Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Eóin Ó Cianáin (1857–1937), Creggan, Carrickmore, Co Tyrone
Eolas ar an chainnteoir.


Eóin Ó Cianáin.
Is le Cnuasach Bhéaloideas Éireann an pioctúir seo.


LA1209.1
Teideal: Croc an Bhodaigh

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí fear thíos annseo air Thaobh Bán Luighe na Gréine 'dtug siad Paidí Ó Lochrainn air. Agus bhí sé a' treabhadh aon lá amháin áithridh (earraigh?), é féin agus a chomrádaidhe, bhí seisean a' coinneáilt a' mhaide agus bhí 'n comrádaidhe 'tiomáint na gcaiple.

Nuair a tháinig scairt orthu 'un a ndinnéara, d'amharc sé síos aig a chois agus bhí sé i ndiaidh crocán óir a nochtadh. Anois, "rachaidh muid na mbaile" arsa seisean leis an fhear "a dh'ithe ár ndinnéar." "Chan ársóchaidh mé (ársuighim 'n) dadaidh bhuadh seo dó," a deir sé, "fora chaithfinn páirt daen airgead a thabhairt dó."

Chuaidh siad na mbaile 'uig a ndinnéar, agus tháinig sé arais 'un a' crocán óir a thógáilt é féin nuair a bhí 'n dinnéar thart, agus nuair a tháinig sé arais 'un a' chnuic, bhí 'n cnoc uilig foluighste le maidí seisrí. Agus chuaidh sé ón chionn amháin go dtí 'n cionn eile, cuartú a chionn féin, má tá, cha dtiocfadh leis a dheánamh amach fora bhí siad uilig cosail le n-a chionn féin.

Nuair a bhí sé corthaí a' cuartú, d'fhág na maidí seisrí uilig a' cnoc ach a chionn féin agus nuair a d'amharc sé bhí a chionn féin aige, má tá cha rabh aon dadaidh daen chrocán óir, bhí sé air siubhal comh maith le na maidí seisrí.

Thionntóigh sé na mbaile agus bhí 'n t-airgead caillte aige, níor luckáilgan aon leithphighinn dae a thabhairt don fhear bhocht a bhí 'tiomaint na gcaiple.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh M.A. Ó Briain, ach Gerald Eady scríobhtha.

Bhí fear na chomhnuidhe thíos annseo dtoigh bán luighe na gréine. Bhí sé a treabhughadh ar chnoc tharm os cionn na haibhne, agus 'air a thainig sgairt ortha 'na mbaile ag a ndinnéara, nocht sé crocán óir leis a mhaide seiste agus dubhairt sé leis fhéin "má arsaim seo don fhear atá tiomaint na gcaiple caithfidh mé rann leis agus adubhairt sé leis an fhear a sgairt orrainn cuig ar ndinnear. Sgaoil siad na caiple agus fuaidh siad na mbaile uig a ndinnéar. Ghlac Seán a dhinnéar, fuaidh sé ar eis ina cnuic agus bhí siad a treabhughadh agus fuaidh sé radharc fá'n crocán óir. Air a fuaidh sé ar eis bhí an croc uilig falaiste le maidí seistí agus chuartuigh sé ar eis agus ar aghaidh a cnoc fá'n mhaide seiste agus cha dtiocfadh leis eisean féin a dheánamh amach imeast na cod eile. Ar a chuartuigh sé fada go leor d'imthigh na maidí seiste uilig do'n chnoc acht a cheann fhéin agus ar a fuair sé a cheann fhéin arais in bhí an cnoc óir ar siubhal comh maith le na maidí seiste. Chaill sé an crocán óir le h-eagla rann leis an fhear a bhí tiomaint na gcaiple.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 20 (phonetic), 118–20 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, p 288 (orthographic, phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 204–6 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1209d1 (orthographic, English translation).

1. Éamonn Ó Tuathail, Sgealta Mhuintir Luinigh, 1933, no XXXIX, from the present speaker.

2. The same story told by Pádraig Mac Culadh of Curraghinalt, Co Tyrone, to Michael J Murphy (CBÉ MS1221.322). The location is there given as Srath a' Mhaide "below Aughinamerrigan new bridge", and the man is named as McBride from Teebane West.


LA1209.2
Teideal: An Fathach Ó Cléirighean

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí fear thíos annseo air an Fhallaigh a dtugtidhe an Fathach Mór Ó Cléirighean air. Bhí sé comh mór láidir go dtiocfadh leis crudh úr capaill a bhriseadh le n-a láimh... le láidireacht a dhá lámh (lámh amháin?).

Agus ba ghnáthach le... cha rabh duine ar bith ionns an áit a rabh eagla air na daoine beaga bhuadh ach an Fathach Mór Ó Cléirighean. Bhí an tír sin lán acu san am, achan dún air a' bhaile bhí sé líonta acu. Agus bhíodh siad a' tabhairt air siubhal páistí óga sula mbaistidhe iad.

Bhí lá amháin... aon oidhche amháin ann le linn na h-oidhche agus bhí sé aig gabháil thart aige toigh beag a bhíodh ann, agus chuala sé an coimhtheán beag thall ionns an tsráid, agus d'amharc sé thart, agus bhí scata acu na sheasamh, agus deir an duine amháin leis a' duine eile "Ná labhair, fora sin a' Fathach Mór Ó Cléirighean agus muirbhfidh sé uilig sinn."

Chuaidh a' Fathach síos go dtí an toigh, agus bhí fuinneog dhóideog air a' toigh, agus d'fhiafruigh sé daobhtha "Bhfuil an t-oighre sin air a' tsaoghal go seadh? Má tá, beirigí libh air siubhal é 'un fhear a bhaistidh. Fora tá scata thall annseo, feitheamh 'n é a bheith leobhtha. Agus cuirigí air siubhal áit eighinteacht ... anois é i dtreo 's nach mbéidh sé leobhtha."

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh M.A. Ó Briain, ach Gerald Eady scríobhtha.

Bhí fear na chomhnuidhe thíos annseo ar an eallaigh a dtabharfaidhe an fathach mór a cliaruigheann air. Thiocfadh leis crudh úr capaill a bhriseadh le láidireacht a dhá láimh. Bhí an tír ins an am sin lán daoiní beaga a dtabharfaidhe fairies orthu agus ba ghnáthach leobhtha bheith ag tabhairt ar shiubhail paiste gan bhaisteadh. Bhí aon oíche amháin agus bhí an fathach 'ghabhail na mbaile agus bhí sé ag gabhail thart aig a toigh beag a bhí ann agus chuala sé callán beag anonn ar a' tsraid agus labhair glór agus dubhairt sé "sin an fathach mór a cliaruigheann i gceart agus muirfidh sé uilig sinn." Chualaidh a' fathach iad agus fuaidh sé síos 'uig a fuinneoig dóideoig agus d'fhiafruigh sé "an bhfuil a t-oighre óg ar an tsaoghal go seith. Má tá cuirigidh ar siubhail é agus fuighidh a bhaisteadh. Tá scata annseo a' feitheamh le na thabhairt ar siubhail leobhtha." Chuir siad ar shiubhail a' páiste agus fuair siad a bhaisteadh agus bhí gach aon seort ceart annsin.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 21 (phonetic), 120–2 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, pp 288–9 (orthographic, phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 214–7 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1209d2 (orthographic, English translation).

1. Éamonn Ó Tuathail, Sgealta Mhuintir Luinigh, 1933, no XLI, from the present speaker.


LA1209.3
Teideal: Charm: Órtha an Duireagáin

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Órtha chuir Muire air shúil Cholmcille,
Air bhrobh nó air bhraoinín,
Air dhusta áithe,
Air cháithleach muilinn.

Guidhim-sa Muire,
Cé bith a bhíos ionns a' tsúil sin,
Go dtig' sé isteach ionn mo bhéal-sa,
Le sochar don tsúil sin,
Agus gan dochar do mo bhéal-sa.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh M.A. Ó Briain ach Gerald Eady scríobhtha.

Ortha a chuir Muire da shúil Cholm Chille ar bhruth ná'r bhraoinín, ar dhusta áithe ná'r cháithligh muileann. Guidhimse Muire agus cé'r bith atá sa tsúil sin go dtig sé isteach i mo bhéalsa le sochar don tsúil sin agus gan dochar dom mo bhéalsa. [Put a drop of water into your mouth and say the above words.]

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 25 (phonetic), 138–40 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, p 291 (orthographic, phonetic).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1209d3 (orthographic, English translation).

1. Éamonn Ó Tuathail, Sgealta Mhuintir Luinigh, 1933, no LII.5, from the present speaker; also a Meath version on p 187.
2. Other versions, text substantially different from here: Seaghán Mhac Meanman, Ó Chamhaoir go Clap-Sholas, 1940, p 57; id, Rácáil agus Scuabadh, 1955, p 66; Ciarán Dawson, Peadar Ó Gealacáin, Scríobhaí, 1992, p 70.
3. Énrí Ó Muirgheasa, "Ortha thug Muire do Naomh Cholmcille", Béaloideas 2:1 (1929) 57, from South Armagh.
4. Cois Fhairrge, Béaloideas 3, p. 43


LA1209.4
Teideal: Numerals 1–18, 20–30

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


hAon, dó, trí, ceathair, cúig, sé, seacht, ocht, naoi, deich.
hAon dhéag, dó dhéag, trí déag, ceathair déag, cúig déag, sé déag, seacht déag, ocht déag, fiche.
hAon fichead, dó fichead, trí fichead, ceathair fichead, cúig fichead, sé fichead, seacht fichead, ocht fichead, naoi fichead, deich gcinn fhichead.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

None.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 49, 214 (phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 268–9 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1209d4 (orthographic, English translation).


LA1210.1
Teideal: An Seanduine agus an Dlightheamhnach

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí seanduine ionns a' tír seo agus bhí a lán airgid aige. Agus bhí an oiread sin spéise aige ionns an airgid go gcoinneochadh sé [é] air thábla aige fuinneog a' rúm agus choinneochadh sé a' tionntódh an airgead arais agus air aghaidh aig amharc air, oidhche agus lá. Agus bhíodh coinneall aige agus fiachadh sé thaire leis aige.

Agus bhí aon oidhche amháin, agus bhí dlightheamhnach óg a tháinig 'na mbaile in éis a chuid foghlama 'fhagháil, agus deir sé "B'fhéidir go dtiocfadh liom cása maith a dheánamh as a' tseanduine sin."

Chuaidh sé agus bhí mála leis agus chuir sé a lámh isteach agus tharraing sé an t-airgead uilig isteach ionns a' mhála. Agus bhí caefa leis faoi n-a ascaill, agus wig, agus chuir sé an caefa agus a' wig air, agus d'amharc an seanduine amach air nuair a bhí sé in éis an t-airgead a thabhairt leis, agus bhí an caefa air agus a' wig, is d'amharc sé, "bhó-ó-ó- ó-ó" deir sé leis an tseanduine.

Chuaidh an seanduine air buile annsin air maidin lá thar na mhárach agus chuaidh sé a dh'amharc fán airgead agus "caithfidh mé dhul chuig an dlightheamhnach agus fiostrú caidé mar gheibheas mé amach an t-airgead seo." Bheul, mac dreathara dó féin a bhí ionns a' dlightheamhnach seo, agus chan fhuil duine air bith ar chóir duit a dhul chuige ach mac do dhreathara. "Bheul, b'fhéidir gur chóir damh tryáil a thabhairt dó."

Chuaidh sé chuig mac an dreathara, annsin air maidin lá thar na mhárach, agus "Chaill mé mo chuid airgid aréir, rógaire a steall air siubhal é, agus chan fhuil fhios agam caidé mar gheobhas mé é." "Má thig a fhagháil air chor ar bith, gheobhaidh mise duit é."

Nuair a bhí sé ag dhul na mbaile, an dlightheamhnach leis an airgead, droppáil sé an wig i bpoll uisce, an áit a dtabharfadh an fear a b'fhoisge dó a chuid caiple 'un deoch a fhagháil. Agus nuair a tháinig na poilios amach a chuartú annsin cá rabh an gadaidhe nó ca h-é a rabh an t-airgead aige, fuair siad a' wig ionns a' pholl, agus thug siad a' wig leobhtha agus cha rabh dadaidh air bith nas siúráilte ná gurbh é an fear sin a thug an t-airgead leis, fear modhamhail, comharsanaigh a bhí acu. Agus thug siad a' fear leobhtha agus thug siad roimhe leis a' bhreitheamh é, lena chur síos air shon ghoid an airgid uabhtha.

Tháinig an cása air aghaidh, agus mhionnuigh sé leis a' wig agus dubhairt sé gur chruthuigh a' wig gur sin an fear a chaith a fuair a chuid airgid go siúráilte.

"Bhuel, anois, tá an cása go h-olc," ars an breitheamh, arsa seisean, "ion d'aghaidh," leis an fhear shaidhbhir seo. "Fan go bhfeicidh mé," ars' an dlightheamhnach, arsa seisean, "tá rud eighinteacht agam-sa le ráidht annsin fost'."

Fuair sé greim ar a' wig, bhí a' wig amuigh air a' tábla, agus bhí an caefa aige faoi n-a ascaill, agus chuir sé an caefa air agus chuir sé an wig air, agus d'amharc sé isteach ion aghaidh an tseanduine mar a rinne sé nuair a bhí sé i n-éis an t-airgead a thabhairt leis agus deir sé leis an tseanduine "bhó-ó-ó-ó-ó". "Ó, sin an rógaire" arsa seisean "a thug mo chuid airgid leis."

Agus "an bhfaca tú sin aige, a bhreithimh" ars' an dlightheamhnach. " an seanduine, mhionnuigh sé air an fhear eile," arsa seisean, "tá bomaite ó shoin agus mhionnuigh sé orm-sa anois é, agus mionnóchaidh sé ort-sa an darna fear," arsa seisean, "mura ndeánaidh tú rud eighinteacht leis."

"Bheirim dismiss ar a' chása" arsa seisean. "Tá an seanduine air shiubhal."

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh Shéamuis Uí Néill):

This story is retold below (LA 1211.1), which see.

Nótaí:

For notes, see LA1211.1

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 21–3 (phonetic), 122–8 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1210d1 (orthographic, English translation).


LA1210.2
Teideal: Seacht Laetha na Seachtmhaine

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Dé Domhnaigh, Dé Luain agus Dé Máirt.
Dé Céadaoine, Déardaoin, Dé hAoine agus Dé Sathairn.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

None.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 47, 214 (phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 268–9 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1210d2 (orthographic, English translation).

1. Days of the week, Sunday–Saturday.


LA1211 is one of the six Ulster records of which careful transcriptions were made as part of the Doegen project. I have taken this transcription into account in the following.

LA1211.1
Teideal: Fear aosta agus a chuid airgid

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí fear aosta ionns a' chomharsain seo agus bhí a lán airgid aige. Agus bhí an oiread sin spéise aige san airgead go mbéadh sé dá shortáil (thurtáil?) air an tábla le n-a láimh ó uair go h-uair. Ionns an oidhche chaitheadh sé suas ion a rúm é, aige fuinneoig a' rúm, agus shuidheadh sé agus an fhuinneog thuas aige agus a' choinneal lasta, aig amharc air ó luighe na hoidhche go dtí meadhon oidhche.

Bhí dlightheamhnach óg i n-éis a theacht 'na mbaile i n-éis a chuid foghlama a fhagháil, agus "saoilim" ar seisean "go dtiocfadh liom cása maith a dheánamh as a' tseanduine sin."

Bhí sé aig gabháil thart aon oidhche amháin agus bhí an fhuinneog thuas aig an tseanduine, aig meabhrughadh agus aig amharc air an airgead mar ba ghnáthach leis, agus chuaidh sé 'na fuinneoige agus chuir sé a lámh isteach agus tharraing sé an t-airgead uilig daen tábla isteach ionns a' mhála, agus bhí caefa mná air agus bhí wig air faoin chaefaidh agus nuair a d'amhairc a' seanduine, d'amhairc sé isteach ion aghaidh an tseanduine agus chraith sé an wig agus dubhairt sé "bhó-ó-ó-ó-ó".

Bhí an seanduine, bhí sé chomhair a bheith as a chéill fán airgead, agus air maidin arsa seisean "caithfidh mise dhul chuig an dlightheamhnach a dh'amharc, ar seisean, cé ghabh mo chuid airgid."

Bheul, cé hé a rachfá chuige ach mac do dhreathara féin atá na dhlightheamhnach mhaith in éis a theacht na mbaile 's a chuid foghlama a fhagháil anois. Bheul, rachaidh mé chuige an uair seo. Chuaidh sé chuige agus d'ársuigh sé an scéal dó, agus nuair a d'ársuigh, "Bheul, má thig a fhagháil air chor ar bith," arsa seisean, "gheobhaidh mise do chuid airgid duit."

Ach anois nuair a bhí sé aig dhul na mbaile, droppáil sé an wig aige poll uisce a dtabharadh fear comharsan a bhí ann a chuid caiple chuige a dh'ól, agus nuair a tháinig an fear le n-a chuid caiple air maidin, fuair sé an wig ionns a' tobar agus thóg sé é agus thug sé isteach é ina thoigh féin, char shíl sé aon dadaidh de.

Air ball tháinig na poilios thart fiachailt a' bhfuigheadh siad focal air bith bhon ghadaidhe, nó ca hé thug an t-airgead leis. Fuair siad a' wig ionns a' tobar agus thug siad a' wig leobhtha agus thug siad a' farmer leobhtha fost', ar leis a' poll a rabh na caiple aige. Tugadh suas é roime leis a' bhreitheamh agus chuaidh sé chuig an dlightheamhnach seo agus adeir sé leis an dlightheamhnach "cuirfear mise as a' tír", ar seisean, "thaire leis an airgead seo, agus cha rabh aon dadaidh agam le deánamh leis."

"Bhuel, glacfaidh mise do chása, má thig liom aon dadaidh a dheánamh duit, chan fhuil fhios agam."

Chuaidh siad air aghaidh leis an chása, agus nuair a scairteadh suas air a' tseanduine, bhí a' wig air an tábla agus mhionnuigh sé leis a' wig agus mhionnuigh sé leis a' farmer gurbh é a chaith an t-airgead a tabhairt leis agus gur ... sé an wig aig an tobar.

"Bhuel, tá an scéal cruaidh go leor" ars' an breitheamh, arsa seisean. "Chan fhuil fhios agam caidé a dheánfas mé leis a' scéal seo."

"Fan le do thoil," a deir an dlightheamhnach seo, "go bhfiafróchaidh mise ceist nó beirt den fhear seo, má bheir sibh cead damh." "Bhéarfaidh go siúráilte."

Chuir sé an wig air agus bhí an caefa leis faoi n-a ascaill, chuir sé an caefa air agus d'amhairc sé isteach ion aghaidh an tseanduine agus chraith sé an wig mar rinne sé nuair a bhí sé aig tabhairt an airgid leis, agus "bhó-ó-ó-ó-ó" a deir sé.

"Ó, rógaire, is tusa a thug mo chuid airgid leat," arsa seisean.

"Anois" ars' an dlightheamhnach leis a' bhreitheamh, "caidé shíleann tú daen fhear sin? Mhionnuigh sé an chéad-uair air an fhear mhodhamhail seo, agus mhionnuigh sé anois orm-sa," arsa seisean, "agus is tusa ionns a' chathaoir a' darna fear a mionnóchadh sé air, mur déalóisidh tú é.

"Bheirim-sa dismiss air a' chása" arsa seisean, "chan fhuil fhios ag an tseanduine caidé tá sé a dheánamh."

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh Shéamuis Uí Néill):

(The written copies made at the time of recording contain only one version of this tale, despite the oral tale being recorded twice, on LA 1210 and LA 1211. The version, which now follows, does not adhere to either telling markedly more closely than to the other.)

Bhí seanduine sa tír seo a rabh lán airgid aige, agus bhí sé comh fond sin ar an airgead go gcoinnigheadhse spréidhte ar thábla (é), agus bhéadh sé dá stirreadh ar éis agus ar aghaidh le n-a láimh. Bheirfeadh sé an tábla 'na rúm le gaoith na hoidhche agus shuidhfeadh sé go h-am codlata ag amharc air. Bhí dlightheamhnach óg ins a' chomharsain tháinig na mbaile in éis a chuid foghlama agus dubhairt sé go dtiocfadh leis airgead a dheánamh den tseanduine. Bhí sé aon oidhche amháin ag dhul thart 'uig an toigh seo agus fuaidh sé suas 'uig an fhuinneoig agus bhí mála leis agus tharraing sé an t-airgead isteach sa mhála fríd an fhuinneoig. Bhí an fhuinneoig suas, bhí caoife bhán agus wig leis agus chuir sé an wig ar a cheann agus bhí an seanduine ag amharc amach ar an fhear a thug an t- airgead leis agus chraith sé an chaoife agus a wig ar a' tseanduine agus dubhairt sé "beh! veh! veh!".

Ar maidin lá thar na bhárach bhí an seanduine i bhfogus ar buile fá n-a chuid airgid agus dubhairt sé "Caithfidh mise dhul chuig an dlightheamhnach 'un mo chuid airgid a fhagháil domh-sa." "Téigh chuig mac do dhearbhrathair - dlightheamhnach maith atá ann." Nuair a bhí an dlightheamhnach ag imtheacht leis an airgead, chaith sé an wig i bpoll uisce a rabh an fear a b'fhoigse dó ag tabhairt a chuid caiple chuige. Ar maidin nuair a fuaidh an fear seo le n-a chuid caiple 'uig an uisce, fuair sé an wig ins an pholl gus thóg sé an wig agus thug sé leis na mbaile í agus chaith sé san fhuinneoig í. Eadar sin agus an oidhche bhí na police amuigh ag amharc fán fhear a thug an t-airgead leis. Fuaidh siad isteach ins an toigh seo agus fuair siad a' wig ins an fhuinneoig agus dubhairt siad leis an fhear "Caithfidh sé gur tusa a thug cuid airgid and tseanduine leat. Seo a' wig agus bheirfidh sinn tusa agus a' wig linn. Thug siad leobhtha agus chuir siad a' cása roimhe leis a' bhreitheamh. Fuair an fairmeair an dlightheamhnach óg 'un a dhícheallt a dheánamh dó sa chása sin.

Nuair a fuaidh an cása ar aghaidh agus roimhe leis a' bhreitheamh, mhionna an tseanduine leis a' wig agus gur seo a' fear a thug a chuid airgid leis. "Tá an cása go h-olc" a deir an breitheamh. "Amharcann sé go h-olc," ars' an dlightheamhnach, "ach le do thoil an dtabharfá cead domh-sa cupla ceist a fhiafruighe den tseanduine seo?" "Bhéarfaidh." Chuir an dlightheamhnach a' caoife bhán air féin agus a' wig agus dubhairt sé leis, "B'fhéadar gur mise a thug do chuid airgid liom" agus chraith sé a cheann [ar] a tseanduine agus d'amharc sé isteach 'na aghaidh agus dubhairt sé "bheh, bheh, bheh". "Is tusa an fear a thug, a thug mo chuid airgid leat." "gCluin tú sin" arsa'n dlightheamhnach leis an bhreitheamh? Mhionnuigh sé chéaduair ar an fhear sin eile agus mhionnuigh sé anois orm-sa agus an darna duine a mionna' sé air é mionna sé ort féin." "Dismissálfaidh mé an cása," arsa'n breitheamh. "Níl fhios ag an tseanduine caidé tá sé ráidhte."

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 24–5 (phonetic), 128–34 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, pp 280–90 (orthographic, phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 208–13 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1211d1 (orthographic, English translation).

1. Séamus Ó Néill (S.M.), "Béaloideas Uladh", Irish Independent, 18/02/1932, p 4, from the present occasion. See also Nollaig Mac Congáil agus Ciarán Ó Duibhín, Glórtha ón tseanaimsir, 2009, pp 19–21.

2. Éamonn Ó Tuathail, Sgealta Mhuintir Luinigh, 1933, no XXI, from the present speaker.

3. CBÉ MS1216.474–6: Dan O'Connell and the miser (i mBéarla), from Michael E Morris, Glenhull.


LA1212.1
Teideal: Words

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


saor
daor
fraoch
caoraigh
daoiní
smaoineadh
adharc mairte
tá sé aig dhul air aghaidh
tá Tadhg aig an dorus
adhastar
fear cóir
teangaidh
tá sé a' ceangal arbhair
seangán
sreangán
cuingir chapaill
tá sé a' brionglóidigh
luing
muing ghearráin

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh Shéamus Uí Néill):

saor
daor
fraoch
caoirigh
daoiní
smaoineadh
adharc mairte
tá sé ag goil ar aghaidh
tá Tadhg ag an doras
adhastar
fear nádúrtha
teanga
tá sé ag ceangal an arbhair
seangan
sreangan
cuingir chapaill
tá sé a' brionglóidigh
luing (long)
muing chapaill

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 25 (phonetic), 135–7 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, p 290 (orthographic, phonetic).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1212d1 (orthographic).

1. Words selected for certain characteristic sounds, such as "ao", "adh/agh", "ng".


LA1212.2
Teideal: Charm: Órtha an Tinnis Imleann

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí Muire agus a Mac aig dhul fríd an tír uair amháin, agus scairt siad aige toigh mór agus d'iarr siad lóistín oidhche. Dubhairt a' bhean leobhtha nach rabh dóigh acu daobhtha, gur scuitseoir a bhí acu ó mhaidin agus a bhean fosta, nach rabh dóigh acu daobhtha. "Coinnigh iad" a deir a' fear "tá áit daobhtha amuigh sa cholg, b'fhearr daobhtha ná luighe amuigh, beidh sé te sa cholg.

Choinnigh siad annsin iad, agus eadra sin agus maidin, d'éirigh an fear tinn. Agus bhí an bhean air bú, cha rabh fhios aici caidé dheánfadh sí agus chuaidh sí amach 'un a' chuilg chucu agus d'ársuigh sí do na daoiní bochta go rabh a fear tinn, agus nach rabh fhios aici goidé dheánfadh sí.

Thóg Mac Dé dornán daen cholg agus thug sé daoithe é. "Seo dhuit" arsa seisean, "preab den eisir agus cuimil dó é.

Fear fíneálta agus bean bhorb,
Agus Mac Dé ionna luighe sa cholg.
Tóg suas an eisir agus cuimil dó é agus beidh sé slán."

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh Shéamuis Uí Néill):

Bhí Muire agus a mac ag gabhail fríd an tír am amháin agus scairt siad isteach aige toigh farmer mhóir agus d'iarr siad lóistín. Dubhairt an bhean nach rabh áit acu daobhtha, agus dubhairt an fear "Ná cuir amach iad, nach dtiocfadh leobhtha dhul síos ins an áit a rabh na scuiteoirí ag obair." Fuaidh siad síos agus ghlac siad lóistín i dtoigh na scuiteoir. I lár na hoidhche ghlac an fear tinneas imleann. Fuaidh a bhean chuig na daoiní bochta agus dubhairt sí go rabh a fear ag fagháil bháis le tinneas imleann. Thóg sé dornán den cholg agus thug sé daoithe é. Dubhairt sé: "Cuimil seo dó, agus abair na focla seo: 'fear fíneálta agus bean bhorb, agus mac Dé ina luighe sa cholg'. Tóg suas an eisir, agus cuimil dó é, agus beidh sé slán."

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 26 (phonetic), 138–41 (orthographic, English translation)).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, p 291 (orthographic, phonetic).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1212d2 (orthographic, English translation).

1. Éamonn Ó Tuathail, Sgealta Mhuintir Luinigh, 1933, no LII.6, from present speaker.

2. Omeath version on these records, LA1221, which see.


LA1212.3
Teideal: Story: Leasú an Ghobáin.

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Chas dís fear air a' bhóthar air a chéile lá amháin, agus deir aon fhear amháin leis an fhear eile "An bhfuil scéala úr air bith inniu agat?" "Chan fhuil focal." "Nach dtiocfadh leat bréag fhín a ársughadh" arsa seisean. "Cha dtiocfadh, maise".

"Thiocfadh liom-sa" arsa seisean. "Char chuala mé aon scéal ariamh nach dtiocfadh liom léasadh ghobáin a chur air."

"Cha dtiocfadh liom-sa sin a dheánamh" arsa seisean. "Bhuel, dóigheadh an fhairrge aréir, an dtiocfadh leat léasadh ghobáin a chur air sin?"

"Thiocfadh fost'" ar seisean. "Chuaidh lód scadán bruithte dóighte suas a' bóthar inniu" arsa seisean "a tháinig as, agus iad go léir leith- dhóighte."

Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh Shéamuis Uí Néill):

Chas dís fear ar an bhóthar agus deir an duine amháin leis an duine eile "Bhfuil scéala úr ar bith agat?" "Chan fhuil aon fhocal." "Nach dtiocfadh leat bréag a ársú féin? Char chuala mise aon scéal ariamh nach dtiocfadh liom léasadh gobáin a chuir air." "Well, chuala mé gur dóigheadh an fhairrge aréir." "Creidim sin" arsa seisean, "fora chonnaic mé dhá lód scadán bruithte dóighte ag [dhul] suas an bóthar maidin inniu."

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 25 (phonetic), 135–8 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, p 290 (orthographic, phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 218–9 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1212d3 (orthographic, English translation).

1. Éamonn Ó Tuathail, Sgealta Mhuintir Luinigh, 1933, no XXVII, from present speaker.

2. The concept and detail occur in "Bréagaidhe Éireann", recited to Pilib Ó Bhaldrain by Seaghán Ó Brollachain, Muine na Míol, in Ulster Herald 25/01/1913 p 6 (continued 01/02/1913 p 6). Check other publishings of same story.


Ciarán Ó Duibhín
2012/07/21
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite