Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Mánus Ó Creag (1880–1945), Townawully, Co Donegal
Eolas ar an chainnteoir.


Mánus agus Cassie Ní Chreag (Pioctúir: Tommy Sweeney)


LA1262.1
Teideal: Story: Nuair a bhí mise mo dhiúlach óg

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Nuair a bhí mise 'mo dhiúnlach óg, bhí mé air aimsir aig feilméir thuas fá'n áit a dtugann siad Paite Gabha air. Fear óg a bhí ann, agus bhí bean an-dóigheamhail aige. Agus nuair a bhíodh sinn amuigh ag obair, bhíodh sé 'dtólamh 'g innse domh féin, dá dtigeadh dadaí air-sean, go bhfuigheadh an bhean bás. Bhínn fhéin a' magadh air agus deirinn leis, "Dheamhan deor a d'fhágfadh í." "D'fhágfadh," a deireadh sé, "gheobhadh sí bás roimhe chionn míosa." "Ní bhfuigheadh." "Bhéadh sí marbh roimhe chionn míosa."

Ach lá amháin bhí mé bodhar aig éisteacht leis agus deirim-sa leis, "Cuirfidh mé geall leat go bpósfadh sí roimhe chionn míosa." "Ní phósfadh, bhéadh sí marbh roimhe chionn míosa." "Maith go leor," a deirim féin, "tchidhfimid".

'N oidhche seo, nuair a bhí muid aig gabháil abhaile, chaith mé féin isteach ionns a' chart é, agus chaith mé mo chóta mór ionn a mhullach, agus thiomáin mé liom go dteachaidh mé 'un a' bhaile. Nuair a chuaidh mé 'n a' bhaile, tháinig a bhean amach, agus d'fhiofruigh sí domh-sa, "Cá h-áit a bhfuil Seán?" "Ó," deirim-sa, "tá Seán bocht marbh. Loiteadh é aig n-a chuid oibre."

Thoisigh sí 'chaoineadh, agus chaoin sí léithe fada go leor. Fá dheireadh, nuair a bhí a sáith caointe aici, chuidigh sí liom féin é 'iomchur isteach, agus d'fhágamuid ionn a luighe ionns a' leabaidh é. Shuidh sí 'e chois na teineadh agus bhí - thoisigh sí a chaoineadh araist. Nuair a bhí a sáith caointe aici, deir sí liom féin, "Ar labhair sé focal air bith sul ma bhfuair sé bás?"

"Labhair." "Maise," a deir sí, "caidé dubhairt sé?" "Dubhairt sé gur cheart duit-se agus domh féin pósadh, ná nach rabh fear air bith eile a rabh fios na h-oibre aige fá'n teach seo ní b'fhearr ná thú." Thóg sí maide briste, agus thug sí iarraidh daen mhaide bhriste orm. Agus thoisigh sí a chaoineadh arais. Agus nuair a bhí a sáith caointe aici, bhain sí 'n naprún anuas dae n-a súla, agus a deir sí, "Creidim go rabh an ceart aige. Creidim go mb'fhearr dúinn pósadh."

Bhí an fear a bhí 'n a luighe, ionns a' leabaidh, a shíl sise a bhí marbh, léim sé 'mach, agus thug sé mo thuarastal dúbáilte domh-sa, agus d'fhág mise é féin agus a bhean annsin go slán folláin.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh M.A. O'Brien.

Nuair a bhí mise im dhiúlach óg, bhí mé ar aimsir ag feilm ag an áit a dtugann siad Paite Gabha air. Fear óg a bhí ann & bhí bean an dóigheamhail aige. Bhí sé i dtólamh ag rádh liom fhéin, da dtigeadh dadaidh airsean go bhfuigheadh a bhean bás. Bhí mé fhéin ag magadh faoi & ag rádh leis dheamhan deór a d'fhágfadh í. "D'fhágfadh" adeireadh sé. "Gheobhadh sí bás roimhe cionn míosa." Fa dheireadh bhí mé bodhar ag éisteacht leis & lá amháin cuirfidh mé geall leat adeirim sé leis "go bpósfadh sí ar ais roimhe chionn míosa." Deir sé liomsa "Má tá tú ábalta sin a chruthughadh domhsa bhéarfaidh mé tuarastal dúbalta duit fá Shamhain." "Maith go leór" adeirim fhéin leis "tchífimíd." An oidhche sin nuair a bhí muid ag dul abhaile, d'iarr mé fhéin air, a dhul isteach insa chart & chuaidh sé. Chaith mé mo chóta mór innsa mhullach air. Thiomáin mé liom go dteacha mé fhaid leis an teach. Thainig an bhean amach, d'fhiosruigh sí domh, cá háit a rabh Seán. Ó adeirim sa léithe tá Seán bocht marbh. Thoisigh sí a chaoineadh & chaoin sí léithe fada go leór. Nuair a bhí sí tuirseach a chaoineadh chuidigh sí liom fhéin é iomchar isteach & shín muid sa leabaidh é. Shuidh sí cois na teineadh & chaoin sí léithe fada go leór. Fá dheireadh, bhain sí a naprún anuas do na súilibh & d'fhiosruigh sí domh fhéin, ar labhair sé focal ar bith sar mar bhfuair sé bás. "Labhair" adeirim sa "d'iarr sé ormsa & ort fhéin pósadh." Thóg sí an maide briste & thug sí iarraidh de orm fhéin. B'éigean damh an bealach a fhágáil aici. Acht fá chionn tamaill deir sí liom fhéin creidim go rabh an ceart aige. Níl duine ar bith a b'fheárr a d'óirfeadh damh ná thú fhéin. Agus fá chionn tamaill eile, b'fhéidir go mb'fheárr dúinn pósadh. Nuair a chualaidh an fear a bhí na luighe seo léim sé amach as an leabaidh & thug sé mo thuarastal dúbalta damh fhéin & thug sé cead damh dhul 'un a bhaile.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 188–91 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1262d1 (orthographic, English translation).

1. From the same speaker: http://www.duchas.ie/en/cbes/4428280/4391770

2. Similar to "An fear a robh an bhean dheas aige", Sgéalta Mhuinntir Luinigh (1933) pp 53–5, from Doegen speaker Eoin Ó Cianáin.


LA1262.2
Teideal: (Not documented.)

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


hAon, dó, trí, ceathar, cúig, sé, seacht, ocht, naoi, deich, aon dhéag, dó dhéag, trí déag, ceathair déag, cúig déag, sé déag, seacht déag, ocht déag, naoi déag, fiche, aon is fiche, dó is fiche, trí agus fiche, ceathar is fiche, cúig is fiche, sé agus fiche, seacht is fiche, ocht is fiche, naoi is fiche, deich is fiche.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ní hann dó.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1262d2 (orthographic, English translation).

1. Numerals 1–30


LA1263.1
Teideal: Story: Bhí beirt Shasanaigh ann

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


A' bhliadhain sul mur thoisigh an cogadh mór, bhí beirt Shasanaigh thall annseo an áit a dtugann siad Árd na Mónadh air. Bhí dúil mhór acu i seilg, agus maidín amháin ionns an fhoghmhar chuaidh siad 'un a' toighe s'againne agus d'fhiofruigh siad domh féin an rachthá leobhtha amach 'un a' tsléibhe. Dubhairt mé féin go rachadh agus fáilte, agus shiubhail muid linn, agus ní theachaidh muid i bhfad go dtí go bhfuair siad cupla cearc fhraoigh agus gearrfhiadh.

Ach nuair a bhí muid amuigh air an áit a dtugann siad a' Leachta Bán air, tháinig ceo orainn. Agus ní fheicfheá do mhéar uait. Bhí fhios agam fhéin nach rabh maith dúinn tarraingt 'un a' bhaile, ná nach ndeánfadh sinn a' bealach amach. Ach bhí aithne agam air mhuirighin de Chloinn 'ic a' Luain, a bhí 'n a gcomhnuidhe thíos i mbun a' chnuic. Agus bhí fhios agam, dá bhfaghadh sinn fhad leis a' teach sin, go mbéadh sinn ceart go leor fá choinne lóistín oidhche.

Shiubhail muid linn, agus fuair muid amach a' teach nuair a bhí tráthnóna mall ann. Chuaidh muid isteach agus chuir siad fáilte romhainn, agus ní rabh Béarla 'r bith aig lucht a' toighe, ná ní rabh Gaedhilg air bith aig na Sasanaigh. Agus bhí oidhche ghnaitheach agam-sa, a' deánamh teangtha eatarthu.

Nuair a bhí muid tamall istigh rinne siad tae dúinn agus fuair muid ár sáith aráin deánamh baile agus im maith deánamh baile agus shuidh muid go dtearn muid áirneál fada. Tuairim aig an deich a chlog rinneadh suipéara dúinn, brachán min choirce agus bainne milis, agus thug siad síos 'un a' tseomra sinn le ghabháil a luighe, agus bhí an tseomra sin aoil-nighte, agus bhí sé chomh geal agus go bhfeicfeá do scáil' ann.

Fuair muid leabaidh mhaith le luighe uirthi agus chodluigh muid go maith mar a bhí muid tursach. Maidín lá thar n-a bhárach, bhí lá breagh ann, agus a' ghrian a' soillsiughadh, agus dhíol na Sasanaigh go maith air son an oidhche lóistín agus thionntóigh muid ár n-aghaidh 'un a' bhaile. 'Teacht abhaile dúinn, fuair muid dhá chearc fhraoigh agus gearrfhiadh. Leoga, shíl mise go bhfuair siad go leor, mar a bhí agam-sa le iad a iomchur.

Ach chuala mé na Sasanaigh a rádh ionn a dhiaidh sin gur 's iomaí teach ósta a rabh siad ionn agus nach bhfaca siad aon dadaí ariamh a thiocfadh leobhtha 'chur i gcomórtas leis a' lóistín oidhche a fuair siad sa teach sin i mbun a' chnuic, an áit nach rabh aon fhocal Béarla ná níl aon fhocal á labhairt ionn go fóill.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh M A O'Brien.

An bhliadhain sol mar thoisigh an cogadh mór bhí beirt Sasanaigh thall annseo in áit a dtugann siad Árd na Mónadh air. Bhí dúil mór i seilg acu, & maidin amháin san fhoghmhar, thainic siad un toigh s'againne. D'fhaifraigh siad domh fhéin an rachainn leóbhtha un a tsléibhe. Dubhairt mé fhéin go rachainn & fáilte. Shiubhail muid linn & ní theachaidh muid i bhfad go bhfuair muid dhá chearc fhraoich & gearrfhiadh. Nuair a bhí muid amuigh in áit a dtugann siad an Leachta Bán air, thainic ceo orainn & ní fheicfeá do mhéar uait. Bhí 's agam fhéin na rabh maith dúinn pilleadh un a bhaile ná go rachadh sinn ar seachrán. Bhí aithne agam ar theaghlach dárb ainm Cloinn ac Coilúin & bhí 's agam dá ndeánadh sinn amach a teach go bhfuigheadh sinn loisdín oidhche. Shiubhail muid linn & rinne muid amach an teach & fuaidh muid isteach. Chuir siad fáilte mhór romhainn. Ní rabh Béarla ar bith ag lucht an toighe & ní rabh G. ar bith ag na Sasanaigh & bhí oidhche gnaitheach agamsa ag deánamh teangtha eatorra. Nuair a bhí muid tamall istoigh san teach rinne siad tae dúinn. Fuair muid ár sáith aráin deánamh baile & im maith deánamh baile fosta. Rinne muid oidhche mhaith áirneáil go dtí an deich a chlog. Thug siad síos un a' tseomra sinn. Bhí asn seomra sin aol-nighte & bhí sé go geal & go bhfeicfheá do sgáile ann. Bhí leabaidh mhaith ann & rinne muid oidhche mhaith codlata. Maidin lá thar na bhárach bhí lá breágh ann & an ghrian ag soillsiú. Dhíol na Sasanaigh iad go maith as son an oidhche lóisdín & thug muid ar n-aghaidh un a bhaile. Fuair siad trí no ceathair de chearca fraoich & gearrfiadh. Shíl mise go bhfuair siad barraidh- eacht, ná bhí orm iad a iomchur. Bhí na Sasanaigh ag innsint damh na dhiaidh sin gur 's iomdha teach ósda a rabh i Sasain & in Albain & nach dtiocfadh leóbhtha iad a chur i gcomórtus leis a lóisdín a fuair siad an oidhche sin annsa teach i mbun an tsléibhe in áit nach rabh focal Béarla á labhairt & níl go fóill.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1263d1 (orthographic, English translation).

1. Árd na Mónadh. "Teach mór" ar an taobh thiar-thuaidh de Loch Éisc.

2. A' Leachta Bán. "The white megalith" — though it is in fact a natural rock — a landmark on the Blue Stack summit ridge, approximate Irish grid reference 958905, described in David Herman, Hill Walkers Donegal (1995) pp 53–5 as "a large unmistakeable white quartzite outcrop". Apparently it is unnamed in English. Other mentions include:
• Seán Ó hEochaidh agus Heinrich Wagner, "Sean-chainnt na gCruach" in Zeitschrift für celtische Philologie 29 (1962–4) pp 1–90 at 9:
      Ar an taobh ó dheas tá sléibhte árda na gCruach Gorm a síniú
      siar ó Gháigín 'na Leachta Bháin.
• Énrí Ó Muirgheasa, Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh (1934) p 188:
      Acht gurab' é 'n Leachta Bán is comh hárd is tá sé uaim thuas
      Nó 'n Chruach Ghorm ghránna achan lá idir mé agus tú
• Séamas Ó Catháin, "Úll-Scéal an Dálaigh idir Bhriathra agus Bhráithre" in Béaloideas 53 (1985) pp 75–86 at 75:
      Naoimh a bhí ann fad ó shin a dtugadh siad Na
      Bráithre orthu agus nuair a thigeadh siad anoir an bealach
      seo ag dul suas go Dún na nGall, théadh siad suas Gleann
      an Leachta Bháin ag marcaíocht ar bheithigh capall
      agus amach Cruach Chasán na mBráthar agus síos
      amuigh Beannchar.


A' Leachta Bán (Pioctúir: Aidy McGlynn, ó mountainviews.ie)


LA1263.2
Teideal: Song: An Táilliúr aerach

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Ó táilliúr aerach mé 'thug spéis do ghreann,
Go ndeánfainn súgradh le mo rún air fagháil,
Níl baile cuain 'r bith dá ngluaisinn ionn,
Nach bhfuighinn maighdean óg dheas air bhuideál lionn.

Tá 'n oidhche seo dorcha 'gus béidh go lá,
Chaill mé mo mhuirnín 's níl dul a'm a fagháil,
Ó chuartuigh mé 'n t-ísleacht is cúl 'n áird,
Ná an neoinín álainn í 'tá doiligh 'fhagháil.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh Shéamuis Uí Néill.

An táilliúr aerdha.

O' táilliúr aerdha mé thug spéis da ghreann,
Is go ndeánfainn-se úgradh le mo rú(i)n ar faill
Níl baile cuain da ngluaisfinn ann
Nach bhfuighinn maihghdeán óg ar bhuideál lionn.

II
Tá'n oidhche seo dorcha & béidh go lá
Chaill mé mo mhuirghnín, níl dul agam a fágháil
Chuartuigh mé an t-ísleacht & cúl an áird
Na' hí an fheólín (faoilleán) alúinn í atá doiligh fhagháil.

III
Brón ar an fhairrge, is í tá lán,
Sí chuir eadar mé is mo mhíle gradha;
Sí d'fhág ar an bhaile seo mé ag deánamh bróin
& gan dúil agam pilleadh a choidhche níos mó.

IV
Tiocfaidh an samhradh & fásfaidh an féar
Tiocfaidh na duilleabhair ar bharr na gcraobh
Tiocfaidh mo ghradh geal le fáinne an lae
& golfaidh triúr le cumhaidh na diaidh.

V
Scairt mé aréir ag an doras thall
& scairt mé aríst ar mo ghradh go teann,
Sé dubhairt a máithrín liom, na rabh sí ann,
Na gur éaluigh sí aréir leis an bhuachaill donn.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1263d2 (orthographic, English translation).

1. From the same place but not the same speaker: http://www.duchas.ie/en/cbes/4428280/4391409

2. This is a version of "Tiocfaidh an samhradh", for which see also LA1238.1 and LA1238.2, and the notes there, from Rann na Fearsaide. The verses on the present track correspond to verses 6, a mixture of 4 and 5, 2, 1, 3 of LA1238.


LA1264.1
Teideal: Story: An dá uain a chaill mé

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Tá cupla bliadhain ó shoin, i dtrátha na Samhna, bhí dhá uain 'e dhíth orm. Bhí mé aig cur seanchaisg air an uile dhuine dá bhfaca mé fá dtaobh daobhtha. Ní rabh duine air bith a chas domh abálta tuairisc air bith a thabhairt domh fá dtaobh daobhtha. Agus shíl mé nach bhfuighfinn go bráthach iad.

Fá dheireadh, smaoitigh mé gur bhocht damh bheith ag fágáil mo ghnaithe le deánamh aig fear ar bith eile agus go mb'fhearr domh féin a ghabháil amach 'un a' chnuic agus tuairisc a chuir orthu. Maidín amháin, nuair a fuair mé mo bhricfheasta, bhí cuma mhaith air a' lá, agus bhí mé 'deánamh nach mbéadh na b'fhuide den óil.

Shiubhail mé liom amach 'un a' chnuic agus chuartuigh an uile chnoc agus an uile gleann ar mo bhealach amach, agus sháirigh orm dadaí a fheiscint cosamhail leobhtha. Shiubhail mé liom i bhfad níos faide ná bhí dúil agam a ghabháil, go dteachaidh mé amach fhad leis an áit a dtugann siad Cruach an Fhir Mhoír air, agus nuair a bhí mé amuigh annsin chonnaic mé fear a' tarraingt orm agus d'fhan mé go dtigeadh sé fhad liom. Bhí mé a' smaoitiughadh go mb'fhéidir go bhfeiceadh seisean iad.

Tháinig sé fhad liom, agus bhí mé ag cur seanchaisg air fá dtaobh de na h-uain ach ní fhaca seisean dadaí cosamhail leobhtha. Bhí muid 'ár suidhe, ag cainnt agus ag cómhrádh tamallt maith, agus fá dheireadh deir sé liom-sa, "Creidim nach saighdiúr thú," a deir sé, "ná gárda." "Ní h-eadh, maise, ní ceachtar acu mé." "Bhuel, mur' b'eadh," arsa seisean, "níl dochar seo a thaiseáint duit." Sháith sé a lámh ionn a phóca, agus tharraing sé amach buideál, agus nuair a d'amharc mé féin air a' bhuideál shíl mé nach rabh sé ach a' magadh, nach rabh - gur buideál folamh a bhí ann.

D'iarr sé orm cionn a bhlaisint, agus deirim-sa leis, "Caidé tá ann?" "Tá," arsa seisean, "braon de phoitín mhaith." Deirim-sa leis, "Tá sé crosta poitín 'ól." "Tá fhios agam," a deir sé, "go bhfuil. Ach is cuma caidé deir siad, níl dochar duit-se braon dae seo 'ól. Tá bealach fada 'gat le ghabháil 'un a' bhaile." Smaoitigh mé féin go nglacfainn a chomhairle, agus bheir mé air a' bhuideál agus bhlais mé é, agus shíl mé go rabh sé maith. D'ól mé tuairim air ghloine d[a?]e, agus shín mé 'n buideál arais chuige agus thug mé buidheachas dó.

D'ól sé féin tuairim air ghloine eile dae, agus shuidh muid agus rinne muid tamallt eile cómhráidh, agus shín sé 'n buideál arais chugam. Ach ca bith, sul ma d'éirigh muid daen áit a rabh muid 'ár suidhe, d'ól a' bheirt againn an méid a bhí ionns a' bhuideál leath-phionnta.

Thonntóigh mé féin 'un a' bhaile, agus bhí sé 'g éirghe mall. Bhí mé 'siubhal go gasta, agus ní rabh mé i bhfad a' siubhal gur mhothuigh mé 'n bhiotáilte ag gabháil in mo chionn agus gur thoisigh mé 'chur allais. Agus fá dheireadh bhí fonn ceoil orm. Ach a' rud 'ba ghreannmhaire daen iomlán, na h-uain nach dtáinig liom 'fheiscint nuair a bhí mé 'gabháil amach, nach bhfuair mé iad a' teacht abhaile domh, agus 'mé 'bhí bródamhail.

Thiomáin mé liom 'un a' bhaile iad, agus bhí bother agam leobhtha, mar a bhí siad - bhí sé mall tráthnóna agus bhí siad ag gabháil i bhfolach orm thall agus i bhfos fríd na h-árdáin ach ca bith d'oibir mé liom go dtí go bhfuair mé fhad leis a' bhaile iad. Agus is cuma liom-sa caidé deireas fear air bith, deirim-sa leobhtha go bhfuil braon daen phoitín an-mhaith fá choinne amharc na súl.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ní hann dó, ach amharc nóta 1 thíos.

LENA CHUR ISTEACH

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1264d1 (orthographic, English translation).

1. Another version from the same speaker: Séamus Ó Néill, An tUltach 10:9 () p4. Is dóiche gur b'é seo an leagan scríobhtha a rinneadh ar ócáid an taifeadta, agus cuirtear isteach é mar ath-innse thuas.


Ciarán Ó Duibhín
2013/12/03
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite