Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Éilis Ní Dhonnghaile (1857–1935), Labby, Draperstown, Co Derry
Eolas ar an chainnteoir.


LA1208.1
Teideal: Sgéal an Arbhair

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí Seaghán 'ac na Midhe lá amháin agus bhí sé a' baint arbhair. Agus Lá Fhéil' Micheáil a bhí ionns an lá, agus bhí sé gaothach, bhí gaoth árd ionn. Agus bhí an t-arbhar, na gráinneacha, shéid siad suas ionn a aghaidh. Agus sheasuigh sé suas, agus bhí an corrán ionn a lámh aige, agus ar seisean, "Séid, séid, Micheál na gaoithe. 'Sé do dhubhshlán an cochán a thabhairt leat!"

Ar a scríobhadh ón ath-innse (gan ainm ach i láimh Shéamuis Uí Néill):

Bhí Seán 'Ac Mídhe agus a dhrér bhaint arbhair agus lá fhéile Michil a bhí ann agus bhí sé iontach gaothach. Bhí gaoth ard ann agus bhí sé séideadh an ghráinne arbhair suas 'na aighthe agus sheasaigh sé suas agus bhí an corrán 'na láimh aige agus ar seisean "Séid, séid, Mial na Gaoithe, sé do dhubhshlán a' cocán a thabhairt leat."

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 17 (phonetic), 107–9 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, p 285 (orthographic, phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 336–7 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_12208d1 (orthographic, English translation).


LA1208.2
Teideal: Sgéal an Bhrocháin

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí Néillí na mbrístí am amháin agus bhí sé air lóiste aige Séamus Ó Ceallaigh. Agus bhí Séamus aig dhul air shiubhal lá amháin agus ar seisean le Néillí, "Teán an suipeár." Agus chuir Néillí pota mór air a' teinidh, agus rinn sé an suipeár. Agus nigh sé tobán mór agus chuir sé leith a' bhrocháin a bhí ionns a' phota ionns a' tobán mhór. Agus nuair a tháinig Niall (recte Séamus) na mbaile, ar seisean leis, "Goidé thug ort an oiread sin brocháin a dheánamh?" Agus arsa Néillí leis, "Mura bhfuil do sháith annsin, tá a thuilleadh ionns a' tobán (recte phota)!"

Ar a scríobhadh ón ath-innse (gan ainm, ach i láimh Shéamuis Uí Néill):

Bhí Néalaigh na mbríste uair amháin i dtoigh Shéamuis Uí Cheallaigh agus bhí Séamus ag dhul ar shiubhal áit ínteach agus d'iarr sé ar Néalaigh an suipear a dheánamh. Agus cuir Néalaigh pota mór ar an teinidh agus rinn sé lan a' phota móir de bhrachán. Agus nigh sé tobán mór agus cuir se leith an bhrocháin ins an tobán agus d'fhág se an pota annsin. Agus nuair a thainig Miceál na mbaile ar seisean le Néalaigh "Cad é thug ort an oiread sin bracháin a dheánamh?" Agus arsa Néalaigh "Mur bhfuil do shaith annsin tá thuill insa tobán."

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 17–8 (phonetic), 107–9 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, p 285 (orthographic, phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 340–1 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1208d2 (orthographic, English translation).


LA1208.3
Teideal: Sgéal Mháire Bheag Ní Cheallaigh

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí Máire Bheag Ní Cheallaigh lá amháin agus chuaidh sí isteach go toigh Taidhg Mhic Alastair. Agus bhí Tadhg ionna shuidh' aig an teinidh agus bhí sé aig caoineadh. Agus arsa Máire leis, "'Thaidhg, a chroidhe, goidé tá contráilte leat?" Agus ar seisean léithe, "Ó, a Mháire chroidhe, chaill mé mo sheandhuine muinnteardha, mo fhiacal." "Ó, ná bí buartha ionna thimcheallt, ná bí aig caoineadh 'na thimcheallt, b'fhéidir nach rabh sí [na] cionn mhaith, go rabh sí 'crathamh aig an bhun."

Ar a scríobhadh ón ath-innse (gan ainm, ach i láimh Shéamuis Uí Néill):

Chuaidh Máire Bheag Ní Cheallaigh lá amháin isteach go toigh Tadhg Ac Allastair agus bhí Tadhg 'na shuidhe ag an teinidh agus bhí sé 'caoineadh agus arsa Máire leis "Taog, a chroidhe, cad é tá contráilte leat?" Agus arsa seisean "A Mháire, a chroidhe, chaill mé mo sheanduine muinteardha, m'fhiacail." Agus arsa Máire "Na bí 'caoineadh 'na thiomallt. B'fhéidir gur droch-chionn a bhí innte. Rabh sé ag bogadaigh ag an bhun?"

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 18 (phonetic), 109–11 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, p 285 (orthographic, phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 338–9 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1208d3 (orthographic, English translation).


LA1208.4
Teideal: Sgéal Dhomhnaill Mhac Cionnaith

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí Domhnall Mhac Cionna lá amháin air a' mhargadh agus theangmhuigh sé do bhean agus d'fhiafruigh sí dae an dtarrónadh sé baga mine daoithe. Agus dubhairt sé go ndeánfadh agus fáilte. Agus arsa seisean léithe, "Ar dhíol tú air a shon?" "Dhíol mé air a shon," ar sise. "Bhuel, cha dtarrónaidh mo chapall beag punnta dae má tá sé díolta air a shon, cha dtarraing sé punnta mine ariamh ach mine nach rabh díolta air a shon!"

Ar a scríobhadh ón ath-innse (gan ainm, ach i láimh Shéamuis Uí Néill):

Bhí Domhnall Ac Ceanna lá amháin ar a' mhargadh agus thainig bean chuige agus d'fhiafruigh sé de a' dtáirnead sé sac mine dí. Dubhairt sé go ndeánfadh sé agus fáilte. Agus arsa seisean "ar dhíol tú ar shon na mine?" "O dhíol mé." "O tá mé buaidheartha 'mach, cha dtáirneochadh mo chapall beag-sa ponnta de. Char tharrain sé ponnta mine ariamh ach min (caipse) nach rabh díolta ar a shon."

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 18 (phonetic), 109–11 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, pp 286 (orthographic, phonetic).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1208d4 (orthographic, English translation).


LA1208.5
Teideal: Phrases

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí an chaora daor.
Bhí an t-saoghal saor.
Ceangal do theangaidh.
Cuir adhastar air a' ghobhar.

Ar a scríobhadh ón ath-innse (gan ainm, ach i láimh Shéamuis Uí Néill):

Tá 'n chaora daor ach tá an saoghal saor.
Ceangal do theanga.
Tá adhastar ar mo ghadhar.
Tháinig aingeal an Tighearna le teachtaireacht go Muire.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 19 (phonetic), 112–4 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1208d5 (orthographic, English translation).


LA1213.1
Teideal: Prayers

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


In ainm an Athar agus a' Mhic agus an Spioraid Naoimh, Amén.

'Sé do bheatha, a Mhuire, atá lán dae na grásta, tá an tighearna leat, 's beannuighthe thú thar na mná, 's beannuighthe toradh do bhronn, Íosa. A Naomh Muire, máthair Dé, guidhe air son na bpeacaidhthe anois agus [air] uair ár mbáis, Amén.

Creidim i nDia, an athair uile-chumhachtach, cruthuighthear neamh agus ar an talamh, agus i n-Íosa Críost, A aon mhac-san, ár dtighearna, gabhadh ón Spiorad Naomh, gineadh ó Mhuire óigh, d'fhulaing a' pháis faoi thrí bhian Piolota, céasadh agus a fuair bás, thaisteal é síos go h-Ifreann, d'éirigh an treas lá ó mharbhaidh, chuaidh suas air an neamh, tá 'na shuidhe air dheis Dé, Athair uile-chumhachtach, Eisean tiocfas a chur breith air a' bheo agus air a' mharbh. Creidim ionns an Spiorad Naomh, naomh- eaglais Chaitliceach, i gcumann na naomh, maitheadh na bpeacaidhthe, ais- éirghe na gcorp, agus sa bheatha shíorraí shuthain, Amén.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Chan ann dó. Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 18–9 (phonetic), 112–4 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1213d1 (orthographic).

1. Sign of the Cross, Ave Maria, and Apostles' Creed. Not dissimilar to versions in An Teagasg Críostaighe Geárr.


LA1213.2
Teideal: Tomhas

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Tháinig éan gan chleite agus shuidh sé air bhárr na creige. Tháinig éan gan bhéal agus d'ith sé an t-éan gan chleite.

Ar a scríobhadh ón ath-innse (gan ainm, ach i láimh Mhicheáil Uí Bhriain):

Thainic éan gan chleite,
Agus shuidh ar bharr na creige;
Tainic éan gan bheal,
Agus d'ith sí an t-éan gan chleite.
Freagra: sneachta agus an bogadh ina dheidh.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 19 (phonetic), 112–4 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, p 286 (orthographic, phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 342–3 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1213d2 (orthographic, English translation).

1. Seán Ó hEochaidh, "Tomhasannaí ó Thír Chonall", Béaloideas 19 (1949) 3–28, at 21: Éan gan chleite astoigh faoi sceilp.
Tháinig éan gan bhéal gan tóin is d'ith sé é.
— Cascairt ar sneachta.


LA1213.3
Teideal: Bhí buachaill am amháin

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí buachaill am amháin agus chuaidh sé suirghe le cailín agus shíl sé gur cailín air dóigh a bhí innti. Agus nuair a tháinig sé arais, arsa seisean, "Tá 'aye' aici agus tá 'naw' aici agus air ndóigh go bhfuil 'for what' aici. Agus cur suas leis an uaisle, tá stiall daen chotton bhreac uirthi."

Ar a scríobhadh ón ath-innse (gan ainm, ach i láimh Mhicheáil Uí Bhriain):

Bhí buachaill am amháin agus fuaidh sé suirghe le cailin agus shaoil sí gur cailín ar dóigh a bhí innte. Agus dubhairt sé nuair a tháinig se ar ais - bhí "aye" aici agus "naw" aici agus ar ndóigh go rabh "for what" aici agus a' cur suas leis an uaisle, bhí stiall don chotún breac uirthi.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 19 (phonetic), 115–6 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, p 286 (orthographic, phonetic).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1213d3 (orthographic, English translation).


LA1213.4
Teideal: Shiubhail mé Éire timcheallta (focla amhráin)

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Shiubhail mé Éire thimcheallta,
'S na bóithre go rabh mé i Lunainn thall,
'S air mo chuairt aig tilleadh domh
Go Conndae Thír Eoghain;
Sin an news a bhí sna bealaighe sin
Fá bhreághthacht nighin Uí Cheallaigh
Gur mhíle b'fhearr dae samhail í
Ná nighean Iarla Thír Eoghain.

Ar a scríobhadh ón ath-innse (gan ainm, ach i láimh Mhicheáil Uí Bhriain):

Shiubhail mé Éire timcheallta,
'S na bóithre go rabh mé Lunnain thall,
As ar mo chuairt a tilleadh domh
Go Conndae Thír Eoghain.
Sé an "news" a bhí 'sna bealaighe sin
Fá bhreághacht Nighin Uí Cheallaigh
'S gur mhíle bhfearr a samhalta
Na nighin Iarla Tír Eoghain.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 19 (phonetic), 115–7 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1213d4 (orthographic, English translation).

1. Énrí Ó Muirgheasa, Dhá Chéad de Cheoltaí Uladh, 1934, p 430, where this verse appears as verse IV of the song "Neilidh Óg Ní Cheallaigh", attributed to Daimlic Óg Ó Ceallaigh. It was collected in Gleann Con Cadhain by Séamus Ó Ceallaigh. This version is:

Shiubhail mé Éire tiomchallta,
'S an bóthar go rabh mé i Lunnain thall,
Is ar mo chuairt aig tilleadh damh
Go Conndae Thír Eoghain;
'Sé 'n sgéal do bhí sna bealaigh sin
Fá bhreaghthacht Nighin' Uí Cheallaigh ó,
'S gur mhíle b'fhearr a samhalta
Ná nighean Iarla Thír' Eoghain.

Séamus Ó Ceallaigh himself reproduces the first half of the verse in An Claidheamh Soluis 4:1, 15 March 1902, p 3, as follows:

Shiubhail mise Éire timcheallta
'S na bóithre go raibh mé i Lunnan thall
Nach deas an chuairt ag tilleadh domh
Go Conndae Thíre-Eoghan.

2. Énrí Ó Muirgheasa, Céad de Cheoltaí Uladh, 1915, p 96, has an Oriel song, "Cailín Deas Mo Chroidhe", in which verse III begins with the words "Shiubhail mé an domhan timcheallt, an Fhrainnc 's an Easpáin" but otherwise there is no resemblance to the present verse.


LA1213.5
Teideal: Bhí bean ann uair amháin

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí sean-bhean am amháin agus chuaidh sí air a céilidhe go Conndae Thír Eoghain. Agus an toigh a chuaidh sí ann, bhí dhá ghasúr ann. Agus bhí sise cos-nochtuighthe, agus bhí íceannadh air a cosa. Bhí dhá ghasúr ionns a' toigh, agus arsa'n gasúr amháin leis an chionn eile, "Fogh tuagh, a Phádraig, go ngearramuid na preátaí beaga dae na cosa aici."

Ar a scríobhadh ón ath-innse (gan ainm, ach i láimh Mhicheáil Uí Bhriain):

Bhí bean ann uair amháin agus bhí itinneadh ar a cosa agus cuaidh sí ar a céilidhe go Conndae Tír Eoghain. Bhí beirt gasúr sa toigh a deachaidh sí ann agus arsa gasúr aici leis an chionn eile, "Sé, a Paidí, fagh tuagh, go mbainimíd na préataí beaga dona cosa."

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 20 (phonetic), 115–7 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, p 286 (orthographic, phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 344–5 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1213d5 (orthographic, English translation).

1. "íceannadh": Tomás Ó Concheanainn, in a review of LASID IV in Éigse 14, 1971–2, pp 155–8, suggests "[f]aith{i}neadha".

2. "íceannadh": 'etyins' is used in Tyrone for "minor deformities and protuberances on the feet caused by corns, bunions, etc." (Michael J Murphy, CBÉ MS1221.453)


LA1213.6
Teideal: Uimhreacha 1-20

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Ceann amháin, beirt, triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar, ochtar, naoi, deich, haon dhéag, dó dhéag, trí déag, ceithir déag, cóig déag, sé déag, seacht déag, ocht déag, naoi déag, fiche.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 48, 214 (phonetic).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1213d6 (orthographic, English translation).


Ciarán Ó Duibhín
2014/03/06
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite