Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Ciotaí Nig Uibhrín (c1846–1943), Ardagh, Omeath, Co Louth
Eolas ar an chainnteoir.


Is dóiche go bhfuil Ciotaí Nig Uibhrín ina measc seo ('sé 1912 an dáta ceart). Deirtear in áiteacha gurab í an bhean is fuide ar dheis chun tosaigh í, ach deirtear arís gur sin Neansaí Shéamuis 'ic Ceamhna (Nancy Caulfield). Más Neansaí atá annsin, is féidir go bhfuil Ciotaí áit eile sa phioctúir.


LA1223.1
Teideal: Words of song: A bhrollaigh ghléigeal

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Words of songs: (1) A bhrollaigh ghléigeal

A bhrollaigh ghléighil agus a bhrollaigh mhín,
Go dtugaidh séan duit is tú mo chroidhe,
Phós tú an tsleagh-bhean i ndiaidh mo chroidhe,
Agus i ndiaidh mo lámh bheas tú feasgar faoi.

Á bpósainn bean agus mo mhomaí thart,
Le gile, le finne agus le bláth na h-óige,
Agus le fear ceirde a dheánfadh cruaiche mónadh,
Bhéarfadh cead codladh domh-sa go h-eadarlinn na mbó.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

None.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 15 (phonetic), 100–1 (orthographic, English translation).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 270–1 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1223d1 (orthographic, English translation).

1. Patrick S. Dinneen, Foclóir Gaedhilge agus Béarla, sub Eadarlinn: pósta le fear seistreach na cruaiche móna bhéarfadh cead codlata damh-sa go h-eadarlinn na mbó — married to a master of plough-teams with his turf-rick who would let me sleep till milking time (Omeath)


LA1223.2
Teideal: A Nellie bhán go mbeannuighidh Dia dhuit

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Néilidh bhán dheas go mbeannuighidh Dia dhuit,
Go mbeannuighidh an ghealach ruadh ná bhán a ghrian bhuidhe dhuit,
Go mbeannuighidh na h-aingil atá i bhflaitheas Dé dhuit,
Mar bheannuigheanns do mháthair bhocht a chaill a ciall dhuit.

Racha mise i mbárach go gcruinnighe an phobail,
Agus musclaidh mé na mná leat atá na gcodladh,
Agus cuirfidh muinn Mairéad air thoisigh 'n torraidh,
Agus deánfaidh Sighle go díreach an t-eolas.

A bhean ud thall romhainn a rinn an gáiridh,
Nár fhágaidh sí an saoghal seo go ngeobhaidh sí croidhe cráidhte,
Oir bhuaim mo nighin-se atá a gabháil i gcónraidh clár uaim.

Sin é.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

None.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 15–6 (phonetic), 101–3 (orthographic, English translation).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 272–3 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1223d2 (orthographic, English translation).

1. Muireadhach Méith, "An Bhean Chaointe", An tUltach 2:8 (1925) 10 has a tune and parts of fifteen verses, from a selection of Omeath speakers, including the present speaker. The story is given as follows:
      Bhí bean ins an tír seo, tuairim's air cheud bliadhain ó shoin,
      agus fuair sí buaidhreadh mór le linn a saoghail. Bhí dáréug
      cloinne aicí, cúigear nighean agus seachtar mac. D'fhan sí sa toigh
      nó go bhfacaidh sí a'n chlaigeann deug aca pósta air eachanaidhe
      (.i. air cúlóg); agus char bhfada 'na dhéidh sin nó gur éag siad
      uile go léir uaithí, acht an nighean amháin a d'fhan sa bhaile aicí.
      Pósadh an nighean seo fosda, agus nuair a thug an tseanbhean fá
      dtear go rabh siad uilig ar shiubhal uaithí, chaill sí a ciall, agus
      d'imthigh sí thríd an tsaoghal le buaidhreadh. Bhí sí ag dul thart
      ó thoigh go toigh ag iarraidh a coda, agus cha rabh sí ag deanamh
      dolaidhe d'aon-dhuine.

      D'fhan an nighean i dtoigh a máthar, agus cha rabh sí i bhfad
      pósta nó gur éag sí fosda. An lá ceudna ar éag an nighean, thainic
      an t-seanbhean thart 'na tíre seo aríst agus fuair sí loisdin fá'n
      chomharsnacht. Na cailiní, a rabh sí 'sa toigh aca, bhí siad ag dul
      'na faire, agus fuaidh an t-seanbhean leobhtha. Chuir muintir na
      faire fáilte roimhe leis na cailiní, acht rinn siad leith-cheal air
      an t-seanbhean. Shaoil siad gur bean bhocht a bhí ann, agus char
      bhfiú leobhtha í a chur 'na suidhe aige bórd. Bhí pota préataí 'sa'
      chisdinigh, a bhí bruithte do na muca, agus d'iarr siad uirthí
      suidhe agus cuid dhe na préataí 'ithe. Acht bhí sise ag
      aithniughadh an toighe, gurab é a toigh fhéin é, agus thainic a
      ciall arais chuicí, chomh maith a's bhí sí riamh. Thosaigh sí ag
      guil, agus dubhairt sí [an t-amhrán].

Repeated in Muireadhach Méith, Amhráin Chúige Uladh, an chéad chuid, 1927, p 1 (see also new edition by Colm Ó Baoill 1977, pp. 31–33, 102–103 and 166).

The verses of the printed version with the greatest similarity to the recorded version are verses 3 (or closer still, the words written under the tune), 12 and 5:
      A Eibhlis bhán deas, go mbeannuighidh Dia dhuit,
      Go mbeannuighidh an ghealach bhán 's an ghrian duit,
      Go mbeannuighidh na h-aingil atá i bhflaitheas Dé dhuit,
      Mar bheannuigheas do mháthair bhocht a chaill a ciall dhuit.

      Rachaidh mise i mbárach go cruinniughadh 'n phobail,
      Agus múscló' mé na mná ghreadtha atá i bhfad 'na gcodladh,
      Gus cuirfidh mé Maighréad, rún, air thois' a' torraidh,
      Agus dheánfaidh Sighle go díreach an t-eolas.

      A chailín óg thall a rinn an gáire,
      Nar fhágaidh tú an saoghal seo go bhfuighfidh tú croidhe cráidhte,
      Fó mise bheith 'g éagcaoint fá mo nighin na páirte
      Bhéas ag dul uaim i mbárach i gcórthaidh clárthaí.

2. N.J.A. Williams, "Short Texts from Omeath", Éigse 13 (1970) 320–3, has the story and the first verse as recorded by Éamonn Ó Tuathail from Bean Bhrian Mhic Cuarta in September 1925:
      Eilís bhán deas, go mbeannaí Dia thú,
      Go mbeannaí an ghealach agus an ghrian thú,
      Go mbeannaí an rí atá i flaithis Dé thú,
      Mar bheannaíos do mháthair bhocht a chaill a ciall uait (recte dhuit?).

3. Pádraigín Ní Uallacháin, A Hidden Ulster, 2005, pp 137–150, 514.


LA1223.3
Teideal: A Nellie Bhán a théagair

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


A Néilidh bhán a théagar agus a Néilidh bhán a stór,
Á dtiocfá thusa liom-sa go coillidh dheas na gcnódh,
Bhéarfainn aer a' bhaile mhóir duit agus thógfadh sé do chroidhe,
'S tú marcuidheacht thar gcóistí 'gabháil bóithre Baile Átha Buidhe.

A' gcluin tú mise Néilidh, ná fan amuigh go mall,
Ná coinnigh thusa cuideachta le buachaill air bith fá'n ghleann,
Beidh do chóta ag éirghe goirid agus pian mhór in do dhruim,
Beidh do choispeán éadrom sgiobalta faraor ag éirghe mall.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

None.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 16 (phonetic), 103–5 (orthographic, English translation).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 274–5 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1223d3 (orthographic, English translation).

1. Muireadhach Méith, "Leathanach na Múinteoirí: Neillidh Bhán", An tUltach 1:9 (1924) 8 has tune and eight verses, partly obtained from our speaker and partly from another in Omeath. This is all repeated in Muireadhach Méith, Amhráin Chúige Uladh, an chéad chuid, 1927, p. 13.

The first verse here is the same as the first one there:
      A Neillidh bhán a théagar, sa Neillidh bhán a stóir,
      Da dtiocfa thusa liom-sa go Coillidh dheis na gcnó,
      Bhearfainn aer a' bhaile mhóir dhuid a thógfadh suas do chroidhe,
      Gus marcaidheacht i gcóistidhe, 'dhul bóithrí Bhaile Bhuidhe.
Our second verse is not given.

Muireadhach Méith, Amhráin Chúige Uladh, an dara cuid, 1937, p. 5, gives the tune and three of the verses, including our first one. Repeated in "Píosaí Ceoil le h-Aghaidh Fheis Mhuirtheimhne", An tUltach 14:3 (1937) 4. See also new edition of Amhráin Chúige Uladh by Colm Ó Baoill 1977, pp. 39–40, 107–110 and 167–8.

2. Seosamh Laoide, Duanaire na Midhe (1914), 46–47 has eight verses, apparently from the oral narration of Brian Shaffery (Meath) and from a manuscript of Nicholas O'Kearney. The first verse is given as:
      A Neilidh bheag, a chuisle, a Neilidh bheag, a stór,
      Dá dtiocfá thusa liom-sa go coillte deas' na gcnódh,
      Bhéarfainn aer a' bhaile mhóir duit a thóigfeadh do chroidhe,
      Agus cead a dhul i gcóistíbh ar bhóithríbh Bhaile Átha Buidhe.
Our second verse is not given there.

3. Énrí Ó Muirgheasa, Céad de Cheoltaí Uladh (1915) p. 55, has the following version of the first verse, from Co Monaghan:
      Neillidh bheag, a chuisle, is a Neillidh bhán a stóir,
      Dá dtiocfá thusa liomsa go Coilltibh Beag' na gcró,
      Bhéarfainn aer a' bhaile mhóir duit a thógfadh suas do chroidhe,
      Agus cead a ghul i gcóistibh ar bhóithribh Dhomhnach Mhaighin.
Only one verse is given.

4. Tomás Mac Árdghail, "Gura suaimhneach do shuan, a Mháire de Barra" in Cuisle na nGael 1 (1985) p 6, gives most of two verses obtained from a Killeavy Irish speaker. The first verse is almost identical to our first verse.

5. Róise na nAmhrán (RTÉ CD 178), Máire Bhán. The second verse resembles our first verse.
      A Mháire Bhán a thaiscidh 's a Mháire Bhán a stór,
      Dá dtigtheá thusa liom-sa fríd choillte dlúithe an cheo,
      Bhéarfainn amharc bailte mór duit a thógadh suas do chroidhe
      'S bhéinn féin ag ól leat ar bhórdaí geal' an Rí.
There are three verses, a version of the song "Mailidh Bhán."

6. Pádraigín Ní Uallacháin, A Hidden Ulster, 2005, pp 204–6, 516.

7. Aodh Ó Canainn, Teacht den tSliabh Tráthnóna, 2006, pp 54/192, 62.


LA1223.4
Teideal: Baitsileoir beag mise

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Baitsileoir beag mise, rún, níl agam lón ná stór,
Níl agam air an tsaoghal seo ach cnámhaín an laoigh,
Sula bheinn do mo bhuaidhreadh féin bheith a ceangailt ionns a' chró,
Bhéarfainn í don aonach agus dheánfainn a luach 'ól.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

None.

Nótaí:

Possibly continuation of previous — note false start.

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 16 (phonetic), 104–5 (orthographic, English translation).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 276–7 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1223d4 (orthographic, English translation).

1. Énrí Ó Muirgheasa, Dhá Chéad do Cheoltaí Uladh (1934) p. 292 has "Lá Fhéil' Pádraig", of which the second verse approximates to the above:
      Is duine dona mise nach fheil agam lón nó stór,
      Níl agam ar a' tsaoghal seo acht cnámha sean-bhó;
      Sul a mbéadh sí gá mo bhuaidhreadh 'gá ceangal ins a' cró,
      Is aerach deas a dheánfainn a craiceann-sa a ól.
Sources are given as South Armagh (2), and Dungloe, Co Donegal.


LA1223.5
Teideal: Prayer: An Eiséirghe is binne dá gcuala

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


(...I'll give you the first one again)

An eiséirghe is binne dá gcuala mé gabháil fríd trí leabhar na ngeall,
Íosa Críost a chuaidh chun céasaidh agus a chuaidh an sór leis a' chrann.
Tháinig sé un na caonach agus led féin a' cathadh cumaoineach,

Mac na h-óighe féin thug mac an éirghe ghil,
Cros dhearg i n-a dhorn lán dá chrua agus dá sháile,
Chuala rí mo chiar lán biolan gí go braon,
Eadrainn agus lámh na neamh,

Le sin féin tháinig a' duine dall agus chaith sé an sleagh go fíor cam.
Ó, grá Dia arsa Muire leis a' dé uainn,
Tá tuit a' bráillín bán a chur air neamh a bhéas 'na slighte agus 'na slóighte.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

None.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 17 (phonetic), 105–7 (orthographic, English translation).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 278–9 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1223d5 (orthographic, English translation).

1. Pádraig Ó Baoighill, Amhráin Hiúdaí Fheilimí, 2001, p 96.
      An Eiséirí a bhfearr a chuala cléir na úr na nGall
      Críost a chum sochar i ndiaidh é a chrochadh le crann,
      Dé hAoine a crochadh an crann coimhdeach,
      Daoine thig in bhur gcéill a chosaint Síol Éabha ar gach coir.
etc.

2. Angela Partridge, Caoineadh na dTrí Muire, 1983, pp 58–9, 278–83.

3. Muireadhach Méith, "Amhráin Rann na Feirste", An tUltach (Nollaig 1936) 11–13: luaidhtear "San Eiséirghe is binne" i measc na n-amhrán diadha a foillsigheadh am eighinteacht roimhe sin, ach ní fhaca mé féin an dán seo in eagar ag Ó Muireadhaigh, ar An tUltach nó in áit ar bith eile. Mar sin féin, tá cruthú sa tagairt seo go dtáinig Ó Muireadhaigh trasna air — in Oirghialla, is dóiche — faoin ainm chéanna atá againne annseo.

4. Pádraigín Ní Uallacháin, A Hidden Ulster, 2005, p 141 — ní cosamhail

5. Domhnall Ó Súilleabháin, "Seanchas Bhórdóinín," Béaloideas 15 (1945) 3–86, at 76–7:
      An Aiséirghe Bheag is fearr dá raibh ag éinne riamh ó léigheadh an
      leabhair go Corp Críost. Íosa Críost do chur sa Chroich le crochadh
      leis an gcrann Dia hAoine. Neart an daill úd chugainn anall ag
      bualadh Mhic an Rí go teann, ag cur na sleagha tré 'na thaobh dheas.

      Nuair a chonnaic an Mhaighdean mhánla a Mac mín, cneasta dá
      ghabháilt, d'éirigh uirthe uathbhás tré bás a curadh. Fé thuairim
      na dTrí Mhuire, na Trí Mhuire fé thrí rath agus na trí rath fé aon
      rath(?). Dar an gcroich do mhúch na soillse. Dar go deimhin níor
      gheal an lá.

An té a déarfadh an Aiséirghe Bheag gach lá gheobhadh a anam duais le haghaidh a bháis. Níor bhaoghal do phianta síorraidhe Ifrinn go brách.

6. Seoirse Mac Niocaill, "Cnósach ó Chorca Dhuibhne," Béaloideas 17 (1947) 73–112, at 111:
      An aiséirghe bheag is fearr á gcuala riamh, dá léigheamh as Leabhar léighinn gur céasadh Críost.
      Íosa á chuir ar an gcrois t'réis é chrochadh le crann.
      Do tháinig an dall go tláth, an tsleagh dhearg 'na dheas-láimh.
      Dá gcneasóch' cneadh an daill, is mín geal do bheadh taoibh ár dTighearna.
      Bairrlín gheal á chuir fé Dhia,
      Á thógaint suas 'na mhac Rí, agus ní chun sluagh.
      Nuair a chonnaic Muire mín-gheal Íosa dá thógailt
      Thóg sí suas a basa ar fhíor-bhanntracht ban.
      Na trí rath ar aon dath
      Uain gheal na soillse
      Agus soillse na Ró(mha).
An té go mbeadh an aiséirghe bheag aige agus adéarfadh gach lá í, gheobhadh sé flaitheas Dé, gan duadh gan toirmeasc ar uair a bháis.

7. Dubhglas de hÍde, Abhráin Diadha Chúige Chonnacht, 1, 352–7

8. Patrick S. Dinneen, Foclóir Gaedhilge agus Béarla, sub Léice: an léice dubh gránna a chaith an tsleagh go fíor-cham — the black ugly lout who cast the spear most erringly


Ciarán Ó Duibhín
2012/07/10
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite