Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Seán Ó Domhnaill (1863–1948), Rannafast, Annaghery, Co Donegal
Eolas ar an chainnteoir.


Seán Ó Domhnaill.
As Rann na Feirsde, Seanchas ár Sinsear le Conall Ó Grianna an pioctúir seo.


LA1236.1
Teideal: Story : Gruagach an Ghoiste (an chéad chuid)

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí sin ann agus más fada ó bhí, bhí rí ionn a chomhnuidhe ionn Éirinn fad ó shoin agus bhí gaiste aige fá choinne gabhadh éanach. Mharbhadh sé lon-dubh achan lá, agus bhí triúr — bhaist na comharsannaí "Gruagach a' Ghaiste" mar leas-ainm air. Bhí triúr mac aige agus chuireadh sé na mic 'mach air a seal fá choinne 'n éin, 'mac a ba sine 'n chéad lá, 'dara fear an dara lá, agus a' mac a b'óige an treas lá. C'ainm a bhí ar an fhear óg ach Donn Ó Dubhaigh.

Lá amháin chuaidh Donn Ó Dubhaigh amach fá choinne 'n éin, agus labhair a' t-éan leis. "Leig mise air shiubhal," arsa 'n t-éan, "agus gura ba feairrde duit é". D'fhoscail Donn Ó Dubhaigh a dhorn, agus leig sé 'n t-éan ar shiubhal. Agus nuair a chuaidh sé isteach chuig n-a athair, arsa 'n t-athair leis, "Cá bhfuil a' t-éan?" "Leig mé air shiubhal é," ar seisean. "Bhuel, dheamhan oidhche a chodlas tú faoi aon scraith liom-sa go deo," ars' an t-athair. "Dheamhan a b'fhearr liom mo chodladh," arsa Donn Ó Dubhaigh, "ach cinnte cha chuireann tú air shiubhal mé gan mo chulaith chomhraic agus mo ghléas marcaidheacht'." "Gheobhaidh tú sin," ars' an t-athair.

Chuir sé air a chulaith chomhraic, thug leis a chlaidhmhe chosanta, chuaidh a mharcuidheacht air a ghearrán donn, agus níor stad sé, eadar choisidheacht agus mharcuidheacht agus sheoltóracht go rabh sé i ríochta na Gréige. Bhí sé i n-a stráinséir 'sa tír sin, agus shiubhail sé leis go dtí go rabh neoin bheag agus deireadh an lae ann, go dtí gur casadh fhad le teach beag deismir a chois a' bhealaigh mhóir é. Chuaidh sé suas go dtí dorus a' toighe, d'amharc sé isteach, agus bhí sean-chailleach liath ionn a suidhe ins a' chlúdaigh. D'iarr sé óstádh na h-oidhch' uirthí, agus dubhairt sí go dtabharfadh agus míle fáilte, ach go rabh an chró bheag a bhí aicí-se ró-shuarach fá choinne gaiscidheach de n-a mhacasamhailt-san. Dubhairt sé, an dóigh a rabh sise ag cur suas leis ó bhliadhain go bliadhain, gur bheag a' rud dói-sean a'n oidhche amháin a bhaint as. "Má's mar sin atá," ar sise, "ceangail do ghearrán don doras agus tar féin air aghaidh."

Rinne sé sin. D'éirigh an chailleach 'e léim ionn a seasamh, rinne réidh a shuipéar, agus nuair a bhí a shuipéar deánta aici, chóirigh sí leabaidh mhín luachair dó agus chuir a luighe é. Níorbh' fhada a bhí sé ionn a luighe go dtí go gcuala sé trí gháire mhillteanacha. "A Rí dá bhfoghanaim," ars eisean, "goidé is ughdar do na trí gháire nach gcuala mé a leitheid ionn umhaigh nó ionn oileán nó i mbealach ar bith eile dár shiubhail mé ariamh?" "Ná nach gcuala tú," ar sise, "go bhfuil mac ríogh Faoi-Thuinn le troid le fathach mór as an Domhain Thoir air an tráigh seo thíos ar maidin i mbárach fá dtaobh de nighean ríogh na Gréige. Má bhuaidheann mac ríogh Faoi-Thuinn, is leis nighean ríogh na Gréige gan bhuille gan urchar, agus má bhuaidheann an fathach is leis féin í." "Cóirigh faoim agus cóirigh tharm, ní mé tá dúil le nighean a' ríogh," arsa Donn Ó Dubhaigh, agus thuit sé i n-a chodladh, agus chodluigh sé an chuid eile den oidhche go sámh.

Ach má ba luath a d'éirigh a' lá lá thar n-a bhárach, ba luaithe d'éirigh Donn Ó Dubhaigh. Nigh sé 'aghaidh agus a lámha, rinne sé a bhricfásta, chuir air a chulaith comhraic, thug leis a chlaidhmhe cosanta, chuaidh a mharcuidheacht air a ghearrán donn, agus níor stad sé go rabh sé ag béal na trágha. Bhí mac ríogh Faoi-Thuinn agus nighean ríogh na Gréige annsin a' fanacht leis an fhathach a theacht chucu ó thaobh na fairrge. Nuair a chonnaic mac ríogh Faoi-Thuinn Donn Ó Dubhaigh a' tarraingt air, "Seo gaiscidheach as Éirinn," ars' eisean, "agus mo dhona 's mo dhothairne orm go rachaidh mise i bhfolach faoi thuim go dtí go bhfeicidh mé goidé tá sé i n-innimh a dheánamh." "Beir air do mhisneach, a chladhaire," arsa nighean a' ríogh, "nuair atá tú ag gabháil a fhágáil do chuid oibre le deánamh ag fear eile."

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh Shéamuis Uí Néill.

Gruagach an Gháiste

Bhí sin ann agus ma's fad ó bhí, bhí rí in Éirinn agus bhí gáiste aige fa choinne gabhadh éanach. Ghabhadh sé londubh achan lá agus bhaist na daoine Gruagach an Gháiste mar leas-ainm air. Bhí triúr mac aige agus chuirfeadh sé na mic amach ar a seal fa choinne an éin, an mac a ba sine an chéad lá, an dara mac an dara lá, agus an mac a b'óige an treas lá. Ca h-ainm a bhí ar an fhear óg ach Donn Ua Dubhthaigh.

Maidín amháin chuaidh Donn Ó Dubhthaigh amach fa choinne an éin, agus nuair a rug sé ar an éan na dhorn, labhair an t-éan leis. "A Dhuinn Uí Dhubhthaigh," arsa'n t-éan, "tabhair cead mo chinn domh-sa, agus gur ba fearrde duit é." "Leabhra, 'éin, bheirfidh," arsa Donna, "ná is beag mo sciar-sa duit nuair a bheidh tú roinnte (ranntaí) eadrainn." D'fhosgail sé a dhorn agus d'imthigh an t-éan. Chuaidh sé isteach 'un toighe ag n-a athair. D'fhiafhruigh an t-athair do cá rabh an t-éan, agus d'innis sé dó. "Dheamhan oidhche a chodhlas tú faoi aon scraith liom-sa go deó," arsa'n rí. "Dheamhan a fearr liom an chodhladh," arsa Donn, "ach cinnte chá chuireann tú ar shiubhal mé gan mo chulaith comhraic agus mo ghléas marcuigheachta." "Gheobhaidh tú sin," arsan rí.

Chuir Donn Ua Dubhthaigh air a chulaith comhraic, thug leis a claidhm cosanta, chuaidh a mharcuigheacht ar an ghearán donn, agus d'imthigh leis, agus eadar mharcuidheacht agus choisidheacht agus sheóltaracht, níor stad sé go rabh sé ar ríoghacht na Gréige. Bhí sé 'na strainséar sa tír sin ach mar sin fhéin shiubhal sé leis go rabh neóin bheag agus deireadh an lae ann. Casadh teach beag deismir dó 'a chois an bhealaigh mhóir. Chuaidh sé suas go dtí an doras agus d'amharc sé isteach. Bhí sean- chailleach liath 'na suidhe sa' chlúdaigh, agus d'iarr sé ósta na h- oidhche uirthí. "Bheirfinn agus míle fáilte," arsa sise, "ach níl an cró beag suarach seo foirstineach ag gaisgidheach de do mhacasamhalt-sa." "Má tá tú féin ag cur suas leis ó bhliadhan go bliadhan nach beag an rud domhsa oidhche amháin a bhaint as," arsa Donn. "Ma's mar sin atá," arsa'n chailleach, "ceangal do ghearán de'n doras agus tar i léith."

Rinne sé sin; d'éirigh an chailleach a léim 'na seasamh; rinne réidh a shuipeár agus nuair a bhí a shuipeár deántaí aige, chóirigh sí leabaidh mhin-luachar dó agus chuaidh sé a luighe. Níorbh fhada a bhí sé 'na luighe go gcuala sé trí gairí milltineacha. "A rí d'á bhoghanaim, goidé is úghdar do na trí gáirí nach gcuala mé a léitheid in uaighe na in oileán na in áit ar bith eile dar shiubhal mé ariamh?" "Na nach gcuala tú," arsan sean-chailleach, "go bhfuil mac ríogh faoi thuinn agus fathach mor as an Domhan thoir le troid amáireach ar an tráigh seo thíos fa dtaobh de nighean ríogh na Gréige. Má bhuaidheann mac ríogh faoi thuinn ar an eáthach is leis féin níghean ríogh na Gréige gan mhoille gan urchar. Agus má bhuaidheann an fathach is leis féin í." "Cóirigh faoim agus cóirigh tharm," arsa Donn, "chan mé tá dúil le nighean an ríogh," agus chuaidh a chodhladh, agus chodhladh sé an chuid eile den oidhche go sámh.

Ma ba luath a d'éirigh an lá láthair na bhárach, ba luaithe d'éirigh Donn, nigh a aghaidh agus a lámha, agus fuair sé a bhricfeásta, chuir air a chulaith comhraic, thug leis a chlaidheamha cosanta, chuaidh a mharcuigheacht ar an ghearán donn, agus níor stad sé go rabh ag béal na trágha. Bhí mac ríogh faoi thuinn agus nighean ríogh na Gréige annsin roimhe, ag fanacht leis an fháthach theacht chuca ó thaoibh na fairrge. Nuair a chonnaic mac ríogh faoi thuinn Donn Ua Dubhthaigh ag tarraingt air: "Seo gaisgidheach as Éirinn," adeir sé, "agus rachaidh mé féin i bhfolach faoi thom go bhfeicidh mé goidé tá sé innimh a dheánamh."

[Áthrú scríbhinne go M A O'Brien] "Nach dona do mhisneach a chladhaire," arsa nighean an rí, "nuair atá tú ag fágáil do chuid oibre le deánamh ag fear eile."

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 84–89 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1236d1 (orthographic, English translation).

1. Continued on following record, which see.


LA1241.1
Teideal: Story : Gruagach an Ghoiste (an dara cuid)

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Gruagach a' Ghaiste (ar lean)

Bhain Donn Ó Dubhaigh a' sréin den ghearrán agus shiubhail sé caol díreach fhad le nighin a' ríogh. Labhair sé léithe ionns na briathra a chantaí san am sin agus labhair sí leis ionns na briathra céadna. D'fhiafhair sé daoithe go múinte modhamhail macánta a' leigfeadh sí cead dó néall a chodladh ionn a h-ucht. Agus dubhairt sí go leigfeadh agus míle fáilte, ach go rabh eagla uirthi go muirbhfeadh an fathach é, ag toiseacht agus ag innse dó mar d'inns mise daoibh-se. "Má thig a' fathach nuair a bhéas mise 'mo chodladh," air seisean, "craith an sréin, agus muscólaidh an sréin mise."

Leag sé 'chionn ionn a h-ucht agus thuit sé 'n a chodladh, agus chuir sise lámh ionn a póca agus tharraing sí 'mach siosúr, agus ghearr sí dlaoi de n-a chuid gruaige as cúl a chinn, chuir isteach i bpáipéar í, chorn a' páipéar, agus chuir a' páipéar ionn a póca go cúramach.

Ní rabh ann ach go rabh sin deánta aici nuair a tchidh sí 'n long lúthmhar ghasta a' tarraingt uirthi, fá n-a cuid seoltaí móra geala tógtha go barr na gcrann, 'treabhadh na fairrge agus ag caitheamh cubhair air 'ach taoibh daoithe, fathach mór ionn a shuidh' ionn a deireadh, agus bradán fíor-uisce leis air bharr a shlaite, agus eascon nimhe i mbarr-iallacha a bhróga. I bhfaiteadh na súl bhí sé istigh ag béal na trágha, agus chuir sé bos faoi dheireadh an tsoithigh agus bos faoi n-a toiseach, agus d'fhág sé tirim glan ionn a suidhe thuas air an fhéar í. "Dubhshlán aon fhear air a' domhan," ar seisean, "an soitheach a chur amach go gcuirfidh mise amach araist í."

Agus le sin chraith nighean a' rí an sréin agus mhuscail Donn Ó Dubhaigh. D'éirigh sé 'léim ionn a sheasamh agus d'amharc sé go fiadhta feargach air an fhathach, agus chuaidh ionn 'airrcis. Casadh an dís ar a chéile i lár na trágha, agus ars' an fathach, "Teine agus marbhfháisc ort, a Dhuinn Uí Dhubhaigh ghránna, mhac ghruagaigh a' ghaiste as Éirinn. Nach mór a' croidhe fuair tú theacht a dh'éileamh mo cheart féin orm-sa? Is mór liom i ngreim thú, agus is beag liom i ndá ghreim thú, agus níl fhios agam caidé dheánfaidh mé leat mur' gcaithfidh mé 'n áirde sa spéir thú agus do mhuineál a bhriseadh 'teacht anuas duit."

"Giorrughadh shaoghail chugat, a bheathaigh shalaigh," arsa Donn Ó Dubhaigh, "ná fá choinne cóir agus ceart a bhaint as do chionn mhór mhíothmhar thug mise an bealach seo." "Cé acu is fearr leat, sinne ghabháil a sháthadh scine fada glasa ionn easnacha a chéile, ná greimeannaí caola cruaidhe coraidheachta?" arsa an fathach. "B'fhearr liom greimeannaí caola cruaidhe coraidheachta," arsa Donn Ó Dubhaigh. "'S iad a chleacht mé i mbaile bheag agus i mbaile mhór, i gcúirt m'athara agus mo mháthara, agus 's iad a bhéas agam annseo anocht."

Tráth chomhraic a' dís. Chasgair siad a chéile aníos agus síos, anuas agus suas, aniar agus siar, anoir agus soir, go dtearn siad creagán den bhogán agus bogán den chreagán, tobar glan fíor-uisce i lár na gcloch glas. Dá dtaradh éan bheag ó íochtar a' domhain go h-uachtar a' domhain, gur a dh'amharc, a dh'aor agus a dheánamh iongantais do Dhonn Ó Dubhaigh is don fhathach mhór a thiocfadh sé. Agus fá dheireadh, nuair a bhí neoin bheag agus deireadh an lae ann, driúcht a' méadú agus clocha a' géarú agus éanacha beaga na coilleadh craobhaighe 'gabháil fá bhun dídin agus foscaidh, thóg Donn Ó Dubhaigh 'mhisneach i meangán a chléibh, agus a' chéad fhascadh a thug sé don fhathach, chuir sé go dtí n-a dhá ghlún sa talamh é, 'dara fascadh go dtí n-a bhásta agus an tríomhadh fascadh go h-ubhall na scornaighe.

"Fód glas ós do chionn annsin, a bheathaigh shalaigh," air seisean. Chuir sé a lámh síos go dtí an truaill a bhí crochta air a thaoibh, agus tharraing sé aníos a chlaidhmhe chosanta, agus - "Fóill, fóill," arsa'n fathach. "'Ghaisgidhigh a b'fhearr a bhí 'r a domhan, agus ná bain an cionn daoim, agus bheirfidh mé féirín duit is fearr ná mo chionn." "Caidé an féirín é?" arsa Donn. "Bheirfidh mé mo chlaidhmhe solais duit nár fhág fuigheall ariamh air a bhuille agus a bhéarfadh solas don domhan," ars' an fathach. "Ní h-é atá mé 'shanntughadh ach do chionn," arsa Donn Ó Dubhaigh.

Tharraing sé 'n claidhmhe agus bhuail sé ionn alt a mhuineáil é agus steall sé an cionn seacht n-eitir agus seacht n-iomaire den fhathach. Agus chuaidh sé 'e léim eadar a' cholainn agus an chionn agus bhí an lá bainte aige.

Chuaidh Donn Ó Dubhaigh a mharcuidheacht air a ghearrán agus (thug) sé iarraidh air a' bhaile. Agus tháinig mac rí faoi-thuinn nuair a fuair sé Donn Ó Dubhaigh air shiubhal agus d'iarr sé - thug sé leis claigeann an fhathaigh agus thug sé chuig cúirt a' rí é -

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh Myles Dillon.

Bhain Donn Ó Dubhthaigh an srian don ghearrán, agus thug leis ina láimh é. Shiúl sé caol díreach fhad le níon an rí. Labhair sé léithe insna briathra chantaí ins an am sin, agus labhair sí leis insna briathra céadna. D'fhiafraigh sé daoithe an dtabharfadh sí cead dó a chionn a leagain ina hucht go gcodladh sé néal. Dubhairt sí go dtabharfadh agus míle fáilte, ach go raibh eagla uirthe go muirfeadh an fathach é nuair a thiocfadh sé. "Má bhím-sa 'mo chodhladh nuair a thiocfas an fathach," arsa Donn, "craith thusa an srian, agus musgáilfidh an srian mise."

Leag sé a chionn ina hucht agus thuit sé ina chodhladh. Chuir sise a lámh ina póca, agus tharraing sí aníos siosúr, agus ghearr sí dlaoi dona chuid gruaige as cúl a chinn, chuir isteach i bpáipéar í, chorn an páipéar, agus chuir ina póca é go cúramach. Níl ann ach go raibh sin déanta aige nuair atchí sí an lonn lúthmhar lasta tarraingt uirthi fána cuid seoltaí móra geala tógtha go barr na gcrann. Bhí sí 'treabhadh na faraige agus ag cuir cioth cóir ar ghach taobh duithe. Fathach mór ina shuidhe ag stiúrú, bradán fíoruisge ar bharr a shlaite leis, agus éasgon nimhe i mbarriall a bhróige. I bhfaitiú na súl bhí sé istigh ag bruach na trágha. Tháinic sé léim amach as an tshoitheach, agus chuir sé bos faoina deireadh agus bos faoina toiseach agus d'fhág sé glan tirim thuas ar an fhéar í. "Dubhshlán aon fhear ar an domhan," ar seisean, "í chuir amach arais go gcuirfidh mise mé féin amach í."

Leis sin chraith níon an rí an srian, agus mhusgail Donn Ó Dubhthaigh, agus d'amharc sé ar an fhathach go fiadhta feargach, agus chuaidh in(a) aireacais. Casadh an dís ar a chéile i lár na trágha. "Seil is marbh- fáisgeadh ort, a Dhuinn Uí Dhubhthaigh ghrána, mhac Ghruagaigh an Ghaiste as Éirinn! Nach mór an croí fuair tú theacht annseo a dh'éileamh mo cheart fhéin ormsa. Is mór liom i ngreim thú, agus is beag liom i ndá ghreim thú, agus níl a fhios agam goidé a dhéanfaidh mé leat mura gcaithfidh mé i n-áirde sa spéir thú, agus do mhuineál a bhriseadh teacht anuas duit."

"Giorra saoil chugat, a bheithidhigh shalaigh!" arsa Donn. "Fiach fá choinnigh cóir is ceart a bhaint as do chionn mór míofar a thug mise an bealach seo?" "Ciaca is fearr leat sinn a dhuil a shaitheadh sgeana fada glasa i n-easnacha a chéile, ná greimeanna caola cruaidhe caraidheacht?" ars an fathach. "Is fearr liom greimeanna caola cruaidhe caraidheacht," arsa Donn. "Siad a chleachtuigh mé i mbaile bheag agus i mbaile mhór, i gcúirt m'athara agus mo mháthara fhéin, agus 'siad a bhéas agam annseo."

Tráth comhraic an dís charagáil siad a chéile aníos agus síos, anuas agus suas, aniar agus siar, anoir (N') agus soir (s caol), go dear siad creagán do'n bhogán agus bogán do'n chreagán, tobar glan fíoruisge i lár na gcloch glas. Dá dtaradh éan beag ó íochtar an domhain go huachtar an domhain, gur a dh'amharc, a dh'aor, agus a dhéanamh íontais de Dhonn agus do'n fhathach a thiocfadh sé. Agus nuair a bhí neóin bheag agus deireadh an lae ann, driúcht ag méadú agus clocha ag géarú, agus éanacha beaga na coille craobhaighe gul fá bhun dídean agus fasgaí, thóg Donn a mhisneach i mbeannán a chléibh, agus an chéad fhásgadh thug sé do'n fhathach, chuir sé go dtí n-a dhá ghlúin sa talamh é, an dara fásgadh go dtí n-a bhásta, agus an trítheamh fasgadh go hubhall na sgornaighe.

"Fód glas ar do chionn, a bheithidhigh shalaigh," arsa Donn. Agus chuir sé a lámh síos go dtí an truaill a bhí crochta lena thaobh, agus tharraing sé aníos a chlaidheamh cosanta. "Fóill, fóill ort, a ghaisgidhigh a b'fhearr a chonnaic mé ariamh," arsa an fathach, "agus ná bain an cionn daom, agus bhéarfaidh mé féirín duit is fearr ná mo chionn." "Goidé an féirín é?" arsa Donn. "Bhéarfaidh mé mo chlaidheamh soluis duit, nár fhág fuigheall ariamh ar a bhuille, agus bhéarfadh solus do'n domhan," arsa 'n fathach. "Ní hé atá mé a shanntú ach do chionn," arsa Donn.

Tharraing sé an claidheamh, agus bhuail i ngoic a mhuineáil é, agus steall sé an cionn naoi n-eitre agus naoi n-iomaire amach, agus bhí buaidh an lae leis.

Chuir sé an srian ar an ghearrán, d'imthigh na bhaile chuig an tshean- chailleach liath. Nuair a fuair Mac Rí Faoi Thonn ar shiúl é, thug sé leis cloigeann an fhathaigh chuig Rí na Gréige, agus dubhairt sé gurb é fhéin a mharbh an fathach.

"Maith thú," arsa 'n rí. Is leat mo níon-sa anois gan bhuille gan urchar. Chuir sé goirm dála amach ar fud na ríoghachta, agus cé bé nach bhfuair cuireadh na dála, fuair an tshean-chailleach liath cuireadh, agus nuair a bhí an cuirthim caithte, chuaidh siad a shocrú cé an lá a phósfaí an lánamhain. D'éirigh níon an rí ina seasamh, tharraing sí dlaoi na gruaige aníos as a póca, agus dubhairt sí nach bpósfadh sí aon fhear a choidhche ach an fear a bhfóirfeadh dlaoi na gruaige do'n bhearn a d'fhág an siosúr i gcúl a chinn, agus ní raibh an fear sin le fáil.

D'éirigh an tshean-chailleach liath, agus dubhairt sí go raibh gaisgidheach ar ceathramhain aici sin nach raibh ag an chuithrim. Chuaidh teachtaireacht fá choinne Dhuinn Uí Dhubhthaigh, agus tháinic sé. Pósadh an lánamhain agus rinne siad bainis, agus le bánú an lae ar maidin tháinic éan beag isteach ar an doras agus amach ar an fhuinneóig, agus dá mbéadh ruball ar an éan, bhéadh an sgéal ní b'fhuide.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 88–93 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1241d1 (orthographic, English translation).

1. Séamus Ó Néill (S.M.), "Béaloideas Uladh", Irish Independent (04/02/1932) 4, from this occasion, but the content is restricted to that of LA1236. See also Nollaig Mac Congáil agus Ciarán Ó Duibhín, Glórtha ón tseanaimsir, 2009, pp 13–5.

2. Niall Ó Domhnaill (eag.), Scéalta Johnny Sheimisín (Belfast 1953): "Seán Na Luatha Buidhe," pp 60-5. From the present speaker. This is far from being identical with the story told here, but large parts of the story and of the language are the same. Some phrases from the story here also appear in the fight with the giant in "Leanbán Chonaill Chearnaigh", idem., pp 46–53 esp p 52.

3. Énrí Ó Muirgheasa (eag.), Maighdean an tSoluis (Dundalk 1913): "An Crochaire Tárnocht," pp 20-34, from Cathal Mhac Cana, Teilinn. This is extremely similar to the version related here, but extends the narrative for about as long again. Fosta, Pádraig Mac Seáin, Séarlaí Mac Anna agus Mé Fhéin (2016), pp 54–65.

4. Énrí Ó Muirgheasa (eag.), "Síogaidhe Dhún Gheanainn", Béaloideas 2 (1930) pp 408–15, from Muiris Ó hÉigheartaigh, Cill Charthach, featuring "Gruagach an Gháire". The editor of the periodical provided a list of other versions on pp 414–5.

5. Seosamh Laoide (eag.), "Aodh Beag Ó Leórtha", Irisleabhar na Gaedhilge 10:113 (1/1900) pp 479–83; fosta in Sgéalaidhe Óirghiall (Dublin 1905) pp 1-10. From Tomás Ó Corragáin, Fearnmhaigh. The fight with the giant is similar, but is fought three times. Many turns of phrase in common.

6. Examples of similar linguistic expressions and runs and motifs:

Seosamh Laoide (eag.), Sgéal Chúchulainn ag Cuan Cárn (Dublin 1906), lch. 8: "Thoisigh an dís ar a chéile mar bheadh dhá leómhan ann go dtearn siad bogach de'n chreagach agus creagach de'n bhogach, toibre glana fíoruisge i lár na gcloch glas; dhá dtigeadh éan beag ó íochtar an domhain go huachtar an domhain gura' dh'amharc aeir agus iongantais ar an dís a bhí ann a thiocfadh. Smaoi'tigh Cúchulainn gur bhocht an rud dó é fhéin fhághail marbh le fathach mór i dtír choimhightheach, thóg sé a chroidhe suas i meangán a chléibh, thóg sé a chlaidheamh agus bhain sé an cionn de'n fhathach." (ó Mhín na Gualainne, Gleann Fhinne)

Seosamh Laoide (eag.), Cruach Chonaill (Dublin 1913), lch. 26: "Thoisigh an dá fhear mhóra ar a chéile mar bhéadh dhá leomhan ná dhá tharbh cuithigh go dtearn siad bogán de'n chreagán, creagán de'n bhogán, toibreacha fíor-uisge fríd lár na gcloch nglas aníos. 'A dtigeadh éinneach ó íochtar a' domhain go dtí uachtar a' domhain, gur a dheanamh aeir agus eibheár ar a' dís a thiocfadh." (ó Árd a' Rátha)

idem., lch. 36: "Thoisigh an bheirt ar a chéile go dtearn siad bogán de'n chreagán, creagán de'n bhogán. 'A dtigeadh éinneach a íochtar a' domhain go dtí uachtar a' domhain, gur a dheánamh aeir agus eibhear ar a' dís a thiocfadh. Throid siad annsin go dtí uair a' mheadhoin lae, nuair a bhuail Ceóchán aon bhuille amháin ar Chnobhchar na gCros agus chaith sé an cionn naoi n-eite agus naoi n-iomaire amach de'n cholainn." (ó Árd a' Rátha)

Áine Ní Dhíoraí (eag.), Na Cruacha, Scéalta agus Seanchas (Dublin 1985), lgh 64-5: "D'fhiafraigh sé den tseanduine an dtabharfadh sé lóistín na hoíche dó. Dúirt an seanduine go dtabharfadh agus céad fáilte ach nach raibh áit ar bith aige a bhí ag fóirstean do ghaiscíoch óg cosúil leis, ná dá bheathach capaill ach oiread. Dúirt an buachaill leis an rud a bhí maith go leor aigesean ar feadh a shaoil gur dhoiligh a rá nach mbainfeadh seisean oíche amháin as. Cheangail sé an clibistín i gcionn an toí agus thug sé gráinnín coirce dó agus thug an seanduine a shuipéar dó." (ó na Cruacha)

Séamas Ó Catháin (eag.), Uair an Chloig Cois Teallaigh (Dublin 1985), lch. 48: "greimeannaí caola cruaidhe coraíocht" srl. (ó na Cruacha)

Ludwig Mühlhausen (eag.), Zehn irische Volkserzählungen aus Sud-Donegal) (Halle 1939), lgh. 28–33: "Gruagach a' Gháire", "Nach mór a fuaír tú ó do chroidhe... theacht a chuir trioblóid ar bith orm-sa... is mór liom i n-aon ghreim thú agus is beag liom ina mbeirt tú...", "greamannaí cruaidhe ' coraidheacht, rudaí chleacht mé 'mbaile bheag agus 'mbaile mhór", "chéad fhásgadh thug sé don fhathach chuir sae godtí bhásta a bhríst' sa talamh é; an darna fásgadh chuir sae godtí ubhall na sgórnaighe é... Fáill ort a ghaisgidhigh! agus bhéarfaidh mé duais duid is fhearr ná mo cheann" srl. (ó Theilionn)


Ciarán Ó Duibhín
2013/01/12
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite