Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Jane Nic Ruaidhrí (c1881–1962), Leckin, Gortacastle, Gortin, Co Tyrone
Eolas ar an chainnteoir.


LA1214.1
Teideal: Recitation: An sagart deas

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí baintreabhach ionns an áit seo, a's thóg sí triúr mac,
Dubhairt duine acu léithe, maidín amháin,
"Tá do chuid talamh ró-chaol aghainne triúr,
Tuitfidh sé air dhuine aghainn a dul i bhfad air siubhal,
Má bhíonn tusa sásta liom,
Tá mise sásta mé féin a bheith 'na shagart."
Bhí an bhaintreabhach bhocht comh sásta, leithéid a theacht ionn a chionn
"Dhéanfaidh mise mo dhícheallt 'un cuidiú leat."
Rinne siad réidh annsin é, chuaidh sé don choláiste
Nuair a bhí seacht mbliadhna thart annsin tháinig sé 'na mbaile
Arais na mbaile.
Bhí an chomharsain uilig 'lig luthgháireach
Tháinig na cailíní agus na buachaillí a dh'amharc air,
Beirt agus triúr aig dhul air aon iúl
A dh'amharc air a' tsagart dheas seo.
Bhí lady gallta ionns an áit seo, deir sí lena athair
"Rachaidh mise dh'amharc air a' tsagart dheas seo,
Fora deachaidh sé 'un na coláiste
Bhí sé air scoil i n-iúl liom,
Bhí mise agus eisean 'sa leabhar amháin."
Chóirigh sí í féin suas ón léine amach
Go rabh sí comh cóiriste leis a' bhanrioghain.
Thug a athair órdú don fhear cóiste í thiomáint.
Nuair a tháinig siad 'uig an toigh bheag an tsagairt,
Bhí céad míle fáilte aige daoith',
Thug sé isteach ionns a' toigh bheag annsin í
An áit a thug siad ithe agus ól daoi.
Bhí cluadar fada acu araon.
Deir sí leis a' tsagart dheas seo
"Tá mise tabhairt comhairle ort-sa ionn am,
Resignáil thusa anois,
Resignáil thusa ionn am,
Tá saoghal bocht cruaidh aige sagart,
Nárbh fhearr dó pósta air lady eighinteacht,
Pós mé féin, glac mé féin mar sheasaim,
Tá fhios agat go bhfuil mo chrudh go mór,
Tá deich gcéad ionns a' bhliadhain agus dúithche ionn."
"Dá mbéadh fiche céad ionns a' bhliadhain ionn agus dhá dhúithche fóst'
Cha phósaim-sa lady go bráthach.
Glacfaidh mise leis a' saoghal bocht cruaidh seo atá agham."
Nuair a bhí sí eitiste 'mach, d'éirigh sé 'uig a cosa a dhul na mbaile.
D'iarr sí póg ná beirt air.
Dubhairt sé nach rach cead aige ladies a pógadh.
"Cé tá 'gabháil do stopadh anois?"
"Cha pógaim-sa lady go bráthach
Ach bhéarfaidh mise duit-se rud nas fheárr,
Bhéarfaidh mise duit-se mo sheacht míle mbeannacht."
D'imthigh sí 'na mbaile mar an ghaoth ann.
Ionna sé mhí ina dhiaidh sin, fuair sé litir, litir fhada uaithe.
Dubhairt sí ionns a' litir go gcaithfeadh fear í pósadh
Nach rabh sí go maith.
Maidin a thrial, rachadh sé go dtí do chroidhe,
Aig amharc air a dhreathar bheag 's a mháthair bhocht
A' bheirt ionns a' tsneachta, teacht cosnochtuighthe 'uig a' trial.
Nuair scairteadh air aghaidh a thrial,
Annsin deir na fir uaisle uilig
"Na nach bhfuil sé aig dhul a phósadh a' lady seo?
Goidé tá ionnat-sa ach mac mná boichte, atá bocht is mean,
Nár fhéad tú onóir mhór a shaoilsint a leithéid de lady fhagháil?"
"Cha dubhairt mé ariamh go bpósfainn í,
Cha pósaim í go bráthach,
Glacfaidh mise leis a' tsaoghal bhocht chruaidh seo atá agham."
"Muna bpósann tusa a' lady seo, bheirfidh mise duit le fios,
'Cionn seacht mblianna transportaim thú air siubhal as an áit,
An áit a bhéas tú transportáilte annsin b'fhéidir go bráthach."
"Dona go leór," ars an tsagart deas, "bhí rudaí comh dona le sin,
D'éag ár Slánuightheoir air a' chrois,
Chan air shon a chuid peacaidhthe féin a d'éag sé.
'N fhuil fiadhnaisí air bith agham-sa annseo inniu,
Scairtim air Dhia na Glóire
Taispeáint do mo chása-sa daoibh-se uilig go glan."
Labhair a' sagart arís agus deir sé "'N fhuil fiadhnaisí" -
Cha rabh na focla labhairtiste i bhfad
Nuair a tháinig fear a' marcaidheacht mar an ghaoth.
"Scairtidh air aghaidh a' trial seo arís, cha rabh mise annseo ionn am.
Mise athair a' pháiste in áit a' sagart deas.
Ársóchaidh mise díbh-se bho a thug sí domh-sa deich gcéad punnta.
Gheall sí deich gcéad eile domh ach gan trácht air
Ach a fear a dheánamh den tsagart deas."
Labhair a' sagart arís agus deir sé lena mháthair
"Release-áil Dia do pháiste, thaispeáin sé an cás go glan,
Tá an ruffian gaibhte guilty 's a' sagart deas seo free.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh Éamoinn Uí Thuathail, rud beag curtha leis i láimh Shéamuis Uí Néill.

Bhí baintreabhach ionns an áit seo
Thóg sí triúr mac
Deir duine acu léithe maidin amháin
"Tá do chuid talamh ró-chaol do'n triúr
Tuitfe sé ar dhuine aghainn a dhul i bhfad ar siubhal.
Má bhíonn tusa sásta liom,
Tá mise sásta mé féin a bheith na shagart."
Bhí an bhaintreabhach bhocht so sásta
A leithéid a theacht in a chionn,
"Gheanfaidh mise mo dhicheallt 'un cuidiú leat."
Rinn siad réidh é; chuir siad 'un coláiste é.
Nuair a bhí sé ocht mblianna thart annsin
Thainic sé ar ais 'na mbaile
Bhí an chomharsain uilig 'lig luthghaireach.
Thainic na cailíní 'sna buachaillí a dh'amharc air,
Beirt agus triúr ag dhul ar a'n iúl
Ag amharc ar an tsagart dheas so.
Bhí lady gállta ins an áit so.
Deir sí le n'athair,
"Rachaidh mise a dh'amharc ar a' tsagart dheas so,
Fara deachaidh sé 'n a' coláiste
Bhí sé ar sgoil ar a'n iúl liom;
Bhí mise agus eisean sa leabhar amháin."
Chóirigh sí í féin suas ina léine amach,
Go rabh sí co cóiriste leis a' bhanríoghain.
Thug a (h)athair órdú don fhear cóiste í thiomailt.
Nuair thainic sí 'uige toigh bheag a' tsagairt
Bhí céad míle fáilte aige duí.
Thug sé isteach ins an toigh bheag annsin í,
An áit a thug sé ithe agus ól duí.
Bhí cluadar fada acu araon.
Deir sí leis an tsagart deas so:
"Tá mise a' tabhairt comhairle ort-sa in am.
Resignáil as anois, resignáil as in am,
Tá saoghal bocht cruaidh aige sagart.
Nar bh'fheárr dó pósta ar lady inteach?
Glac mé féin mar sh(e)asaim.
Tá fhios agat go bhfuil mo chrodh co mór.
Tá deich gcéad insa bhliain agham agus dúthaigh agham."
"Dá meadh fiche céad insa bhliain aghad
Agus dhá dhúthaigh fost cha phosaim-sa lady go bráthach.
Glacfa mise leis a' saoghal bocht cruaidh so tá agham."
Nuair a bhí sí eitiste amach,
D'éirigh sí a eige cosa ag dul na mbaile.
D'iarr sí póg no beirt air.
Dubhairt sé nach rabh cead aige ladies a phógadh.
"Cé tá ionn 'un do stopadh?"
"Cha phógaim-sa lady go bráthach,
Ach bhearfa mise duid-se rud nas fheárr,
Bhearfa mé duit-sa mo sheacht míle mbeannacht."
D'imigh sí na mbaile mar (bhe)adh an ghaoth ionn.
Ina sé mhí 'na dhéidh sin
Fuair sé litir, litir fhada uaithe.
Dubhairt sí insa litir go gcaithfead sé í phósadh,
Na' robh sí go maith.
Maidin a thrial rachadh sé go dtí do chroidhe
Ag amharc ar a' mháthair bhocht agus a dhreáir beag a' teacht
Cosnochtaí insa tsneachta huig a thrial.
Nuair sgairteadh ar aghaidh a thrial annsin,
Deir na fir uaisle leis, "Na na' bhfuil tu ag dul a phósadh a' lady seo?"
"Goidé tá ionnat-sa ach mac mná boichte atá bocht agus mean
Nach bhféadfá onóir mhór a shaoilstint
A leithéid 'e lady fháil."
"Char (dh)úirt mé ariamh go bhpósfainn í,
Cha phósaim í go bráth,
Glacfa mise leis a' tsaoghal bhocht chruaidh so atá agham."
"Ó nach bpósann tusa an lady seo
Bhearfa mise duid-se fios:
Go cionn seacht mblianna transportalacha mé thú
Ar siubhal as an áit, an áit a bhéas tú annsin b'fhéatar go bráth."
"Dona go leór," arsan sagart deas.
"Bhí rudaí co dona le sin.
D'éag ar Slánuitheoir ar a' chrois.
Chan ar shon a chuid peacaigh féin a d'éag sé.
Níl fiadhnaise ar bith agham-sa annseo inniú.
Sgairtim ar Dhia na Glóire.
Taisbainfeacha mé mo chása duibh-se uilig go glan."
Cha robh na focla seo labhairtiste i bhfad
Nuair thainic fear a' marcuíeacht mar an ghaoth.
"Sgairt ar aghaidh a' trial seo aríst.
Cha rabh mise annseo i n-am.
Mise athair a' pháiste i n-áit a' sagart deas.
Thug sí deich gcéad damh-sa as gheall sí deich gcéad eile damh
Ach gan trácht air, ach a fear a dheanamh don tsagart deas."
Labhair a' sagart seo aríst agus deir sé le na mháthair
"Release-áil Dia do pháiste, thaisbeain sé an cás go glan."
Tá an rofian goibhte guilty a's a' sagart deas so free.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 26–8 (phonetic), 141–8 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1214d1 (orthographic, English translation).

1. Éamonn Ó Tuathail, Sgealta Mhuintir Luinigh, 1933, no LIII, from the present speaker, less than a month before the making of the record.

2. Gerard Stockman and Heinrich Wagner, "Contributions to a study of Tyrone Irish", Lochlann 3, 1965, pp 43–236, at 220–5, from the present speaker.

3. Séamus Ó Néill (S.M.), "An Sagart Deas", Irish Independent, 07/04/1932, p 4, from the present occasion. See also Nollaig Mac Congáil agus Ciarán Ó Duibhín, Glórtha ón tseanaimsir, 2009, pp 45–7.

4. Seán Ó Baoill, "An Sagart Deas", An tUltach 43:2, 2/1966, pp 8&13. Gives music and some of the words of a ballad in English, "Father Tom O'Neill", which relates the same story.
    Another tune, entitled "Father Tom O'Neill", and strongly resembling "The Homes of Donegal", is given in the Journal of the Irish Folksong Society 11, 1912, p 18.
    A version of the words of "Father Tom O'Neill" taken down by Seamus Ennis from Andrew Brady, Aughkilmore, Co Cavan is found in CBÉ MS1282.452–3 & 499–502.

5. Proinsias Ó Conluain for Radio Éireann: sound recordings of three sections of this piece, from the present speaker in 1951:
      track 14a (ex acetate 3740b), from start to "Chan ar shon a chuid peacaidhthe féin a d'éag sé";
      track 14b (ex acetate 3740b), from start to "Dubhairt sé nach rabh cead aige ladies a phógadh";
      track 13b (ex acetate 3740a), from "'N fhuil fiadhnaise ar bith agam-sa annseo anois" to end.


LA1215.1
Teideal: Story: Bhí fear ina chomhnuidhe fá mhíle de Bhaile Átha Cliath

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Bhí fear ionna chomhnuidhe fá mhíle dae Bhaile Átha Cliath. Phlan sé i gcomhnuidhe plan a chur a ghabháil a' cuartughadh bean, ach diabhal duine a thiocfadh leis a fhagháil. Cha rabh ach bratógaí éadaigh air, bhí sé i bhfogus 'na chraiceann. Cha rabh ach bratógaí éadaigh air, ba truaigh an cás air fad. Bhí lán stocaí de ór aige. Cha rabh fhios acu i n-Éirinn goidé'n plan a chuirfeadh siad suas 'un an t-ór a fhagháil dae, an stocaí óir. Bhí fear comharsanach daena chuid féin, chuaidh sé isteach 'un a' bhaile mhór a' lá amháin 's chas sé air bhuachaill. Dubhairt sé leis, "Má ghníonn tusa an rud a iarrfaidh mise ort, gheobhaidh tú leith stocaí óir, gheobhaidh tú leith stocaí óir." "Dheánfaidh mise rud air bith duit." "Téigh 'un a' tsiopa sin 's ceannuigh culaith dheas chailín, 's cuir ort é is abair leis an fhear go bpósfaidh tú é tráthnóna i mbáireach." Rinne siad sin. Chas siad leis, a' darna tráthnóna, 'teacht isteach 'un a' bhaile mhór, go díreach air a shean-léim. "Seo cailín dhuit anois [le] pósadh." "Buidheachas do Dhia, sin rud atá mise a' cuartughadh le bliadhanta, diabhal duine a thiocfadh liom a fhagháil. Chan eil duine istigh, cailín ná bean istuigh i mBaile Átha Cliath, nach rachadh isteach ionn a' poll rat, scannróchainn iad... agus scannróchainn iad. "Well, gabhaigidh isteach annseo go bhfuighidh sibh braon le ól." Chuaidh siad isteach. Shuidh sé a chluadar leis a' chailín. D'fhiafruigh sí daoithe an bpósfadh sí é. "Pósfaidh mé tú." "Pósfaidh tú mé seachtmhain ó inniu?" "Dheánfaidh. Dheánfaidh." "Well, gheobhaidh tú lán a' stocaí dae ór má phósann tú mé." Well, chuaidh siad annsin... "má phósann tú mé seachtmhain ó inniu. "Pósfaidh mé thú am air bith mur' mbéadh ór air bith agat." "Bhfuil beinn aghat orm?" "Tá mé a' tuitim as mo chuid éadaigh uait. Rinn siad suas annsin go bpósfaí iad, well,.. seachtmhain ó inniu. Well... I have nothing here. Rinn siad suas annsin... well... "pósfaidh mé thú mur' mbéadh ór air bith aghat." Well,... I forgot.

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

"Pósfaidh mé thú seachtmhain ó inniu." Faigh an gort. "Agus an dtiocfaidh tusa agus do bhean 'na bainise?" "Tiocfaidh mise aig an oidhche. Tiocfaidh mise aig an oidhche." Cailín... tá an cailín... "Tá rud beag contráilte go seadh. Tá an cailín mór agus an leaba beag." "Deánamuid boul. Agus dé bhéas agat aig an bhainis?" "Béidh, leith bullóige. Rachamuid amach agus ceannóchaimid leith bullóige." Rinne siad sin. D'imthigh sé 'un a' mbaile. Tháinig sé arais an darna maidin agus a' cailín leis. Agus d'fhág sé annsin í. "Tá rud beag contráilte..." no. Thug sé an stocaí óir daoithe. "Tá rud beag contráilte go seadh. Char cheannuigh tú fáinne damh." "Toigh 'n diabhail, ceannam... tabhair cupla punnta domh agus racha mé amach." Chuaidh sé amach, agus cheannuigh sé an fáinne, agus nuair a tháinig sé arais, cha rabh haet aige ach leith na bullóige agus an fáinne, air shon bhean. Rinne sé goil na gcuach.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh Shéamuis Uí Néill, ach ainm G. Edy scríobhtha.

Fear a bhí 'na chomhnuidhe fa mhíle do Bhaile Átha Cliath. Bhí sé i gcomhnuidhe a' cuartughadh bean. Diabhal duine a thiocfadh leis a fhághail. Bhí lán stocaí óir aige...

Diabhal bean na cailín nach scarochadh se le heagla ortha uaidh isteach iona bpoll rat (???) dá dtiocfadh leóbhtha dhul ann. Bhí siad uilig unaisy goidé'n dóigh a gheobhadh siad stocaigh óir de. Bhí fear comharsanach aige a rinne plan. Fuaidh sé isteach 'na bhaile mhóir, chas ar bhuachaill. "Yes," dubhairt sé leis, "Má níeann tusa rud a iarrfaidh mise ort, gheobhaidh tú leath stocaigh óir. Téigh isteach chuig an t-siopa sin agus ceannuigh culaith cailín agus ársuigh dó go bpósfaidh tú é. Casfamuid air tráthnóna amáireach agus gheobhaidh tusa leath a stocaí óir." Chas siad air an darna tráthnóna ag teacht isteach go díreach ar a shean-léim. "Tá cailín agam-sa duit-se anois." "Buidheachas do Dhia, tá mise ag cuartughadh le bliantaí. Diabhal bean ná cailín i mBaile Átha Cliath a d'fhanfadh fad scáirte damh. Siubailigidh libh go bhfuighidh sibh braon le ól." Shuidh sé cluasar leis an chailín. D'fhiafruigh sé dí an bpósfadh sí é. Dubhairt sí go ndeánfadh. "Tá lán stocaí de ór agam, gheobhaidh tú é." "Pósfaidh mé thú mura mba ór ar bith agat." "Bhfuil bionn agat orm?" "Pósfaidh mé thú am ar bith. Pósfaidh mé seachtmhain ó inniu." Dubhairt an fear comharsanach leis, "ná bíodh mórán ag an bhainfhéis. Fágfaidh mise an cailín thuas ar maidin." Tháinig sé arais. "Tá rud beag eile contráilte. Tá an lioba ro bheag. Tá an cailín mór a lioba beag. Caithfidh tusa teacht tráthnóna imbárach agus a' lioba ficsáil." Tháinig sé agus d'fhiafruigh sé de goidé an dóigh a ficsáil sé é. Teann boul leat na leaptha sa bhaile. Dheánfaidh mé boul mór leath na leabtha. Goidé bhéas ann ag an bhainfheis. Téigh amach agus ceannuigh leith bulóige. Dtiocfaidh tusa 'na bainse? Tiocfaidh mise agus mo bhean ag an oidhche. Fágfaidh mise i bhfus ar maidin. D'imthigh sé 'na mbaile. Deir an cailín leis, "diabhal fáinne a cheannuigh tú damh." Thug sé an stocaí óir dí. "Tabhair punnta nó beirt damh go gceannuigh mise fáinne duid." Stepáil sé ar a cham (?) agus má tháinig eisean arais leis cha rabh hate aige, acht léith na bulóige agus a' fáinne ar son bean, agus chaoin sé bill na gcuach.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 28–9 (phonetic), 149–53 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, pp 291–2 (orthographic, phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 234–7 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1215d1 and http://doegen.ie/ga/LA_1215d2 (orthographic, English translation).


LA1215.3
Teideal: Uimhreacha 1-30

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Ceann amháin, dhá cheann, trí cinn, ceithre cinn, cúig cinn, sé cinn, seacht gcinn, ocht gcinn, naoi gcinn, deich gcinn, ceann déag, dhá cheann déag, trí cinn déag, ceithre cinn déag, cúig cinn déag, sé cinn déag, seacht gcinn déag, ocht gcinn déag, naoi gcinn déag, fiche ceann, ceann is fiche, dhá cheann is fiche, trí cinn is fiche, ceithre cinn is fiche, cúig cinn is fiche, sé cinn is fiche, seacht gcinn is fiche, ocht gcinn is fiche, naoi gcinn is fiche, deich gcinn is fiche... deich gcinn is fiche.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

None.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 49, 214 (phonetic).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1215d3 (orthographic, English translation).


LA1216.1
Teideal: Story: Tá mé na mháistir scoile

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Tá mé ina mhaighistir a' teacháil scoile i mBail' Áth' Cliath.
Tá mé a' teacháil ionn le fada.

Tá mé a' cúitéireacht le cailín, le cailín aig an bhóthar,
Cailín a bhfuil airgead aicí 's ór.

Tá sí cúitéireacht le beirt, le beirt ná triúr,
Tá eagla mhór orm-sa go mbéidh sí air siubhal.

Téighim-sa a dh'amharc uirthi trí heat ionns a' lá,
Saoilim mé féin go bhfuil sí 'na cailín bhreágh.

Dubhairt sí liom nach bpósfadh sí mé go bráthach,
Mur' bpósaim ise air maidín, air maidín roimh an lá.

Thug seo damh-sa cineál de fright,
A chuir mise chuig an tSagart straight,

Gháirigh sé liom, dubhairt sé go rabh mo scéal go breágh,
Go bpósfadh sé mise air maidín roimh an lá.

Nuair bhí mise pósta mí nó níos mó,
D'éirigh mo bhean-sa diabhaltaí slow,
Chan éirochadh sí 'mhaidín, ó mhaidín go meadhon lae,
Chaithfinn-se breakfast a thabhairt chuici air a' tray.
    Cha leig an eagal damh-sa a ndath air bith a rádh,
    Ach i gcomhnaidhe go rabh sí na bhean bhean bhreágh.

Teachaim sa scoil ó mhaidín go tráthnóna,
Nuair thigim 'na mbaile tá mo chroidhe lán dóláis.
Mo thoigh salach giobach, mo leaba gan cóiriughadh,
Babaí bocht sa chradle 's a mhamaí sweetheartáil fríd an tsráid.
A' guidhe le Dia i gcomhnaidhe, gan mise a choidhche theacht,
    Cha leig an eagal domh-sa a ndath air bith a rádh,
    Ach i gcomhnaidh go bhfuil sí 'na bhean bhean bhreágh.

Le mo chuid-se airgid a chóirigheann sí í féin suas,
Is domh-sa a thabhrann sí beagán de mheas,
    Cha leig an eagal domh-sa a ndath air bith a rádh,
    Ach i gcomhnaidhe go bhfuil sí 'na bhean bhean bhreágh.

Dá bhfeictheá mo bhean-sa air maidín Dé Domhnaigh,
Le boinéidí 's le ribíní 's le búclaí air a bróga,
Gúna bán de shíoda síos go béal a bróige,
'Sé fhiafruigheanns na baitsiléirí cá bhfuil sí siúd na comhnaidhe.
    Ach cha leig an eagal domh-sa a ndath air bith a rádh,
    Ach i gcomhnaidhe go bhfuil sí 'na bhean bhean bhreágh.

Téigheann mo bhean-sa 'un Aifreann air maidín Dé Domhnaigh,
Cha dtig sí 'na mbaile go tráthnóna Dé Luain.
Dá gcosnainn-se cúig phunnta, cúig phunnta ionns a' lá,
Chaithfinn mo bhean-sa i bhfad roimh an lá.
Phós mise an bhean seo mar gheall air a' tsaidhbhreas,
Rud fháganns mo chroidhe dólásach 's mo chraiceann bocht gan léine.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh Shéamuis Uí Néill, ach ainm G. Edy scríobhtha.

Táim 'mo mhaighistir teachail scoile im Baile Átha Cliath. Tá mé a' téacháil ann le fada. Tá mé ag courtireacht le cailín, ag an bhothar, cailín a bhfuil airgead aicí is ór. Tá sí courtireach le beirt na tri is tá eagla mhór orm-sa go mbéidh sí ar siubhal. Téidhim-sa a dh'amharc uirthí trí heat ina an lá. Sílim mé féin go bhfuil sí 'na cailín bhreágh. Dubhairt sí liom na bposfadh sí mé go bráth mar bposfainn ise ar maidin roimh an lá. Fuaidh mise ag an tsagart straight. Ghoirigh sé liom. Dubhairt sé go rabh mo sgéal go breágh go bpósfadh sé mé ar maidin roimh an lá. N'a bhí mise posta mí na' is mó, d'éirigh mo bhean sa diabhalty slow. Chan éirochadh sí mhaidin go meadhon lae. Caithinn-se bricfeast a thabhairt chuici ar an tray. Cha leig an eagal domh-sa dadaidh a rádh, i gcomhnuidhe go bhfuil sí 'na bhean bhean bhreágh. Teachaim scoil a mhaidin go tráthnóna, n'a thuigim 'na mbaile. Tá mo chroidhe lán dualais, mo thogh salach giobach mo leaba gan cóiriughadh; babaí beag sa' cradle is a mhamaí sweetheartail fríd a tsráid, ag guidhe le Dia i gcomhnuidhe gan mise chuaidh thart, ach cha leigint eagla (leigin a' t-eagla?) damhsa dadaidh a rádh i gcomhnuidhe go bhfuil sí 'na bhean bhean bhreágh. Le mo chuid airgid a chaireann sí 'n suas, damhsa a thugann sí began de feabhas acht a leigint eagal damhsa nadaidh (dadaidh) i gcomhnuidhe go bhfuil sí 'na bhean bhean bhreágh.

Dá bhfeicfeá mo bhean-sa ar maidin De Domhnaigh le buineid is le ruibíní búclaí ar a bróga, gúna bán de shíoda síos go béal a bróige, sé d'fiafranns na bacheleórthí cá bhfuil sí siúd 'na comhnuidhe. Na (seems to = nuair) a théidheann mo bhean san Aifreann ar maidin De Domhnaigh chá dtig sí 'na mbaile go tráthnóna De Luain. Dá guasnfainn-se cúig punnta in san lá chaithfin (Chaithfeadh??) mo bhean-sa i bhfad roimh an lá. Pós mise an bhean sa mar gheall ar an tsaidhbreas, an rud a fhaganns mo chroidhe dualasach (dólásach), mo chroiceann bocht gan leinidh.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 29–31 (phonetic), 153–7 (orthographic, English translation).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 238–41 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1216d1 (orthographic, English translation).

1. Gerard Stockman and Heinrich Wagner, "Contributions to a study of Tyrone Irish", Lochlann 3, 1965, pp 43–236, at 214–7, from the present speaker.

2. Proinsias Ó Conluain for Radio Éireann: sound recordings of four sections of this piece, from the present speaker in 1951:
    track 7a (ex acetate 3736): (sung)
      Dá bhfeicfeá mo Mháire ar maidin Dé Domhnaigh
      Le boineidí 's le ribíní 's le búclaí ar a bróga,
      Gúna bán de shíoda síos go béal a bróige,
      'S é fhiafruigheanns na baitsiléirí cá bhfuil sí siúd 'na comhnaidhe.
      Nuair téigheann mo bhean-sa 'un Aifrinn ar maidin Dé Domhnaigh
      Cha dtig sí 'na mbaile go tráthnóna Dé Luain.
      Phós mise 'n bhean seo mar gheall ar a' tsaidhbhreas,
      'Sé d'fháganns mo chroidhe dólásach 's mo chraiceann bocht gan léine.
      Dá gcosnainn-se cúig phunnta, cúig phunnta ins a' lá,
      Chaith sin mo bhean-sa i bhfad roimh an lá.
      Phós mise 'n bhean seo mar gheall ar a' tsaidhbhreas,
      'Sé d'fháganns mo chroidhe dólásach 's mo chraiceann bocht gan léine.
    "It's only a short wee rámas that, a short one."
    track 7b (ex acetate 3736), (sung) from start to "Mur' bpósaim ise ar maidín, ar maidín roimh an lá", then continues:
      Chuaidh mise chuig an t-sagart free,
      San am theas dubhairt sé go rabh mo scéal go breágh,
      Then from "Go bpósfadh sé mise ar maidin roimh an lá," to       "Babaí bocht sa chradle 's a mhamaí a' sweetheartail fríd ..."
    track 7f (ex acetate 3736), (sung), part of 7a above, slightly rearranged.
    track 16a (ex acetate 3742), (sung), from "Teachaim sa scoil ó mhaidín go tráthnóna" to next occurrence of "Ach i gcomhnaidh go bhfuil sí'na bhean bhean bhreá"; then:
      Phós mise an bhean seo mar gheall ar a' tsaidhbhreas,
      A d'fháganns mo chroidhe dólásach 's mé i gcomhnaidhe ann mo sealbhán.
      Phós mise an bhean seo mar gheall ar a' tsaidhbhreas,
      A d'fháganns mo chroidhe dólásach 's mo chraiceann bocht gan léine.

3. A query to mudcat.org in 2001 with the subject "Tyrone song", by a person identified only as "Conny", says:
      Has anyone any idea of the lyrics of a song containing the words "a bhean, bhean bhreá."?
      I heard my granmother singing this when I was a very young child but can only remember vague snatches.
      The above words occurred more than once.
( See here. )

4. Compare song recorded in Glenarriff in October ?1907 from Mrs McGarry (see Sorcha Nic Lochlainn's Ph.D. thesis, QUB 2011):

    Go fiafruighthe na bhuachaillí
    (Go mhimse) sí na gcomhnuidhe?

    D'fhág mo croidhe ar leaghthánach
    Mo chroiceann bhoct [sic] gan léine.

That song also has overlap with "An Ghiobóg" and with "Fuígfidh mise 'n baile seo".


LA1216.2
Teideal: Poem: Bhí fear ins an áit seo comh saidhbhir le Jew

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí fear ionns an áit seo comh saidhbhir le Jew,
Cha rabh eagla air roimh Dhia nó an diabhal,
Bhí deartháir bocht aige comh bocht leis a' deoir,
Cha dtabharfadh sé screabóg dae phreáta dó.
Thiocfadh sé dh'amharc air go minic.
"Téigh thusa 'un Aifrinn Dé Domhnaigh."
"Cha dtéighim-sa 'un Aifrinn nó teampaill,
'N fhuil eagla orm-sa roimh Dhia nó an diabhal,
Tá áirde cruach mhónadh dae ór agam."
Tháinig a' bás dá dh'iarraidh.
Tháinig a' dearthair bocht a dh'amharc air.
"Cuirigidh fios air a' tsagart."
"Cha gcuirim-se fios air a' tsagart.
Bhí mise aig an tsagart tá seacht mbliadhna ó shoin,
Dá ndeánainn-se an breitheamhnas aithrighe a chuir sé orm,
Cha deánfainn-se obair air bith ionns an áit.
Ach cuirigidh fios air a' doctúir.
Thaidhbhseochthar domh-sa go bhfuil an bás do mo dh'iarraidh."
Nuair a tháinig an doctúir,
Dubhairt sé nach ndeánfadh sé aon dadaí dó,
Go rabh an bás dá dh'iarraidh.
"Cé an bheirt sin aige do leaba?"
"Sin m'athair 's mo mháthair,
Tháinig na h-aifrinn as flaitheamhnas."
"Cuirigidh fios air a' tsagart."
Tháinig a' sagart annsin,
Chuir sé air siubhal na diabhail,
Na diabhail dhubha 'na slóighte
D'éag sé air lámha Rí na Glóire.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh Shéamuis Uí Néill, ach ainm Éamoinn Uí Thuathail scríobhtha.

Bhí fear insan áit seo comh saidhbhir le Jew. Cha rabh eagla air bha D(h)ia na bhan diabhal. Bhí áirde cruach mhónadh d'ór aige. Bhí drítheár bocht aige, comh bocht leis an deoir; cha dtabhairfeadh sé sgreabóg de phreáta dó. Thiocfadh sé a dh'amharc air go minic. "Téigh thusa 'un Aifrinn Dé Domhnaigh." "Chá dtéim-sa 'un Aifrinn ná 'un teampaill, níl eagla orm bha D(h)ia ná an diabhal." Ar deireadh tháinic an bás dá iarraidh. Thainic a dearbhráthair bocht a dh'amharc air. "Cuirigidh fios ar an t-sagart." "Cha chuirim-sa fios ar an t-sagart. Tá seacht mbliadhna ó shoin bhí mise ag an t-sagart. Dá ndeánfainn an breitheamhnas aithrighe a chuir sé orm cha deanfainn-se obair ar bith ins an áit."

"Cuirigidh fios ar a' dochtur." Nuair a thainic a dochtur, dubhairt sé go rabh an bás dá iarraidh. Nach dtiocfadh leis nadaí (dadaí) a dheánamh dó. "Cé 'n bheirt sin aige do leaba?" "Sin m'athair 's mo mháthair choinic mé Aifreann as flaitheamhnas." "Cuirigidh fios ar an t-sagart." Nuair a thainic an sagart, chuir sé ar siubhal na diabhail dhubha 'na slóighte. D'éag sé ar lámha Rí na Glóire.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 31 (phonetic), 158–60 (orthographic, English translation).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 242–5 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1216d2 (orthographic, English translation).

1. Gerard Stockman and Heinrich Wagner, "Contributions to a study of Tyrone Irish", Lochlann 3, 1965, pp 43–236, at 216–21, from the present speaker.

2. Proinsias Ó Conluain for Radio Éireann:
    track 13c (ex acetate 3740a): (sung) sound recording of the whole of this piece, from the present speaker in 1951, with some minor variations from the present version.


Ciarán Ó Duibhín
2012/07/21
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite