Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Séamus Ó Cuireáin (c1863–1933), Ardsmore, Gortahork, Co Donegal
Eolas ar an chainnteoir.


LA1233 is one of the six Ulster records of which careful transcriptions were made as part of the Doegen project. I have taken this transcription into account in the following.

LA1233.1
Teideal: Story: An gobán saor

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí bean a' Ghobáin tSaoir uair amháin agus fuair sí bás nuair a bhí leanbh aici. Tógadh an leanbh go rabh sé 'n-a fhear. Agus d'iarr a' Gobán tSaor air na caoirigh a thabhairt leis agus a dhíol, agus a' t-airgead agus na caoirigh a thabhairt 'na' bhaile chuige-san arais.

Bhí sé ar chuid mhaith aontaí agus níor dhíol sé iad, agus é a' teacht 'na' bhaile tráthnóna amháin, chuir cailín ceist air cad chuige nár dhíol sé na caoirigh. "Bhuel," deir sé, "b'fhuras domh a ndíol, ach caithfidh mé na caoirigh agus a' t-airgead a bheith liom arais 'na' bhaile."

"Pill thart na caoirigh, bhuel," a deir sí. Phill, agus nuair a... fuair sí dhá fhear, baineadh an olann daobhtha agus thomhais sí an olann, agus thug sí an t-airgead, luach na h-olna dó, agus d'iarr sí air na caoirigh agus a' t-airgead a bheith leis 'na' bhaile chuig an Ghobán tSaor.

Thug sé an t-airgead don Ghobán tSaor a' teacht 'na' bhaile dó, agus "Cé a rinne sin?" a deir a' Gobán tSaor. "Tá, cailín a rinne é," a deir sé, "a casadh orm." "Bhuel," deir sé, "gheobhaidh mise suas suipéar mór daoithe," a deir sé, "anocht, agus tabhair leat chugam-sa í," a deir sé, "agus béidh oidhche mhór againn."

Ach thug sé leis cailín eile a rabh aithne - ná a bhí 'coinneáil cuideachta leis, agus thaiseáin an Gobán tSaor an t-airgead air maidin daoithe, dubhairt sí nach mbéadh sin caithte a choidhche acu. Agus dubhairt a' Gobán tSaor leis a' mhac, "Tóg leat a' bhean sin, a mhic, is fág sa bhaile í." Agus thug sé leis í agus d'fhág sé sa bhaile í, agus "anois," a deir sé, "tabhair leat a' cailín a bhain an olann de na caoirigh," deir sé, "agus béidh suipéar níos fearr anocht againn ná bhí aréir."

Agus thug sé leis a' cailín sin an oidhche sin agus bhí siad annsin agus bhí suipéar mór acu agus thaiseáin a' Gobán tSaor an t-airgead air maidin daoithe agus dubhairt sí, "Ó is maith sin le bheith ag cur leis." Agus "tóg leat í seo anois," a deir an Gobán tSaor, "agus pós í." Agus pósadh an bheirt agus bhí baineis mhór acu, agus nuair a bhí siad seachtmhain ionn póstaí, tháinig - chuir rí i n-Albain scéala chuige a ghabháil chuige nó go gcríochnóchadh sé caisleán mór dó.

Agus rinne siad réidh agus d'imthigh siad maidin amháin agus nuair a chuaidh siad giota ar shiubhal, d'iarr an Gobán tSaor air é a iomchur inniu agus go n-iomchróchadh seisean eisean amárach. Dubhairt seisean nach n-iomchróchadh sé é. "Bhuel, pillfidh muid 'na' bhaile," a deir sé. Phill siad 'na' bhaile, agus nuair a tháinig siad 'na' bhaile, chuir a' bhean ceist ar an fhear caidé thug orthu pilleadh. "Ó," dubhairt sé, "D'iarr sé orm-sa é a iomchur inniu agus go n-iomchróchadh sé mise amárach." "Bhuel," a deir sí, "déarfainn dá rachfá-sa dh'innse scéaltaí dó," a deir sí, "dhéanfadh sin an bealach goirid daoibh is cha mhoitheóchadh sibh an bealach leath comh fada. Agus iarrfaidh sé an rud céanna ort i mbárach," a deir sí, "agus comh luath agus iarrfas," deir sí, "toisigh thusa a dh'innse scéaltaí dó."

Agus an lá thar n-a bhárach ag imtheacht daobhtha, nuair a bhí siad giota ar shiubhal d'iarr an Gobán tSaor air é a iomchur inniu agus go n-iomchróchadh seisean amárach é. Thoisigh sé a dh'innse scéaltaí dó, agus bhí sé ag innse scéaltaí dó an lá sin. Lá thar n-a bhárach thoisigh an Gobán tSaor ag innse na scéaltaí dó-san agus níor mhoithigh siad a' bealach leath comh fada go dteachaidh siad go h-Albain.

Ach chríochnuigh siad an caisleán, agus an mhaidin a bhí an caisleán críochnuighthe acu, bhí siad leis a' chionn a chailleadh ná bhaint daobhtha. Agus dubhairt a' Gobán tSaor, "ná bíodh eagla air bith ort," a deir sé, "cha bhainear an cionn do aonduine againn go fóill." Ach tháinig a' rí amach agus chuir sé ceist orthu 'rabh sé críochnuighthe. Dubhairt siad-san go rabh sé críochnuighthe ach go rabh 'n article amháin i n-Éirinn acu agus dá mbéadh a' t-article sin acu nach mbéadh caisleán ar a' tsaoghal cosamhail leis ná a choidhche go bráth arís...

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh M.A. Ó Briain

Bean an Ghobáin tsaor. Nuair a bhí an tachrán aici fuair sí bás. Thóg an t-athair é go rabh sé ina fhear. Bhí caoirigh aige agus d'iarr sé air iad a thabhairt un an aonaigh agus iad a dhíol agus an t-airgead agus na caoirigh a bheith leis na bhaile.

Bhí sé ar chuid mhór aontaighe agus ní bhfuair sé díolta ar an dóigh sin iad. Bhí sé ag teacht abhaile ón aonach tráthnóna amháin. Casadh cailín air. Cheistigh sí é (chuir sí ceist air) cad chuige nár dhíol sé na caoirigh. Agus dubhairt seisean gurbh fhuras dó a ndíol acht go gcaithfeadh sé na caoirigh agus an t-airgead a bheith leis na bhaile.

D'iarr an cailín air na caoirigh a thiompú thart agus fuair sise dhá fhear agus lom siad iad agus thóg sí an olann annsin agus thug sí luach na h- olla dó annsin agus dubhairt leis na caoirigh a thiomáint leis na bhaile.

Thug sé an t-airgead don Ghobán tsaor agus chuir an g.ts. ceist air cé rinne sin agus dubhairt sé go ba cailín a rinne é. "Gheobhaidh mise suas suipeár san oidhche amáireach, agus tabhair leat an cailín, agus pós í."

Agus fuair sé suipeár suas, agus thug sé cailín eile leis, a bhí ag coinneáil cuideachta leis, in áit an chailín sin. Annsin theisteán sé an t-ór uilig don chailín. "Cha bhíonn sin caithte choidhche againn." "Tabhair leat an cailín sin agus fág sa bhaile í." Annsin ar seisean, "béidh suipéar anocht i bhfad níos feárr ná an suipeár aréir, agus siubhail leat anois agus tabhair leat an cailín a bhain an olann de(?s) na caoirigh."

Thug sé leis an cailín sin agus nuair a bhí an oidhche thart thug an G.S. isteach sa tseomra í agus theisteán sé an t-ór dí, agus dubhairt sí "is maith sin le bheith ag cur leis." Annsin dubhairt sé le na mhac "tabhair leat an cailín sin agus pós í." Bhel, pósadh an bheirt annsin agus bhí bainis mhór acu. Annsin chuir rí an Alban sgéal anall chuige le gabháil anonn le caisleán a thógailt dó.

Rinne siad réidh annsin, é féin agus a mhac, chun gabháil anonn, agus nuair a chuaidh siad giota ag siubhal ar maidin d'iarr an G.S. ar a mhac é a dh'iomchar, agus dubhairt an mac nach n-iomcharóchadh. Agus dubhairt an G.S. leis "pillfimuid na bhaile." Phill siad na bhaile, agus chuir a bhean ceist ar an mhac "goidé thug oraibh pilleadh na bhaile?" "Bhel," arsa seisean, "d'iarr sé orm é dh'iomchar agus dubhairt mise leis nach n'iomcharóchadh." Agus dubhairt sise leis, da rachadh sé insna sgéaltaí nach bpillfeadh sé "agus iarrfaidh sé an rud céadna ort amáireach, agus nuair a iarrfas, toisigh innsint na sgéaltaí."

Lá ar na mháireach dubhairt an G.S. leis "iomchar mise indiu agus iomcharóchaidh mise thu amáireach." Go luath agus d'iarr sé air, thoisigh an mac ag innsint sgéaltaí dó, agus chuaidh siad go h-Albain, thóg siad suas an caisleán, agus bhí an mac ag coinneáil cuideachta le cailín ann, agus nuair a bhí an caisleán críochnuighthe...

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1233d1 (orthographic, English translation).

Among many printed versions of this story may be cited:

1. "Gobán Saor", in Niall Ó Domhnaill, Scéalta Johnny Sheimisín (1953) pp. 53–9. This is from the speaker of records LA 1236 and LA 1241.

2. Eoghan Ó Domhnaill, Scéal Hiúdaí Sheáinín (1940) pp. 180–9. From Hiúdaí Ó Domhnaill, Rinn na Feairste.

3. "Gobán Saor", An tUltach 8:10 (1931) 3; repeated, An tUltach 15:8 (1938) 3. From a "cailín óg as Rinn na Feairste".

4. "An Gobán tSaor 's a Mhac" and "Cor i n-aghaidh an Choim agus Cam i n-aghaidh an Chuir", in Seosamh Laoide, Cruach Chonaill (1913) pp. 65–8. From Pádraig Ó Beirn, Mín na Gualainne, Gleann Fhinne.

5. John E O'Neill, "Irish Texts from South West Donegal", part 2, Zeitschrift für Celtische Philologie 34 (1975) pp. 223–318 at 282–299. From Cathal Ó Baoighill (c75), Mín a' Chearrbhaigh, in 1963–4.

6. S F Ó Cianáin, "Folk Tales from Co Sligo", Béaloideas 4:2 (1933) pp. 164–7 incl 167. From Pat Healy (over 70), Mullaghmore, in 1930. In English.

7. Seósamh Ó Flannagáin, "Tiachóg Sgéalta Ó Árainn", Béaloideas 4:2 (1933) pp. 228–53 at 249–52. From Pádraig Ó Maoláin (74), Eoghanacht, in 1930.

8. "An Gobán Saor", in Pádraig Ó Baoighill, Faoi Scáth na Mucaise (2005) pp. 35–39. From An Craosloch in the period 1935–39.


Ciarán Ó Duibhín
2012/10/20
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite