Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Pádraig Ó Connacháin (1873–1953), Torr, Crolly, Co Donegal
Eolas ar an chainnteoir.


Paidí Bhidí Ó Connacháin agus a bhean Sighle Níc Suibhne.
Pioctúir: Mise an fear ceoil, lch 139, ó mhuinntir Uí Dhuibheannaigh.


LA1244.1
Teideal: Scéal: Máire Ní Ábhráin

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí mise annseo ....... mar a bhí óige Ghoill. Tógadh i n-áirde mé, buaileadh buille orm ................................................. Bhí trí caoirigh chomhthrom ghlasa 'gam, mo thrí gabhair chomhthrom bhreaca, mo ghearrán beag ............ agus a' ghal fiútar. Tháinig Niall Buidhe 'ac a' tSacáin, a' rógaire, agus ghoid sé uaim iad. Nuair a ba deise duit é, sin nuair a b'fhaide uait é, le goid, le bruighin agus le síor-ghaduidheacht. Tá mé air a' tsaoghal le seacht mbliadhna — bhí sé air a' tsaoghal le seacht mbliadhna........ ruathar air. D'imthigh mé liom a chuartughadh Niall, go dtáinig neóin bheag agus deireadh lae orm, casadh isteach ag trí buachaillí na mónadh mé, trí tuagh cúl-ramhar béal-tanaidhe agus iad a' baint ceann cabáiste. "Nach breagh na ceann cabáiste iad sin," a dubhairt mé féin. "Ní ceann cabáiste iad seo," arsa siadsan, "ach ............... a chuir Rí Mór na Glóire chugainn, le síor-bheathughadh ár gcothughadh, agus má fhanann tú go maidin, gheobhaidh tú féin do chuid acu." Bhí bolgam a dh'iarraidh orm, ná bhí an t-ocras orm. Air maidin lá thar n-a bhárach, d'éirigh mé, shiubhail liom go dtáinig neóin bheag agus deireadh an lae orm. Casadh isteach ag trí buachaillí na mónadh mé, trí tuagha cúl-ramhar, trí spádaí béal-ramhar agus cúl-tana, agus iad ag baint .......... "Nach breagh na .............. iad sin," arsa mé féin. "Ní ......... iad seo," air siad-san, "ach ceairtlineacha............. a chuir Rí Mór na Glóire chugainn, le síor-mbeathughadh, ár gcothughadh, agus má fhanann tú go maidin, gheobhaidh tú féin do chuid acu." Bhí bolgam a dh'iarraidh orm ná bhí an t-ocras orm. Air maidin lá thar n-a bhárach, d'éirigh mé, shiubhail liom go dtí go dtáinig mé go dtí bruach na fairrge. Rinne mé long mhór de mo chasóig, cába de mo hata, agus seol de mo bhata, gur thóg mé liom a' long mhór luchtaithe aig éisteacht le ......... na péistí móra agus le lúbarnach easconn, go rabh mé sa teach a b'fhaide siar i n-Éirinn, toigh Mháire Ní Abhráin. Bhí sean-teach ciotach ceatach annsin, a' deor a ba cheart tuitim ag an doras ann, bhí sí ag tuitim thuas ó lár a' toighe. Bhí sean-phéire briste bearnach ann. Amharcaim suas. Tchidhim a' chailleach mhaol odhar a' teacht amach thuas, achan fhiacal aici .......... a brollaigh daoithe, agus cad eile a bhí aici, a fheara, níl mé 'gabháil a innse daoibh. Bhí an Béarla an t-am sin agam, faraor, rud nach bhfuil anois. "How d'ye do there?" ars' an chailleach liom féin. "How d'ye do there?" arsa mé féin leis a' chailligh. Bhí mé tamallt sa Spáinn, a' foghluim Béarla, agus ............. a' chailligh. Níor bh'fhada go bhfaca mé Niall ag cur a chlaigeann amach thuas ar a cúl. Bheir mé air Niall, tharraing mé anuas é, bhuail mé ceathair nó cúig dhe dhóirne air, go pluganta plaganta 'steach i gclaigeann a' ........ air. Chuaidh mé siar a' ......... a bhí thiar i gcúl a' toighe. Thug mé liom mo chuid caoirigh agus gabhar 'na' bhaile. Bhuel, a' gcuala sibh 'riamh gur mharuigh mé 'n tsluagh beag, 'n tsluagh mór, 'n tsluagh meadhonach, an seanduine 's a' chailleach, ...... bhun an fheadáin, ....... dubh a' ghleanna, cat a' cháil agus pisín beag na luath'. Dubhairt pisín na luath' liom, "Ná b'é sin mo mhuinntir go h-uile. Béidh daor ort. Och, och."

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Faoi ainm Shéamuis Uí Néill agus Mhicheáil Uí Bhriain, ach i láimh (?) Éamoinn Uí Thuathail nó Mhicheáil Uí Bhriain.

Bhí mise annseo in arm Fheidhlimidh óig uí Ghuidhe. Tógadh in áirde mé, buaileadh fa lár mé. Me guidhe mé, me gé mé, sean ógán indé mé. Bhí trí caoirigh corr-ghlas agam, tri ghadhar corr-bhreac agam, mo ghearrán beag créata & an gheal-phúdar (each cogaidh). Tháinig Liam buidhe mhac an tsacáin, ghoid sé uaim iad. Nuair a ba deise duit e, sin nuair a b'fhuide uait é, le goid & le bruighean & le siar-ghaduidheacht, tá sé ar an tsaoghal le seacht leith-bhliadhanacha fichead. Roimh a ghar-athair. D'imthigh mé liom, a chuartú Liaim, go dtáinig neoin bheag orm & deireadh an lae. Thárluidh isteach ag trí buachaillí na mbó mé, trí spád cúl-ramhair béal tana & iad ag baoint moleàtus (potatoes). Nach breagh na moleatus iad sin arsa mise. Ní moleatus iad seo, arsa siad san cearthlineacha an fhoghmhair a chuir Rí Mór na Glóire chugainn, lé sé ar mbeathadh & ar gcothughadh, má fhanann tú go maidin, gheobhaidh tú féin cuid acu. Ba bhuidhe bocht liom iarraidh orm, na bhí an tocras orm. Maidin lá thar na bhárach shiubhail liom go dtáinig neóin bheag & deireadh an lae orm, casadh isteach ag trí buachaillí na mbó, trí tuagha cúl-ramhar beál tana & iad ag baint crainn ciobáiste. "Nach breagh na crainn ciobáiste sin" arsa mise. "Ní crainn ciobáiste iad seo" arsa siad san ach miolár báirneach (food inside) a chuir rí mór na glóire chugainn le sé ar mbeathadh & ár gcothughadh. Gheobhaidh tú féin do chuid acu. Ba bhuidhe bocht liom iarraidh orm na bhí ocras orm an chéad lá bhí a dhá oiread orm an lá seo. D'éirigh mé ar maidin, chuaidh mé go bruach na fairrge. Rinne mé long mhór do mo chasóig, cába do mo hata & seól do mo bhata gur thóg mé liom ar luing mhóir luchtair ag éisteacht le rattle péiste móire, lúbarnach na heasgon, go rabh mé sa teach a b'fhuide siar in Éirinn, toigh Mháire Ní Abhráin. Bhí seanteach ...peach-sopach ann a deor a ba cheart tuitim ag an doras, bhí sé ag tuitim thuas i lár an toighe. Bhí sean staighre briste beárnach ann. D'amharc mé suas, tchím an chailleach mhaol odhar ag teacht amach. Bhí Béarla an t-am sin agam, faraor, rud nach bhfuil anois. "Fat you do there" arsa chailleach liom féin. "Fat you do there" arsa mise leis an chailligh. Bhí mé tamallt sa Spáinn ag foghluim an bhéarla & rámera ortsa, a chailligh. Amharcaim suas & tchím Liam ag cur a chinn amach thuas. Bheir mé ar Liam, tharraing mé anuas é. Bhuail mé ceathair nó cúig dhoirn air go plucánta placánta, isteach i gclagán an tuill. Chuaidh mé siar i gcrothán i gcúl an toighe, fuair mé mo chuid caoirigh & gabhar annsin & mo ghearrán. Thug mé liom na bhaile iad. Fuaidh siad san an t-áth, mise an clochán. Báitheadh iad san & tháinig mise. Thig leat innse daobhtha gur mharbh mé an sluagh beag, sluagh mór, sluagh meadhonach, an seanduine & an chailleach. Réithe bun an fhásaigh. Tarbh dubh an ghleanna. Cat an cháirr. Sin mo bhunadh uilig an tsaoghal & béidh daor ort.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1244d1 (orthographic, English translation).

1. Ní hionann seo agus "Máire Ní Abhráin" ó Mhaighread Ní Dhomhnaill ar LA1250.3 .

2. Compare "Liam Buidhe Mac an Tacain", written down by Seamus Ennis from same speaker, CBÉ MS1282.237–9.

3. "Niall Buidhe Mac a' tSacanaigh" An tUltach (6/1987) pp 21—2 from Seán Bán 'ac Grianna, Rann na Fearsaide, is substantially different but shows striking similarities: "tógaidh in áirde mé, buailidh fá lár mé, Gig Ú Gig á mé, Seán Óg Ó Néill mé"; "nuair a ba deise dúinn é, b'ann a b'fhaide uainn é, le bruid agus le goid agus le síor ghadaidheacht, le h-ocht leith-bhliadhanacha fichead sul ar rugadh a shean-athair"; "cúig spádái cúl ramhar béal tanaidh ag baint mileátaí"; "ní mileátaí iad sin acht crann gabaiste a chuir Rí Mór na Glóire chugainn le ár mbeathadh ár gcothughadh agus ár gcoingbhéaladh agus má fhanann tusa go maidin gheobhaidh tú do chuid aca"; "rinne mé crann seoil de mo bhata agus long mhór de mo chasóig"; "an chailleach mhaol odhar".

4. The English phrase "what brought you here" has been noted on other occasions in stories (cupla áit in An tUltach 1–13 + 15,7,1)


LA1244.2
Teideal: Numbers

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


haon, dó; trí, ceathair; cúig, sé; seacht, ocht; naoi, deich; haon dhéag, dó dhéag; trí déag, ceathair déag; cúig déag, sé déag; seacht déag, ocht déag; naoi déag, fich'; aon agus fich', dó agus fich'; triúr agus fich', ceathair agus fich'; cúig agus fich', sé agus fich'; seacht agus fich', hocht agus fich'; naoi agus fich', deich agus fich'; dhaichead.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ní hann dó.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1244d2 (orthographic, English translation).

1. Numerals 1–30, 40.


LA1245.1
Teideal: Story: Rí na hÉireanna

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí rí na h-Éireann agus a bhuachaill amuigh aig seilg aon lá amháin. Agus shiubhail siad leobhtha, agus casadh nead éin air a' rí. Agus ní rabh uirthi ach trí huibhe. "Nach mór a' t-iongantas seo," a dubhairt sé leis a' bhuachaill, "Nead éin a casadh orm agus gan uirthi ach trí huibhe." "Ní iongantas air bith domh-sa é," dubhairt a' rí - ná dubhairt a' buachaill. "Cad chuige?" "Níl aon fhear air a' domhan," a deir sé, "nach dtug duine dena chlainn don deochbhuidhe. Agus níl aon éan ar a' domhan nach dtug duine dena chlainn don deochbhuidhe." "Más fíor sin, ní thug mise aon duine de mo chloinn don deochbhuidhe go fóill," a dubhairt a' rí. "Caidé a' dóigh a dtiocfadh liom iad a thabhairt don deochbhuidhe?" "Cuir 'na' scoile go h-uile i mbárach iad. Agus a' duine deireannach a bhéas ag an gheafta, druid a' geafta roimhe agus tabhair don deochbhuidhe é." ................. rinne sé seo. Bhí fhios aige go breagh go mbéadh an fear a ba sine air deireadh a' teacht 'na' bhaile, agus go rachadh an mhuinntir óga 'na' bhaile leis an ocras. D'éirigh an rí amach roime n-a mhac air deireadh agus dhruid sé an geafta roime. "Anois," a deir sé, "tá mé a' do thabhairt-sa don deochbhuidhe. "Nach mór an t-iongantas sin a athair" a deir sé. "Cinnte cha dtiocfadh liom a chur air shiubhal gan .............." Chuaidh sé isteach, agus tháinig sé amach agus dhá chéad punnta leis. Shín sé an dá chéad chuige, thug sé beathach capaill dó, agus beathach capaill do n-a bhuachaill, le dhul leis go bhfeiceadh sé caidé dheánfadh an deochbhuidhe leis. Ní theachaidh siad iongantach fada an bealach mór gur casadh cónair orthu 'n a luighe i lár a' bhealaigh mhóir, agus lucht a' torraimh 'bualadh na cónrach, achan dhuine 'baint a chuid féin as a' chónair. Tháinig sé 'un tosaigh. "Caidé tá contráilte?" deir sé. "Seo fear a bhfuil moll mór fiach againn air, agus ní chuirfhear a choidhche é go mbainfimidne ár gceart as." "Dá bhfuigheadh sibh mur gcuid, a' gcuirfheadh sibh é?" "Chuirfheadh, agus míle fáilte." Dhruid sé 'béal. D'imthigh sé agus rann sé a' dá chéad punnta agus a' dá bheathach capaill, agus dubhairt sé leis a' bhuachaill, "'Bhuachaill, gabh 'na' bhaile. Tá mise aig an deochbhuidhe mór go leor anois." Ní theachaidh sé iongantach fada 'un tosaigh a' bealach mór nuair a tchidheann sé fear a' teacht isteach taobh a' chnuic. 'Sé dubhairt a' fear, "'Bhfuil buachaill 'e dhíobháil ort?" "Ó níl buachaill air bith 'e dhíobháil orm," a dubhairt sé. ".... mé féin ..... rud éighinteacht a shaothrughadh." "'dTabharfá cúig phunnta domh-sa," a dubhairt sé, "nó leath mo dheánamh féin." "Bheirfidh mé cúig — bheirfidh mé leath do dheánamh féin duit, ós é is fusa domh a thabhairt duit." Shiubhail a' bheirt leobhtha an bealach mór giota beag, agus ní theachaidh siad iongantach fada gur casadh fear ortha agus ......... gearrfhaidh aige. Ní rabh air ach leath-chois. Thosuigh 'n fear beag ribeach ruadh a chómhrádh le fear na leath-choise, go dtí go rabh gearrfhiadh soir, gearrfhiadh siar, agus gan cionn le fagháil acu. "Do dhona agus do dhothairne" a deir sé, "nach mór a' truaighe mo ghléas beó a chur de dhíoghbháil orm." "Siubhail leat liom-sa," a dubhairt sé, "agus fág annsin iad." Shiubhail siad leobhtha go dtáinig giota eile, agus casadh fear ortha agus bow 'n' arrow aige. Ní leigfeadh sé rud beag ar spéir nach gcuirfeadh sé anuas leis a' bhow 'n' arrow. Sheasuigh sé a chómhrádh leis go dtí go dtáinig ...... air a spéir de dhreasógaí agus nach rabh sé abálta dhath ar bith a dheánadh daobhtha. "Siubhail leat liom-sa" a dubhairt a' fear beag ribeach ruadh, dubhairt sé, "agus fág annsin é." Shiubhail an ceathrar leobhtha go dtí go dtáinig siad istigh i gcoill agus nuair a chuaidh siad giota eile 'un tosaigh, casadh fear ortha 'n a luighe i lár a' bhealaigh mhóir. A' chluas a bhí air a' bhealach mhór, bhí sé ag éisteacht leis na diabhail thíos i n-Ifreann, agus a' chluas a bhí os a chionn, bhí sé ag éisteacht leis na h-aingil ionns na Flaithis. Bhuail sé cic air an fhear sin nuair a tháinig sé 'un tosaigh. "Ó," dubhairt a' fear sin, "nach mór an náire duit a leitheid de rud a dheánamh." Shiubhail leobhtha an cúigear, a' tarraingt air nighin a' rí 'bhí sa domhan thoir. Shiubhail leobhtha go dtáinig neóin bheag agus deireadh an lae ortha. Casadh isteach i gcró beag toighe iad. "Bhuel," a dubhairt a' tseanbhean, "nach mór a' truaighe go dtáinig sibh orainn anocht. Tá an rí, a' fathach, air shiubhal," a dubhairt sí, "le seacht n-oidhche agus le seacht lá, agus b'fhéidir go mbéadh sé 'na' bhaile anocht."

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Faoi ainm Mhicheáil Uí Bhriain.

Bhí rí in Éirinn aon uair amháin. Bhí sé fhéin 's a bhuachaill amhuigh ag seilg. Casadh nead air. Ní rabh uirthi ach trí huibhe. Sgairt sé ar a bhuachaill. Dubhairt sé gurbhe an t'iongantas a ba mhó thainic sé ariamh é. "Ní iongantas ar bith damhsa" arsan buachaill. "Nach bhfuil fhios agat nach bhfuil éan ar an domhan nach dtug duine dona chlainn don deochbhuidhe." "Bhal más fíor sin" adubhairt an rí "ní thug mise do aonduine do mo chlainn go fóill. Goidé an doigh a dtiocfadh liom duine a thabhairt uaim." Deán réidh fa choinne na scoile ar maidin & an duine deireannach a bhéas go dtí an geafta tabhairt don deochbhuidhe é. Bí réidh tráthnóna nuair a thainic siad na bhaile, rámuid a mhuinntir óga. Nuair a tháinig a fear a ba sine go dtí an geafta, dhruid an t-athair ina éadan é. "Cinnte, a athair níl tú a ghol do mo chur ar siubhal gan congnamh costais." Chuaidh sé isteach, thainic sé amach & dhá chéad punnta leis cuige, & beathadhach capaill. Chuir sé an buachaill leis & beathadhach eile capaill, go bhfeicfeadh sé goidé bhí an deochbhuidhe a dheánamh leis. Ní theachaidh siad i bhfad an bealach mór, casadh comhnair ina luighe i lár an bhealaigh mhóir ortha & lucht an torraimh á bhuaileadh. ["] Bhí iongantas mór air nuair a thainic sé iad a dheánamh sin. D'fhiafhruigh sé goidé bhí contráilte. Sé dubhairt siad leis go rabh fiacha acu air. Dá bhfuigheadh siad a gcuid airgid go ?gcuirfeadh siad é. D'imthigh sé & roinn sé an dá chéad punnta orra. D'imthigh sé & thug sé an beathadhach a bhí leis an bhuachaill daobhtha fosta. D'iarr sé ar an bhuachaill pilleadh 'un a bhaile. Ní theachaidh sé i bhfad an bealach mór go bhfaca sé fear ag teacht anuas taobh an chnuic. Sé d'fhiafruigh sé do an ndeánfadh sé buachaill a fhastódh. Sé dubhairt sé leis nach mdeánfadh, ná gur sin a rud a rabh sé fhéin na dhéidh. Na nach dtiocfadh leat cúig phunt a thabhairt dó ná leithe a láimhe féin. Bhéarfaidh mé leith do láimhe fhéin duidse, isé is fusa damh thabhairt duit. Siubhal an bheirt leobhtha an bealach mór & is gairid gur casadh fear leith-choise orra. Bhí páirc gearrfiadhthe aige. Thosuigh an fear beag ruadh a chomhrádh leis. D'imthigh gearrfhiadh soir & gearrfhiadh siar & ní rabh sé ábalta 'n a gcruinniú. Siubhal leat linne & fág annsin iad. Ní theachaidh an triúr a bhfad an bealach mór gur casadh fear orra (bow and arrow) aige. Ní rabh sé ag fágáil réaltóg ar an aer nach rabh sé ag caitheamh anuas leis. Thosuigh an fear beag ruadh a chomhrádh leis. Ní rabh spota ar an aer nach rabh réaltóg ann & ní rabh sé ábalta dadamh a dheánamh dó. "Siubhal leat linne" arsan fear raudh & fág annsin iad." Ní theachaidh an ceathrar i bhfad nuair a casadh fear orra na luighe ar an bhealach mhór, cluas a bhí faoi, bhí sé ag éisteacht leis an diabhail ag polladh a chéile thíos in Ifreann & an chuas a bhí os a cheann, ag éisteacht leis an chuideachta a bhí ag na hainglibh ins na flaithis. "Siubhal leat linne" arsan fear ruadh & fág annsin iad. Siubhal an cúigear leobhtha, fá choinne a dh'iarraidh nighean rí an Domhain thoir do mhac rí na hÉireanna. Siubhal an cúigear leobhtha go dtainic an oidhche ortha. Casadh isteach i dteach beag iad. Arsan chailleach tá mé iongantach buadhartha...

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1245d1 (orthographic, English translation).

1. Continued on following record, which see.


LA1246.1
Teideal: Story: Rí na hÉireanna (ar lean ó LA1245.1)

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


'Sé dubhairt a' tseanbhean, gur mór a' truaighe go dtáinig mac rí na h-Éireann agus a chuid fear annseo anocht. Go rabh an fathach air shiubhal le seacht n-oidhche agus le seacht lá, agus go bhféadfadh sé bheith sa bhaile anocht. "'N áit a choinnigh é le seacht n-oidhche," a dubhairt a' fear beag ruadh, "coinneachaidh sé anocht fosta é." Thug sí suipéar daobhtha agus nuair a bhí an suipéar thart, "caithfidh sé," a dubhairt a' tseanbhean, "go bhfuil seoideannaí an-deasa i n-Éirinn agaibh." "Ó, maise níl," a dubhairt sé, "ach caithfidh sé go bhfuil seoideannaí an-deasa annseo agaibh." "Maise tá," a deir sí, "tá claidhmhe solusta annseo — claidheamh agam-sa, agus dá n-iarrainn a' cionn a bheith duit-se bhéadh a' cionn duit, agus dá n-iarrainn é bheith ort arais bhéadh sé ort." "Bain a' cionn de fhear na leath-choise," deir sé. Bhain sí 'n cionn de fhear na leath-choise. "Cuir air araist é." Chuir sí air araist é. "Tabhair domh-sa an claidheamh," a dubhairt a' fear beag ruadh, "go bhfeicidh mé a' dtig liom féin a dhath a dheánamh leis." Fuair sé an claidhmhe. "Truagh gan a' cionn duit, a chailligh," a deir sé. Ní luaithe a bhí an chainnt ráidhte ná bhí an job deánta. Bhí an cionn den chailligh. "Agus ní chuirfidh mise ort-sa é," a deir sé. Shiubhail a' cúigear leobhtha go dtí go dtáinig an oidhche air n-a bhárach ortha. Chuaidh siad isteach i n-a mhacasamhail. Nuair a chuaidh siad go dtí an dara seanbhean, dubhairt sí, "Is mór a' truaighe go dtáinig sibh orm anocht. Tá an fathach air shiubhal le seacht n-oidhche le seacht lá agus béidh sé 'na' bhaile anocht." "Cha bhíonn," a dubhairt seisean, "an áit a choinnigh é le seacht n-oidhche le seacht lá coinneochaidh sé anocht fosta é." Nuair a bhí an suipéar deánta acu, "caithfidh sé go bhfuil seoideannaí deasa i n-Éirinn agaibh." "Maise, níl. Ach caithfidh sé go bhfuil seoideannaí an-deasa annseo agaibh," a dubhairt a' fear ruadh. "Bhuel tá," a dubhairt sí, "tá sparán annseo agam-sa, agus dá n-iarrfainn," a deir sí, "pócaí mhac a' rí a bheith líonta den airgead, bhéadh siad líontaí brúchtaí." "Maise," dubhairt mac a' rí, "deán, ná níl pighinn agam." Bhí a phócaí ag brúchtaíl le airgead. "Taispeain an sparán," a dubhairt a' fear beag ribeach ruadh "go bhfeicidh mé caidé rud é." Thaispeain sí 'n sparán dó. "Truagh gan a' cionn duit, a chailligh," deir sé. Níor luaithe a bhí an focal ráidhte ná bhí an job deánta. Shiubhail leobhtha 'lá thar n-a bhárach go dtí go dtáinig siad isteach chuig an tríomhadh bean. Nuair a tháinig siad chuig an tríomhadh bean, thug sí a suipéar daobhtha. "Caithfidh sé," a deir sí, "go bhfuil seoideannaí an-deasa i n-Éirinn agaibh." "Maise níl, ach caithfidh sé," dubhairt a' fear beag ruadh, "go bhfuil seoideannaí an-deasa annseo agaibh-se." "Maise tá," a deir sí, "tá clóicín dorcha annseo agam-sa, agus bhéinn a' siubhal thart fá leac na teineadh agus ní bhéadh fhios agat," a dubhairt sí "caidé bhéinn a dheánamh." "Árú, cuir ort é," 'deir sé, "go bhfeicidh mé." Chuir sí orthai an clóicín agus nuair a chuir sí 'n clóicín orthai ní fheicfeadh duin' ar bith í. "Tabhair domh-sa é," 'deir sé, "go bhfeicidh mé an mothóchaidh mé féin a dhath`. Ní fhachaidh duin' ar bith é. "'S truagh gan a' cionn duit, a chailligh," arsa seisean. D'imthigh sé féin agus a chlóicín dorcha, a sparán leis, agus a chlaidhmhe, 'tarraingt air nighin a' rí 'bhí sa domhan thoir. Shiubhail siad leobhtha isteach thall, agus nuair a chuaidh siad go dtí an geafta, bhí dhá spíce dhéag ionn a sheasamh annsin air a' gheafta. Bhí a'n chlaigeann déag de mhac righte thuas annsin, agus aon spíce amháin folamh. Tháinig sí amach rompu, a' bhean uasal í féin. Dubhairt sí le mac a' rí, "Bhfeiceann tú áit do chlaigne amárach." "Bhuel má tá féin," a dubhairt a' fear beag ribeach ruadh, "is iomaí fear annsin is fhearr ná é, agus is iomaí fear ionn is measa ná é." Bhí go maith 's ní rabh go h-olc, an oidhche sin chuir sí a luighe iad, tháinig sí anuas agus cíor léithe. "Mur' rabh an chíor seo agat don mhaidin amárach, bainfidh mé 'n cionn duit." Thug sí trí léim ar a cúl, trí léim ar a h-aghaidh, agus ............ don ghealaigh," a dubhairt sí. "Truagh gan mise annsin," a dubhairt a' fear beag ribeach ruadh go lúthgháireach. Bhí an cíor — bhí sise faoi gheasa, bhí an chíor léithe, agus bhí a' fear beag ruadh go lúthgháireach aici. Ar fhágáil ...... ar maidin daobhtha, d'inns sí go rabh mac rí na h-Éireann i bhfos aibí. Fuair a' fear beag ruadh greim ar a chíor agus bhí a' chíor leis ................. Nuair a tháinig sé anuas air mhaidin 'dtrátha an hocht a chlog chuige, "Cá bhfuil a' chíor" a dubhairt sí, "a thug mé aréir duit?" Chuaidh seisean a chuartughadh faoi cheann a' bholstar agus dá mbéadh sé a' cuartughadh faoi cheann a' bholstar ó shoin ní rabh an chíor le fagháil aige.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Faoi ainm Mhicheáil Uí Bhriain.

Tá an fathach ar siubhal le seacht n-oidhche & má thagann sé anocht muirbhfidh sé uilig muid. An áit a choinnigh sé le seacht n-oidhche coinneachaidh sé anocht é. Rinne sé réidh a suipeár. Nuair a bhí an suipeár thart, ciathfidh sé go bhfuil seódanna deasa in Éirinn agaibh. Más a, níl acht caithfidh sé go bhfuil seódanna andeasa annseo. Maise tá, tá claidheamh agamsa annso & dá n-iarrfainn an ceann a bheith duid, bhéadh sé duid. Dá n-iarrfainn é bheith ort arais, bheadh sé ort. Bain an ceann do fhear na leathchoise arsa'n fear ruadh. Níor luaithe d'iarr sé ná bhí an ceann dó. Cuir air arais é. Tabhair damhsa an claidheamh go bhfeicfidh mé. Is truagh gan an ceann duit a chailligh. Beidh tamall sar a gcuirfidh mé ort é. Siubhail siad leobhtha go dtainic a dorcha na hoidhche ortha. Chuaidh siad ina gcrothán beag toighe. Chuir an chailleach fáilte roimhe mac rí na hÉireanna & roimh na chuid fear. Nuair a rinne siad a suipeár. Caithfidh sé go bhfuil seódanna deasa in Éirinn agaibh. Maise níl arsan fear ruadh acht caithfidh sé go bhfuil seódanna deasa annso agaibh. "Maise tá, tá sparán annso agamsa & dá niarrfainn pócaí mhac an rí bheith líonta dh'airgead, líonfadh sé iad." Tá sin a dhioghbháil arsan fear ruadh "ná níl aige pighinn." Teisteán an sparán arsan fear ruadh leis an chailligh. Nuair a fuair sé an sparán, is truagh gan an ceann a bheith duit a chailligh. D'imthigh leobhtha an cúigear & an sparán & an claidheamh leobhtha. Siubhail leobhtha go dtainic siad isteach insa tríomhadh hoidhche go crothán beag toighe. Chuir an chailleach fáilte roimhe mac rí na hÉireanna & a chuid fear. Go rabh sí buadhartha go rabh an fathach ar siubhal le seacht noidhche & dá dtiocfadh sé anocht go muirbhfeadh sé uilig iad. An áit a choinnigh sé le 7 hoidhche coinneochaidh sé anocht fosta. Nuair a bhí an suipeár thart. Caithfidh sé go mbíonn seódanna an deas agaibh in Éirinn arsan seanchailleach. Maise níl arsan fear ruadh ach caithfidh sé fo bhfuil seódanna an deas annseo. Maise tá, tá clóca an dorcha annseo agam. Bheinnse anonn 's anall ar chladach na teine & ní fheicfeadh sibh mé. Cuir orm é go bhfeicfidh mé. Nuair a fuair sé air an clóca, is truagh gan an ceann duit a chailligh. Siubhail leobhtha an cúigear ag tareraingt ar nighean rí an domhain thoir. Nuair a chuaidh siad go dtí an geafta, bhí dhá spicí déag thuas & bhí aon chloigeann déag mac righthe orra. Nuair a thainic an cailín amach. Sin áit do chloigne ar maidin an spíca folamh sin. Más é féin arsan an fear ruadh is iomdha fear annsin as feárr ná é. Is iomdha fear as measa ná é. Thug sí isteach un toighe iad & chuir siad a luighe iad. Thainic sí anuas & thug sí cíor do mhac an ríogh. Mur rabh an cíor seo agat amáireach sé áit do chloigne an spíce folamh sin amuigh. D'imthigh sí léithe & níor stad sí go rabh sí taobh ba thall do'n ghealaigh. Bhí an fear ruadh annsin go luath léithe. Nuair a bhí sí ag fágáil thall ar maidin, d'fhág sí an cíor na déidh thall. "Sílidh sé go mbéidh an cíor seo aige amáireach." Ní thearn an fear ruadh acht breith ar an chír & í leanstan abhaile. Nuair a tháinig sí anuas ar maidin d'fhiafhruigh sí dó cá rabh an cíor a thug sí dó aréir ...

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1246d1 (orthographic, English translation).

1. Other versions of this story, containing most of the same themes and phraseology, include:
      "An fear beag ribeach rua", An tUltach (6/1982) pp 52–4, related by Peadar Frainc 'ag Grianna, Loch an Iubhair, a brother of Doegen speaker Éamonn 'ag Grianna.
      "Mac Rí na hÉireann", in Conall Ó Grianna, Rann na Feirsde, Seanchas ár Sinsear (1998), pp 236–40, related by Frainc Beag 'ag Grianna, Rann na Fearsaide.
      "Pósadh chlann Rí na hÉireann", in Lorcán Ó Searcaigh (eag), Lá de na Laethaibh (1983), pp 70–5, related by Micí Shéain Néill Ó Baoighill, Rann na Fearsaide.
      "An fear beag ribeach ruadh", dhá innse ag Éamonn Bhell ag Bailiúchán Béaloidis Ghaeltacht Thír Chonaill; d'fhág Éamonn an scéal ar Annie Bhán.
2. Some of the themes and phraseology are more widely found, eg.:
      troid fá chónair, an clóca, an claidheamh, an chíor:
            "Giollamán corrach", in Ludwig Muhlhausen (eag), Zehn irische Volkserzählungen aus Süd-Donegal (1939) pp 41–8, as Teilionn.
      an fear beag ribeach ruadh:
            Edward Curtis, "Mac Rí Chruacháin", Béaloideas 2 (1929) pp 35–46, from Seán Ruadh 'ac a' Bháird, a neighbour of Doegen speaker Domhnall Ó Baoighill, who assisted in the narration. Curtis gives a list of other versions.
      troid fá chónair, cloak of darkness, sword of light:
            Seán Ó Loingsigh agus An Seabhac, "An Fear Ruadh", Béaloideas 1 (1927) pp 167–81, from Corca Dhuibhne. Some other versions are listed.
      ró spicí:
            "Scéal an Chlibistin", in Áine Ní Dhíoraí (eag), Na Cruacha, scéalta agus seanchas (1985) pp 61–73, as na Cruacha.

3. "bow 'n' arrow": this was the image associated with the letter "D" in reciting the alphabet. This English phrase is also found in a story, "An cailín uasal" in Éamonn Ó Tuathail (ed), Sgéalta Mhuintir Luinigh (1933), on p 171, from Tyrone.

4. "deochmhuidhe": Muireadhach Méith wrote in Amhráin Chúige Uladh, part two, 1937, pp 22–4 (see also 1977 edition by Colm Ó Baoill, pp. 142–4), in his notes on the song "Eóin Búrcach" which he obtained in Rann na Fearsaide from the grandmother of Doegen speaker Annie Murray: "In the old days, anyone with a large family to raise had to give one of them to the Deoch-Bhuidhe. … I was unable to obtain an explanation of the word Deochbhuidhe. The word is no longer used by the young people, but the old people say it was common in their young days. For example a peevish child might be told 'If you don't stop crying I'll give you to the Deochbhuidhe'. One might also say 'I'll give it to the Deochbhuidhe' of an article lost or irreparably damaged. Probably, to give something to the Deochbhuidhe means to give it as a propitiatory offering to some demon or evil spirit" (my translation). This discussion was previously given by Muireadhach Méith in An tUltach 4:11 (1927) p 13.
The word was used by Niall Mac Suibhne on p 262 of his translation of Red Cloud as Néall Dearg (speaking of two horses): "rinneamar amach gur bh'fhearr dúinn a dtabhairt don dioghbhaidh gan mhoill" — "it was decided that it would be better to sacrifice these at once". Another example, from Domhnall Ó Gianna, Flatha na h-Alban, lch 328: "Chaithfinn m'anam a thabhairt do'n díoghbhaidh sul a dtéidhinn faoi mo chuid airm a choidhche arís i n-éadan Sir William Wallace." — "I must be a traitor to virtue, before I ever again bear arms against Sir William Wallace."
The word is treated in Ó Dónaill, Foclóir Gaeilge–Béarla, under "deachú" (sense 1). This accords with a Kerry version of the story: An Seabhac, "Mac Rí 'n Deachaoin", Béaloideas 4 (1933) pp 37–45, where the phrase used is "tá 'n deachú a' dol ar dhuine 'od chlainn-se", and the editor describes the form "deachaoin" in the title thus: "is dóigh liom gur fuirm truaillithe de 'dheachmhadh' nó 'deachmhain' é seo."
In Scotland, the deoch bhuidhe is the name of a bird, the greenshank: Eòin an Àite, 1986, p 10.


Ciarán Ó Duibhín
2013/05/08
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite