Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Brighid Ní Chaslaigh (1860–1937), Drumulagh, Omeath, Co Louth
Eolas ar an chainnteoir.


Brighid Ní Chaslaigh.


LA1220.1
Teideal: An buachaill láidir
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Seo scéala air a' buachaill láidir. Chuaidh sé 'un, bhí sé bocht agus chuaidh sé 'un a' margadh 'un a fhostódh a dheánamh. Agus d'fhostuigh sé le fear uasal, go dtiocfadh leis gach uile sheort obair a dheánamh. Agus fuair sé tuarastal maith. Chuir sé ionns a' bargain go, duine air bith a bhéadh corruighe ortha chéad uair, go gcaithfead siad trí ciceannú a fhagháil.

Thug a' maighistir abhaile é agus chuir sé amach a' treabhadh é le dhá ghearrán. Agus chaithfead sé a treabhadh oiread's a rithfeadh a' madadh a bhí ann (a madadh féin?) thairis. Bhí sé a' treabhadh agus tháinig a' madadh aníos chuige, agus thóg sé maide mór agus marbh sé an madadh. "Ó, goidé sin a rinne tú?" arsa'n maighistir, "mharbh tú mo mhadadh." "A' bhfeil corruighe ort?" ars an buachaill. "Ó, chan fheil," ars an maighistir.

Bhí eagal a chroidhe air a' maighistir roime leis a' buachaill. Agus d'imthigh sé air shiubhal chuige Cailleach na gCearc. Agus d'ársuigh sé an scéal daoithe. Arsa Cailleach na gCearc, "Tá ciorrú uisge ort, agus teána tobar maith thíos ionns a' pháirc, agus nuair a bhéas sé thíos ionns a' tobar, cruinnigh scaifte fir agus tlig gach uile rud síos air, torpannaí, clay, clocha is gach uile rud. Agus béidh tú réidh leis.

Rinne sé sin, agus bhí an buachaill thíos ionns a' tobar, nach dtiocfadh leat a' greim dae a fheiceáil ach rud beag dae. Agus thlig, chruinnigh sé na fir agus thlig siad na clocha, clay, is gach uile rud síos air. Agus thlig seisean gach uile rud aníos, a bhí siad a' tligint síos, agus mharbh sé na fir uilig above. Tháinig sé aníos. "Ó," adeir sé, "goidé seo?" "Ó, thusa a rinne sin," ars an maighistir. "A' bhfeil corruighe ort?" adeir sé leis a' maighistir. "Chan fheil," ars an maighistir.

D'imthigh sé air shiubhal aríst chuige Cailleach na gCearc. Agus d'ársuigh sé an scéal do Chailleach na gCearc. "Ca fhad a bhéidh sé fostuighste agat?" "Ó, go dtí go dtiocfaidh an cuach," adeir a' maighistir. "Ó, is fada go dtí sin go seadh", adeir sí. "Ar ndóigh tá crann mór os coinne an dorais, agus cuir do sheanbhean - mháthair - amach ionns a' chrann, agus dheánfaidh sí cuach duit."

A' lá thar na bhárach, maidín go moch, thug sé an tseanbhean amach agus chuir sé isteach thuas ionns a' chrann í. Agus tháinig a' buachaill amach agus chualaidh sé an cuach. "Ó, sin a' cuach," ars an maighistir, "tá sí moch i mbliadhna," adeir sé. "Caithfidh mé a fheiceáilt a' bhfeil sgiathán uirthí, nó cé'n bealach a rachaidh sí amach as a' chrann." Agus thóg sé cloch mór agus thlig sé suas ionns a' chrann é. Agus leag sé an tseanbhean marbh anuas.

"Ó, goidé sin a rinne tú?" ars an maighistir, "mharbh tú mo mháthair." "A' bhfeil corruighe ort?" ars an buachaill. "Ó tá," ars an maighistir, "agus corruighe mór." "Bheul, caithfidh mise trí ciceannú a fhagháil ort." Agus a' chéad chic a thug sé dó, chuir sé amach suas ionns an aer é, nach bhfeicfeá ach rud beag dae. A' dara cic a thug sé dó, cha bhfeicfeá ach rud beag buidheach dae. Agus a' tríomhadh ciceann a thug sé dó, chuaidh sé suas ionns an aer, agus cha dtáinig sé anuas beó nó marbh.

Sin an scéal air a' buachaill láidir.

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh Mhicheáil Uí Bhriain):

Seo sgéala ar a buachaill láidir. Bhí sé bocht agus fuaidh sé un a margaidh un fastódh a dheánamh. D'fhostuigh sé le fear uasal agus fuair sé tuarastal maith. Chuir siad insan bárra, duine ar bith a bhéadh corruighe ortha an chéad uair go gcaithfeadh sé trí ciceanna a fhagháil.

Dubhairt an buachaill leis an maighistir go dtiocfadh leis gach seort obair a dheánamh. Thug sé amach ar maidín 'un treabhadh a dheánamh le dhá ghearrán, agus go gcaithfeadh sé oiread a threabhadh agus a rithfeadh a mada thairis. Agus thainic an mada aníos chuige an buachaill, agus thóg sé maide mór, agus mharbh sé an mada. Thainic an maighistir amach. "Ó," adeir sé, "ar mharbh tú mo mhada?" "Mharbh," ars an buachaill. "Bhfeil corruighe ort?" arsa'n buachaill. "Cha n'eil," arsan maighistir. Bhí eagla a chroidhe ar an maighistir roimhe leis an buachaill.

Agus d'imthigh an maighistir chuige cailín na gcearc. D'ársuigh sé an sgéal do chailín na gcearc. Arsa cailín na gcearc, adeir sí, "Tá ceithre uisge ort, agus cuir an buachaill 'un tobar a dheánamh síos insa talamh, cruinnigh sgabhta fir agus tligeadh siad clé agus torpannaí agus gach uile rud atá siad a tligint síos agus beidh tú réidh leis.

Chruinnigh sé na fir agus thlig siad na torpannaí agus an clé agus na clocha uilig go léir síos air, agus thlig seisean aníos iad agus mharbh sé na fir go léir. Thainic sé aníos, agus adeir sé, "Goidé seo?" "Thusa rinne sin," arsa'n maighistir. D'imthigh sé ag siubhal go cailín na gcearc arís agus d'ársuigh sé an sgéal dí. "Gá fhaid a bheidh sé fastuighste agat?" arsa cailín na gcearc. "Go dtiocfaidh an cuach." "Sin tamall maith go seadh. Nó tá crann maith thuas os coinne an dorais agat, agus cuir do shean-mháthair suas insan chrann agus deánfaidh sí cuach duit."

Rinne sé sin agus ar maidin fuair sé an seanbhean thuas insa chrann agus thainic an buachaill agus bhí sé ar a sráid. Arsan maighistir, "Sin an cuach, tá sí moch i mbliadhna." "Fan go bhfeicfidh mé an bhfuil sgaithán uirthi, nó goidé an bealach a rachadh sí as a chrann." Thóg sé cloch mór agus thlig sé suas insan chrann é agus leag sé an seanbhean anuas marbh.

"Ó goidé sin a rinne tú," arsa'n maighistir, "sin mo mháthair a mharbh tú." "Bhfeil corruighe ort?" arsan buachaill. "Tá corruighe orm agus corruighe mór orm," arsan maighistir. "Caithfidh mé na trí ciceanna a fhagháil ort." An chéad cic a thug sé dó cha nfheicfeá rud beag de thuas ins an aer, agus an dara cic a thug sé dó chan fheicfeá ach rud beag buidheach de. Na trí ciceanna a thug sé dó, fuaidh sé suas agus cha dtainic sé anuas beó ná marbh. Agus sin an sgéal ar an buachaill láidir.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 11–2 (phonetic), 83–9 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, pp 297–8 (orthographic, phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 258–63 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1220d1 (orthographic).

1. Séamus Ó Néill (S.M.), "Béaloideas Uladh", Irish Independent, 24/03/1932, p 4, from the present occasion. See also Nollaig Mac Congáil agus Ciarán Ó Duibhín, Glórtha ón tseanaimsir, 2009, pp 36–8.

Different (and usually more elaborate) versions of the "anger-bargain" theme are common. Among them may be mentioned:

2. Lorcán Ó Searcaigh, Lá de na Laethaibh (1983): the fifth story, "Seán na Luatha Buí", told by Micí Sheáin Néill Ó Baoill, Rann na Feirste, Co Donegal.

3. Seosamh Laoide, Cruach Chonaill, 1913: the first story, "Sgéal Sheagháin", told by Proinnsias Tomás, of Eadarghabhail, Loch Iasg, Co Donegal.

4. Béaloideas 2:2, 1929, 148-154, from Inishowen;
    Béaloideas 6:1, 1936, 44-7, in English, from Ray;
    Béaloideas 7:2, 1937, 163-7, from Dúthaigh Sheoigheach;
    Béaloideas 10, 1941, 178-80, from Royal Hibernian Tales.

5. Éamonn Ó Tuathail, "Seanchas Ghleann Ghaibhle", Béaloideas 4, 1934, appendix — an chéad scéal.

Regarding overcoming and getting rid of someone by burying them in a well, compare Sgéalta Mhuintir Luinigh XI (Síomus Ó Luinín).


LA1221.1
Teideal: Cearc ghoir
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí bean ann uair amháin agus bhí mac amháin aicí. Bhí na comharsannaí aig tabhairt amadáin air, agus bhéadh corruighe mór uirthí chionn go béadh siad a' tabhairt amadáin air.

A' lá seo, rinne sí réidh cearc Dé Domhnaigh don meadhon-lae. Agus rinne sí réidh 'un a dhul un an Aifhrinn. Dubhairt sí le Séamus, nuair a bhéadh a' pota a' goil, a' pota a mheasgadh. Tháinig sé isteach agus bhí sé a' measgadh an pota. Agus d'amharc sé isteach ann, thóg sé rud beag daen chearc amach as a' pota, agus chuir sé ionna béal é. "Tá sé sin milis," adeir sé. Agus thóg sé an cearc, a' dara h-uair, amach as a' pota, agus d'ith sé an cearc uilig go léir.

"Ó," adeir sé, "chan fheil fhios agam goidé tá mé a' gabháil a dheánamh anois," adeir sé, "chan fheil cearc fá'n toigh ach an ceann atá amuigh ar gor. Agus caithfidh mé an cearc sin a thabhairt isteach agus á chur ionns a' pota." Chuaidh sé amach agus thug sé an cearc a bhí amuigh air gor, agus chuir sé isteach ionns an pota í, cleiteach, cluimhneach, beo is a bhí sí. Agus choinnigh sé síos ionns a' pota í gur éag sí.

Chuaidh sé amach é féin, agus bhí sé a' cur goir ar na h-uigheacha. Tháinig a máthair abhaile agus bhí sí a' scairtigh air Séamus, agus rinn sé (fr)eagar uirthí amuigh air a' neid, agus seo a' rud a dubhairt sé: "Tic, tic, tic, a mháthair, " adeir sé, "tá mé a' cur goir air an h-uigheacha." "Ó, chan iongantas", adeir sí, "go bhfeil na comharsannaí a' tabhairt amadáin ort. Amadán maith atá ionnat anois nuair atá tú a' cur goir air na h-uighe."

Sin an sgéal.

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh Mhicheáil Uí Bhriain):

Seo sgéal ar an chearc a bhí ar ghor. Bhí bean ann agus bhí mac amháin aici. Bhíodh corruighe mór uirthi cionn go mbíodh siad ag tabhairt amadáin air.

Bhí an Domhnach ag teacht agus mharbh sí cearc don meadhon lae Dé Domhnaigh, agus chuir sí insa phota í, agus chóirigh sí í féin ag dul un a tséipéil, agus dubhairt sí le Séamus an pota a mheasgadh, agus thóg 'se rud beag de'n chearc aníos ar a maide pota agus chuir sé 'na bhéal é. "Tá sin milis," adeir sé. Fuaidh sé suas arís ag an pota, agus thóg an chearc aníos agus d'ith sé an chearc uilig go léir.

"Ó, níl cearc bho'n toigh acht an chearc atá amuigh ar ghor, is fearr damh an chearc a thabhairt isteach agus a chur san phota." Agus thug sé an chearc isteach, agus chuir sé isteach san phota í, cleiteacha agus cluimhneacha agus beó is a bhí sí, agus chongbhuigh síos ins an phota í le maide pota gur éag sí.

"'S fearr damh ghol amach agus gor a chur ar na h-uibheacha mé féin." Agus chuaidh 'se amach ag cur gor ar na h-uibheacha. Tháinig an máthair abhaile agus bhí sí ag sgairtigh ar Séamus agus rinne sé (fr)eagar uirthi amuig ar an nead. Seo a' rud a dubhairt sé: "Gic, gic, gic, a mháthair," adeir sé, "tá mé ag cur gor ar na h-uibheacha." "Ó, chan iongantas go bhfeil na comhursanaigh ag tabhairt amadáin ort. Amadán maith atá ionnat anois nuair atá tú ag cur goir ar na h-uibheacha."

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 13 (phonetic), 89–92 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, pp 298–9 (orthographic, phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 264–6 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1221d1 (orthographic, English translation).

1. Séamus Ó Néill (S.M.), "Béaloideas Uladh", Irish Independent, 24/03/1932, p 4, from the present occasion. See also Nollaig Mac Congáil agus Ciarán Ó Duibhín, Glórtha ón tseanaimsir, 2009, pp 39–40.

2. Muireadhach Méith, "I dTír na hÓige: Séamas an tAmadán", An tUltach 1:3, 1924, p 6. No speaker named, but probably ours. Slightly fuller version, grammatically adjusted, with different last sentence.

3. Cúchulainn, "Domhnall Amadán", An Claidheamh Soluis 2:41, 22/12/1900, p 643, is a slightly more elaborate version of the same theme, involving geese rather than hens and in which the mother's absence is to find her son a wife. The language indicates Munster.

4. Tyrone versions from Eoin Ó Cianáin of a rather longer story, very similar to that in note 3, can be found in Éamonn Ó Tuathail, Sgéalta Mhuintir Luinigh, 1933, no XXIV (Dônall Duifirlín, mac na baintrighe); and in S.M. Ó C (Séamus Ó Ceallaigh?), "Gaedhilg Chonndae Thír-Eoghain: Ag Iarraidh Mná", An tUltach 9:2, 3/1932, p 3, repeated in An tUltach 46:5, 5/1969, pp 16-17.

5. O'Sullivan Types 1218


LA1221.2
Teideal: Mac Dé agus Muire
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí Mac Dé agus Muire Bhaintiarna ionns a' tír seo, agus bhí siad aig imtheacht thart aig cruinniughadh a gcoda. Bhí an oidhche a' teacht ortha, agus chuaidh Muire Bhaintiarna suas chuig an toigh agus bhuail sí aig an doras. Tháinig bean a' toighe amach. "Goidé tá uad?" adeir sí. "Tá oidhche lóistín uam." "Ó, cha dtig liom duine air bith a choinneáilt, chan fheil farsainge agam," adeir sí. Tháinig a fear amach. "Ó, coinnigh an bhean bhocht, agus ná leig í féin agus a páiste amach ionns a' dorchas. Dheánfaidh mise leabaidh daí den cholg atá amuigh ionns a' sgioból." Agus fuaidh sé amach agus thug sé an colg isteach a bhí ionns a' sgioból, agus rinne sé leabaidh don bhean bhocht ionns a' coirneál.

Ionns a', tuairim 's a dá bhuille dhéag, mhuscaileadh suas an fear a' toighe, agus bhí pian mór ionn a bholg. Agus tháinig a' bean aníos 'un na cistinighe. "Goidé tá contráilte?" arsa Muire Bhaintiarna. "Ó, tá go leor," adeir sí, "tá m'fhear iongantach olc." Agus adeir sí leise Mac Dé, "Goidé an leigheas a bhéarfas tú dó?" "Ó, fear mhín agus bean bhorb, agus Mac Dé ionna luighe sa cholg. Tabhair sláma daen cholg agus cuimil dá bholg é, agus béidh sé slán."

Sin a' sgéal.

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh Mhicheáil Uí Bhriain):

Bhí siad san tír seo ag gabháil thart ag cruinniughadh a gcoda. Bhí an oidhche ag teacht agus fuaidh Muire an Tiarna suas chuig an toigh agus bhuail sí ag an doras. Thainic an bhean an toighe amach. "Goidé tá uaid?" adeir sí. "Tá oidhche lóisdín uaim," adeir sí. "Chan fheil fairsinge agam duid." Thainic an fear amach. "Ó," deir sé, "ná cuir an bean bhocht agus a páiste ag siubhal ins an dorchadas. Deánfaidh mise leabaidh dí de'n chalamh atá amuigh san sgiobóil," aus thug sé an calamh isteach agus rinne sé leabaidh maith dí insa choirneál agus fuaidh siad a chodladh.

Dá bhuille dhéag san oidhche mhusgail sé suas le pian mhór ina bholg. Thainic an bean aníos. "Goidé tá contráilte?" arsa Muire an Tiarna. "Tá go leor, tá m'fhear iongantach olc." Agus Muire an Tiarna, labhair sí leis an pháiste, "Goidé an leigheas a bhéarfaidh tú don fhear seo?" "Fear mhín agus bean bhorb, agus Mac Dé na luighe sa chalamh. Tabhair slámán den chalamh agus cumail da bholg é agus béidh sé slán." Chumail sé do'n bholg é agus bhí sé slán.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 13–4 (phonetic), 92–4 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, pp 299 (orthographic, phonetic).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1221d2 (orthographic).

1. Tyrone version on these records, LA1212, which see.

2. Béaloideas 11 (1941) p 114, from Inishowen. Very similar.

3. Pádraig Mac Con Midhe, "Gaeilge Cho. Ard Mhacha, 2", An tUltach 42:8 (8/1965) 6 has the last two sentences of the record, from Mairéad Uí Cheallaigh.

4. A letter from Colm Ó Baoill, An tUltach 42:9 (9/1965) 10, in response to Mac Con Midhe's article, contains a transcription of the record, and a list of versions of the story.

5. Énrí Ó Muirgheasa, Seanfhocla Uladh (1931) p 105, no 1078n: a Farney version. The dispositions of the man and woman are reversed: "bean mhín agus fear borb, agus Mac Dé 'na luighe 'sa' chúlóig." The word "barrach" is used instead of "cúlóg" in the accompanying story.

6. Connacht versions include: Béaloideas 5:2 (1935) 247, from Cois Fhairrge; and Béaloideas 10 (1941) 14, from Iorras Aithneach. Both of these have "bean chaoin agus fear borb"; the former has "barrach" instead of "colg".

7. Munster versions include: Béaloideas 6:2 (1936) 240, from Sliabh gCua.

8. Transactions of the Gaelic Society of Inverness 8 () p 124 (Scotland).


LA1222.1
Teideal: Ceann gamhna
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Seo sgéal air a' cionn gamhna. Bhí bean ann uair amháin agus bhí trí páistí aici féin agus fear. Agus d'imthigh sí 'un a' margadh agus cheannugh sí cionn gamhna do'n meadhon-lae Dé Domhnaigh. Rinne sí réidh trí duimpliní beaga agus dhá duimpliní móra, agus rinne sí réidh Dé Domhnaigh agus chuir sí, chuir sí an cionn gamhna isteach ionns a' pota. Dubhairt sí leise Séamus, nuair a bhéadh an pota a' goil, na duimpliní a chur isteach ionns a' pota. Agus chuir sé na duimpliní isteach ionns a' pota, nuair a bhí an pota a' goil, d'amharc sé isteach ionns a' pota. "Ó, dar sléibh," adeir sé, "béidh na duimpliní uilig go léir ithte aige cionn a' ghamhna, agus cionn mo Dhadaí a' chéad cionn a bhéas ithte aige. Is fhearr damh a ghabháil 'un a' tseipeil agus a ársuighe do mo mháthair." Agus d'imthigh sé 'un a' tseipeil agus bhéic sé isteach agus an Aifhreann aig gabháil air aghaidh: "Á, mur' dtiocfaidh tú abhaile i n-am," adeir sé, "béidh na duimpliní uilig go léir ithte aige cionn a' ghamhna agus béidh cionn mo Dhadaí a' chéad cionn a bhéas ithte aige." Sin an sgéal air cionn a' ghamhna.

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh Shéamuis Uí Néill):

Bhí bean ann aon uair amháin agus bhí trí páistí aichi féin agus (a) fear agus bhí an Domhnach ag teacht agus fuaidh sí na margadh agus fuair sí cinn gamhna do'n mheadhon lae Dé Domhnaigh. Rinn sí réidh trí dumplannaí beaga agus dá dumplannaí móra, agus cóirigh sí í féin le dhul un an t- seipéil, agus dubhairt sí le Séamus a gcur ins an phota nuair a bhéadh sé ag goil. Agus chuir sé na dumplannaí isteach ins an phota, nuair a bhí sé ag goil. D'amharc sé isteach san phota agus bhí an cinn gamhna ag dhul thart i ndiaidh na dumplannaí. "Dar sléibh, béidh an dumplannaí uilig go léir ithte age cinn na gamhna agus cinn mo Dheaide an chéad cinn a bhéas ithte aige. Is fearr damh dhul 'un an t-seipéil agus a ársuigh do mo mháthair." Agus fuaidh sé 'un an tseipéil agus bhéich sé isteach agus an Ai(f)reann ag dhul ar aghaidh: "A mbadh dtiocfaidh tú abhaile in am béidh na dumplannaí uilig go léir ithte aige cinn na gamhna agus cinn mo dheáide an chéad ceann a bhéas ithte aige." Sin an sgéal.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 14 (phonetic), 95–7 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, pp 300 (orthographic, phonetic).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1222d1 (orthographic, English translation).

1. Muireadhach Méith, "I dTír na hÓige: An Cionn Gamhna," An tUltach 1:5 () 6. Minor differences only, grammar adjusted, probably same speaker.

2. Ó Súilleabháin, Types 1320


LA1222.2
Teideal: Song: Pattern Oméith
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí mé 'mo shuidhe le taoibh le athair na ngrásta aig Pátrún Óméith,
Bhí sagairt, bhí fró-lí a's grásta Dé,
A' cráth' lámha ('s) hataí i n-áirde aige Pátrún Óméith.

Ó bhéinn-se mar ba ghnáth liom, go h-eagnaidhe is óg,
Bheirfinn buaim as na cláraí le eigsáird mo cheoil,
D'ársóchainn sgéal dibh le onóir 's le feidhm,
'Sé mur chéad míle fáilte chuige Pátrún Óméith.

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh Shéamuis Uí Néill):

Bhí mé 'mo shuidhe ag an taoibh le fhear na ngrásta aige Pattern Oméith,
Bhí fir uasal gan [gachan] áird 'na réim,
ag cráitheadh lamha 's hataí in áirde
aige Pattern Oméith.

A bhéinnse mar ba gnathach liom go h-aigeantaigh is óg,
bheirfinn buaidh as na clárthaí le eisáird mo cheóil,
D'ársuighinn sgéal daoibh le ónór is le fame,
sé chéad míle fáilte age Pattern Oméith.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 15 (phonetic), 97–9 (orthographic, English translation).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 268–9 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1222d2 (orthographic, English translation).

1. Lorcán Ua Muireadhaigh, Ceoltaí Óméith (1920) has the following version on page 7:

      Shuidhigh mé láimh le athair na ngrásta aige Pátrún Óméith,
      'San áitigh 'rabh sagairt a's bráithre as grásta Dé,
      Bhí fir uaisle as ga'n áird inn, a's fir áirriste le réim,
      Ag crathadh lámh 'sa hataí 'náirde aige Pátrún Oméith.

      Dha mbéinn-se mar ba ghnáth liom, bhéinn aignidh 's 'og,
      Bhainfinn fuaim a's an chláirsigh le h-árd-sgoith mo cheóil,
      Agus d'ársochainn scéul díbh le honóir as le féum,
      'Sé mur gcéud míle fáilte go Pátrún Oméith.

An almost identical version is given in Muireadhach Méith, "An Cáirdinéal Gaodhalach", An tUltach 1:11 (1924) 11.

The piece, described by Ua Muireadhaigh as "probably the last piece of native Oriel poetry," was composed by Neillidh Ní Anluain (Neillidh Pheadair Duibh) on the occasion of the first Feis Óméith in 1901, which was addressed by Cardinal Logue ("Athair na nGrásta").

2. Donn S Piatt, "Amhráin agus Amhránaithe Ó Méith 1925", An tUltach 47:8 (8/1970) 23-4, says the tune is "The Mountains of Mourne" and gives:

      Shuigh mé láimh le Athair na nGrásta aige Pátrún Ó Méith
      An áit a raibh sagairt agus bráithre is grásta Dé
      Bhí fir uaisle as gach aird ann 's fir áiriste le réim
      Ag craitheamh lámh 's a hataí in áirde ag Pátrún Ó Méith.

      Dá mbéinn-se mar ba ghnáth liom nuair bhíos aigeantach 's óg,
      Bhainfinn fuaim as an chláirsigh le hardscoth mo cheoil
      Is d'arsóchainn scéal daoibh le honóir is le feidhm
      'Sé bhur gcéad míle fáilte go Pátrún Ó Méith.

3. Pádraigín Ní Uallacháin, A Hidden Ulster, 2005, pp 309, 404. Our second verse is quoted on p 309, in a form almost the same as Piatt.

4. Gearóid Trimble, Glór Gaeilge Oirdheisceart Uladh>, 2009, pp 53, 102–5. Two verses, similar to those given by Ó Muireadhaigh.

5. A copy of this record was shown at Éigse Oirialla in Omeath in 1971 (see An tUltach 48:5 (5/1971) 18).


LA1222.3
Teideal: Uimhreacha 1–20
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


haon, dó, trí, cei(thi)r, cúig, sé, sea(ch)t, o(ch)t, naoi, deich, haon dhéag, dó dhéag, trí déag, cei(thi)r déag, cúig déag, sé déag, sea(ch)t déag, o(ch)t déag, naoi déag, agus fich.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 48, 214 (phonetic).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1222d3 (orthographic, English translation).


LA1222.4
Teideal: Laethe na seachtmhaine
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Dé Domhnaigh, Dé Luan, Dé Máirt, Déardaon, Dé hAoine, Dé Sa(tha)rna.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 47, 214 (phonetic).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1222d4 (orthographic, English translation).

1. The days of the week (Wednesday omitted).


Ciarán Ó Duibhín
2012/07/10
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite