Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Domhnall Ó Baoighill (c1863–1941), Classy, Doochary, Co Donegal
Eolas ar an chainnteoir.


LA1256.1
Teideal: Story: Feardhomain

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Lá de na laeithibh 's uair de na h-uairibh d'fheall an tseilg air Fhiannaibh Éireann i nGleann na Smól, agus tháinig siad go Gleann Fada na Sealg' go bhfeiceadh siad 'bhfuighfeadh siad a dhath a chuirfeadh dubhlacht a' gheimhridh tharstu.

Tháinig siad fhad le baile a dtugadh siad Gleann Léithín air. Bhí fear ionn a chomhnuidhe annsin d'ar bh'ainm dó Léithín, giota taobh amuigh de Fhiontun. Agus bheannuigh sé do Fhionn ionns na briathra faiseanta a bhí coitcheannta ionns a' tsean-aimsir, agus d'fhreagair Fionn é mar a' gcéanna. Bhí mac agus nighean aig an fhear seo, Fearghamhain a bhí air a' mhac agus Finngheal air a' nighin.

D'fhiafruigh sé do Fhionn caidé bhí aig cur buaidhreadh air. Dubhairt Fionn go rabh lá steichsamhain ann, agus gur imthigh a' tlí goirgeach orthu. Agus go rabh sé air lorg seilg chuirfeadh tamallt de'n gheimhreadh thairis. "Níl fhios agam-sa dadaidh," arsa Léithín, ars' eisean, "ach tarbh mire atá thall ar Shliabh Sneachta, agus má tá sibh abálta é a thabhairt libh, bheirfidh sé a sáith le hithe do sheacht gcatha na Féinne uilig."

"Níor sháruigh an tseilg ariamh orainne," ar Fionn. "Cuirfidh mé féin a' gasúr libh," ar Léithín, "dheánfaidh sé 'n t-eolas daoibh."

Air maidín lá thar n-a bhárach, d'imthigh siad uilig go mullach Shliabh Sneacht'. Chuaidh Fearghamhain suas go mullach carraige agus rinne sé fead, agus tharraing an tarbh orthu. Agus air mhéad den fhearg a bhí air, bhris sé 'dhá adharc ionn éadán na carraige. Chuaidh na Fianna uilig chun tsiubhail thart ar chúl na carraige le h-eagla.

Léim an Fearghamhain anuas ionns a' droim air agus thosaigh sé air le n-a chlaidheamh, agus ghearr sé 'n cionn dó. Rinne sé ceithre ceathramhnacha annsin dó. "Cé bheirfeas leis na ceathramhnacha seo?" arsa'n Fearghamhain.

"Bhéarfaidh mise ceathramh liom," ar Goll. "Bhéarfaidh mise ceathramh liom," ar Oscar. "Bhéarfaidh mise ceathramh liom," ar Diarmuid. "Bhéarfaidh mé féin ceathramh liom," arsa'n Fearghamhain. "'Bhfuil fear ar bith annsin," ar seisean, "a' brath a' cionn a thabhairt leis?" Níor labhair fear air bith. "Bhéarfaidh mé féin liom é," ar seisean.

Thug sé leis an cionn ba mhó de na ceathreamhna, agus smaointigh Fionn, 'á dtiocfadh ann sa ghasúr, go mb'fhéidir go dtabharfadh sé buaidhreadh daobhtha go fóill.

Ar a ghabháil 'un a' bhaile daobhtha, ar a ghabháil fhad le Léithín daobhtha annsin, las siad teinidh agus d'ith siad uilig a sáith. "A' leigtheá liom a' gasúr sin sheacht mbliadhain," ar seisean le Léithín, "agus bhéarfaidh mé tuarastal maith dó." "Doiligh liom scaramhaint leis," arsa Léithín, ar seisean "ná níl aon ghléas beo agam féin agus ag an ghirsigh ach é."

"Ach ionn a dhiaidh sin agus uilig," ar seisean, "is doiligh liom thusa a eitbheáil." Leig sé an gasúr leis. 'Gabháil siar daobhtha aig an Mhullach Mhór comhgharach ag na Gleanntaí, d'éirigh cráin mhuice romhpu, agus ál banbhán. Thosuigh siad 'n a ndiaidh agus mharuigh siad a' chráin agus na banbháin go h-uile, go dtí a'n cheann amháin chuaidh... agus aig gabháil isteach i bpoll daoithe, bhain Fionn a ruball de. "Má haostar air an mhuc sin," arsa Fionn, ar seisean, "dheánfaidh sí dochar go fóill."

Ar feadh na seacht mbliadhan, 'siomdhaí catha agus teangmháil a rabh Fianna Éireann ann, agus chruthaigh an Fearghamhain gur a b'é féin a' ceathramh fear a b'fhearr a bhí ionns an Fhéinn. Nuair a bhí na seacht mbliadhna thuas, "Caithfidh mé ghabháil abhaile," ar seisean, "go bhfeicidh mé m'athair."

"Ná deán é sin," ar Fionn, "Fan againne sheacht mbliadhain eile agus bhéarfaidh mé an tuarastal céanna duit." "Ó, caithfidh mé imtheacht," ar seisean, "go dtí go bhfeicfidh mé m'athair, ní fhanóchaidh mé níos fuide." "Más rud é" sa deireadh arsa Fionn, "go gcaithfidh tú imtheacht, bíodh fhios agat nach bhfuil bealach na muice …

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh Shéamuis Uí Néill.

Lá de na laethibh agus uair de na h-uairibh a ghannuigh an t-seilg in gleann na smol; (agus thainig siad go gleann fo) ar Fhiannaibh Éireann ag gleann na smol, agus thainig siad go gleann fada na sealg go bhfeicfeadh siad an bhfuigheadh siad dadaidh ann a chuirfeadh dubhlacht an gheimhridh tharsta. Thainig siad fhad le fear bhí 'na chomhnuidhe i mbaile taobh amuigh d'Aontoun i gconndae Dhún na nGall. Bhí fear 'na chomnuidhe annsin arbh ainm do Léighín (Liathcheann). Bhí mac agus nighean aige, Feardhromhain a bhí ar an mhac & Fionngháil a bhí ar an nighean. Bheannuigh Lethcheann d'Fhionn insan briathra faiseanta a bhí coitchianta san am sin & d'fhreagar Fionn é mar an gcéadna. "Cá bhfuil do thriall an miste damh a fhiafruighe" ar Leathcheann. "Ní miste maise leóga" arsa Fionn. "Tá muid ar lorg seilg'. Tá lá is d'éis la Samhna ann agus d'imthigh an faidh gargach orainn & caithfidhmuid ceathramhnacha geimhridh a leagan amach do na fir. Mur bhfaghamuid seilg eighinteacht a chuirfeas dubhlacht an gheimhridh tharainn." "Níl fhios agam-sa dadaidh" arsa Liath-cheann, "ach tarbh mire atá thall annsin ar shliabh sneachta & má tá sibh abalta é thabhairt libh, bheirfidh sé a sáith le h-ithe do sheacht gcatha na Féinne go h-uile." "Níor sháruigh seilg ar bith ariamh orainn" arsa Fionn "agus rachamuid aige go luath ar maidin." "Cuirfidh mise an gasúr libh" arsa Liathcheann "& dheánfaidh sé an t-eólas daoibh." Ar a dhul annsin dobhtha, fuaidh an gasúr suas i mullach carraice & rinne sé fead. Fhuaidh na Fianna uilig thart i gcúl na carraice & bhris an tarbh a dhá adharc in éadán na carraice. Léim an gasúr anuas insan druim air & ghearr sé an ceann de. Rinne sé ceithre ceathramhnacha de annsin. "Anois" arsa seisean "cé bheirfeas leis na ceathramhnacha seo?"

"Bheirfidh mise ceathramhadh liom" arsa Goll. "Bheirfidh mise ceathramhadh liom" arsa Oscar. "Bheirfidh mise ceathramhadh liom" arsa Diarmaid. "Bheirfidh mé féin ceathramhadh liom" arsa Feardhragmhain. "Bhfuil duine ar bith a dhul a thabhairt an chinn leis?" Níor labhair fear ar bith. "Maise, bheirfidh mé féin liom é cib bith." Ag teacht fhad le Gleann Léithchinn dobhtha, ghléas siad suas teinidh, róis siad an fheól & d'ith siad uilig a sáith de. Annsin ghléas siad uilig ortha le bheith ag tarraingt 'na bhaile. "An leigfeadh tú liom an gasúr go cionn sheacht mbliadhana & turasdal ar bith a n-iarrfas tú bheirfidh mise dó é." "Is doiligh liom sgaramhaint leis" arsa Liathcheann. "Ach na dhiaidh sin is uilig, is doiligh liom thusa 'eitiughadh" agus leig sé an gasúr leis. Ag dhul siar dobhtha ag an Mhollán Mhór comhgarach do na Gleanntaí, d'éirigh cráin mhuice & ál bannabhán rompa. Mharbhuigh siad an chráin & iomlán na mbannabhán, ach earcánan bhalláin dheiridh & bhain Conán an ruball do ag dhul isteach sa pholl dó. "Ma h'aostar ar an mhuc, dheánfaidh sé dochar go fóil." 'S iomdhuidh cath is teangamháil a rabh Fianna Éireann ann ar feadh na seacht bliadhan & chruthuigh an Feardhgamhain gur bé féin an ceathramhadh fear a b'fhearr in Éirinn a bhí ins na Fiannaibh Éireann. Nuair a bhí na seacht bliadhana thuas "caithfidh mé dhul na bhaile go bhfeicidh mé m'athair" arsa seisean. "Fan agam seacht mbliadhain eile" arsa Fionn. "Ní fhanóchaidh mé agat" arsa seisean "de ar chúis ar bith." Bhí an buaidh ar an Fheargamhain, rud ar bith a chrosfaidhe air, sin an rud a dheánfadh sé. "Nois má tá t'u ag imtheacht" arsa Fionn, "bíodh 'fhios agat, ná gabh bealach na muice gearrtha." "O tá fhios agat anois, caithfidh mé dhul an bealach sin." Bhí trí madaí aige de n-a chuid féin & sé an t-ainm a bhí orthu, Gliobach, Glionn- seach agus Márach. Nuair a thainig sé fhad le Mollán na Muice, d'éirigh an mhuc roimhe. Bhí lanntracha nimhe ar an mhuc & ní loitfeadh claidheamh ar bith uirthí, agus leig sé féin 'un reatha é féin is na madaí. Nuair a thainig sé fhad le Mín an Ghliobaigh, fuaidh sé suas leis agus sgaoil sé Gliobach léithe.

Agus bhí sé féin & na madaí ag breith as. Nuair a thainig sé fhad le Srath Glionnsaighe, fuair sí suas leis indiaidh an Gliobach a mharbhadh. Sgaoil sé an Glionnseach annsin léithe & bhí sé féin agus an madadh eile ag breith as. Nuair a thainig sé fhad le Mín na Márach thainig sí suas leis indiaidh a' Glionnsach a mharbha. Annsin sgaoil sé an Mhárach léithe, bhí sé féin ag breith as ar fad. Nuair a thainig sé fhad le Loch Muc fuair an mhuc suas leis. Thoisigh an chath eadar é féin & an mhuc. Chuir an mhuc é ar a dhá ghlúin. Nuair a d'éirigh sé arist rinne sé fead. "Siúd fead an Fheargamhain" arsa Fionnghail. "má tá sé beo." D'imthigh sí annsin a chuidiughadh le n-a dearbhthar. Thug sí léithe trí clocha ina práiscín (naprún) & shiubhail sí anonn fríd Loch Finne. Nuair a bhí sí ar an taobh thall, shíl sí gur an taobh i bhfus a bhí an troid leis an sgreadach & an macalladh a bhí fríd na beanna. D'aithin sé annsin gur ar an taobh thall a bhí sé. Fuaidh sí anonn an dara h-uair. Annsin bhí sí masluighste sáruighste & fuaidh gruaig a cinn faoi n-a dhá cois & báitheadh í. Ar maidin lá thar n-a mhárach fuarthas an Feargamhain & an mhuc marbh taobh le taobh. Mharbhuigh seisean an mhuc & mharbhuigh an mhuc é.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1256d1 (orthographic, English translation).

1. "Sgéal an Fheardhomhain Chruim" in Énrí Ó Muirgheasa, Maighdeán an tSoluis, 1913, pp 34–7, from the present speaker. Also in the second edition in two parts, 1921, part 2, pp 19–23.

2. Versions by Doegen speaker Seaghán 'ac Meanman:
Crann an Eolais: An Chraobh (c1939) pp. 73–80 — a version for schools
• "Feardhomhain, Mac an Fhir Léith" in Cnuasacht Céad Conlach (1989) pp 30–2.

3. Other central Donegal versions include:
• "An Feardhamhan" in Seosamh Laoide, Cruach Chonaill, 1913, pp 51–3 (Na Gleanntaí)
• Éamonn Ó Tuathail, "An Feadhamhan" in Béaloideas 1 (1927–8) pp 54–7 (Loch Muc)
• Art Hughes, "Mar a fuair Loch Finne a ainm" in An tUltach (6–7/1983) pp 31–2 (Taobh a' Mhuilinn)
• "An Fearghamhain" in Séamas Ó Catháin, Uair an Chloig Cois Teallaigh 1985, pp 69–70 (Na Cruacha): contains only the latter part of the story; notes on pp 85–6 include a list of printed versions
• "Scéal Loch Finne" in Áine Ní Dhíoraí, Na Cruacha Scéalta agus Seanchas, 1985, pp 19–21 (Na Cruacha)

4. Versions from elsewhere in Donegal include:
• "An Fearrgamhain" in Alf Sommerfelt, "Phonetic texts from the dialect of Torr, Co Donegal" in Lochlann 3 (1965) pp 375–403 at 376,385–8 (Tor)
• "Seilg Ghleann Léithín" in Seosamh Watson, Oidhreacht Ghleann Cholm Cille, 1989, pp 104–6 (Gleann Cholm Cille)

An tUltach 9,10,1–2 (Rann na Feirste)


Ciarán Ó Duibhín
2013/06/29
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite