Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Pádraig Ó Baoighill (c1864–1935), Leitir Catha, Dungloe, Co Donegal
Eolas ar an chainnteoir.


LA1247 is one of the six Ulster records of which careful transcriptions were made as part of the Doegen project. I have taken this transcription into account in the following.

LA1247.1 agus LA1247.2
Teideal: Song: An Droighneán Donn

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Sílidh céad acu gur leo féin mé nuair a ólaim dram,
Théid dhá dtrian síos liom nuair a smaointim air a gcómhrádh liom,
........................... ná'n síoda air Shliabh Uí Fhlionn,
Tá mo ghrádh-sa mar bhláth na n-áirní 'tá 'r a' droighneán donn.

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Má thig tú 'choidhche tar san oidhche 'gcúl a' chlaidhe,
Air maidin ná tráthnóna nuair a bíos a' driúcht ionn a luighe,
Ó cé nach labhraim-sa bím a' meabhrughadh go mór fá mo chroidhe,
Tú mo chéad searc agus ní féidir liom-sa do chumhaidh 'chur daoim.

Fear gan chéill 'bhéadh a' dréim leis a' chlaidhe 'tá árd,
'S an chlaidhe bheag íseal air a leag mé mo lámh,
Cé gur árd a' crann caorthainn bídh sé searbh as a bharr,
Fásfaidh sméara 'gus bláth subh-craobh air a' chrann is ísle bláth.

Dá mbínn 'mo bhádóir ba deas a shnámhfhainn an fhairrge anonn,
Nó scríobhfhainn-se chuig na daoiní le bárr mo phinn,
Monuar ghéar gan tú 'gus mé, a chráidh mo chroidhe,
'nGleanntán sléibhe le h-éirghe gréine 'gus a' driúcht ionn a luighe.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh Shéamuis Uí Néill.

Sílfidh céad acú gur leó féin mé nuair a ólaim dram,
Theid dhá dtrian síos liom nuair a smaoitighim ar a gcomhradh liom.
Cum is míne aicí fa dhó na an tsíoda atá ar shliabh Uí Fhlinn,
Atá mo ghradh-sa mar bhéadh bláth na n-áirne atá ar sn droighneán donn.

Má thig tú choidhche tar san oidhche go cúl an chlaidhe,
Ar maidin na tráthnóna nuair a bíos an driúcht 'na luighe,
Cé nach labhraim-se bím ag meabhrú go mór fá mo chroidhe,
Is tú mo chéad-searc gus ní féidir domh do chumhaidh a chur díom.

Fear gan céill a bhéadh ag dréim leis an chlaidhe atá árd,
Is an claidhe beag íseal le n-a thaoibh sin ar a leagfadh sé a lámh,
Cé gur árd an crann caorthann bídh sé searbh as a bharr,
Fásfaidh sméara is bláth sugh-chraobh ar an chrann is ísle bláth.

(Ba deas) dá mbínn mo bhádóir ba deas a shnamhfainn an fhairrge anonn,
Is dó scríobhfainn chugat líne le barr mo phinn,
Monuar géar gan mé is tú a chráidh mo chroidhe,
I ngleanntán sléibhe le h-éirghe gréine is an driúcht 'na luighe.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1247d1 and http://doegen.ie/ga/LA_1247d2 (orthographic, English translation).

1. "An Droighnean Donn", words written down by Seamus Ennis from this speaker's son, Dinny Phaidí Duncaí (CBÉ MS1282.73-4). Music taken down from Dinny Phaidí Duncaí, Mise an fear ceoil lch 98.


LA1247.3
Teideal: Song: Thíos ag teach an tórraimh (véarsa amháin)

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí mé lá go ceolmhar i ngleanntán 's mé 'g seoladh bó,
Thárluigh orm an óig-mhnaoi 'bhí cóirighthe ionns an éideadh chóir,
Bhí hata os cionn a clóca 'gus buclaí ionn a bróga thíos,
Ó ba chosamhail le mo stóirín í, ná 'n réalt eolais 'bhí 'gabháil romham sa tslighe.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ní hann dó.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1247d3 (orthographic, English translation).

1. See next.


LA1248.1
Teideal: Song: Thíos i dteach an tórraimh (restarted)

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí mé lá go ceolmhar i ngleanntán 's mé a' seoladh bó,
Thárluigh orm an óig-mhnaoi 'bhí cóirighthe ins an éideadh chóir,
Bhí hata os cionn a clóca 'gus buclaí i n-a bróga thíos,
Ó ba chosamhail le mo stóirín í, ná 'n réalt eolais 'bhí 'gabháil romham sa tslighe.
Bhí hata os cionn a clóca 'gus buclaí i n-a bróga thíos,
Ó ba chosamhail le mo stóirín í, nó 'n réalt eolais 'bhí 'gabháil romham sa tslighe.

Thíos ag teach a' torraimh chuir mis' eolas ar mo chailín donn,
Bhí 'gruaidhe mar bhéadh rósa 's a béilín mar bhéadh siúchra donn,
Bhí mil ar bharr na gcraobh agus ceir-bheach ar bhun na gcrann,
Bhí éisc na Finne 'léimnigh le pléisiúr mar bhí sí liom.

Ag éirghe domh-sa Dé Céadaoine dar liom-sa go rabh 'n mhaidin fuar,
Leana mé mo stóirín ar a' léana 's í tiomailt uaim,
Dhruid mé le mo chéile mar i ndúil agus go rabhainn suain,
Ós a Rí nár dheas a' féirín an óig-mhnaoi a d'imthigh uaim.
Dhruid mé le mo chéile mar 'ndúil agus go ...... ...,
Ós a Rí nár dheas a' féirín an óig-mhnaoi a d'imthigh uaim.

Mallacht Rí na h-Aoine air a' té udaí bhain daoim mo stór,
Nach leigfeadh air na gaobhair mé lá saoire ná go moch Dé Luain,
Dá mbéadh sé 'cur go dtaradh an dílinn 's a' síor-chur de shneacht ó thuaidh,
Ó a Rí dá bhfaghainn cead síneadh léithe, go mbéinn comh haoibheamhail leis an eala 'r chuan.
Dá mbéadh sé 'cur go dtaradh an dílinn 's a' síor-chur de shneacht ó thuaidh,
Ó a Rí dá bhfaghainn cead síneadh léithe, go mbéinn comh haoibheamhail leis an eala 'r cuan.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ní hann dó.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1248d1 (orthographic, English translation).

1. Muireadhach Méith, Amhráin Chúige Uladh, cuid 2, 1937, pp 57–9. See also 1977 edition by Colm Ó Baoill, 1977, pp. 88–90, 161, 186. Our four recorded verses most resemble verses 3, 1, 6, 8 there. Another Rann na Feirste version: "Amhráin Rann-na-Feirsde", An tUltach 14:1 (1937) pp 7–8.

2. Donnchadh Ó Searcaigh, An Uiseog (1905): "An Cailín Donn" pp 8–9, six verses. Our four verses here correspond to the material of verses 1, 3, 6 and 2 there, in different combinations.

3. Dónall P Ó Baoill (eag), Amach as Ucht na Sliabh cuid 2, 1996 pp 102–3. Number 4.16, "Thíos ag teach an tórraimh", consists of four complete verses and a fifth partial verse. Our first three verses here correspond to verses 2; 3 (part) and 5; 1 (part) there. Our fourth verse here is absent.

4. Tadhg, "An Bóthar Buidhe", Ulster Herald (05/12/1903) p 6 has six verses from Glenties. Our four verses here correspond to verses 1, 3, 2, 6 there.

5. Lorcán Ua Muireadhaigh, Ceoltaí Ó Méith p 12: "Ag éirghe damhsa indé", no 19, consists of four verses, the first of which has some slight resemblance to the parts of verses 3 and 1 here.

6. Pádraigín Ní Uallacháin, A Hidden Ulster, 2005, pp 215–6 has the same four verses as in Ceoltaí Ó Méith but with the second and third interchanged and an extra fifth verse added.

7. Our fourth verse here opens "Mallacht Ríogh na hAoine" in Énrí Ó Muirgheasa, Dhá Chéad de Cheoltaí Uladh, 1934, pp 82–3, and is there followed by the third and fourth verses of Ceoltaí Ó Méith.

8. Our fourth verse here was also written down by Seamus Ennis from Máire Ní Bheirn of Teelin (RBÉ MS1282.103)


LA1248.2
Teideal: Song: Thug mé rúide go mullach na Cruaiche (also known as "An Bruach Buidhe")

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Thug mé rúide go mullaigh na Cruaiche, 's a' dara rúide 'un tSléibhe Ruaidh,
A' ruaig air a' chailín a d'fhág m'intinn buarthaí, cuirim léan air ruaig orthaí mar gheall air mhnaoi,
Chrup mo ghlúiní go dtí mo ghuailneach 's fuair mé fuagra glan géar ó'n bhás,
Níl aon duine dá gcualaidh mo scéal an uair sin nár dhubhairt gur trua bocht a' buachaill bán.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ní hann dó.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1248d2 (orthographic, English translation).

This fragment is most usually met as the opening verse of "An Caisideach Bán".

1. Donnchadh Ó Searcaigh, An Uiseog, 1905. The present fragment corresponds roughly to the first and sixth verses of "An cailín thréig mé" on pp 9–10, the remainder of which has similarities to "An Droighneán Donn" and to "Mailidh Mhodhmhar".

2. A version of this verse from Toraigh was written down by Seamus Ennis (CBÉ MS1282.297).


Ciarán Ó Duibhín
2013/03/26
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite