír mór 'e léim.

Is doiligh do mholadh le feabhas, is tú a laguigh go mór mo chroidhe,
Ach duine da bheicfeadh an tseódhait nach dtuitfeadh an brón san dígh.
Do léitheid ní fhacas go fóil, i mbealach na ród (le mí) dá mbínn,
Dá gcasfaidhe thú i mBéal na Móir bhéadh cailíní óga ar phighinn.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1242d1 (orthographic, English translation).

1. Énrí Ó Muirgheasa, Céad de Cheoltaí Uladh, 1915, pp 65–7, 231, 333: Abhrán Pheadair Bhreathnaigh, 9 verses, collated from two oral versions, from Dungloe and Rann na Fearsaide. Other versions, published in Irisleabhar na Gaedhilge in March 1894 and in May 1902, are mentioned in the notes.

2. Seán 'ac Meanman, "Fan ar a' bhaile 'mo chomhair", An tUltach 1/1946 p 2.

3. Dónall P Ó Baoill (eag.), Amach as Ucht na Sliabh 2, 1996, pp 92–4, 269–70: 7 verses from Dún Lúithche.


LA1242.2
Teideal: Song: Tháinig lá breágh Samhraidh

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Neo agus tháinig lá breagh samhraidh 'gus bhí mé air a' mhargadh,
Is iomdha duine 'deir "Is trua gan tú sa bhaile 'gam"
'S órú bhaoile mhór 's óró bhaoile bharaille
'S órú bhaoile mhór 'dtiocfaidh tú ná 'bhfanfaidh tú?

Neo agus rachamuid a' gleann thíos i gceannaidhe trip abhaile mé
'S órú ..... srl.

Neo agus gheall mo ghrádh beag féin go dtiocfadh sé go siúráilte
'S órú ...... srl.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh Shéamuis Uí Néill.

Thainig lá breágh samhraidh & bhí mé ar an mhargadh.

Thainig lá bhreágh samhraidh & bhí mé ar an mhargadh
S'iomaidh duine 'déirfeadh gur truagh gan tú sa' bhaile liom.
Is ára mhuire mhó is ára mhuire mhara,
Is ára mhuire mhó, dtiocfaidh tú no bhfanfaidh tú.

Rachaidh mé go Glenties agus leanfaidh trup an bhaile mé,
& ára mhuire mhó is ára mhuire mhara,
Is ára mhuire mhó, a dtiocfaidh tú no bhfanfaidh.

Gheall mo ghrádh beag féin go dtiocfadh sé go siúrálta,
Agus ára mhuire mhó is ára mhuire mhara,
Is ára mhuire mhó, a dtiocfaidh tú no bhfanfaidh tú.

Ní rabh a léine deantaí, agus sin an rud a choinnigh é,
& ára etc.

Ní sin an rud a choinnigh é ach corruighe a chuir a mháthair air,
& ára etc.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1242d2 (orthographic, English translation).

1. The words here are closely related to those of "A stór a stór a ghrádh", although the usual tune is entirely different. For the genesis of the latter song, see Seán Ó Baoighill, "Cé'r bhfearr mo thámh mé?", An tUltach 9/1942 p5.


LA1243.1
Teideal: Song: Siubhán Ní Dhuibhir

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Agus d'éirigh mé air maidin is ghluais mis' chun aonaigh mhóir,
Dh'ól 's a dh'imirt mar dheánadh mo dhaoiní romham,
Bhuail tart air a' bhealach domh 's shuidh mé féin síos a dh'ól,
'S le Siubhán Ní Dhuibhir a d'ól mé féin luach na mbróg.

Ós a Shiubhán Ní Dhuibhir an miste leat mé bheith tinn,
Mo bhrón 's mo mhilleadh má's miste liom tú bheith 'gcill,
Bróinte 's muilte bheith tinnm (tuitim?) air thaoibh do chinn
'Gus cead a bheith 'n Iorras go dtaraidh Síol Éabha 'un cinn.

Agus tá bean agam 's is caithfidh sí píopa faoi chlár
Tá bean eile agam 's chaithfeadh sí snaoisín Néill
Tá 'n treas bean agam 's caithfeadh sí humoráil léill
Is maith le'n triúr acu 's doiligh domh humoráil leat.

Ós a chuach na tuinne má d'imthigh tú ua do nead,
Thiar go hIorras 'n áit a gcomhneann an éanlaith teann
'Ghirrseach bheag bheadaidhe bíos a' reathaí i ndiaidh na bhfear,
Scríobh chugam go tapaidh gur chosamhail liom féin do mhac.

Chuirfinn-se leitir leis a' teachtaire thiar na bhfear
Nach dtearn mé 'n tsiocair dá mbéadh agam nighean ná mac.

Neo 's dá dtabharfá leo capall air iomaire bhán gan cháin
Nach trua libh leanbh 's gan bainne aig a mháithrín féin,
Nach trua libh mise 's mé bheith dhul air sáile anonn,
Ná chóireóchainn leabaidh 'gus luighfinn gan léinidh leat.

Agus thiar i n-Iorras gur ann atá grádh mo chroidhe,
Plannta 'n leinbh nár fhuiling mo phósadh léithe,
Beir scéala uaim chuici 'gus innis gur phóg mé 'béal
'S go dtabharfainn cionn eile dá ngealladh siad bólacht léi'.

Beir scéala uaim chuici 'gus innis nach bpósaim í,
'Gus bíodh sin aici 's gach duin' air a chomhairle féin.

Agus saighdiúir singilt' mé d'imthigh as gárda (gábhadh) 'n rí,
Gan a' phighinn agam a bheirfinn air chárta dighe,
Bhuailfinn a' droma 'gus sheinnfinn air chlársaigh chaoin
Aig Currach Chill Dara gur scar mé le grádh mo chroidhe.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh Shéamuis Uí Néill.

Siúbhán Ní Dhaibhid.

D'éirigh mé ar maidin & ghluais mé un aonaigh mhóir
& dh'ól agus dh'imirt, mar dheánfadh mo dhaoiní romham.
Bhain tart ar a bhealach domh & shuidhe mé sios dh'ól,
Ag Siúbhán Ní Dhaibhid a d'ól mé luach mo mbróg.

A Shiúbháin Ní Dhaibhid an miste leat mé bheith tinn,
Mo bhrón is mo mhilleadh, ma's miste liom tú a bheith ag guil,
Breointe & meilt ag bheith ag seinim ar thaobh do chinn
& cead bheith a n-arras go dtaraidh Síol Éabha chun cinn.

Tá bean agam-sa, agus caithfidh sí píopa chlár
& tá bean eile agam caithfidh sí snaoisín a fhághail
& tá 'n treas bean & caithfidh sí humoráil a fhághail
& mo léan géar ortha is dloiligh domh a n-úmrál a fhághail.

Is a chuach na finne ma d'imthigh tú uait an nead,
Siar go Thurusc in áit a gcomhnigheann na h-éanlaith seal
Girseach bheag bheaduidhe a bíos ag reathaidh ndiaidh na bhfear,
Scríobh chugam go tapaidh, ar chosmhail liom fein do mhac.

Chuirfinnse sgéala leis an teachtaire céadna arais,
Nach deárn mé an t-siocar a mbéadh agam nighean na mac.

Nach truagh le capall an iomaire amháin gan féar,
Nach truagh leat leanbh is gan bainne ag a mháithrín féin,
Nach truagh leat mise & mo ghrádh ag dhul ar sáile anonn,
Chóireachainn leabaidh & luighfinn gan léine leat.

Thiar in Urusc go deimhin tá grádh mo chroidhe,
Plannt an leinbh nach nar oileann mo phósadh léithe,
Beir scéala uaim aicí & innis gur phóg mé béal
& go dtabharfainn ceann eile dá ngeallfadh siad bólacht léithe.

Beir scéala uaim aicí & innis nach bpósaim í
& bíodh sin aicí & ach duine ar a chomhairle féin.

Saighdiúr singealta mé a d'imthigh as gabhadh an ríogh
& gan aon phighinn agam a bheirfinn ar chárta díghe
Bhuailfinn an droma & sheinnfinn ar chláirsighe chaoin
& ag an Churrach Chill-Dara a sgair mé le grádh mo chroidhe.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1243d1 (orthographic, English translation).

1. A widely-known song. Published versions include Muireadhach Méith, Amhráin Chúige Uladh 1, 1927, pp 18–19; see also new edition by Colm Ó Baoill, 1977, pp 42, 110–1 and 169. Two versions are given, one collected by Donn Piatt in Gabhla consisting of our verses 1,2,9,7 and the following verse:
      Gan bó gan gamhain 'mo leanbh gur fágadh mé,
      Cé is tréan mo charaid níor fhreagair mé riamh is mé infhéidhm;
      Gol síar a chois chladaigh damh is aigeantach árd mo léim
      Is béidh bean agam nó ceathrar más fearr liom é!
and a version from Ó Méith consisting of our verse 1, the Gabhla verse just given, our verse 2, the following verse:
      Cúradh air an chodladh is miste leat go mór nó'n leann
      Gaoth mhór agus fearthainn 'ga mo thiomaint ó thonn go tonn,
      I ndúil 's go mbéinn sa bhaile a bhfeil mo Mhollaidh inn,
      Och! Dia le m' anamh ó chaill mé mo chiall le mnáibh.
and completed with our verse 9, and two verses containing elements of our verses 7 and 8.
These versions were earlier published in An tUltach 1:11 p 16 (Gabhla) and 2:4 p 3 (Ó Méith).

2. Énrí Ó Muirgheasa, Dhá Chéad de Cheoltaí Uladh, 1934, pp 53–4. Four verses only, from a mixture of oral (Donegal), manuscript, and published sources. It includes our verse 9.

3. Seosamh Laoide, Duanaire no Midhe, 1914, pp 36–7. Nine verses, from a mixture of oral (Meath) and manuscript sources. It includes our verses 2 (with Iorras replaced by Ifrionn!),9,7,8. Interesingly, my copy of Duanaire na Midhe has the name "Ní Dhuibhir" hand-corrected to "Nic Uidhir", apparently by the author himself; I am inclined to think this may be historically more correct, and several other editors have followed it.

4. Pádraig Mac Seáin, Ceolta Theilinn, 1973, pp 24–5. Consists of this verse:
      A Shiubháin Nic Uidhir, 's tú bun agus bárr mo scéil.
      Ar mhná na cruinne go dtug sise 'n báire léi;
      Le gile, le finne, le maise 's le dhá dtrian scéimh,
      'S nach mise 'n truagh Mhuire bheith scaradh amárach léi.
followed by our verses 1,2,7,8,9.

5. Eibhlín Mhic Choisdealbha, Amhráin Mhuighe Seóla, 1923, pp 124–5, words apparently taken from Norma Borthwick (ed.), Ceól-Sídhe, 1905–6. Six verses, corresponding to our 1,2, the verse quoted in note 4 above, our 9,7,8.

6. Our verse 4 is found in several places, eg. Pádraig O Baoighill, Amhráin Hiúdaí Fheilimí, 2001, pp 19–21 @ 20: "An Buachaillín Bán". And also, from Co Derry, in Aodh Ó Canainn, Teacht den tSliabh Tráthnóna, 2006, p 197.

7. Our verse 9 is the opening verse of "An saighdiúirín singil", in Donnchadh Ó Floinn, "Béaloideas ó Chléire II", Béaloideas 11 (1941) pp 3–77 @ p 54.


LA1243.2
Teideal: Song: Dá muirbhfinn an riabhach

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Ós dá muirbhinn a' riabhach 's dá n-íosfainn an fheoil,
Dá ndíolainn a craiceann 'gus sin uilig 'ól,
Dá gcaithinn mo bhríste sa teinidh 'siad a dhóghadh,
Caidé sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Tá'n foghmhar i mbliadhna gabháil ionn aghaidh na mban óg,
Chan na fir atá dá n-iarraidh ach iad aig gabháil leo,
Cé gur ciúin céillidhe a shiubhailfidh siad an ród,
Ní phósfar aon bhean i mbliadhna gan an riabhach 's a' crón.

Ó, splóid air a' riabhach is spréadhadh air a' chrón,
'S gan aon fhear á n-iarraidh fagháil spré leo mar is cóir,
Milleadh na bliadhna sé dubhairt a teacht dhóigh
Cé fágfadh-sa i n-Éirinn ach a' riabhach 's a' crón.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh Shéamuis Uí Néill.

An Riabhach.

A muirbhfinn an Riabhach & dá n-íosfainn an fheól,
Dá ndíolfann an craiceann & sin uilig a ól.
Dá gcaithfinn mo bhríste san teinidh is a dhóghadh,
Goidé sin do'n té sin nach mbaineann sé dó.

Tá foghmhar na bliadhna ag dhul in éadan na mban óg.
Ní h-iad na fir atá a n-iarraidh ach iad ag dhul leo.
Cé acu ciún céilidhe siubhlaidh siad a' ród,
Ní phósfar aon bhean i mbliadhna gan an raibhach is a chrón.

'S plóid ar an riabhach & cnéadh ar a chrón,
& ar an amfhear a n-iarraidh bó agus spré le mnaoi óg.
I ndeireadh na bliadhna agus i dtús an tsneachta mhóir,
Cé fágfadh san éireóig ach an riabhach agus an chrón.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1243d2 (orthographic, English translation).

1. A well-known song, usually under the title "Caidé sin don té sin?" Published versions include Muireadhach Méith, Amhráin Chúige Uladh 2, 1937, pp 68–9; see also new edition by Colm Ó Baoill, 1977, pp 98–9, 163, 187–8. This is from Rann na Fearsaide, is entitled "Foghmhar na Bliadhna", and contains six verses, including our verses 2,3,1 followed by three others. Published earlier in An tUltach 6:4 (1929) p 7 and 6:5 (1929) p 3.

2. Seaghán 'ac Meanman, Árd-Léightheoir Gaedhilge 1, c1937, pp 11–12. There are six verses, but only the first of our verses is among them.

3. Énrí Ó Muirgheasa, Dhá Chéad de Cheoltaí Uladh, 1934, pp 147–8. Two verses, from Termon, corresponding to our verses 2 and (roughly) 3.

4. Breifne 3:11 (1968) p 309 (Leitrim)

5. "Goidé sin don té sin", written down by Seamus Ennis from Sighle Mhicí Ní Ghallchobhair, Machaire Loisgthe, has verse "Dá muirbhinn an riabhach" (CBÉ MS1282.292)


Ciarán Ó Duibhín
2013/03/21
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite