Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Máire Nic Daeid (1864–1938), Fourth Corgary, Aghyaran, Strabane, Co Tyrone
Eolas ar an chainnteoir.


Máire Nic Daeid.


LA1281.1
Teideal: Episode from her early life

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Nuair 'bhí mise 'mo ghiorsach, cha rabh 'n dadaí agam ach Gaedhilg, agus m'athair agus mo mháthair. Char labhair siad aon dadaí ach Gaedhilg. Agus chuir siad 'na scoile mé nuair a bhí mé cúig bliadhna, agus bhí na scoláirí uilig ag gáiridhe orm agus a' mogadh orm. Cha rabh aon dadaí agam ach Gaedhilg. Agus thúsaigh mé annsin agus hoghluim mé Béarla.

Agus bhí lá amáin agus sílim nach rachainn 'na scoile 'r chor ar bith. Agus chuaidh mé soir sa phlanntáil agus shuidh mé annsin go tráthnóna, go rabh na páistí eile — chuaidh mé 'mach ar a' bhealach mhór i ndiaidh na páistí eile, 'gabháil 'na' bhaile.

Agus shiubhail mé leobhtha go rabh mé i bhfogus don bhaile, agus bhí mo athair, bhí sé 'baint phreataí ag an bhealach mhór. Agus d'innis siad dó nach dteachaidh mise 'na scoile ar chor ar bith. Agus char dhubhairt sé aon dadaí a' t-am sin, go dtáinig sé isteach.

Agus tháinig sé isteach tráthnóna, chuaidh sé amach agus ghearr sé slat, agus tháinig sé isteach annsin, agus ghearr sé mo luirgneacha agus mo chosa leis a' tslat. Agus bhí an fuil ag gabháil síos mo luirgneacha. Agus chuir mo mháthair mé a luighe, chuir sí mé a luigh', agus chuaidh mé — i lár na h-oidhch' thúsaigh mé 'bhrionglóidigh.

Agus bhí mé 'caoineadh, agus — bhí mé 'caoineadh 'rith na h-oidhche [bhfuil 'fhos agat]. Agus d'éirigh siad annsin, agus chuir siad 'n t-uisce coisricth' orm, agus chuir siad a luigh' aríst mé. Agus char mhoithigh mé 'n dadaí nios mó go dtí maidin.

Sin a bhfuil mé abálta — chan fhuil fhios agam aon dadaí nios mó... fá dtaobh de.

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh ...):

Nuair a bhí mé mo ghiorrsach bheag cha rabh dadaidh agam ach Gaedhilg agus ag m'athair agus ag ag mo mhathair. Nuair a bhí mé cúig bliadhna chuir siad 'na scoile mé. Bhíodh na páiste uilig a' gáiridhe orm agus a' deánamh mugadh díom. Thúsaigh mé annsin a foghluim Béarla, agus b'fhearr liom gan a dhul 'na scoile chor ar bith. Bhí maidean amháin agus shaoil mé go mbéidhinn mall agus chuaidh mé isteach sa phlanntáil, agus d'fhan mé annsin go dtí tráthnóna. Nuair a bhí na páistí eile a' dul 'na bhaile tháinig mé amach ar a' bhealach mhór aus shiubhail mé leobhtha go rabh mé i bhfogus do'n bhaile. Bhí m'athair a' baint préataí, agus d'innis na páistí dó nach deachaidh mé na sgoile chor ar bith. Char dhubhairt sé an dadaidh an uair sin. Nuair a tháinig sé isteach annsin chuaidh sé amach agus ghearr sé slat mhór agus thúsaigh sé agus bhuail sé mé fa na cosa agus fa na luirgneacha agus chuir mo mhathaira luighe mé. Thúsaigh mé a bhrionglóidigh i lár na h-oidhche agus shaoil mé go rabh duine eighinteacht mo thabhairt ar shiubhal. Bhí mé a' scairtigh agus a' caoineadh. D'éirigh mo mhathair agus m'athair agus chuir siad an t-uisge coisrictheá orm agus chuir siad a luighe arais mé agus sin a dtig liom a rádh. Níl cuimhne agam ar dhadaidh níos mó.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 41–2 (phonetic), 193–5 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, p 294 (orthographic, phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 220–2 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1281d1 (orthographic, English translation).

1. Breandán Mag Fhinn, "Voices from the past", Aghayaran 7, 1992, pp 5–7 at 7; orthographic version closely based on Wagner and Ó Baoill above, with an English translation added


LA1281.2
Teideal: A story of her father

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí m'athair air a' tSrath Bán, aig an aonach. Agus bhí sé a' marcuigheacht air chapall. Agus bhí sé a' teacht 'un a' bhaile i lár na h-oidhche, bhí cúigear fear 'tháinig amach as a' phortach, agus shiubhail siad ionn a dhiaidh 'feadh thrí mhíle. Agus tháinig sé 'steach, dtáinig sé 'steach dobhtha go Aonach na Deirge, cha rabh aon duine nach rabh siad — bhí siad uilig ionn a chodladh, agus shiubhail sé leis go dtáinig'na' bhaile. Cha dtig liom aon dadaí nios mó fá dtaobh de —

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh ...):

Bhí m'athair ar a' t-Srath Bán ar aonach uair amháin agus bhí sé a' marcuidheacht chapall ar a bhealach a teacht 'na' bhaile. Bhí planntáil a bealach a bhí sé a teacht 'na' bhaile. Tháinig cúigear fear amach as a phlanntáil, agus fuair sé ar shiubhal uatha agus nuair a tháinig sé isteach na Deirge bhí achan duine 'na chodladh, agus bhí an mhaidean ann nuair a tháinig sé 'na bhaile.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 41 (phonetic), 188–90 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, p 293 (orthographic, phonetic).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1281d2 (orthographic, English translation).

1. Compare Charles McGlinchey, The Last of the Name, 1986, p 105.


LA1281.3
Teideal: Numerals 1–30, 40

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Aon, dó, trí, ceathar, cúig, sé, seacht, ocht, naoi, deich, aon déag, dhá dhéag, trí déag, ceathar déag, cúig déag, sé déag, seacht déag, ocht déag, naoi déag, deich ndéag — fiche, aon is fiche, dó is fiche, trí is fiche, ceathar is fiche, cúig is fiche, sé is fiche, seacht is fiche, ocht is fiche, naoi is fiche, deich is fiche, daichead.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

None

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 50–1, 214 (phonetic).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1281d3 (orthographic, English translation).


Ciarán Ó Duibhín
2012/08/02
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite