Scéim na bPlátaí Doegen

As an leabhar Glórtha ón tSeanaimsir le Nollaig Mac Congáil agus Ciarán Ó Duibhín (Comhaltas Uladh, 2009) lgh 1–4, le dornán mion-athrú.

Ins an bhliadhain 1926, shocraigh Roinn an Oideachais ar shraith plátaí fuaime a dheánamh de chanamhaintí na Gaedhilge. D’iarr siad ar an Acadamh Ríoga i mBaile Átha Cliath tabhairt faoi dheánamh na bplátaí, agus thoiligh Coiste an Léighinn Éireannaigh den Acadamh an scéim a eagrú. Fuarthas an tOllamh Wilhelm Doegen, Stiúrthóir an Lautabteilung ins an Preussische Staatsbibliothek in Berlin le hobair na fuaime a dheánamh.1

I gCúige Mumhan a cuireadh tús leis an obair, agus chuaidh fo-choiste de Choiste an Léighinn Éireannaigh i mbun na socraithe. Tháinig Doegen agus Herr Karl Tempel go Corcaigh agus go Cill Áirne i mí Mheán an Fhómhair 1928, agus rinneadh 59 bpláta le 29 gcainnteoir, ach briseadh ceithre cinn aca ar an bhealach chun na Gearmáine.2

Tháinig Tempel anall arais go Gaillimh i mí Mheán an Fhómhair 1930,3 le canamhaintí Chonnacht a thaifeadadh — ní luaidhtear Doegen pilleadh ar Éirinn i ndiaidh na chéad bhliadhna sin i gCúige Mumhan, agus tá sé beagán míshásúil gur faoina ainm a ghníthear tagairt don scéim uilig de ghnáthach. Faoi stiúradh fho-choiste arís, rinneadh 77 bpláta le 64 chainnteoir i gcaitheamh coicíse.4

Tháinig seal Chúige Uladh i bhFómhar na bliadhna 1931. Ba iad baill an fho-choiste an iarraidh seo, Éamonn Ó Tuathail, Micheál A. Ó Briain, Séamus Ó Searcaigh agus Myles Dillon, agus bhí lámh mhór ag Séamus Ó Néill san obair fosta, gidh nach rabh sé ar an fho-choiste go hoifigiúil. Rinne Karl Tempel 80 pláta le 41 chainnteoir.5 Tugadh uimhreacha ó LA1201 go dtí LA1281 ar na plátaí Ultacha (dhá thraic den phláta amháin iad LA1201 agus LA1202).

In Ollscoil an Ríona, i mBéal Feirste, rinneadh taifeadadh ar na cainnteoirí as Aontruim, Doire, Tír Eoghain (Muintir Luinigh), Ard Mhacha, Lughbhadh agus an Cabhán, eadar 22 agus 25 Meán Fómhair. Rinneadh an taifeadadh ar mhuinntir Thír Chonaill agus Inis Eoghain agus ar mhuinntir Thír Eoghain (Tearmann Ó Mongáin) i dTeach na Cúirte i Leitir Ceanainn eadar 29 Meán Fómhair agus 5 Deireadh Fómhair.

Ní bhfuarthas cainnteoir ar bith as Fearnmhuigh (Muineachán) nó as Oileán Reachlainn — gidh go rabh socrú deánta go dtiocfadh ceathrar as Reachlainn — ach taobh amuigh de sin fuarthas samplaí cainnte nó ceoil as gach ceantar in oirthear Uladh a mbéifí ag dúil le sin ionntu. I dTír Chonaill, ní rabh ionadaí ar bith as Gleann Bhárr, ná Árainn Mhór, ná Gaoth Dobhair (diomaite de Oileán Ghabhla), ná as na Cruacha. Mar sin féin, tá cuid de na cainnteoirí Gaedhilge a b’iomráidhtí i gCúige Uladh san am le cluinstin ar na plátaí seo.6

Máthair-thaifeadaí (Matrizen) céireach a rinneadh, agus seoladh chun na Gearmáine iad chuig comhlucht Lindström leis na plátaí a dheánamh daobhtha. Creidtear gur scriosadh na Matrizen i monarcha Lindström ins an dara cogadh domhanda. Plátaí troma shellac a bhí 12 ordlach trasna a rinneadh uathu, gan ach an taobh amháin in úsáid, agus bhí siad lena seinnm ag 78 rpm.

Trí chóip a bhí deánta de na plátaí ó na Matrizen, do réir chosamhlachta. Tá cóip amháin san Acadamh Ríoga (Strong Room bay 37). Coinnigheadh cóip in Berlin, agus rannadh cóip eile ar na Coláistí Ollscoile do réir cúige—Corcaigh, Gaillimh agus Béal Feirste.

Cruinnigheadh le chéile na plátaí Ultacha in 1995, eadar an chóip a bhí i mBéal Feirste agus an chóip a bhí san Acadamh i mBaile Átha Cliath, agus tugadh anonn go Herefordshire iad, áit ar aistrigh Ted Kendall, saineolaí fuaime, go dlúthdhioscaí iad. Rinneadh an obair chéanna ar na plátaí Connachtacha agus Muimhneacha, ó Bhaile Átha Cliath agus ó Ghaillimh, in 1999. Tá na dioscaí uilig le fáil i Leabharlann an Acadaimh.

Bhí páipéarachas ag gabháil leis na plátaí fosta. Sa chéad áit, líonadh ceistdhuilleog, a bhí ullmhaithe ag Doegen, fá chúlra gach cainnteora. Na ceistdhuilleogaí a bhain le cainnteoirí Chúige Uladh, tháinigtheas orthu in éineacht leis an chóip de na plátaí a fágadh in Berlin, nuair a fuarthas sin i seilbh an Hermann von Helmholtz Zentrum für Kulturtechnik den Humboldt-Universität in 2000. Tá cóip de na duilleogaí uilig ag Leabharlann an Acadaimh anois. (Fuarthas ón Zentrum san am chéanna cóip fuaime den aon phláta amháin nach rabh curtha ar dhlúthdhiosca ag an Acadamh go dtí sin — LA1147 as Inis Meáin Áranna.)

Sa dara háit, hiarradh ar na cainnteoirí, sul ar fhág siad an láthair, na píosaí a bhíthear i ndiaidh a thaifeadadh uathu a aithris arís, le go scríobhfaí síos iad. Is iad na daoine is mó a rinne an scríbhneoireacht seo i gCúige Uladh, Séamus Ó Néill agus Micheál A. Ó Briain, agus bhí lámh ins an obair fosta ag Myles Dillon agus ag Éamonn Ó Tuathail. De thairbhe gur ath-innsintí a bhí i gceist, ní rabh siad focal ar fhocal leis na plátaí féin. Tá a bhuntaiste féin ag éirghe as seo, nó gheibh muid samplaí breise den chanamhaint, agus cuidigheann an mhalairt foclaidheachta leis an chiall a thabhairt chun soiléire. Rud eile, is minic a b’éigean scéal a fhágáil gan chríochnú ar an phláta cionnas go rabh an t-am reaithte, agus corr-uair le scéal mar seo tá an t-iomlán againn san ath-innse. Caithfear cuimhniú gur faoi bhrú a scríobhadh na h-ath-innsintí seo, agus ní féidir bheith ag súil go bhfuarthas achan rud dar dubhradh a chur síos go beacht ionntu. Bhí cuid mhaith de na h-ath-innsintí seo ag Leabharlann an Acadaimh — fá 80% de na plátaí Ultacha, is dóigh linn.

Thug Myles Dillon cunntas ar an scéim don Acadamh ar 11 Mí na Nollag 1933, i gcainnt dar teideal ‘A Recent Survey of Irish Dialects.’7 Maoidheadh fán am chéanna go rabh téacs scríobhtha síos go cúramach, díreach ón pláta féin, ó dhornán bheag de na plátaí. Ní rabh ach 6 cinn de na plátaí Ultacha i gceist, agus scríobhadh amach an téacs uatha sa ghnáth-scríbhinn, i dtuaimscríbhinn, agus mar aistriúchán go Béarla.8

Chan mórán a foillsigheadh den ádhbhar luachmhar seo ariamh. I dtaca le Cúige Uladh de, rinne Séamus Ó Néill tagairtí do dheánamh na bplátaí ina chuid nótaí fá Chonnradh na Gaedhilge faoin ainm chleite ‘S.M.’ ar an Irish News9, agus in alt ar an Irish Independent10, agus d’fhoillsigh sé sraith, ‘Bealoideas Uladh’, ar an Irish Independent11 (ath-eagrán ar an tsraith sin é Glórtha ón tSeanaimsir). D’fhoillsigh sé fosta cuid de na h-ath-innsintí eadar 1933 agus 1935 ar An tUltach12, iris a rabh sé ina eagarthóir uirthi san am sin. Tá tuairisc léigheannta scríobhtha ar an ádhbhar as Oirthear Uladh leis an Ollamh Colm Ó Baoill ina thráchtas MA in Ollscoil na Ríona sa bhliain 1962, agus tá cuid de na scéalta i gcló aige in imleabhar a ceathair den Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects. Bhí cunntas beag eile ar dheánamh na bplátaí ar An tUltach in 1963, a bunaigheadh ar eolas a sholáthraigh Colm.13 Tháinig Ulster Gaelic Voices le Róise Ní Bhaoill amach ón Iontaobhas Ultach in 2010.

Pádraig Ó Gallchobhair, Tulaigh na Séan, agus Máire Nic Daeid, Mín na Bláithche (chun tosaigh), beirt de na cainnteoirí as Iarthar Thír Eoghain, in éineacht le (ar chúl ó chlé):

Séamus Ó Néill, Ollscoil na Ríona; Micheál Ó Briain, Ollscoil na Ríona; Karl Tempel, Berlin; Myles Dillon, Acadamh Ríoga na hÉireann.

Leitir Ceanainn, 5 Deireadh Foghmhair 1931.

(Irish Independent, 13 Deireadh Foghmhair 1931, lch 4)

1 Acadamh Ríoga na hÉireann (ARÉ ina dhiaidh seo), Abstract of Minutes, Session 1927–28: lgh 16–7. Bhí cunntas luath ar An Sguab (Aibreán 1926), i gcló arís in Glórtha ón tSeanaimsir Aguisín 1.

2 ARÉ, Abstract of Minutes, Session 1928–29: lgh 7–8 agus 19–29. Gheobhfar annsin tuairisc mhionaideach ar obair na Mumhan ó D.A. Binchy, liosta de na cainnteoirí agus na plátaí, cunntas airgeadais, agus duilleog treorach fá roghnú agus oileamhaint na gcainnteoirí. Amharc fosta Irish Times (3.9.28, 7) agus Irish Independent (4.9.28, 6) — tá an dara ceann i gcló arís in Glórtha Aguisín 2. Rinneadh trí phláta eile nár de scéim na gcanamhaintí iad — LA1054 (Liam T Mac Oscair), LA1091 (Proinnsias Ó Súilleabháin), LA1092 (Fíonán Mac Coluim).

3 Tá litir ullmhucháin a scríobh Tomás Ó Máille don obair i gConnachta le fagháil ar an Connacht Tribune (13.7.29, 9) — i gcló arís in Glórtha Aguisín 3.

4 ARÉ, Abstract of Minutes, Session 1930–31: lgh 9 agus 20–6. Gheobhfar annsin tuairisc ar obair Chonnachta ó Myles Dillon, liosta de na cainnteoirí agus na plátaí, agus cunntas airgeadais. Amharc fosta Connacht Tribune (6.9.30, 7) — i gcló arís in Glórtha Aguisín 4; Connacht Tribune (20.9.30, 12), áit a bhfuil trí ghrianghraf i gcló de dhaoine a raibh baint acu leis an obair; An Stoc (Eanáir–Feabhra, 1931) 6 — i gcló arís in Glórtha Aguisín 5; agus Connacht Tribune (26.9.31, 6) — i gcló arís in Glórtha Aguisín 7.

5 ARÉ, Abstract of Minutes, Session 1931–32: lch 6. ARÉ, Minutes of Proceedings, Session 1931–32: lgh 25–31 (tuairisc ar obair Chúige Uladh ó Myles Dillon, liosta de na cainnteoirí agus na plátaí); Session 1932–33: lgh 13 agus 22 (cunntas airgeadais).

6 ‘Saving Ancient Irish Dialects,’ Scéala Éireann (27.10.31, 4). I gcló arís in Glórtha Aguisín 8.

7 ARÉ, Minutes of Proceedings, Session 1933–34, lch 1. Amharc fosta Connacht Tribune (16.12.33, 8) — i gcló arís in Glórtha Aguisín 10. Gheobhfar spleachadh siar ar an scéim fosta ar Scéala Éireann (22.9.31, 6) — i gcló arís in Glórtha Aguisín 6; agus ó Thomás Ó Máille ar an Irish Independent (7.9.33, 5) — i gcló arís in Glórtha Aguisín 9.

8 ARÉ, Minutes of Proceedings, Session 1933–34, lgh 10–11.

9 ‘Connradh na Gaedhilge’, Irish News (30.9.31, 3); ‘Connradh na Gaedhilge’, Irish News (7.10.31, 3).

10 ‘Bailiu bealoidis’, Irish Independent (8.10.31, 5), i gcló arís in Glórtha lgh 5–7.

11 Irish Independent, eadar 4.2.32 agus 21.4.32.

12 An tUltach, eadar Iml. 10, uimh. 6 (An Foghmhar 1933) agus Iml. 12, uimh. 10 (Deireadh Foghmhair 1935).

13 An tUltach, Iml. 40, uimh. 2 (Feabhra, 1963) 10.


Ciarán Ó Duibhín
2012/09/23
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite