Focla agus Cainnteanna Gaedhilge
Seán Mac Maoláin
An t-Ultach 1940—2

An Aimsir
An Fhairrge
An Lá agus an Oidhche
Ráithí na Bliadhna
Na Féilteacha
Na Daoine Fhéin
Sláinte agus Easláinte
Biadh

Cuid I: An tUltach 17:3 (3/1940) lgh 1–2

An Aimsir

Aimsir fhliuch: Altughadh do Dhia, gheibhimid ár
sciar i gceart de'n fhearthainn ins an tír seo againne,
agus d'fhág sin againn neart focal agus cainnteanna
Gaedhilge le cur i n-úsáid nuair a bíthear ag trácht ar
aimsir fhliuch. Ar an chinéal sin aimsire fhéin tá dhá
ainm, mar tá: boglach agus fliuchlach. "Tá an boglach
ann arís," adeirtear nuair a thig fearthainn i ndiaidh
tamaill bhig de aimsir thirm. Dá mbéadh duine ag
maoidheamh go rabh an aimsir claon beag ró-fhliuch, comh
dóiche le n-a athrach, is é an rud adéarfadh sé "Tá dúil
mhór ins an bhoglach aige."

Fearthainn, ár ndóigh, an t-ainm atá againn ar uisce
na spéire, agus is ionann "Tá sé ag cur fearthanna" agus
"Tá fearthainn ag tuitim." Ach is é an rud is minice
adeirtear "Tá sé ag cur." Mar sin de, má mheasann
duine go mbéidh fearthainn ann gan mhoill, déarfaidh sé
"Cuirfidh sé braon roimh i bhfad," nó "Ní bhéidh i bhfad go gcuiridh
sé braon." Ar an dóigh chéadna, deirtear "Chuir sé braon
beag aréir," nó "Chuir sé braon maith," nó "Chuir sé
steall mhaith." I gcás mar sin, ár ndóigh, ní h-ionann
"braon" agus cruinneóg bheag amháin uisce. Nuair a
bíos a leithéid sin faoi thrácht, ní "braon" adeirtear ach
"deór." Nuair a bíos sé ag toiseacht a chur,
agus gan ach corr-dheór ag tuitim, deirtear "Tá deóra
fearthanna ann." Agus dá maireadh sé ins an dóigh sin
gan éirghe níos truime, is é an rud a bhéadh sé ag
deórfartaigh. In amanna ní dhéan sé ach corr-dheór mar
sin a chur agus triomughadh arís, agus, i ndiaidh a leithéid
sin, níor bh'éadóigh duine dhá rádh go "dtug sé i n-amhail
ghabhail a chur" — rud a b'ionann agus a rádh gur bheag nach
dtainig tamall fliuchlaigh. Déarfaidhe an rud céadna i
ndiaidh na spéartha 'bheith faoi chosamhlacht mhór fliúchlaigh,
ach gan fearthainn ar bith 'theacht dá ainneóin sin. Nuair
a bhéadh cosamhlacht mar sin ar na spéartha, déarfaidhe
"Tá cuma na fearthanna air," agus is minic adeirtear
"Tá fearthainn air."

Cioth a bheirtear ar thamall bheag ghoirid de fhearthainn
nach mbéadh iongantach trom. "Dhéanfaidh sé cioth" adeir-
tear nuair a mheastar tamall mar sin a bheith de chomhair
baile. Deirtear, mar an gcéadna, "Chuir sé cioth beag."
Bheirtear barr-chioth ar chioth bheag an-éadtrom. Deirtear
go bhfuil aimsir cheathaideach ann, nuair a mhaireas sé
tamall ins an dóigh a mbíonn cioth i ndiaidh ceatha ag
teacht. "Cioth 's dealán," is ionann sin agus an ghrian
a bheith ag soillsiughadh eadar na ceathaideacha.

Corr-uair, tig an fhearthainn comh mín agus comh dlúith
agus gur cosamhail le ceó í, agus bheirtear ceóbrán, nó
ceóbáisteach, ar sin. Deirtear "Tá sé ag ceóbrán
leis," nuair a bíos sé ar obair mar sin ar feadh tamaill
— go háirithe, mura mbíonn cosamhlacht air bheith ag brath
stad i n-aithghiorracht.

Brádarsach a bheirtear ar fhearthainn bhuain mar sin
a bíos rud beag níos truime ná an cheóbáisteach. A
dhálta sin, deirtear "Tá sé ag brádarsaigh leis."

Focal eile dá bhfuil ann bláthadh. Ní mór nach
ionann é agus barr-chioth.

Ceathaideacha a bíos trom go maith, ach nach maireann
i bhfad, is minic a bheirtear spraisteacha ortha. "Nár
cháidheach (salach) an sprais í sin?" adéarfaidhe nuair a
thiocfadh cioth mar sin a d'fhuígfeadh an talamh ina chlaib.

Nuair a bíos aimsir cheathaideach ann agus na ceathaid-
eacha ag éirghe níos annaimhe do réir a chéile, deirtear go
bhfuil siad "ag gabhail chun moille."

Ceathaideacha an-troma de'n chinéal a thig le linn
tóirnighe, bheirtear bailceanna ortha. "Dhéanfaidh sé
bailc" a deirtear nuair a mheastar ceann aca sin a bheith
ag teacht. Dá meastaidhe tóirneach i bhfad ó bhaile 'bheith
ina siocair léo sin, déarfaidhe gur "'e dhruim tóirnighe"
bhí siad ag teacht.

"Lá buan fearthanna" a bheirtear ar lá a maireann
sé ag cur, ó mhaidin go h-oidhche. Lá de'n chinéal sin fhéin,
b'fhéidir go dtiocfadh tamall beag goirid nach mbéadh an
fhearthainn ach éadtrom i bhfarradh 's an chuid eile de'n am,
agus bheirtear uaineadh ar a leithéid sin de thamall.

I mórán áiteach i dTír Chonaill, is ionann báisteach
agus fearthainn throm. "Tá sé ag cur 's ag báistigh,"
deirtear nuair a bíos greadadh maith fearthanna ann. Tá
a lán cainteann eile ann adeirtear nuair a bíthear ag
cainnt ar fhearthainn mar sin. "Bhí sé ag cur 'e dhíon 's
'e dheór," nó "Chuir sé an díle," nó "Bhí sé ag dórtadh,"
nó "Bhí sé mar thiocfadh sé as béal bucáide."

Is iomdha cinéal comhartha fliuchlaigh ann; ach, nidh nach
iongnadh, is ar na spéarthaí is dóichighe duine 'amharc, má
fhiafruighthear de an measann sé an fhearthainn a bheith ag
teacht. Comhartha triomlaigh an spéir a bheith glan; ach
comhartha mór fliuchlaigh scamaill dhubha 'bheith uirthi, go
h-áirithe má's fá bhun na gaoithe bíos siad. Dá mbéadh
scamaill dhubha fhéin ann, ach iad a bheith i bhfad i n-áirde,
d'fhéadfadh sé gan mórán ar bith a chur; ach ní deagh-
chomhartha na scamaill a bheith ag ísliughadh agus ag luighe
anuas ar na cnuic. Tráth bhíos an aimsir thirm de dhiothbháil,
ní maith leis na daoine dearglach mór leitheadach a
theacht le h-éirghe ná le luighe na gréine. Ní maith leó, ach
oiread, an ghrian a bheith rinneach .i. 'bheith ar dhath an air-
gid ghil agus gathanna, nó cosa aisti. Comhartha fear-
thanna, fosta, an ghealach a bheith báithteach .i. í bheith faoi
smúid, nó gáradh bheith thart uirthí .i. fáinne nó broth
a bheith ina timcheall. As an ghaoith, fosta, baintear cuid
mhór calantóracht, nó néaladóracht (fios aimsire). Ní
h-éadóigh an aimsir a bheith tirim tráth bíos an ghaoth ins an
áirde thuaidh, nó ins [an] áirde anoir; ach féadtar bheith ag dúil
leis an bhoglach nuair a théid sí suas ó dheas — go h-áirithe
má's i n-éadan chúrsa na gréine a théid sí ann. Síltear
gur comhartha fearthanna an súithche 'bheith ag tuitim anuas
an simleóir. Ainmhidhthe agus éanlaithe, fosta, síltear go
n-innseann siad, ina ndóigh fhéin, an fhearthainn a bheith de
chomhair baile. Meastar gur comhartha fliuchlaigh fonn
siubhail a bheith ar na h-easóga, nó na madaidh 'bheith ag
ithe an fhéir, nó na cait a bheith ag nighe a n-aghaidh, nó na
míoltóga bheith an-fhairsing, nó fonn mór léimnighe bheith
ar na bric, nó cuid mhór gréasán a bheith déanta ar an
fhéar agus ar na tuim ag na damhain allaidh, nó fonn mór
screadaighe 'bheith ar na crotaigh. Agus ní mheastar gur
tuar triomlaigh na faoileóga 'bheith ag tréigbheáil na
fairrge. Áirighthear gur dhá dhroch-nidh "an fhaoileóg ó'n
tráigh agus an báillidhe ó'n tsioraidheam."

Aimsir thirm: Dálta mar bheirtear "fliuchlach,"
nó "boglach" ar an aimsir fhliuch, bheirtear triomlach
ar an aimsir thirm. Ach ní'l baoghal ar oiread focal ná
cainteann ag baint leis an triomlach agus tá leis an
fhliuchlach. "Tá sé ina thuradh," adeirtear nuair a bíthear ag
tabhairt le fios nach bhfuil fearthainn ar bith ag tuitim. "An
ndéanfaidh sé turadh, do bharamhail?" — is ionann sin agus
"An measann tú go stadfaidh an fhearthainn roimh i bhfad?"
Deirtear, mar an gcéadna, "Rinne sé turadh."
Deirtear "Thriomuigh sé," fosta. Tá baramhail ag
na daoine gur annamh thriomuigheas an Aoine, má bhíonn
sí fliuch ar maidin, agus, ar an tséala sin, deirtear go
bhfuil "an Aoine olc fá n-a turadh." Nuair a bíos an
aimsir ins an dóigh a dtriomóchadh rud fliuch ar bith go
gasta, deirtear go bhfuil triomughadh breagh ann. Nuair
nach mbíonn triomughadh ann, is é an rud a bíos taisleach
ann.

Comhartha turaidh, nó triomlaigh, an spéir a bheith ag
glanadh — go h-áirithe, fá bhun na gaoithe, nó an ceó 'bheith
ag imtheacht de na cnuic, nó an ghaoth a 'bheith ag gabhail ó
thuaidh nó ag gabhail soir, nó glain-dreach órdha 'bheith ar
an ghréin ag gabhail a luighe dí, nó an ghealach a 'bheith gan
smúid. An ceó fhéin, síltear gur comhartha triomlaigh é
i n-amanna áirithe, nó deirtear gur "bás de'n tart is
dual do cheó gealaighe úire."

Cuid II: An tUltach 17:4 (4/1940) lgh 1–2

Aimsir fhuar: Is minice aimsir fhuar ná aimsir
the sa tír seo. Amach ó'n tsamhradh fhéin, ní'l ráithe ar bith
nach dtig corr-thamall a mheasaimid bheith fuar go leór; ach
ina dhiaidh sin, is fíor an rud adeir an sean-fhocal: "Ní
thig fuacht go h-Earrach agus go mbidh dhá uibh ag an
fheannóig." Is é sin an t-am is mó a dtig cruadhlach
géar .i. aimsir thirm fhuar. Le linn an chinéil sin aimsire
chluinfeá cuid mhaith de na cainnteanna bhaineas le fuacht
agus le cunáil .i. lagughadh nó ísliughadh brighe le tréan
fuaicht. "Tá mé cunáilte," déarfadh duine a
bhéadh ar crioth le fuacht. Nuair a bhéithidhe
ag cainnt ar aimsir an-fhuair mar sin, déarfaidhe
"Tá sé thar a bheith fuar," nó "Tá léan air,"
...[líne ar iarraidh]
aidhe," nó "D'fheannfadh sé deárnaid," etc. Anró a
bheirtear ar an neamh-shogh a fhulaingeas daoine a chaitheas
bheith ag obair amuigh nuair a bíos a leithéid sin de fhuacht
ann. Bheirtear aimsir anróighteach ar aimsir an-
fhuair, bíodh sí fliuch nó tirm; ach, ár ndóigh, is móide an
t-anró an fliuchlach a bheith ann le cois an fhuaicht. Lá a
bhéadh measardha te, dá gcailleadh sé mórán de'n teodh-
acht, déarfaidhe go dtainig cuil fhuar air. Mothóchaidh
tú i gcomhnaidhe "cuil" mar sin ar an tráthnóna nuair
a bíos siocán ag teacht.

Oidhche shiocáin a bheirtear ar oidhche a mbíonn
siocán ann, agus deirtear lá siocáin, agus aimsir
shiocáin
, mar an gcéadna. Corr-uair, ní bhíonn an
siocán ach éadtrom go maith, agus bheirtear glas-
shiocán
ar a leithéid sin. Siocán bán a bheirtear ar
an chinéal a bíos mar bhéadh brat éadtrom sneachta ann,
agus deirtear go bhfuil siocán dubh ann nuair a bíos
an talamh sioctha le fuacht, ach gan é geal ar chor ar bith.
Oidhreogach a bheirtear ar uisce shioctha. Uisce a bhéadh
ag tuitim ina dheóra, nó ina shileán bheag éadtrom, agus
a shiocfadh sa dóigh a mbéadh sé mar bhéadh bata beag ann,
bhéadh sé ina bhior oidhreogaighe, nó ina bhiorán
siocáin
. Dá dtaradh siocán ar thalamh fhliuch agus é
'fhágáil faoi oidhreogaigh, déarfaidhe go rabh an talamh ina
ghloinic. Oidhcheanna siocáin, is gnáthach an spéir a bheith
glan agus loinnir ar leith a bheith ins na réalta.

Is annamh bliadhain nach dtig sneachta sa gheimhreadh nó
san earrach, agus bíonn an aimsir i gcomhnaidhe fuar,
freisniseach, feannta, go gearr sula dtaraidh sé. Bíonn
goimh, nó géire, ar leith sa ghaoith i n-am mar sin, agus
is minic a chluinfeá daoine ag rádh gur 'e dhruim
sneachta
a bíos a leithéid de ghaoith ag teacht. Tráth
bíos sneachta ag tuitim deirtear go bhfuil sé ag cur
sneachta
, agus nuair a bíos sé ag tuitim go h-an-tiugh
deirtear go bhfuil sé ag plúchadh shneachta. Chan ina
dheóra, ár ndóigh, a thuiteas an sneachta ach ina bhratóga,
nó ina chaithleóga. Bratóg shneachta, nó caith-
leóg shneachta
, sin giob amháin de'n tsneachta mar
thuiteas sé as an spéir, agus brat sneachta a bheir-
tear ar an chumhdach de a bíos ar an talamh. Nuair a bíos
an sneachta dhá thógáil ó'n talamh ag an ghaoith agus dhá
iomchur léithe ó áit go h-áit, is é an rud a bíthear ghá
shiabadh. An áit a mbéadh cuid mhór de siabtha i gcionn
a chéile, déarfaidhe go rabh ráthach sneachta ann.
Meastar gur feairrde do shláinte na ndaoine a bheagán
nó a mhórán sneachta a theacht roimh an Nodlaig. "Nodlaig
glas roilig mhéith," adeir an sean-fhocal. Rud eile,
bíthear ag dúil le tamall de uair mhuiglidhe i ndiaidh an
tsneachta, nó deirtear go "mbaineann sé an ghoimh as an
aimsir."

San earrach go h-áirithe, agus corr-uair le linn
tóirnighe sa tsamhradh, tig sneachta nach mbíonn ina
"bhratóga" ar chor ar bith, ach ina ghioba beaga cruinne
cruaidhe, agus bheirtear clocha sneachta ortha sin.
Cloch shneachta a bhéarfaidhe ar cheann amháin aca. Ach,
cibé dóigh a dtig an sneachta, bíonn an fuacht ina chosamar,
agus ní'l am ar bith is géire a mbíonn an fuacht ná an
t-am a mbíonn brat trom sneachta ar an talamh agus é
ag leaghadh ina uisce. Cascairt a bheirtear ar an
leaghadh sin, agus ní h-annamh le n-a linn a thig ceathaid-
eacha a bíos eadar beith ina sneachta agus ina bhfearthainn.
Flich-shneachta a bheirtear ar a leithéid sin. 'Fhad agus
bíos an talamh faoi shneachta, ní furas obair ar bith a
dhéanamh air. Mar adubhairt an file, bíonn
"An tseisreach 'na luighe 's an béam ar lár,
'S an sneachta go fras ar 'ach taoibh de'n ghleann."

Aimsir the: Deireadh an tsamhraidh agus tús an
fhoghmhair an t-am is teodha bíos an aimsir sa tír seo.
Teasbhach a bheirtear ar theas mhór mar sin. An ceó a
thig, corr-uair, le n-a linn, bheirtear ceó teasbhaigh
air, agus bheirtear gal teasbhaigh ar an ghal atchífeá ag
éirghe as an talamh nuair a bíos teas mór ann. Tráth nach
mbéadh an aimsir ró-shocair agus teas ar leith abheith ag
teacht ó'n ghréin, níor bh'éadóigh thú dhá chluinstin gur ag
bruith fearthanna
a bhí sé, rud is ionann agus a rádh
go rabh an teasbhach tréan ina chomhartha go rabh an fheartainn
de chomhair baile. Nuair a bíos an teasbhach ag goillstin
go mór ar na daoine deirtear go bhfuil teas marbh-
thach
ann. I dtús an fhoghmhair go h-áirithe, is minic a bíos
sé iongantach te agus gan an ghrian le feiceáil ar chor ar
bith. Bíonn spéartha troma ann agus iad íseal go maith,
agus le n-a linn sin bíonn an aimsir dúntach,
marbhánta. Is minic a thig tóirneach leis an chinéal
sin aimsire. Rois tóirnighe a bheirtear ar bhléascadh
amháin de'n tóirnigh, agus roisteacha tóirnighe a
bheirtear ar níos mó ná sin. Nuair a bíos an tóirneach i
bhfad ó bhaile, ach í le cluinstin, mar sin fhéin, bheirtear
marbh-thóirneach uirthi. Ach nuair a bíos an tóirneach
de chomhair baile, tchíthear na lasracha is cionnta léithi,
agus bíonn sin creathnach .i. cuiridh sé eagla ar na
daoine. Splannc a bheirtear ar lasair amháin, agus
splanncacha ar níos mó ná sin. Is minic, fosta, a
bheirtear teine na spéire ortha, agus deirtear gur
spéartha teineadh an cinéal néalta a thig le linn
tóirnighe. Deirtear spéartha tóirnighe, fosta.
Stoirm tóirnighe nach mothóchaidhe ach i gcompal éigin amháin,
déarfaidhe nach rabh ann sin ach cnap. Foscaltacha,
fosclaidheacha, a bheirtear ar lasracha de theinidh na
spéire nuair a bíos siad le feiceáil agus gan tóirneach a
theacht ina gcuideachta. Is annamh thig an tóirneach nach
gcoscrann sí na spéartha, rud is ionann agus a rádh
go mbriseann sí an aimsir. Corr-uair — agus corr-uair é —
ní dhéan sí sin, agus deirtear gur b'é an rud a bhí sí ag
"daingniughadh na h-aimsire" .i. ghá fágáil sa dóigh nach
mbrisfeadh sí go ceann fada go leór.

An ghaoth: "tá sé ag gabhail chun gaoithe," adeir-
tear nuair a bíos an aimsir ag éirghe gaothach i ndiaidh
bheith ciúin. Feóchan a bheirtear ar ghaoith bhig éadtruim.
"Bhí feóchan deas seóltóracht' ann," adéarfaidhe nuair a
bhéithidhe ag maoidheamh go rabh oiread gaoithe ann agus
bhainfeadh siubhal measardha as bád seóltórachta.
Géarbhach a bhéarfaidhe ar ghaoith a ba tréine ná sin, agus
tráth thiocfadh a leithéid i ndiaidh ciúnais déarfaidhe gur
"ghéaruigh sé." "Sin séideán cruaidh go leór," adéar-
faidhe nuair a thiocfadh treall ghoirid de ghaoith a bhéadh
measardha tréan. Nuair a thig treallanna mar sin go
tiugh i ndiaidh a chéile, deirtear go bhfuil an ghaoth ag teacht
ina rioth-shéideáin. Lá a mbéadh a leithéidí sin ann,
déarfaidhe go rabh sé "callánach;" agus, dá mba gaoth
chruaidh thirm í, déarfaidhe go rabh stabhladh mór ann.
San earrach go h-áirithe, is minic a thig gaoth thréan go leór
le cioth fearthanna nó le cioth cloch sneachta, agus bheirtear
stoirm ceatha ar a leithéid sin. Iomghaotha a bheir-
tear ar ghaoith a bhéadh ag teacht thart i n-áit bheith ag im-
theacht léithi ar aghaidh go díreach. Gaoth mhór a bíos ann
nuair a thig stoirm thíoránta. Is ionann "lá gaoithe
móire" agus lá an-doineannta. Lá mar sin bíonn
"roisteacha gaoithe móire" ann. Deirtear "réabthlacha
gaoithe móire," mar an gcéadna. An tarraingt
gaoithe a bíos eadar doirse nó fuinneoga,
bheirtear siorradh uirthi. "Suidh aníos," adéar-
faidhe leis an té a bhéadh ina shuidhe i bhfad ó'n teinidh,
"Tá siorradh fuar isteach ar an doras sin." Nuair a thig
doineann mhór i ndiaidh na deagh-uaire is minic adeirtear
go bhfuil an aimsir "ina clárthaí," rud is ionann agus a
rádh go bhfuil sí briste ar dóigh.

Meastar gur comhartha mór gaoithe "dhá cheann" a
bheith ar an spéir .i. dhá néal fhada bheith sínte ós coinne a
chéile ó thaoibh amháin de'n spéir go dtí an taobh eile, agus
a dhá gceann druidte isteach go dtí n-a chéile, dar leat.

Deirtear go bhfuil síon mór leis an fhearthainn
nuair a bíos gaoth thréan ghá siabadh roimpi. "Lá na seacht
síon," nó "oidhche na seacht síon," is minic adeirtear sin
le lá, nó le h-oidhche, a bhéadh gaothach, fuar, fliuch.

Cuid III: An tUltach 17:5 (5/1940) lgh 1–2

Aimsir chiúin: "Ní'l smid ghaoithe ann," adéar-
faidhe, lá bhéadh an aimsir iongantach ciúin: Lá mar sin,
"Ní bhogfadh ribe ar do cheann." "Is mór a thuit sé chun
ciúnais," adéarfaidhe nuair a shocóradh an lá go maith i
ndiaidh é bheith gaothach. "Thuit sé marbh ciúin," — adéar-
faidhe sin, fosta, nuair a thiocfadh ciúnas mór go tobann
i ndiaidh garbh-aimsire. "Tá ciall ag an lá indiú" — is
minic adeirtear sin nuair a thig lá measardha ciúin i
ndiaidh lae ghairbh. Ansir a bíos ciúin agus gan í ró-
fhuar nó ró-the, bíonn sí muiglidhe, nó maránta.
Agus, ár ndóigh, bheirtear soineann ar an aimsir mhaith,
mar bheirtear doineann ar an droch-aimsir. Deir an
sean-fhocal gur "cothughadh na doininne soineann na
h-oidhche." Peata a bheirtear ar lá bhreagh chiúin a mbéadh
droch-aimsir ann go díreach roimhe agus ina dhiaidh. Tig
a leithéid sin "amach as croidhe na doininne." Ní ró-
mhinic a chluinfeá "lá áluinn" i dTír Chonaill; ach dá
mbéadh lá comh deas agus go sílfí é bheith ina chinéal de
"pheata," déarfaidhe go mb'fhéidir gur "ró-áluinn" a bhí
sé. Deirtear go bhfuil "bun ar an aimsir" nuair a bíos
sí maith ar feadh dornán laethe agus gan cuma ar bith
athruighthe uirthi.

Aimsir chaochlóideach: "Tá caochlódh air,"
adéarfadh duine nuair a mheasfadh sé an aimsir bheith i
gcosamhlacht athruighthe — go speisialta, dá measadh sé gur
droch-athrughadh a bhí ag teacht. "Is mór a chaochlóidh na
spéartha," adéarfaidhe nuair a thiocfadh athrughadh trom ar
dhreach na spéire. Dá measadh duine dreach na spéire
bheith ag tuar athruighthe agus gan é ró-chinnte ina bharamhail
do'n chinéal athruighthe bhí ag teacht, níor bh'éadóigh é dhá rádh
go rabh mothanacht eighinteach air.

Aimsir mheasardha: Déarfaidhe go rabh breac-
aimsir
ann nuair nach mbéadh an aimsir an-mhaith ná
an-olc — sin nó nuair a bhéadh sí measardha "ghá glacadh
fríd an phíosa," eadar measardha maith agus measardha
olc. Deirtear breac-lá mar an gcéadna. Is ionann
fionnfhuar agus measardha fuar i bhfarradh's an teas-
bhach. Áit a bhéadh fionnfhuar nuair a bhéadh teasbhach mór
i mbunadhas gach aon áit eile, déarfaidhe go rabh fionn-
fhuacht
breagh ann. An té tharrónadh ar áit mar sin
cionn's gan an teasbhach mór a bheith ann, déarfadh sé gur
bh'é rud a chuaidh sé ann "a dh'iarraidh fionnfhuaicht."

An Fhairrge

Tá baint mhór ag an aimsir leis an eagar a mbíonn
an fhairrge, agus, mar sin de, ní miste labhairt ar an
fhairrge sul a dtéighimid a thrácht ar neithe eile. Is minic
adeirtear go bhfuil an fhairrge ar chalantóir comh maith
agus tá ann — rud is ionann agus a rádh gur annamh
athrughadh thig ar an aimsir gan é bheith le h-aithne ar an
fhairrge roimh ré. Na sean-daoine go h-áirithe, labhairidh
siad ar an fhairrge mar bhéadh siad ag cainnt ar neach
daonda. "Bíonn a cuid fhéin ag an fhairrge i gcomhnaidhe,"
adeir siad, agus iad ag maoidheamh nach féidir do na
daoine oiread de bhuaidh 'fhagháil uirthi agus nach mbáitheann
sí cuid aca nuair is mian léithe sin a dhéanamh. Os a
choinne sin, deirtear gur gheall sí, aon uair amháin, nach
mbáithfeadh sí aonduine ó sin amach, ach gur bhris sí a
gealltanas, agus gur b'é sin an fáth a bhfuil sí comh mí-
shuaimhneach agus tá sí — go bhfuil oiread de bhuaidhreadh
uirthi dá thairbhe siud agus go mbíonn sí ag síor-iarraidh
bheith ag briseadh a croidhe ar bheanna an chladaigh.

Líonadh agus trághadh: B'iongantach le daoine
ariamh an dóigh a n-oibrann an fhairrge, agus, ár ndóigh,
is iongantach í, d'aindeóin go measaimid a fhios a bheith
againn caidé is adhbhar dí. Is é rud adeir lucht léighinn
gur b'í an ghealach is príomh-shiocair do'n tuiliughadh mara,
nó do'n doimhniughadh sin, a dtugtar an líonadh air — go
ndéan sí an t-uisce a tharraingt sa chaoi a n-éirigheann sé
árd in cibé cearn de'n domhan a bíos os a coinne-se,
agus, fosta, in cibé cearn atá go díreach ós a choinne sin
ar an taoibh eile de'n domhan. Bíonn an "líonadh" sa dá
chearn sin i n-éinfheacht; agus, ó's nidh go dtéid cuid mhaith
de'n uisce chuca-san, bíonn trághadh sa dá chearn atá
eatortha sin.* Bíonn an líonadh ag síor-leanstain do'n
ghealaigh, agus fágaidh sin nach bhfuil cearn ar bith de na
ceithre cearna nach mbíonn dhá líonadh agus dhá thrághadh ann
os coinne gach "lae" iomláin de chuid na gealaighe. Agus
sin an áit a bhfuil nidh ar fiú a choinneáil ar cuimhne. Ní
h-ionann "lá" de chuid na gealaighe agus lá de chuid na
gréine. Chan 24 h-uaire atá i "lá" na gealaighe, ach 24
h-uaire agus 49 moimeinte — agus, ó's nidh go dtig dhá
lán mara san "lá" sin, bíonn a leath de spás eadar
gach dhá lán mara .i. 12 uair agus 24½ de mhoimeintí. Cuir
i gcás gur ar bhuille an dó-dhéag sa lá a mbéadh sé barr
láin
indiú, ní bhéadh sé barr láin arís go dtí 12.24½ anocht,
agus ní bhéadh sé barr láin ina dhiaidh sin go dtí 12.49 sa
lá ambárach.

*Nóta — Ach ní h-ionann sin agus a rádh gur san aon-
am a thig an líonadh 'fhad le gach cuan agus gach caslaigh
dá bhfuil i gcearn áirithe ar bith de na ceithre cearna.
Eadar Doire agus Baile Átha Cliath féin, bíonn corradh
le trí h-uaire an chluig de dhuifear. Ach, dá aindeóin sin,
is ionann spás ama a bíos eadar an líonadh agus an
t-aithlíonadh in gach áit aca.

Rabharta agus mall-mhuir: Do réir mar adeir
lucht léighinn, bíonn tarraingt dhá dhéanamh ag an ghréin,
fosta, ar uisce na farraige; ach ó's comhgaraighe go mór
fada dúinn an ghealach is aici atá an tarraingt is tréine.
San am a mbíonn tús gealaighe ann, bíonn tarraingt
na gealaighe agus tarraingt na gréine ag cur le chéile,
agus le n-a linn sin bíonn an líonadh tréan i gceart agus
bíonn na lánta mara mór go maith. Le linn iomlán
gealaighe, fosta, bíonn an dá tharraingt ag cur le chéile,
agus bíonn na lánta mara mór mar an gcéadna. Ach,
eadar tús gealaighe agus iomlán gealaighe, agus eadar
iomlán gealaighe agus deireadh gealaighe, bíonn an ghrian
agus an ghealach ag tarraingt i n-éadan a chéile, agus
bíonn na lánta mara íseal i bhfarradh's mar bíos siad an
dá thráth eile. Rabharta a bheirtear ar na lánta móra
mara, agus mall-mhuir a bheirtear ar na lánta beaga.
Tuairim's 29½ de laethibh na gréine atá i "mí" de chuid na
gealaighe .i. an spás ama a chaithtear ó thig tús gealaighe
go n-imthigheann a deireadh. Ach tig dhá rabhartha le gach
aon ghealaigh. Mar sin de, bíonn tuairim's 14¾ de laethibh
eadar gach dhá rabharta .i. ó bíos rabharta ina thús go
n-imthigheann a dheireadh agus go dtig tús rabharta
eile. Agus tá nidh annsin ar fiú suim a chur ann. Gach lán
mara dá dtig, bíonn sé tuairim's 12 uair agus 24 mhoim-
einte i ndiaidh an láin mhara a thainig roimhe. "Caillidh"
an lán mara tuairim's 24 mhoimeinte le cois an 12 uair
gach aon iarraidh; agus i gcionn gach aon 14¾ de laethibh
bíonn tuairim's dhá uair déag caillte aige — rud fhágas gur
beag nach san aon am (de'n chlog) a thig an lán mara i
dtús agus i ndeireadh gach 14¾ de laethibh. Cuir i gcás
go dtug tú fá dear é bheith barr láin ar an dó-dhéag a
chlog indiú, d'fhéadfá bheith cinnte gur i n-am éigin comh-
garach do'n dó-dhéag a bhéadh sé barr láin, cúig lá dhéag ó
indiú.

San am is neartmhaire an rabharta, bíonn sé ina
theann, agus nuair a bíos sé ag cailleadh a nirt bíonn
cúl ag gabhail air. An sruth líonta a bheirtear ar
shiubhal an uisce nuair a bíos sé ag líonadh. Nuair a
thoisigheas sé a líonadh bíonn tús líonta ann. Nuair
a bíos an líonadh iomlán déanta bíonn sé barr láin.
An sruth trágha a bheirtear ar shiubhal an uisce nuair a
bíos sé ag trághadh. Nuair a thoisigheas sé a thrághadh bíonn
tús trágha ann. Bíonn lag trágha, nó lom trágha
ann nuair a bíos an trághadh iomlán déanta. Nuair a bíos
sé ag teacht de chomhair an phoinnte sin, bíonn sé "ag
tuitim síos le tráigh."

Cuid IV: An tUltach 17:6 (6/1940) lgh 1,4

Bordaí na fairrge: An cladach a bheirtear
ar imeall an talaimh, an áit a bhfuil an fhairrge ag
críochantacht leis. Ní h-ionann, ar chor ar bith, cladach
agus tráigh. Imeall locha fhéin, gidh gur istigh i gcroidhe
na tíre a bhéadh sé, bhéarfaidhe "cladach" air. Is é an rud
a bheirtear "tráigh" ar chuid ar bith de'n talamh a bíos faoi
uisce le linn an láin mhara agus a bíos nochttha i n-amanna
eile. Gaineamh a bíos i mbunadhas na dtráigheann, ach
bíonn a lán aca faoi chumhdach de mhion-chlocha cruinne,
agus bheirtear dóirling, nó clocha dóirlinge ortha
sin. An áit a mbíonn tráigh, is furas aithne uirthi cá fhad
aníos a thainig an lán mara, agus bheirtear marc an
láin
ar an imeall i bhfus de'n lorg sin. Is annamh bíos
marc an láin folamh ó chonamar bheag leathaigh, nó feam-
naighe nó a leithéid, agus is é sin an rud a dtugtar múr
air. Corr-uair, agus go h-áirithe i n-aimsir cogaidh,
cuiridh an tonn isteach éadáileacha .i. adhmad, nó
bairillí ola, nó cinéal ar bith dá mbéadh i lasta soithigh. Is
ionann "éadáil" agus proifid — go h-áirithe rud proifid-
each a gheobhthaidhe i n-ascaidh. Mar sin de, an té gheobhadh a
leithéid siud, déarfaidhe go bhfuair sé éadáil.

Gob a bheirtear ar ghiota de'n talamh atá níos faide
amach ná an chuid eile agus an ceann amuigh de cinéal
géar. Is é rud is rannaigh ann giota caol fada de'n
talamh a bhfuil an fhairrge ag an cheann amuigh de agus ar
a dhá thaoibh. Ní chluintear an focal "ros" anois ach i
n-ainmneacha áiteach, mar tá Ros Guill, Ros Eoghain, na
Rosa, etc., ach, do réir chosamhlachta, is ionann ros agus
cinéal de rannaigh mhóir leathan. Is minic a bheirtear
ceann ar an chrích amuigh dá leithéid sin de áit — Ceann
Ruis Eoghain, Ceann Fhanada, etc. Bád a rachadh 'fhad
amach i bhfairrge agus go mbéadh áiteacha mar sin fágtha
ina diaidh aici, déarfaidhe go rabh sí "taobh amuigh de na
cinn." Is iomdha áit de chois fairrge a mbíonn cnocáin
ghainimh agus cinéal de luachair ag fás ortha. Méilte
iad sin, agus muiríneach an "luachair" a bíos ortha. Ní
mór nach ionann "méile" agus dumhaigh, go h-áirithe
méile ar bith a bhfuil bruach righte ann. Beinn a bheirtear
ar éadan righte de thalamh chreagach, agus bheirtear tor
ar chreig atá ina stacán árd agus í cinéal scoithte ó'n
chuid eile de na creagacha. Is iomdha tor fá chósta Thír
Chonaill — an Tor Bán, an Tor Buidhe, an Tor Glas, etc.
An áit a mbíonn scoilt mhór i mbeinn, bheirtear sceilp
uirthi. Is ionann, ach ins an bheag, sceilp agus
scealpaigh, ach gur "scealpaigh" is minice bheirtear ar
scoilt ar bith nach bhfuil an-mhór. Scealpacha beaga ar
gnáthach crúbóga, nó gliomaigh, bheith ionnta, bheirtear
aicidheacha ortha — rud is ionann agus a rádh go mbíonn
na scealpacha mar bhéadh "brocacha" nó crodhacha folaigh
aca sin.

Ladhara de'n fhairrge: Is é rud is cuan ann
cinéal de "bholg" de'n fhairrge a mbíonn an talamh ina
timhcheall uilig ach an béal. Ar siocair scáth an talaimh
bheith ag cuan, tig soithigh isteach ann nuair a bíos an aimsir
an-gharbh agus fanann siad ann a sheachnadh na
doininne. An áit a mbaineann soithigh fútha mar sin,
bheirtear leabaidh angcoire air. An áit ar gnáthach
le luingeas nó le bádaí theacht go tír ann, bheirtear port
air. Is gnáthach, dar ndóigh, céidh .i. áit theacht i dtír a
bheith i bport. Do réir chosamhlachta, is ionann gaoth
agus ladhar chaol de'n fhairrge a théid i bhfad isteach i
dtír. Tá "gaoth" ina fhocal choitcheannta go maith i
n-ainmneacha áiteach i dTír Chonaill. Tá Gaoth Beara
agus Gaoth Dobhair ann, agus rudaí is lugha ná iad sin —
Gaoth Anagaire, nó Gaoth na Brághad, agus Gaoth an
Chagail, etc. Tá inbhear ina fhocal choitcheannta ar fud
Éireann, aus is é rud atá ann cuan ag bun abhanna,
e.g., Inbhear Bóinne, Inbhear Life, etc. Áiteacha a
mbíonn cuan beag a dtig bádaí a tharraingt aníos ar an
talamh thirm ionnta, is minic a bheirtear caslacha ortha.
"Caslaigh" adeirtear nuair nach mbíthear ag trácht ach ar
cheann amháin aca.

An fhairrge mhór: Ní'l an fhairrge i muinghin aon
ainm amháin. Is minic a ghoirtear muir dí — go h-áirithe
i gcainnt fhileamhanta. Bheirtear sáile fosta uirthi; ach,
le n-a chois sin, is ionann "sáile" agus uisce na fairrge.
Tobar a dtiocfadh uisce na fairrge ann, déarfaidhe go
dtainig an sáile isteach ann. Focal coitcheannta "comh
goirt leis an tsáile." Nuair a bhéadh long nó bád 'fhad
amach agus go mbéadh na cuanta agus na cinn scoithte
aici, déarfaidhe go rabh sí amuigh ar an tsean-fhairrge.
Deirtear "amuigh ar an fhairrge mhóir" agus "amuigh ar
an aibhléis mhóir" mar an gcéadna. Barróg a bheirtear
ar an uisce gheal a bíos ar thuinn le linn an barr bheith
ag briseadh aici. SAn áit a mbéadh cuid mhór barróg sa tóir
ar a chéile, is minic a bheirtear "géacha bána" ortha.
Rológ a ghoirtí do thuinn a bhéadh ag siubhal léithe ina
h-iomaire mhór agus gan í ag briseadh. Is ionann
suidhiste agus tonn an-mhór. Bristeacha a bheirtear
ar thonnaí tráth bíos siad ag briseadh. An áit a mbéadh an
fhairrge ina maistreadh ag bristeacha mar sin, déarfaidhe
go rabh anfais mhór ann.

Fairrge chiúin: D'fhéadfadh oibriughadh measardha
bheith ar an fhairrge ach gan na tonnaí bheith ag briseadh,
agus sa chás sin déarfaidhe go rabh croiceann maith go
leór uirthi. Tonnaí beaga éadtroma, mar tchífeá ar loch
nuair nach mbéadh mórán gaoithe ann, ní'l ionnta ach
bliotaí. Nuair a bíos an fhairrge an-chiúin bíonn sí
"ina clár," nó "mar bhéadh clár ann." "Fairrge mharbh" í
sin. "Ní'l deór inntí," nó "ní'l stioc innti," nó "ní'l
bolgam bric innti" — deirtear a leithéidí sin nuair a
bíthear ag maoidheamh go bhfuil an fhairrge iongantach
suaimhneach.

Fairrge gharbh: "Tá éirghe beag maith san
fhairrge," adeirtear nuair a bheirtear fá dear í bheith leath-
chorruighthe go leór; nó, comh dóiche le sin, déarfaidhe go
rabh "tonn mhaith innti." Nuair nach mbíonn sí ag briseadh
ach fá na carraiceacha, etc., deirtear nach bhfuil ann sin
ach "tonn fá chreig," agus nuair a bíos tonn mheasardha
ag briseadh fá na cladaigh agus an chuid eile de'n fhairrge
faoi chroiceann mhaith go leór, is minic a deirtear gur
"bruith tíre" atá ann sin. Nuair a bíos éirghe tréan san
fhairrge, bíonn sí "tógtha." Le linn í bheith leath-gharbh go
maith, deirtear gur "clabach go breagh" atá sí. Bainte
bíos sí nuair fhanas sí tógtha i ndiaidh stoirme. Mórtas
a bheirtear ar ghairbheadas gheinearalta fairrge. Is minic
le n-a linn sin a bíos sí "ina cár gheal uilig" .i. faoi
bharróga geala uilig. Nuair a bíos mórtas tréan ann,
deirtear go bhfuil "roisteacha (nó réabthlacha) fairrge
móire" ann, agus ní h-annamh, ina leithéid sin de am, a
chluinfeá go rabh an fhairrge "ar an daoraigh." An ceó
uisce éirigheas de na barróga, nó de éirghe ar bith fairrge,
behritear cáthadh air. Scaileóg a bhéarfaidhe ar uisce
a scoithfeadh de'n tuinn ina chnap, nó ina steall. Tráth
bíthear ag fanacht le faoiseamh sa mhórtas a bhéarfadh faill
do bhád ghabhail i dtír, nó isteach i bport, is é an rud a
bíthear "ag fanacht le h-uair." Nuair a bhuaileas tonn
mhór an talamh, imthigheann sí amach arais de rása thréan,
agus bheirtear rúdh ar sin. Is minic, fosta, a bheirtear
rásaí ar thonnaí a thig i bhfad isteach ar an talamh, nó
fríd charraiceacha an chladaigh.

Focla eile: Le linn duine bheith ar oileán, deir-
tear go bhfuil sé "istigh," e.g. "istigh i dToraigh," "istigh
i n-Árainn." Nuair a bíos sé ar an mhóir-thír, bíonn sé
"amuigh ar tír mór." An chuid de'n fhairrge atá eadar
oileán agus tír mór, bheirtear béal air, agus is gnáthach
a ainmniughadh as an oileán atá i n-a aice, e.g., "Béal
Thoraighe," "Béal Áranna." Builg a bíos san áit a
bhfuil creag faoi uisce agus an tonn ag briseadh uirthi. Is
ionann camus agus cinéal de bháighe cham. Is é rud is
tanalacht ann áit nach mbíonn an t-uisce ach tana i
bhfarradh's an chuid eile. Doimhneacht a ghoirtear do'n
uisce dhomhain. An áit a dtig an talamh ris mar bhéadh
oileán ann le linn trágha, bheirtear oitir air. Áiteacha
mar sin nach mbíonn comh domhain leis an chuid eile, ach
nach dtig an grinneall ris, is líonáin iad. An áit a
mbíonn cinéal de líonán a dtiocfadh le duine siubhal dá
chois air trasna ladhar de'n fhairrge le linn trágha, bheirtear
fearsaid air. Is é rud is cainéal ann pasáid de
uisce dhomhain a mbíonn an tanalacht ar a dhá thaoibh. An
áit a bhfuil ladhar de'n fhairrge an-chumhang i bhfarradh's
an chuid eile de'n ladhar chéadna bheirtear caolas air.
Is gnáthach sruth tréan bheith i n-áit mar sin, agus i dhá dtaoibh
an chaolais tchífeá cúl-shruth .i. cuid de'n tuilidh ag
pilleadh arais. An áit a gcastar dhá shruth thréana ar a
chéile, éirigheann mar bhéadh círín ar an uisce, agus bheir-
tear coileach srutha ar sin. Mura mbéadh gob géar
mar sin ar chomhrac an dá shruth, ach cinéal de dhruim árd
ar an uisce, déarfaidhe go rabh iomaire srotha ann.
Bád a mbéadh an sruth ghá coinneáil gan ghabhail chun tosaigh,
déarfaidhe nach rabh sí "ag briseadh an tsrotha." Tráth
bhéadh an sruth comh tréan sin, déarfaidhe go rabh "calcadh
srotha" ann.

Cuid V: An tUltach 17:7 (7/1940) lgh 3–4

Cainnteanna bíos ag lucht na gcladach:
An mhuinntir a bíos ina gcomhnaidhe de chomhair na fairrge,
chluinfeá cainnteanna aca nach bhfuil coitcheannta i
n-áiteacha eile. Tráth bíthear ag maoidheamh gur deacair
aire 'thabhairt do gach aon chinéal, deirtear gur "doiligh
muir 's tír a fhreastal." "Ní fhanann muir le fear
sotail," adéarfaidhe le duine, ionann's a rádh nach
bhfanóchadh an lán mara leis féin ná le neach ar bith eile
daonda, dá mhéad a chumhacht. Dá dtárladh duine san áit
a gcaithfeadh sé fanacht dá aindeóin — cionn's gan gléas
marcaigheachta nó bád a bheith aige, nó de thairbhe doininne,
nó cionn's nach bhfuair sé an lán mara ar fhreastal — is é
rud a bhéadh sé "le port." Is iomdha áit a béadh
aithghiorra do dhuine ghabhail trasna ar thráigh — dá mbéadh
an lán mara fada go leór amach; ach, dá mbéadh an lán
mara i bhfus, is é rud a chaithfeadh sé ghabhail timcheall.
Ach deirtear "nar imthigh tráigh agus timcheall ar aonduine
ariamh"; agus, ár ndóigh, is fíor sin ar an iomad dóigh.
"Dá mhéad an lán mara, tráighidh sé," deirtear sin tráth
bíthear ag maoidheamh go dtig cúl ar gach aon chinéal, dá
threise é. An té bhéadh ag leigean faillighe i n-obair
éigin a ba cheart dó a dhéanamh, déarfaidhe go rabh sé
"ag leigean a chuid maide le sruth." An áit a mbéadh
beirt ag obair i n-éinfheacht agus duine ag cur moille
ar an duine eile le mí-stuaim, déarfaidhe nach rabh ann
sin ach "duine ag iomradh agus duine ag cúlughadh."
Tráth bhéadh duine ag coraidheacht leis an tsaoghal (ag
iarraidh fiacha éigin a ghlanadh, cuir i gcás), agus gan dul
aige maith a dhéanamh, déarfaidhe go rabh sé "eadar dhá
uisce." (Bíonn bád "eadar dhá uisce" nuair a bíos a
béal faoi uachtar an uisce ach gan í 'bheith thíos ar grin-
neall.) An té bhéadh géar coimhéadach agus nar bh'fhuras
a bhualadh amach i gcinéal ar bith cluiche, ba doiligh "theacht
taobh an gaoithe air." D'aindeóin go mbíonn "a cuid fhéin
ag an fhairrge," deirtear "go mbíonn dúil le muir ach
ní bhíonn dúil le béal na h-uaighe," rud is ionann agus
a rádh nach dual do aonduine pilleadh ó'n uaigh, cibé seans
a bhéadh aige i n-áit ar bith eile.

Éanacha agus beithidhigh na fairrge, fosta, ghníthear
trácht ortha i samhailteacha, etc. An té bhéadh i suan trom,
bhéadh sé "ag codladh mar bhéadh rón ann." Duine a
mbéadh an anál ag teacht ina séideóga móra leis, bhéadh sé
"ag séideógacht mar bhéadh péist mhór ann." Posta, nó
nidh ar bith eile, mach mbéadh seilbh ró-chinnte ag duine air,
ní bhéadh sa tseilbh sin ach "greim ar ruball eascon."
Duine a bhéadh cinéal craosach ag ithe, níor bh'éadóigh
"gainneán" a thabhairt air. Deirtear go dtug an roithleach
iasacht a chuid snámha do'n fhaoileóig aon uair amháin agus
nach bhfuair sé arais ariamh é. Mar sin de, nuair a bíthear
ag cainnt ar iasacht nach bhfaghthar arais, ghníthear a chur i
gcosamhlacht le
"Iasacht an roithligh do'n fhaoileann:
Iasacht nach bpilleann a choidhche."

An Lá agus an Oidhche

Bíonn teacht an lae ann, ár ndóigh, nuair a bíos
an lá ag teacht agus an oidhche ag imtheacht. Tráth bíos
an lá ag toiseacht 'fhagháil treise, bíonn scaradh oidhce
a's lae
ann, agus is minic a bheirtear an scatharnach
(scarthanach?) ar an am chéadna sin. An té a mbéadh a
leabaidh fágtha aige comh luath sin, déarfaidhe go rabh sé
"ina shuidhe leis an scatharnaigh." Dá n-éirightheá comh luath
agus bhéadh chead ghealughadh an lae le sonnrughadh ar bhun
na spéire, d'fhéadfaidhe a rádh gur éirigh tú "comh luath
agus thainig ball bán ar an lá." Ó thoisigheas an gealughadh
sin a theacht go dtí go mbíonn an lá geal ann, bíonn an
lá ag bánughadh .i. bíonn bánughadh an lae ann. Ins
na sean-scéalta go h-áirithe, bíonn trácht ar "theacht
dheirge an dá néal," agus is féidir gur ionann é agus
comh luath agus bíos deargadh dhá néal fhéin ann de'n
dearglach a thig ar bhéalaibh éirghe na gréine. Cibé ar bith
is é an rud a thuigtear leis tús an lae sul a mbíonn an
ghrian ina suidhe. I gcionn uaire an chluig ó thig an lá,
bíonn "uair 'e lá" ann; agus, ár ndóigh, déarfaidhe "dhá
uair 'e lá" nó "trí h-uaire 'e lá," mar an gcéadna. Ó
éirigheas an ghrian, nó fá'n tuairim sin, go dtí an
meadhon lae, bíonn an mhaidin ann. An té bhéadh ag
maoidheamh go ndéanfadh sé rud i bhfíor-thús na
maidne, níor bh'éadóigh é dhá rádh go ndéanfadh sé ar
béal maidne
é. An leath deireannach, nó an trian
deireannach, de'n mhaidin, bíonn an t-eadarshudh ann.
Is é an rud a thuigtear leis an "eadarshudh" an seal ama
bíos an t-eallach amuigh ar maidin. (I bpáirt mhaith de
cheanntair na Gaedhilge, caithtear an t-eallach a bhuachaill-
eacht 'fhad agus bíos siad amuigh). Nuair a "thig as an
lá" .i. nuair a bíos an ghrian go h-árd ar an aer agus thig
teas an mheadhon lae, bíonn neart-lá ann. An té bhéadh
cinéal breóidhte nó anbhfann, agus nach bhfóirfeadh sé dó
bheith amuigh ró-luath ná ró-mhall sa lá, déarfaidhe,
b'fhéidir, nach ndéanfadh sé dochar ar bith dó bheith amuigh
ar neart-lá. Dá mbéithidhe ag cainnt ar rud éigin a
rinneadh nuair a d'fhéadfadh an saoghal mór a fheiceáil (ag
maoidheamh nach faoi scáth na h-oidhche a rinneadh é), is é an
rud adéarfaidhe go ndearnadh é "i lár an lae ghil."

Bíonn an tráthnóna ann comh luath agus bíos an meadhon
lae thart, agus is gnáthach árd-tráthnóna a thabhairt ar
a lár, nó fá'n tuairim sin. Tráthnóna beag a bheirtear
ar an chuid deireannach de'n tráthnóna. (Is ar an fhocal
"tráthnóna" fhéin a bíos béim an ghotha sa chás sin). Gan
mhoill i ndiaidh luighe na gréine bíonn tráthnóna beag
dubh
ann. Bíonn sé "ag cailleadh an tsolais," nó "ag
gabhail ó sholas" fá'n am sin, agus ní bhíonn ann ach clap-
sholas. Ag cainnt ar an am chéadna sin, is minic a deir-
tear "eadar dall a's dorchadas." Bíonn tuitim na
h-oidhche
ann i gceart an uair sin, agus is gearr ina
dhiaidh go mbíonn coim na h-oidhche .i. dorchadas na
h-oidhche, ann. Dá mbéadh duine ag maoidheamh go rabh
fíor-dhorchadas na h-oidhche ann, níor bh'éadóigh é dhá rádh
go rabh sé "ó dhubh-sholas" — sin nó go rabh an oidhche
dhubh dhorcha
ann. Duine bhéadh ag obair i rith an lae
uilig, déarfaidhe go rabh sé ag obair lies "ó dhubh go dubh"
'i' ó d'imthigh dorchadas na h-oidhche go dtainig sé arís
ag deireadh an lae.

Nuair a thig sé de chomhair an ama ar cheart do dhaoine
bheith ag gabhail fá shuan, bíonn bog-am-luighe ann.
Déarfaidhe go rabh am luighe dearg, nó am luighe
domhain
ann, nuair a bhéadh am luighe ceart ann, nó —
rud a ba dóichighe — nuair a bhéadh sé ní ba mhoille ná sin
fhéin. Is minic a bheirtear duibheagán na h-oidhche, nó
"am marbh na h-oidhche" ar an antráth mar sin. Nuair
nach mbíonn gealach ar an aer san oidhche, bíonn an rae
dorcha
ann. ("Ra dorcha" adeirtear). Is [ionann]
oidhche spéir-ghealaighe a bheirtear ar oidhche a mbíonn
neart réalta le feiceáil ach gan gealach ar bith ann. Oidhche
smúid-ghealaighe
, bíonn gealach ann, ach ní bhíonn sí ris.
Oidhche ghealaigh, bíonn solas maith go leór ag teacht
ó'n ghealaigh, agus bíonn solas sár-mhaith ann tráth deirtear
go bhfuil réabthlacha gealaighe ann. Deirtear oidhche
réab-ghealaighe
, fosta, nuair a bíthear ag cainnt ar a
leithéid sin de oidhche.

Nuair nach mbíonn an ghealach ach "úr," bíonn tús
gealaighe
ann; nuair a bíos a "leath" le feiceáil,
bíonn "ceathramhadh de'n ghealaigh ar an aer"; agus, nuair
a bíos sí mar liathróid chruinn, bíonn iomlán gealaighe
ann. Ó sin amach bíonn cúl ag teacht uirthí go dtí nach
mbíonn ann ach an cheathramhadh dheireannach (leath,
dar leat), agus ina dhiaidh sin ní bhíonn ann ach deireadh
gealaighe
. Dá n-éirigheadh duine san am nach mbéadh
solas na gréine ach ag toiseach 'fhagháil treise ar sholas na
gealaighe, d'fhéadfaidhe a rádh go rabh sé ina shuidhe "leis
an tóin-ghealaigh."

Roimhe seo bhíodh cuid mhaith eólais ag na daoine ar
ainmneacha na réalta, ach is mór a cailleadh a leithéid sin.
Is annamh anois a chluinfeá ainmneacha ar bith de'n chinéal
sin ach Bealach na Bó Finne, an tSeisreach, Slat
an Rí
, agus na Cearrbhaigh. An mhuinntir a bhí ann
roimhe soe, agus cuid dá bhfuil ann go fóill, d'aithneóchadh
siad an t-am de oidhche ar an tSeisrigh, nó ar na Cearr-
bhaigh; ach, ó thárla cloganna agus "uaireadóirí" ann, ní
mheastar feidhm a bheith ag duine leis an chinéal sin eólais.

Corr-uair bíonn solas eile i spéir na h-oidhche diom-
aoidhte de sholas na gealaighe nó na réalta. Is é sin an
t-aurora borealis, agus bheirtear na saighneáin air.
"An bhfaca tú na saighneáin aréir?" adéarfaidhe, lá ar
n-a bhárach i ndiaidh an solas sin a bheith le feiceáil.

Cuid VI: An tUltach 17:9 (9/1940) lgh 1,6

Ráithí na Bliadhna

"Mí d'ach ráithe samhlughadh," adeir ans ean-fhocal,
agus is dóiche gur ionann é agus a rádh go mbíonn an mhí
dheireannach de gach ráithe cosamhail leis an ráithe atá le
theacht go díreach ina dhiaidh, .i. go mbíonn dreach an
gheimhridh ar an mhí dheireannaigh de'n fhoghmhar, gur cosa-
mail leis an earrach an mhí dheireannach de'n gheimhreadh,
agus dá réir sin.

Earrach: Lá Fhéil' Brighde an chead lá de
earrach agus is iad seo trí mhí an earraigh: Mí na
bhFaoilleach
, Mí an Mhárta agus Mí an Aibreáin.
Is minic a bíos an aimsir fuar agus garbh go leór ins
Na Faoilligh (i Mí na bhFaoilleach): ach, má bhíonn fhéin,
síltear nach droch-thuar ar bith é sin ag na mídheanna atá
le theacht ina diaidh, nó deirtear gur "ionann a's creach i
dtír maidin chiúin ins na Faoilligh."

Samhradh: Lá Bealtaine an chead lá de
shamhradh. Mí na Bealtaine, Mí na Féil' Eóin (nó
an Mhí Mheadhoin) agus Mí na Súl Buidhe — is iad
sin trí mhí an tsamhraidh. Mí na Féil' Eóin an t-am is
faide a mbíonn an lá, agus is le n-a linn, de ghnáthach, a
thig an chuid is fearr de'n aimsir — an t-am a dtugtar
marbhán samhraidh air.

Foghmhar: Lá Lughnasa an chead lá de fhoghmhar,
agus is iad is mídheanna dó: Mí na Lughnasa,
Mheadhoin an Fhoghmhair
agus Mí Dheiridh an
Fhoghmhair
. Bíonn an lá ag éirghe goirid agus an oidhche
ag éirghe fada an t-am seo de bhliadhain, agus áirightear
gur le n-a linn is giorra bíos seal an chlap-sholais, nó
deirtear go "mbíonn tuitim an cheáirleamáin ar oidhche
fhoghmhair." Dálta mar bíos ins an earrach, bíonn an aimsir
taodach go maith ins an ráithe seo. Deirtear gur doiligh
calantóracht a dhéanamh ar oidhche fhoghmhair — rud is ionann
agus a rádh gur doiligh a aithne ar oidhche fhoghmhair caidé
an seórt lae a leanfas dí.

Geimhreadh: Lá Samhna an chead lá de gheimhreadh.
Mí na Samhna an chead mhí de, aguis ina dhiaidh sin thig
Mí na Nodlag agus Mí na Bliadhna Úire. I Mí
na Nodlag a bíos na laethe is giorra ins an bhliadhain.
Teacht na nodlag is beag fad a bíos ins an lá, agus
bheirtear gearradh dubh na Nodlag ar an am sin.
Tráth bíos an lá goirid mar sin agus an aimsir olc bíonn
dubhlaidheacht an gheimhridh ann.

Na Féilteacha

An 25adh lá de mhí dheiridh na bliadhna — coithrim an
lae a thainig an Slánuightheóir chun an tsaoghail — is é
sin Lá Nodlag, nó Lá Nodlag Mór, agus bheirtear
Oidhche Nodlag, nó Oidhche Nodlag Mór, ar an lá
roimh ré. Lá Nodlag Beag an chead lá de'n bhliadhain
úir, nó mar adeir a lán daoine anois, Lá na Bliadhna
Úire
. Oidhche Nodlag Beag a bheirtear ar an lá
roimh ré — an lá deireannach de'n tsean-bhliadhain. An
seiseadh lá de'n bhliadhain úir (an dómhadh lá déag i ndiaidh
na Nodlag), is é sin Athair (achar?) an Dá Lá Dhéag.
Lá Fhéil' Brighde an chead lá de Mhí na bhFaoilleach, agus
bíonn Lá Fhéil' Muire na gCoinneall ann lá ar n-a
bhárach ina dhiaidh sin. Lá Fhéil' Pádraig an 17adh lá
de Mhí an Mhárta, agus Lá Fhéil' Muire na Féil'
Pádraig
an 25adh lá de'n mhí chéadna.

I Mí an Aibreáin is minice bíos an Cháisc, ach corr-
bhliadhain tig sí i Mí an Mhárta. Bíonn an Cháisc luath nó
mall do réir mar bíos staid na gealaighe. Is é rud a
bíos an Cháisc ann an chead Domhnach a thig i ndiaidh iomlán
áirithe gealaighe, agus is é an t-iomlán gealaighe é sin an
chead cheann a bíos ann i ndiaidh an 21adh lá de Mhí an
Mhárta — an t-am ar b'ionann fad do'n lá agus do'n
oidhche. Bíonn an Corgas ann ar feadh shé seachtmhain
agus cheithre lá roimh an Cháisc. Bíonn an Inid ann go
díreach roimh an Chorgas. Ceadaoine na Luaithridh
an chead lá de'n Chorgas, agus Oidhche Inide an lá
roimhe sin. Domhnach na Slat an Domhnach roimh
Dhomhnach Cásca, agus, ins an tseachtmhain a thig eadar
Domhnach na Slat agus Domhnach Cásca, bíonn Ceadaoine
an Bhraith
, Diardaoin na gCumaoineach agus
Aoine an Chéasta.

Dhá fhichid lá i ndiaidh na Cásca bíonn Diardaoin
Deasghabhála
ann — coithrim an lae a chuaidh an
Slánuightheóir ar neamh i ndiaidh éirghe ó mharbh' dó. Deich
lá ina dhiaidh sin bíonn Domhnach Cingcise ann —
coithrim an lae a thoirn an Spiorad Naomh ar na h-Aspail.
Trí seachtmhainí i ndiaidh Diardaoin Deasghabhála bíonn
Diardaoin Cuirp Chríost ann. An 22adh lá de Mhí
na Bealtaine an Fhéil' Conaill. (Deirtear go bhfuil
trí ghaoth ann a bíos docharach ar an bharr — gaoth na Féil'
Conaill, gaoth na Féil' Eóin agus gaoth na Féil' Muire.)
Bíonn Lá Fhéil' Eóin ann an 24adh lá de Mhí Mheadhoin an
tSamhraidh; agus, an 29adh lá de'n mhí chéadna, bíonn
Fhéil' Peadair 's Póil
* ann. Bheirtear "Lá
Leabhóige" (Lá Fhéil' Daibheóige?) ar an 15adh lá de Mhí
na Súl Buidhe, agus, dálta St. Swithin's Day ag lucht an
Bhéarla, áirightear gur olc an comhartha é 'bheith fliuch, nó,
má bhíonn, gur dual sé seachtmhaine de bhoglach a theacht ina
dhiaidh. An 15adh lá de Mhí na Lughnasa Lá Fhéil' Muire
Mór
. Bíonn Lá Fhéil' na Naomh Uile ann an chead lá
de Mhí na Samhna, agus lá ar n-a bhárach ina dhiaidh sin
bíonn Lá Fhéil' na Marbh ann. Oidhche Fhéil' na
Marbh
an lá roimh ré, agus is minice i bhfad adeirtear
sin ná "Lá Fhéil' na Naomh Uile."

*Measann daoine áirithe nach mbíonn an tuiseal
geineamhnach de "Peadar" ná de "Pól" ins an ainm
seo. B'fhéidir go bhfuil sin amhlaidh i n-áiteacha, ach is
cinnte gur "Póil" agus nach "Pól" adeir mórán de
Ghaedhilgeóirí Thír Chonaill. Ar ndóigh, ní bhíonn an t-"r"
caol aca ins an fhocal "Peadair," ar siocair an t-"s"
a bheith ag teacht go díreach ina dhiaidh.

Cuid VII: An tUltach 17:10 (10/1940) lgh 4,5

Na Daoine Fhéin

Ó Óige go h-Aois: Nuair nach mbíonn leanbh ach
i ndiaidh theacht chun an tsaoghail bíonn sé ina
naoidheanán. Ar ócáid de'n chinéal sin, is iomdha
duine fhiafruigheas ciaca gasúrgirseach atá ann.
Bíonn gasúraí ina n"gasúraí" nó go mbidh siad anonn
ins na déaga de bhliadhanta; agus ní stadtar comh luath
sin fhéin de thabhairt "girseacha" ar an chinéal eile. I n-áit
"páistí" is minic a bheir muinntir Thír Chonaill tachráin
ar dhaoine óga go dtí go mbidh siad tuairim's dhá bhliadhain
déag d'aois. Tráth bíos gasúr cúig nó sé déag de
bhliadhanta, d'fhéadfaidhe a rádh gur bog-stócach, nó gur
bog-bhuachaill é, agus bíonn girseach ina bog-
chailín
fá'n aois chéadna. Ní mór nach ionann ciall atá le
"stócach" agus le "buachaill" i dTír Chonaill, agus is
ionann "cailín" agus "girseach" ach amháin nuair a bíthear
ag maoidheamh nach girseach bheag óg an té bíos faoi thrácht.
Cailín déanta, nó cailín sioctha a bheirtear ar a
leithéid sin, ionann's a rádh go bhfuil sí ag "bun a fáis" i
gceart. Dá bhfanadh a leithéid díomhaoin (gan phósadh) go
mbéadh sí meadhon-aosta, nó ní ba sine ná sin, is é rud a
bhéadh sí ina sean-chailín. Fear meadhon-aosta, d'fhéad-
faidhe a rádh gur bun-fhear é, agus d'fhéadfaidhe a rádh
mar an gcéadna gur bun-bhean bean mheadhon-aosta.
Fear a mbéadh an mheadhon-aois fágtha ina dhiaidh aige, bhéadh
sé ina sheanduine; agus bean a bhéadh fa'n tuairim
chéadna d'aois, ba sean-bhean í. Bheirtear cailleach,
fosta, ar a leithéid sin; ach ní shíltear gur ainm ró-
mheasamhail é.

I n-ionad "duine" de na gasúraí, nó de na buachaillí,
is minic adeir muinntir Thír Conaill "fear" de na
gasúraí, etc, agus deirtear "bean" de na girseacha, nó
de na cailíní mar an gcéadna. I n-áiteacha déarfaidhe
"fear aca sin" le cinéal ar bith atá firinnscneach, agus
"bean aca sin" le cinéal ar bith atá baininnscneach.

An Gaol: Teaghlach a bheirthidhe de ghnáth ar lucht
aon-tighe .i. an t-athair, an mháthair agus an chlann; ach is
minic anois a bheirtear "teaghlach" ar an chlainn fhéin. Tá
focla eile ann, muirighin; ach is é rud a chialluigheas
sé clann mheasardha líonmhar de pháistí óga. "Tá muirighin
mhór ar Phádraig" — is ionann sin agus a rádh go bhfuil
teaghlach líonmhar ag Pádraig agus iad comh h-óg agus go
bhfuil sé d'fhiachaibh air seiftiughadh dóbhtha uilig. "Triúr
cloinne," "ceathrar cloinne" etc., nó "triúr de theagh-
lach," "ceathrar de theaghlach" etc. adeirtear.

An té is athair do athair nó do mháthair cloinne, is é
athair mór na cloinne é; agus an té is máthair do'n
athair nó do'n mháthair, is í máthair mhór na cloinne í.
An té is athair mór do athair nó do mháthair cloinne, is é
gar-athair na cloinne é; agus an té is máthair mhór do
athair nó do mháthair cloinne, is í gar-mháthair na
cloinne í. Clann cloinne, is uaí do'n athair mhór agus
do'n mháthair mhór iad. Clann na n-ua, is fionn-uaí
iad, agus is dubh-uaí clann na bhfionn-ua. Dhá theaghlach
ar bith ar de'n aon-chloinn a n-aithreacha, is clann an
dá dhearbhráthair
iad; agus dhá theaghlach ar de'n
aon-chloinn a máithreacha, is clann an dá dheirbhshiúr
iad. Má's de'n aon-chloinn athair teaghlaigh amháin agus
máthair teaghlaigh eile, is clann na deirbhsheathar
agus an dearbhráthar
an dá theaghlach sin. Beirt a
mbéadh duine aca ina ua ag neach áirithe ar bith, agus an
duine eile aca ina ua ag dearbhráthair nó ag deirbhshiúr
do'n neach chéadna sin, is é rud a bhéarfaidhe an dá ua
ortha. A dhálta sin, bhéarfaidhe an dá fhionn-ua
ar bheirt a mbéadh duine aca ina fhionn-ua ag neach áirithe
ar bith agus an duine eile ina fhionn-ua ag dearbhráthair
nó ag deirbhshiúr do'n neach chéadna sin. Beirt a mbéadh
duine aca ina mhac nó ina inghin ag neach áirithe ar bith
agus an duine eile ina ua ag dearbhráthair nó ag deirbh-
shiúr do'n neach chéadna sin, bhéarfaidhe clann a's ua
ortha. Ar an dóigh chéadna chunntais, bíonn ua a's
fionn-ua
, agus fionn-ua a's dubh-ua ann.

Fear agus bean atá pósta ar a chéile, is
lánamhain iad. Bíonn an fear ina chliamhain ag
athair agus máthair na mná, agus bíonn an bhean ina bain-
chliamhain
ag athair agus máthair an fhir. Dá bhfagadh an
bhean bás agus dá bpósadh an fear ath-uair, bhéadh an dara
bean ina leas-mháthair ag cloinn na chead mhná. Mar
an gcéadna, an fear a phósfadh baintreabhach mná a rabh
clann aici leis an chead fhear, bhéadh sé ina leas-athair
ag an chloinn sin. Dá dtárladh clann ag an dara mnaoi,
bhéadh gasúr aca sin ina leas-dhearbhráthair ag an
chead chloinn agus bhéadh girseach ina leas-dheirbhshiúr;
agus ár ndóigh, b'ionann gaol a bhéadh ag an chead chloinn
leó-san.

An té adéarfadh go rabh gaol éigin aige le duine
eile, bhéadh sé "ag maoidheamh gaoil" ar an duine sin.
Daoine a mbíonn gaol aca dá chéile, bíonn siad
gaolmhar, nó muinnteardha. Daoine atá deas dá
chéile i ngaol, bíonn gaol fola eadortha, agus ní bhíonn
ach cnámh-ghaol eadar daoine muinnteardha is faide
amach ó chéile ná sin.

Sloinnidheacha: Sloinneadh ar bith ar leith a bhfuil
UaÓ ann, is gnáthach "muinntir" a rádh nuair a bíthear
ag cainnt ar an dream ar leó é. "Muinntir Fhrighill,"
"Muinntir Fhearadhaigh," "Muinntir Dhubhthaigh," etc. adeir-
tear. "De Mhuinntir Fhrighill mé," cuir i gcás, adéarfadh
duine de'n chineadh sin, dá n-abarthaidhe leis "Cé'r díobhtha
thú?" Ach tá ceithre shloinneadh a bhfuil "Ua" ionnta, agus
ní gnáthach le bunadh Thír Chonaill "muinntir" a chur i
n-úsáid leó, ar chor ar bith. Is iad sin Ua Domhnaill, Ua
Baoighill, Ua Gallchobhair, agus Ua Dochartaigh. Ní
abórthaidhe gur "de Mhuinntir Dhomhnaill" duine, ná gur
"de Mhuinntir Bhaoighill" é, ná "de Mhuinntir Ghallchobhair,"
ná "de Mhuinntir Dhochartaigh." Is é rud adéarfaidhe gur "'e
Dhálach,"* nó "'e Bhaoigheallach," nó "'e Ghallchobhaireach," nó
"'e Dhochartach" é. "Fear 'e Dhálach" nó "bean 'e Dhálach,"
is ionann sin agus fear, nó bean, de'n mhuinntir a
ngoirtear "Ua Domhnaill" díobhtha. Mar an gcéadna,
deirtear "fear, nó bean, 'e Bhaoigheallach, nó 'e Ghall-
chobhaireach, nó 'e Dhochartach." Déarfaidhe "an Dálach,"
nó "an Baoigheallach," nó "an Gallchobhaireach," nó an
Dochartach" le duine de na cinidheacha sin; ach ní gnáthach
"an" a chur i n-úsáid mar sin leis an sloinnidheacha eile
a bhfuil "Ua" ionnta. Cuir i gcás, déarfaidhe "Chonnaic
mé an Dálach indiú," nó "Chonnaic mé an Baoigheallach,"
etc., ach is é an rud adéarfaidhe "Chonnaic mé Mac Uí
Fhrighill," nó "Chonnaic mé Mac Uí Dhubhthaigh," etc.

*Athchuinge a d'iarr Colum Cille ar Rónán mac
Luighdheach, thug Rónán dó í, agus dubhairt Colum: "Ó do
leig thusa, a Rónáin, an dáil sin liom-sa, geinfidhear mac
ar do shliocht agus budh Dálach a ainm, agus is ar a shliocht
béid ríogha agus tighearnadha sleachta Chonaill Gulban go
bráth — "Beatha Cholum Cille," a scríobh Maghnus Ua
Domhnaill, 1532.

Sloinneadh an bith a bhfuil "Ua" ann, ní bhíonn
séimhiughadh ar an chonsoin tosaigh de i ndiaidh "Ua" sa
Tuiseal Ainmneach; agus má's guthaidhe atá i dtús
sloinnidh aca sin, bíonn "h" roimhe, e.g. "Tá Eoghan Ua
Domhnaill agus Eoghan Ua h-Árlaigh istigh." I dtaca leis
an Tuiseal Tabharthach de, is iad na fuirmeacha céadna sin
a bíos i n-úsáid ag bunadhas an aosa óig, e.g. "Thug mé
an leabhar do Eoghan Ua Domhnaill agus thug seisean do
Eoghan Ua h-Árlaigh í." Ach is é rud adéarfadh na sean-
daoine "Thug mé an leabhar do Eoghan Ua Dhomhnaill agus
thug seisean do Eoghan Ua Árlaigh í." Ins an Tuiseal
Gheineamhnach bíonn "Uí" i n-ionad "Ua," bíonn séimhiughadh
ar an chonsoin a thig go díreach i ndiaidh "Uí" agus ní bhíonn
"h" roimh ghuthaidhe. Is é rud adeirtear "leabhar Eoghain
Uí Dhomhnaill agus leabhar Eoghain Uí Árlaigh."

Le sloinnidheacha fear a bhaineas an méid seo thuas.
Tá riaghlacha dá gcuid fhéin ag siubhal le sloinnidheacha ban.
Sloinnidheacha a mbíonn "Ua" ionnta le h-ainmneacha fear,
bíonn "Ní" ionnta le h-ainmneacha ban, agus is ionann
fuirn dóbhtha san Ainmneach, sa Tabharthach agus sa Gheineamh-
nach, e.g., "Tá Brighid Ní Dhomhnaill agus Brighid Ní
Árlaigh istigh. Thug mé an leabhar do Bhrighid Ní Dhomhnaill
agus thug sise do Bhrighid Ní Árlaigh í. Ní h-í leabhar
Bhrighid Ní Dhomhnaill ná leabhar Bhrighid Ní Árlaigh í."

Ní "muinntir" ach "clann" is gnáthach a rádh nuair a
bíthear ag cainnt ar chineadh a bhfuil "Mac" nó "Mag" sa
tsloinneadh aca. Is é rud adeirtear "Clann 'ic
Grianna," "Clann 'ic a tSaoir," etc. Ach tá sloinneadh
amháin ann, ar scor ar bith, nach mbíonn "Mhic" ann nuair
a bíthear ag cainnt ar an chineadh. Chan "Clann 'ic Suibhne"
adeirtear ach "Clann tSuibhne."

Ní gnáthach "M" an "Mac" nó an "Mag" a bheith le
cluinstin ins na sloinnidheacha seo, ach bíonn séimhiughadh
na sean-daoine ar chonsoin tosaigh na codach eile díobhtha
sa Tuiseal Tabharthach, e.g., "Fuair sé leitir ó Shéamus 'ac
Mhonagail" adéarfaidhe i n-ionad "ó Shéamus 'ac Monagail."
I dtaca leis an Tuiseal Gheineamhnach de, má's consoin
in-séimhighthe a thig i ndiaidh an "'ic" nó an "'ig,"
cuiridh gach aonduine séimhiughadh uirthi.

"Nic" nó "Nig" a bíos ins na sloinnidheacha seo
thuas nuair a chuirtear le h-ainmneacha ban iad, agus
bíonn séimhiughadh ina ndiaidh sin in gach aon tuiseal.

Le cois an dá chinéal seo thuas, tá seórt eile ann —
sloinnidheacha a mbíonn cinéal de réimh-mhír ina dtús agus
gan air ach béim éadtrom gotha. "Duibheanaigh" ceann aca
sin. Leis an dara siolla a chuirtear teann an ghotha. Ní
bhíonn an chead siolla ach lag, agus ní chuirtear séimhiughadh
i n-am ar bith ar an chonsoin tosaigh.

Cuid VIII: An tUltach 18:2 (2/1941) lgh 5,8

Cinéalacha Daoine: Déanamh agus Dreach

Mór: Le linn duine bheith ag fás aníos is minice
labhairtear ar a mhéid nó ar a mhiondacht. Leanbh a bhéadh
ag éirghe mór go gasta, déarfaidhe go rabh sé "ag fás
mar bhéadh éan gé ann." "Nach é tá ag éirghe mór!
Dheamhan i bhfad go mbidh sé ion-chuidighthe agat," adéar-
faidhe le h-athair nó le máthair tachráin a bhéadh ag fás go
maith. Stócach a bhéadh ag éirghe an-mhór, déarfaidhe go
rabh "méid mhillteanach ag éirghe ann." is minic a bheir-
tear siolpach ar ghasúr mhór, rúpach ar ghirsigh mhóir,
cuigealach ar stócach mhór, agus scafaire ar bhuachaill
mhór i mbun a fháis. Deirtear cránaidhe (nó pílidhe)
fir, agus cránaidhe (nó pílidhe) mná, mar an gcéadna.

Beag: Leanbh a bhéadh an-bheag, déarfaidhe (ach chan
le n-a mhuinntir fhéin) nach rabh "oiread do dhuirn ann."
D'fhéadfaidhe a rádh, mar an gcéadna, nach rabh ann ach
"créatúr beag iongantach mionda." Gasúr nach mbéadh
ag teacht chun tosaigh mar ba cheart, déarfaidhe nach rabh
ann ach fágálach beag. Is iomdha ainm a chuirtear i
n-úsáid nuair a bíthear ag cainnt ar dhaoine beaga —
bíodh siad óg nó ná bíodh. Deirtear nach bhfuil i nduine
mar sin ach crocairt bheag, nó cleitire beag éad-
trom, nó draoidín, nó a leithéid. "Ní'l toirt ar bith
ag fanacht ann," adéarfaidhe le duine a bhéadh ag éirghe
beag de thairbhe aoise, nó díth sláinte. Nuair a bhéithidhe
ag cainnt ar dhuine a dtainig meath mar sin air, ba dóiche
thú dhá chluinstin go rabh sé "ag crupadh," nó gur "mhór a
chaill sé a thoirt," nó nach rabh" toirt ar bith ag fanacht
ann."

Reamhar: Duine a bhfuil cuid mhor feóla air, deir-
tear go bhfuil sé "comh reamhar le broc," nó "comh
reamhar le ministeir." Má théid duine go mór chun
raimhe, deirtear go bhfuil sé "ag spréidheadh ar an
tsaoghal," nó gur "mór atá sé ag tuitim chun feóla."
Duine a bhéadh an-reamhar fá thoiseach a chuirp, déarfaidhe
go rabh maróg air. Deirtear, fosta, "Tá sé ag
tógáil maróige," nó "Tá sé ag tuitim chun maróige." Is
gnáthach meilleóga 'bheith ar dhuine a mbíonn an raimhe
le sonnrughadh go mór faoi'n smigead air. Bróinteóir,
praoslaidhe, praota, prócadóir — tá siad sin
ar an h-ainmneacha a bheirtear ar dhaoine a mbíonn níos
mó ná an chomhthrom de gheir ortha. Corr-dhuine de'n
chinéal reamhar, ní maith leis an chomhursa 'bheith ag cainnt
ar a mharóig, nó ar a chuid meilleóg, agus mar gheall ar
gan a chur chun feirge, labhairtear i ndóigh eile fá'n chúis.
Deirtear go bhfuil "séala a chodach air," agus gur maith
do dhuine "cuid a chaithte 'bheith ann."

Tana: Is gnáthach duine tana 'bheith snuighte, nó
tarraingthe, san aghaidh. Duine atá an-tana ar fad,
"ní'l scil na bhfiach air"; "ní'l ann ach feairsde";
"tá sé comh caol le snáthaid gan chró."

Fada: D'fhéadfadh fad maith a bheith i nduine agus
gan é 'bheith ar dhóigh ar bith sonnruigheach dá thairbhe sin, dá
mbéadh leathad measardha ann, agus gan é an-chaol. Ach
ní go ró-mhaith a chuireas an fad mór agus an ró-chaoile le
chéile. Is minic a bheirtear cuaille ar dhuine de'n
chinéal sin. Agus gidh nach de'n mheasamhlacht é, bheirtear
ainmneacha eile ar a mhacasamhail — "slat iascaireacht',"
nó "corr mhónadh," nó "creatalach," nó rud éigin de'n
chinéal sin.

Goirid: Dálta mar bios an fad agus an chaoile,
bíonn an ghiortacht agus an leithead, nó an raimhe, cinéal
sonnruigheach. Duine giortach a mbéadh leithead maith
ann. bhéarfaidhe blocadán air, nó giordán. Bíonn
a leithéidí sin "suidhte, íseal." Is gnáthach déanamh
daingean a bheith ortha, agus mar sin de, deirtear go
bhfuil siad deinnte. Is minic a bheirtear sumachán
ar dhuine íseal atá feólmhar go maith. D'fhéadfaidhe a rádh
nach rabh ann ach "feólamán beag." Deirtear sacadán,
fosta, le n-a leithéid.

Gnaoidheamhail: Sa chainnt choitcheannta is annamh
a ghníthear mórán ar bith trácht ar ghnaoi. Ní minic a
labhaireas na fir ar dhóigheamhlacht a chéile, agus ní thig a
rádh go bhfuil sin ina ghnás mhór ag na mná ach oiread. I
dtaca le buachaill a bheith ag moladh cailín áirithe, nó cailín
a bheith ag moladh buachalla, de thairbhe gnaoi breaghthachta, agus
ceachtar aca 'bheith ghá dhéanamh sin i lúb chuideachta — bhail,
bheithidhe ag gáiridhe. Mar sin de, fágtar a leithéid de
mholadh ag na filí, agus ní chuirtear iongantas ar bith ann
sa chás sin. Ach ní ádhbhar gnáth-chómhráidh é. Buachaill
a bhféadfaidhe sonnrughadh a chur ann de thairbhe deagh-
chosamhlachta, déarfaidhe gur "stócach glan dóigheamhail"
é. Cailín a ba deise dreach agus déanamh ná an coit-
cheann, d'fhéadfaidhe a rádh gur "ghirseach dhóigheamhail
chaoin-dhéanta" í. B'fhéidir go n-abóraidhe go rabh "ceann
galánta gruaige" uirthi — nó go rabh súile deasa aici –
nó gur "ghlan, solasta" a croiceann. Óigbhean nach
mbéadh comh feiceálach sin amach, déarfaidhe go rabh
"nádúracht de ghnaoi na ndaoine uirthi," nó go rabh sí
"ion-súl," ach ní chuirfidhe an seanchas mórán ní b'fhaide
ná sin.

Gránda: Ní bhíthear comh seachantach fá labhairt ar
an ghráin agus bíthear i gcás gnaoi de, agus fágaidh sin
ann measardhacht focal agus cainnteann a mbaintear úsáid
asta minic go leór fá choinne na h-ócáide. Bheirtear
grágán ar cheann trom de gharbh-ghruaig, agus goirtear
grágánach de dhuine a mbíonn a leithéid de fholt air. Is
gnáthach an cinéal sin gruaige 'bheith diasach .i. 'bheith gan
luighe i gceann a chéile go comhthrom, ach 'bheith ina seasamh
mar bhéadh diasa coirce ann. Tráth thig breacadh maith de'n
léithe sa ghruaig ag duine, bíonn sé riach (riabhach). An
té a n-imtheóchadh an ghruag de mhullach a chinn, déarfaidhe
go rabh blagad air, agus ní h-annamh a bhéarfaidhe
blagadán air fhéin. Súile a bhéadh mór go maith agus
cuma ortha bheith ag síor-stánadh, bhéadh siad bléascach.
Bhéarfaidhe plucstaidhe ar dhuine a mbéadh pluca boga
troma air. Duine gráifleach (gairbh-bhéalach) an té nach
mbéadh ró-chuimir fá'n bhéal. An té a mbéadh cár mór
(fiacla móra) aige agus iad ris ar fad, níor bh'éadóigh
cáraidhe a thabhairt air, agus bhéarfaidhe liobrachán ar
dhuine a mbéadh a liobra cinéal trom-dhéanta. Bheirtear
caibín ar smigead ghéar, agus is minic a ghoirtear
cabaidhe de'n té a bhfuil a leithéid air. An té a mbéadh
dreach garbh ar chneas na h-aghaidhe air, nó a mbéadh
goiríní dearga nó a leithéidí air, bhéadh sé brocach; agus
an té a mbéadh ballscóidí buidhe nó baill bhuidhe san aghaidh
air, bhéadh sé meirgeach.

Cinéalacha Daoine: Croidhe agus Intinn

Deagh-nádúrtha: Duine a bhfuil deagh-nádúir
aige, bíonn sé cinéalta, caoidheamhail .i. ba mhaith
leis go maith thú, agus bíonn dóigh dheas mhúinte leis. "Is
furas treabhadh" le n-a leithéid .i. b'fhearr leis aontughadh
leat ná bheith ag cur in d'éadan gan fáth. D'fhéadfaidhe a
rádh fá dhuine mar sin go rabh sé muiglidhe, maránta
nó go rabh sé sochmaidhe, soineannta. Ní bhíonn fonn
ar dhaoine de'n chinéal sin dochar ná olc a dhéanamh do
aonduine, agus ar an tséala sin, deirtear go bhfuil siad
"gan choir," agus "nach bhfuil urchóid ar bith ionnta." Is
gnáthach leó 'bheith aoibheamhail, pléisiúrtha, .i. gan
dreach géar ná gruamdha 'bheith ortha.

Droch-nádúrtha: Duine a bhfuil droch-nádúir
aige, ní bhíonn mórán cinéaltais ann, ná caoidheamhlacht.
Bíonn a leithéidí droch-chroidheach .i. b'fhearr leó go
h-olc ná go maith thú. Is minic a bíos siad niogóideach
.i. tugtha do bheith ag cur i n-éadan daoine eile gan fáth.
Bíonn siad searbh, agus bíonn cuid aca danardha, nó
turcánta .i. gan buige ar bith croidhe. Ní iarrfadh cuid
aca de phléisiúr ach an chomhursa 'fheiceáil ag bruighin agus
ag troid. "Droch-earradh" go fíor a leithéidí sin.

Cuid IX: An tUltach 18:3 (3/1941) lgh 5–6

Dáimheamhail: Is ionann duine 'bheith dáimheamhail
agus é 'bheith measamhail ar a bhunadh fhéin. An té bíos go
maith dá mhuinntir fhéin agus a mbíon lúthgháir ar leith air
rompa, bíonn "dáimh mhór aige leó." Is beag nach
ionann "dáimheamhail" agus dlisteanach. An té bhéadh
"dlisteanach" dá cháirde, sheasóchadh sé ceart dóbhtha,
agus ní thréigfeadh sé iad.

Gan dáimh: Is ionann, ar ndóigh, duine 'bheith "gan
dáimh" agus é 'bheith gan grádh ar bith ar leith ar a bhunadh
fhéin. Bíonn sé "fuar ionnta." Deirtear gur beag
seanadh atá ina leithéid sin de dhuine. An té bhéadh i
bhfad gan cuairt a thabhairt ar a mhuinntir fhéin, nó gan
scéala ar bith a chur chuca, ba dóiche iad dá rádh "gur
imthigh sé as maoidheamh" .i. go rabh comh beag de chaidreamh
aige léo agus nar bh'fhiú bheith ag maoidheamh gaoil air.

Fial: Duine fial a mbéadh deagh-rud ar bith le roinn
aige, "Ní bhéadh sé olc fá dtaobh de." "Ní bhíonn aon rud[?]
greamuighthe" dá leithéid .i. níor dhoiligh leis rud a thabhairt
uaidh. "Ní rachadh sé fá n-a chroidhe" dá leithéid
pronntanas, ná iasacht, ná a leithéid a thabhairt duit.
Bhéarfadh sé duit é "fá chroidhe mhór mhaith." Duine bhéadh
iongntach fuascailte mar sin, déarfaidhe "go dtabhair-
feadh sé an léine de n-a dhruim duit."

Sanntach: Ghoillfeadh sé ar dhuine shanntach rud
maith ar bith 'fheiceáil ag duine eile i n-áit a bheith aige fhéin.
Ba doiligh le n-a leithéid-sean scaradh le rud ar bith .i.
"ní leigfeadh an tsainnt dó" a thabhairt uaidh. Bíthear
ag maoidheamh nahc bhfuil an chéir saor ó'n tsainnt; ach,
mar sin fhéin, deirtear go mbíonn "sainnt seacht sagart
i bhfear gan chloinn." Ní'l mórán duifir eadar "sanntach"
agus léirsteanach. An té bhéadh léirsteanach, níor
mhaith leis cearc fhéin de chuid na comhursan 'bheith ag
siubhal ar a chuid talaimh — agus ní dóiche go rachadh ag
circ, nó ag beathach ar bith eile, a leithéid a dhéanamh gan
'fhios dó.

Garach: Dhéanfadh duine garach seal oibre duit, nó
bhéarfadh sé iasacht duit. Dhéanfadh sé gar ar bith duit a
mbéitheá ina fhéidhm.

Mí-gharach: An té bhéadh iongantach mí-gharach, ní
bhéadh ciall ar bith do gharaidheacht aige. Bhéadh sé
dubhlaidhe. Déarfaidhe gur mhairg do'n té "a dtiocfadh
a ghar ar" a leithéid sin de dhuine .i. gur mhairg do'n té a
chaithfeadh iarraidh ar a leithéid gar a dhéanmah dó.

Fírinneach: Deirtear "béal nach bréagach" corr-
uair leis a té a mbíonn meas na fírinneachta tugtha dó.
Cuir i gcás: "chuala mé an scéal sin ag Pádraig Mór —
béal nach bréagach."

Bréagach: Duine bhéadh gortha as a chuid bréag,
déarfaidhe go rabh sé "comh bréagach le Graibín," agus
chuirfidhe leis, corr-uair, go rabh "Graibín comh bréagach
leis an diabhal." Ní gnáthach le duine de'n chinéal sin
"fanacht i muinghin na fírinne." Tráth chluintear scéal
do-chreidte ag a leithéid sin de dhuine, deirtear gur
"fada go mbeiridh sin ar an chead cheann (ar an chead
bhréig) a d'innis sé."

Ionnraice: An té nach n-imeóradh cleas cam ar
bith dá laghad, "tá sé comh h-ionnraice leis an ghréin,"
nó "leis an ghealaigh." "D'fhéadfá do sholáthar saoghalta
a thaobhadh le" n-a mhacasamhail.

Mí-ionnraice: Duine mí-ionnraice, b'fhuras leis
rógaireacht a dhéanamh ar an chomhursain. De'n mhí-
ionnracas an ghadaidheacht, ar ndóigh, agus an té a
bhfuigheadh an claon sin greim mór air, "ghoidfeadh sé an
chros ó'n asal" nó "an uibh ó'n chorr."

Uchtamhail: Is ionann bheith uchtamhail agus bheith
neamh-eaglach. Duine atá sár-uchtamhail, "ní'l eagla le
cur air." Déarfaidhe, fosta, "ní'l ciall ar bith d'eagla
aige." Duine mar sin, "d'ionnsóchadh sé a oiread fhéin
de dhiabhal," óir "ní'l a'n bhall claoidhte istigh ina chorp."
Bíonn sracadh, nó spiorad, as miosúr i nduine de'n
chinéal sin.

Eaglach: Duine ar bith atá an-eaglach, "ní'l uchtach
ar bith aige. Ní'l ann ach claitseach, nó claoidh-
teachán
, agus ní h-annamh bheirtear "giolla an chreatha"
ar a leithéid.

Géar-chúiseach: Is ionann bheith géar-chúiseach agus
bheith glic, nó gasta, san intinn. An té bhéadh géar-
chúiseach thar an choitcheann, "léighfeadh sé an smaoineadh
is uaignighe in do chroidhe." "Ní bhíonn a dhath ceilte ar"
a leithéid .i. ní bhíonn rud ar bith gan 'fhios dó.

Bódhmánta: Is beag géar-chúis a bíos i nduine
bódhmánta. "Ní'l tabhairt-fá-dear ar bith ann." Bhéar-
faidhe bódhmán ar a leithéid, nó dobhrán, nó
cloigneach.

Beacht: Bíonn gach aon fhocal ina áit fhéin ag duine
beacht. Chuirfeadh sé scéal i n-alt a chéile mar ba cheart,
agus d'fhuígfeadh sé gan innse an rud nach mbéadh gnoithe
leis.

Neamh-beacht: Duine neamh-beacht, bíonn sé
achrannach ina chuid cainnte. Is minic a bíos a leithéid
"ag sámsáil leis gan fuitín." Déarfaidhe le duine mar
sin "nach rabh a scéal fhéin ná scéal duine eile aige," sin
nó "nach rabh aige ach scéal gan dath agus a leath gan
innse.

Díthcheallach: Déarfaidhe le duine an-díthcheallach
"nach rabh a'n bhall fallsa ina chorp." Bíonn duine mar
sin dlúsamhail .i. leanann sé go buan dá chuid oibre.
Rábálaidhe mór a leithéid sin de dhuine.

Fallsa: Ní bhíonn dúil ar bith i n-obair ag duine
fallsa. An té a mbéadh an nádúir sin go tréan ann,
déarfaidhe go rabh sé "comh fallsa leis an mhadadh," sin
nó go rabh sé "ag tuitim as a chéile le tréan fallsachta."
A mhacasamhail sin de dhuine, "ní iarrfadh sé a'n turn
a dhéanamh choidhche."

Deagh-lámhach: Is beag seórt oibre nach dtig le
duine deagh-lámhach a dhéanamh go maith. "Ní thig dhath ar
bith ain-chleachttha air."

Ciotach: Go mí-stuamdha a théid duine ciotach i
gcionn oibre, agus is annamh ghní sé obair ar bith mar ba
cheart. Bíonn a leithéid "fá ordógaí uilig." Bhéarfaidhe
ciotachán air, sin nó miollda maide.

Céillidhe: Bíonn an duine céillidhe fad-cheannach
.i. "dearcann sé roimhe" i n-áit "léim a thabhairt sa
dorchadas."

Gan chéill: Duine ar bith atá ar fhír-bheagán céille
nó stuaime, "ní'l splaid aige." Deirtear, corr-uair,
go bhfuil "easbhaidh" ar a leithéid, agus "nach cóir dhath
ar bith aithbhirt air."

Neamh-bródamhail: "Ní'l bród ná beadaidheacht
i" nduine neamh-bródamhail. Deirtear, fosta, le n-a
leithéid "nach bhfuil amaidighe ar bith ag cur as dó."

Bródamhail: Duine a mbíonn cuid mhór bróid ann,
bíonn sé "comh bródamhail le péacóig."

Láidir: Bíonn urradh mór i nduine láidir. Bíonn
sé iongantach urradhanta. Déarfaidhe go rabh sé "comh
láidir le beathach capaill."

Lag: Duine ar bith atá ar fhír-bheagán urraidh, "ní'l
brigh cait ann." Ní'l ann ach márla.

Folláin: Duine bhí folláin i rith a shaoghail, "ní
tháinig lá tinnis ariamh air." "Níor mothuigheadh ag
éileamh ariamh é." Deirtear a leithéidí sin 'bheith "comh
folláin le fiadh," nó "le madadh uisce," nó "le breac,"
etc.

Mí-fholláin: Bíonn duine mí-fholláin "ag éileamh
ar fad" .i. ní bhíonn sé go maith i n-am ar bith. Mura
mbíonn tinneas trom fhéin air, bíonn sé mion-
bhreóidhte
, nó coin-bhreóidhte.

Cuid X: An tUltach 18:4 (4/1941) lch 4

Sláinte agus Easláinte

Sláinte mhaith: Glóir do Dhia, is coitcheannta i
bhfad an deagh-shláinte ná a h-easbhaidh; agus, mar sin de,
is dí is lugha ghníthear iongantas. Tráth bíos duine gan
fáth éilimh de thairbhe easláinte, bíonn sé "go maith" nó
"go bhreagh"; agus amach ó n-a leithéid sin a rádh ní abrann
sé fhéin ná a chomhursa mórán ar bith eile fá dtaobh de na
gnoithe.

Biseach sláinte: Nuair éirigheas sláinte níos fearr
ag duine i ndiaidh é bheith cinéal beag lag-bhrigheach, bíonn
sé "ag bisiughadh." "Is mór a bhisigh tú le tamall," adéar-
faidhe leis an té a bhéadh ní b'fhearr i gcosamhlacht ná bhí sé
tamall roimh ré. Duine mar sin, déarfaidhe fosta gur
"mhór a bhisigh sé ina ghné," rud is ionann agus a rádh go
dtainig cuma ní b'fholláine air ná bhíodh air.

I dtaca le fír-thinneas, is iomdha cinéal de a h-aith-
nighthear an t-am a dtig an "tionntódh" ann .i. an t-am
adtoisigheann urchóid an tinnis a laghadughadh. Faothamh
a bheirtear ar an "tionntódh" sin, agus is é rud adeir-
tear go bhfuil an duine tinn "ag fagháil faomhtha," nó "ag
fagháil faomhtha san aicíd." Nuair a bíos an faothamh
fáighte aige, bíonn sé "ar aghaidh bisigh"; agus nuair a bíos
sé tamall beag ag coinneáil leis an bhisigh, bíonn sé "ar
aghaidh mhaith bisigh." Mura ndéantar é 'aith-leagadh (mura
mbainidh rud éigin dó a theilgfeas sa tionneas go h-úr
nuaidh é) béidh sé "ag teacht chuige fhéin"; agus tráth bhéas
biseach iomlán fáighte aige agus é comh maith agus bhí sé
ariamh, béidh sé "ar a shean-léim."

Breóidhteacht agus bás: Ní h-ionann ar fad
"tinneas" agus "breóidhteacht." D'fhéadfadh tinneas bheith
tíoránta go leór agus contabhairteach go leór; ach ní
h-ionann de ghnáthach tinneas agus díth sláinte a mhaireas ar
feadh dáta fhada d'am. "Breóidhteacht" a bheirtear ar a
leithéid sin. Nuair nach mbíonn duine go laith, bíonn sé
"ag éileamh"; agus, an té a mbíonn éileamh beag éigin
ar fad air, deirtear go bhfuil sé "coin-bhreóidhte" (nó
"mion-bhreóidhte"). Nó, comh dóiche le n-a athrach, déar-
faidhe go rabh sé "ag coinneáil cróilighte ar fad." "Is
furas cur ar" a leithéid de dhuine .i. ba siocair tinnis
aige an rud nach ngoillfeadh, ar chor ar bith, ar dhuine fholl-
áin. Easláinte a thiocfadh ar dhuine agus a ghreamóchadh i
bhfad dó, déarfaidhe go ndeachaidh sí "i bhfeadánacht ann."
Corr-uair, bheirtear leannán ar a leithéid sin
d'easláinte. Bhean de mhuinntir Ua Méith a díbreadh as an
teach a bhí aici agus a chuiadh chun breóidhteachta le linn an
anróigh, dubhairt sí: "Mo mhallacht go deó ort, a Eóin
Uí Lorcáin seo thíos! Chuir tú mise as an toigh mhór go
bhfuair mé an leannán faraor!" Ní h-annamh a tharraing-
eas galar amháin galar eile. Slaghdán trom, cuir i gcás,
d'fhéadfadh sé bheith ina shiocair le créachta (nó "coinsin-
sium") a theacht ar dhuine; agus is é an rud adéarfaidhe
fá'n duine sin go ndeachaidh tinneas an tslaghdáin "chun
créachta dó." An té a mbéadh éileamh de'n chinéal sin air,
d'éireóchadh sé tana, lag-bhrigheach .i. bhéadh sé ag meath.
"Is mór a mheath sé le tamall," adéarfaidhe fá dhuine a
dtiocfadh a leithéid sin d'athrughadh air. Agus dá mbéadh
sé comh h-olc ina ghné agus nar dhóiche biseach a theacht air,
bhéithidhe ag rádh go rabh "an bás ar iomchur leis" — nó, rud
a ba mheas ná sin, go rabh "an bás ag snámh ar an chroic-
eann aige." Tráth thiocfadh athrughadh [...] go dtainig caochlódh
air; ach is minice chialluigheas sin droch-athrughadh ná chiall-
uigheas sé deagh-athrughadh. "Thainig caochlódh ar an duine
bhocht aréir, agus tá sé 'chomhair a bheith ag barr" — is ionann
sin agus gur goirid uaidh an bás. Deirtear, fosta, "Tá
an bás aige," nó "Tá sé i gcrothaí báis." An té mheastar
bheith sa staid sin, bíthear "ag feitheamh air," .i. ghá shíor-
choimhéad, ar eagla go bhfuigheadh sé bás agus gan aonduine
dhá chomhair. Le tréan pianach, is gnáthach saothar a theacht
ar dhuine agus é ar bhéalaibh báis; agus, mar sin de,
deirtear go bhfuil sé "ag saothrughadh an bháis." Ins na
moimeintí deireannacha, bíonn sé "ar a chunntas"; agus,
tráth bíos suaimhneas an éaga ag teacht air, bíonn sé "ag
síothlódh."

Galraí agus Aicídeacha

Sa Ghaedhilg atá anois ann, bheirtear "aicíd" ar
easláintí nach dtugtaidhe an t-ainm sin ortha roimhe seo.
B'ionann "aicíd" agus tinneas tógálach, ach bheirtear
"aicíd" anois ar chinéalacha tinnis nach bhfuil tógálach ar
chor ar bith. Mar sin féin, níl iomlán dearmaid déanta
de shean-bhrigh an fhocail go fóill; nó chluinfeá é dhá rádh
fá chinéalacha áirithe tinnis go "dtéid siad ina n-aicíd-
eacha" — rud is ionann agus a rádh gur galraí tógálacha iad.

Mór-ghalraí:— (1) Aicíd na scamhán: de ghnáth,
ní galar tógálach é seo, d'aindeóin go gtugtar "aicíd"
air. Níor bh'éadóigh a theacht ar dhuine nach dtabhairfeadh
aire dó fhéin nuair a bhéadh slaghdán air. Dá dtigeadh,
chaithfeadh sé luighe síos; agus, go dtí go gcuireadh sé
thairis an faothamh, bhéadh sé i gcontabhairt báis. Ghní an
galar seo na scamháin a bhreódhadh comh mór agus go gcuir-
eann sé masla throm ar an othar a anál a tharraingt. I
gcionn naoi lá, nó fá'n tuairim sin, a thig an faothamh. (2)
Aillse: D'fhéadfadh aillse theacht ar pháirt ar bith de'n
cholainn, taobh amuigh nó taobh istigh. Is é an rud a chreim-
eas sí, nó itheas sí, léithe cibé ball ina mbíonn sí. (3)
Buidheacháin: An té a dtiocfadh an galar seo air, thioc-
fadh dath iongantach buidhe ar an chroiceann agus ar gheal-
acán na súl fhéin aige. Ba bheag toil a bhéadh aige do
bhiadh; agus bhéadh droch-bhlas, dar leis, ar gach aon chinéal.
Is fadálach a bíthear ghá léigheas, agus is iomdha duine a
dtug sé a bhás. Is minic a bíos samhnas ina shiocair aige.
(4) Créachta: An cinéal is coitcheannta de, is ar na
scamháin a thig sé. Is é an rud a leaghas na scamháin do
réir a chéile, agus meathann an t-othar leis chun éaga.
Galar tógálach é, ach bíonn sé i gcuid de na daoine ó
nádúir. (5) Fiabhras: Cinéal ar bith fiabhrais dá bhfuil
ann, ghní sé an fhuil a théathadh go mí-nádúrdha agus cuiridh
sé an t-othar a rámhailligh. Is mór a laguigheas fiabhras an
coimpleasc, agus ní h-annamh ina shiocair báis é. An
fiabhras breac agus an fiabhras dearg an dá
chinéal is coitcheannta sa tír seo. Biadh nó deoch a mbéadh
stuf lobhtha ionnta, chuirfeadh siad an fiabhras breac ar
dhuine. Ar dhaoine óga is mó thig an fiabhras dearg, agus
bheirtear an t-ainm sin air cionn's go dtig bruth dearg
amach ar an chroiceann le n-a linn. Tá an dá chinéal
tógálach. (6) Iarpais, nó diorópaise: Le linn an
ghalair seo cruinnighidh lucht uisce sa cholainn; agus mura
dtugtar sin ar shiubhal, nó mura dtnaoidhidh sé uaidh fhéin,
bhéarfaidh sé bás an othair. (7) Pian chnámh: Galar an-
phianamhail é seo. Fá ailt na gcnámh (na glúine, na
guailneacha, na h-uilleannacha, etc.) is mó luigheas sé.
(8) Plúchadh: I bpíobáin na h-anála a bíos an galar seo.
Ghní sé oiread de thachtadh ortha sin agus go mbíonn cinéal
de shrann le gach aon anál dá dtarraingeann duine a
mbíonn sé air. Ní galar tógálach é, agus is annamh bheir
sé bás duine — ach "leannán" go fíor é. (9) Sceith
aingcis
: Seo cnap angamhail a chruinnigheas thiar fá'n
teangaidh bhig agus a bhriseas i gcionn dáta bhig ama. Ní
galar an-chontabhairteach é, mura dtaradh sé de thaisme ar
dhuine an droch-shileadh a shlugadh. (10) Seile seadháin:
Tá an galar seo tógálach agus contabhairteach. Bíthear i
bhfiabhras le n-a linn, agus bíonn an sceadamán dhá
thachtadh ag cairt righin a thig air. (11) Tinneas bean-
nuighthe
: Ba ghnáthach "beannacht le h-anam Póil," a
rádh nuair a labhartidhe ar an tinneas seo, nó deirtear go
dtigeadh sé ar Naomh Pól. Cinéal de thaom atá ann; ach
ní taom táimhe é. Tig oibriughadh aisteach ar na feitheóga le
n-a linn, agus cubhar leis an bhéal. (12) Ulpóg: "An
ulpóg mhór" a bheireadh na daoine ar an "fliú" a bhí
leitheadach i mbliadhain a 1918. Is é rud is "ulpóg" ann
droch-shlaghdán agus é tógálach.

Cuid XI: An tUltach 18:5 (5/1941) lch 3

Galraí páistí:— (1) Bruicíneach: Aicíd an
bhruicíneach. Cinéal de fhiabhras atá innti, agus thig bruth
dearg amach ar an chroiceann le n-a linn. Ní'l sí ró-
chontabhairteach; ach corr-uair fágaidh sí éileamh eile ar
dhuine ina diaidh fhéin — ar na súile, nó ar an cluasa, de
ghnáth; agus bheirtear fuigheall bruicínighe ar a
leithéid sin. (2) Dealgnach: Aicíd an dealgnach, fosta,
agus ní h-éagcosamhail leis an bhruicínigh í. Thig baill
bheaga sa chroiceann léithe — rud mar "ghreamanna
deargnait." (3) Fiolun saith: Nuair a bíos páistí
an-óg a thig seo ortha. Is é an rud atá ann cinéal de
screamh dhearg, agus ní mheastar contabhairt ar bith 'bheith
ann. (4) Leicneach: Atann an muinéal agus an
giallbhach go mór le linn na leicnighe; ach ní'l sí
contabhairteach. (5) Triuch: As na scamháin agus na
píobáin a bíthear ag éileamh leis an triuch. Thig ramháin
chasachtaighe le n-a linn, agus d'fhéadfadh sí mairstin i rith
ráithe, nó níos faide ná sin — i n-aimsir geimhridh agus
earraigh go h-áirithe.

Neithe bhaineas leis an chroiceann:— (1)
Bun ribe: Cinéal de chnapán, nó de ghoirín, atá ann,
agus, mar is léir ó n-a ainm, is thart fá bhun ribe a bíos
sé. (2) Cranna: Seo ramhughadh a thig ar an chroiceann,
an áit ba mhó a mbeithidhe ag teannadh ar urneis oibre — ar
chrann spáide, nó ar chos sluaiste, nó a leithéid. (3)
Faithne: Sé rud is faithne ann toirt bheag fhásas amach
ó'n chroiceann, í ar dhéanamh cuirc bhig buidéil, agus barr
garbh uirthi. Ghníthear iad a mharbhadh, nó a dhóghadh le h-asaid.
(4) Gág: Scoilteanna beaga sa chroiceann atá ins na
gága. Thiocfadh siad ar lámha duine, an áit a ngreamóchadh
clábar dó agus a dtriomóchadh sé — go h-áirithe nuair a
bhéadh aimsir thirm fhuar ann. (5) Oidhreach ("éireach"
adeirtear): Seo cinéal de scalladh a thiocfadh fá na
loirgneacha ar dhuine a bhéadh costarnocht, tráth bhéadh an
aimsir fuar agus gaoth chruaidh ghéar ann. (6) Scaimh-
theach iongan
: D'éireóchadh seo do dhuine a rachadh
gráinníní gainimh nó gairbhéil i bhfostódh fá bhun na n-iongan
ina chuid méar. Éirigheann an croiceann aníos ina
léabthacha beaga. (7) Spuach: Sé rud is spuach ann ball
de'n chroiceann a bhéadh ina bhuilgeóig agus stuf uisceamhail
istigh innti. Dóghadh, nó scalladh, is minice ghní a leithéid.
(8) Teine aedh: Ní'l seo éagcosamhail le h-oidhreach, ach
gur fá'n aghaidh is minice thig sí. (9) Tochas: Aicíd atá sa
tochas. Deirtear gur frighid bheag is cionnta leis. Thig
cumhdach de spuacacha beaga baoideacha ar an chroiceann le
n-a linn. Deirtear gur "galar gan náire" é; nó,
d'aindeóin nach de'n mhúnadh duine bheith ghá scríobadh nó
ghá thochas féin i láthair cuideachta, bhéarfadh an aicíd seo
air a leithéid a dhéanamh.

Neithe bhaineas leis an fheóil:— (1) Cait
bhrághad
: Fá'n mhuinéal, nó fá'n bhrághaid, a bíos seo de
ghnáth. Is é rud atas na faireóga i gcionn gach tamaill
agus théid siad a dhéanamh silidh. (2) Goirín: Is é rud
is goirín ann at an-bheag a mbíonn déanamh cruinn air agus
barr silidh. (3) Iodhain: Baill mhóra dhearga atá ins na
h-iodhai, agus spuaic bheag istigh na lár. (4) Neascóid:
Tá neascóid mar bhéadh goirín an-mhór ann. Goirín a
bhrisfidhe agus a rachadh salachar isteach ann, níor bh'éadóigh
a éirghe ina neascóid. Is annamh a thig ceann aca gan
tuilleadh theacht ina dhiaidh. Bíonn siad an-nimhneach. An
té a dtiocfadh confadh air, dá dtéidhthidhe dhá chomhair, nó
dá labhairthidhe go tobann leis. nó dá mbaintí dó ar
dhóigh ar bith, bhéadh sé "mar bhéadh neascóid fá shileadh
ann." (5) Scairt ascaille: Bheirtear an t-ainm seo
ar chinéal de neascóideacha a thig san ascaill ar dhaoine.

Neithe bhaineas leis an chloiginn:— (1)
Blagad: Is ionann blagad a theacht ar dhuine agus an
ghruag stad d'fhás ar a cheann. (2) Déideadh: Seo an
t-ainm a bheir muinntir Thír Chonaill ar thinneas fiacal; ach
ní h-ionann é agus an tinneas a bíos ar pháistí le linn iad
a bheith "ag gearradh cáir" .i. ag fagháil na bhfiacal i dtús
ama. (3) Fuil shróna a bheirtear ar fhuil a thig as an
ghaothsán. "Thainig cuid mhór fuil shróna leis," adeirtear
nó "Chuir sé cuid mhór fuil shróna." (4) Sleamhnán: Is
é rud is sleamhnán ann cinéal de ghoirín a thig ar mhogall
na súile. (5) Ruadh: Seo galar a mbíonn bruth-phian leis,
agus bíonn dath an-dearg ar an chroiceann le n-a linn.
(6) Tinneas cinn: Bheirtear an t-ainm seo ar bhunadhas
gan aon chinéal pianach dá dtig sa chloiginn ar dhaoine.

Tinneas goile, agus rl.– (1) Bruitheachas: Is
é rud is bruitheachas ann mothughadh teasbhaigh, mar bhéadh
rud éigin an-te istigh sa ghoile. (2) Cairt: Is annamh bíos
duine tinn as a ghoile gan screamh de stuf bhán a theacht ar
a theangaidh, agus bheirtear "cairt" ar sin. "Bhí a fhios
agam nach rabh mo ghoile mar ba cheart, nó bhí cairt bhán ar
mo theangaidh." (3) Crambaí: Bheirtear an t-ainm seo
ar phianta tréana a mhothóchadh duine mar bhéithidhe ag fáscadh
an ghoile aige. (4) Cur amach: Bíonn duine "ag cur
amach" nuair a philleas biadh nó deoch aníos as an goile
aige agus sceardas siad amach ar a bhéal. (Bheirthidhe
aiseag ar sin roimhe seo, agus bheirtear prugóid
aiseag
go fóill ar chomhgaise a chaithfeadh duine le biadh
a chur dá ghoile sa dóigh sin). Gearradh a bheirtear ar
thinneas a chuireas barraidheacht siubhail fríd na caoláin
leis an bhiadh bíos caithte ag duine. (5) Dóghadh croidhe
a bheirtear ar chinéal de bhruitheachas a mhothóchadh duine i
mbéal a ghoile. (6) Glas seile: Bheirtear an t-ainm
seo ar uisce ghéar a thig aníos chun an bhéil ó'n ghoile.
(7) Órla: Bíonn duine ag "tarraingt órla" nuair a
bíos an goile ag "tionntódh" aige ag iarraidh bheith ag
"cur amach." (8) Samhnas: An té a mbéadh a ghoile ag
diúltadh go tréan roimh chinéal ar bith bidh, bhéadh samhnas
air> Duine samhnasach an té ar bh'fhuras samhnas a chur
air. (9) Sconnóga: Is beag nach ionann sconnóga
bheith ag teacht ar dhuine agus é bheith ag "cur amach." Is
ionann "sconnóg" agus bolgam beag bidh nó dighe a
bhéadh dhá theilgean aníos go tréan. (10) Tinneas goile:
Bhéarfaidhe an t-ainm seo ar cinéal ar bith easórduighthe
dá dtig ar an ghoile. (11) Tinneas bhéal an ghoile:
Is ionann seo agus an biadh bheith ag comhnughadh fá bhéal an
ghoile .i. gan é 'bheith ag "leaghadh." Corr-uair, bíonn
"tinneas bhéal an ghoile" agus "gearradh" ar dhuine
san aon-am, agus d'fhéadfaidhe [a rádh] fá'n té a bhéadh mar sin go
rabh "dhá cheann a ghoile ag cur air." (12) Tonn
thaoscach
: Nuair a bhéadh barraidheacht ithte ag duine
agus an biadh "ag teacht ar ais air" dá thairbhe sin, bhéadh
"tonn thaoscach" air.

Cuid XII: An tUltach 18:6 (6/1941) lch 4

Neithe bhaineas le fuacht:— (1) Anglach a bheir-
tear ar an phéin a bhéadh i lámha duine nuair a bhéadh an
fhuil cinéal stoptha ionnta ag an fhuacht. (2) Cársán:
Seo glór beag, mar bhéadh feadalach ann, a bíos le h-anál
duine nuair a bíos seile righin slaghdán ins na píobáin
aige. (3) Casachtach an tarraingt nó "preab" a thig
san anáil ag duine le linn é bheith ag iarraidh an righin-
sheile a chur amach as bealach na h-anála. (4) Creatha
fuaicht
an crioth a thig ar dhuine le linn slaghdáin nó a
leithéid. "Bhuail creatha fuaicht mé agus bhí a fhios agam
go rabh tús an tslaghdáin orm." (5) Culfarsach:
Bheirtear an t-ainm seo ar chasachtaigh bhig nach mbíonn
ró-throm, ach a bíos buan go maith. (6) Píochán a
bheirtear ar an gharbh-ghlór cinn éirigheas ag duine le linn
slaghdán a bheith air. (7) Sliopach a bíos ar lámha duine
nuair a bíos siad gan mhothughadh ag an fhuacht. (8) Teas
a's fuacht
: Déarfaidhe gur "teas a's fuacht" a fuair
duine a dtainig slaghdán nó a leithéid air le
linn fuacht 'fhagháil i ndiaidh é 'bheith i n-áit the, nó i
ndiaidh é bheith te ag obair.

Cneadhacha agus gortuigheacha. (1) An-fheóil
a bheirtear ar an fheóil mhí-nádúrdha a d'fhásfadh fá chneidh.
(2) Angadh a bheirtear ar an stuf nimheamhail a bhéadh ina
máthair ag neascóid nó a leithéid — sin nó an stuf a
chruinneóchadh i gcneidh agus a choinneóchadh gan cneasughadh
í. (3) Ath-lasadh: Dá dtigeadh teas mí-nádúrdha ins an
fheóil fá chneidh, déarfaidhe go rabh sí ag "ath-lasadh." (4)
Bonn-bhualadh: Bheirtear an t-ainm seo ar an ghor-
tughadh a dhéanfaidhe ar bhonn na coise ag duine le linn é
'bheith ag siubhal costarnocht ar thalamh chlochach. Ní mór
nach ionann "bonn-bhualadh" agus brúghadh cloiche.
(5) Brúghdarsach a bheirtear ar an uisce atchífeá ina
dhriúichtíní ar dhuine an áit a scríobfaidhe an croiceann
aige. (6) Coluim a bheirtear ar lorg cneidhe i ndiaidh í
'bheith cneasuighthe. (7) Dainnsear: Bhéadh gortughadh
"ag gabhail chun dainnseir" nuir a bhéadh sé ag ath-lasadh.
(8) Fearb a bheirtear ar an chroiceann reamhar atchífeá
san áit ar bualadh buille trom de shlait ar dhuine. (9)
Gearb, nó gearbóg, a bheirtear ar an screamh chruaidh
fhásas ar ghearradh le linn é 'bheith ag cneasughadh. (10)
Gránadh: "Ní'l ann ach gránadh beag" adéarfaidhe fá
ghortughadh nach mbéadh ann ach scríobadh ar an chroiceann.
(11) Greadfach: Seo an t-ainm a bheirtear ar an teas
nimhneach a mhothóchadh duine ins an áit ar buaileadh, nó ar
dóigheadh é. (12) Leónadh a bheirtear ar an ghortughadh a
dhéanfaidhe ar fheitheóig le linn barraidheacht de mhasla 'chur
uirthi — feitheóg an mhúrnáin, cuir i gcás. (13) Mám
seicne
: Seo briseadh a dhéanfaidhe ar an tseicin, nó
scannán, a bíos i n-aice an ionathair ghá choinneáil ina áit.
Dálta an leónta, d'éireóchadh seo ann de thairbhe bar-
raidheacht masla — le linn duine 'bheith ag tógáil meadhchain
éigin a bhí thar n-a acmhuinn, cuir i gcás. (14) Morgadh
a bheirtear ar an chead staid de lobhadh feóla. (15)
Sileadh a bheirtear ar an stuf shalach a thiocfadh amach as
neascóid, nó as gearradh a chuaidh chun dainnseir. Nuair
a bíos an stuf sin ag cruinniughadh i gcneidh, is é rud a bíos
an chneadh "ag déanamh silidh." (16) Tálach an
"stocáil," nó díth lútha, a thiocfadh ar chaol na láimhe ag
duine le linn é bheith ag déanamh oibre bhí ainchleachttha
aige.

Ciothramacha agus a leithéidí:— (1) Amharc 'e
dheas dó
adeirtear bheith ag duine nar léir dó ach an
rud a bhéadh an-chomhgarach dó. (2) Bliotach a bíos duine
nach gcuireann an tuaim cheart le focla a chuid cainnte.
D'éireóchadh duine bliotach nuair a bhéadh barraidheacht
biotáilte ólta aige. (3) Cam-chosach a bíos an té a
mbíonn a ghlúine níos deise dá chéile ná an chomhthrom.
(4) Ciothram fhéin, is ionann é agus aineamh mór ar bith
cuirp. (5) Cosa spréidhte a bíos ag an té a mbíonn a
ghlúine claon ró-fhada ó n-a chéile, agus bheirtear (6)
cosa cruinne ar chosa a mbíonn a dhá mbarr tionn-
tóidhthe isteach ós coinne a chéile. (7) Cruit a bíos ar
dhuine a mbíonn camadh árd ins an chnámh droma eadar an
dá shlinneán aige. (8) Fiar-shúileach a bhéadh duine a
mbéadh fiar, nó "tionntódh" ins na súile aige. (9)
Gungcach a bíos duine a mbíonn srónghail throm ina chuid
cainnte. Duine a mbíonn cor ins an chloiginn ar fad aige,
bíonn (10) leath-mhuinéal air. (11) Léifteáin a
bheirtear ar chosa a shiubhaileas ins an chaoi a mbuaileann
siad an talamh go comhthrom ar fhad na mbonn, agus corr-
uair bheirtear "leifteanach" ar dhuine a bhfuil a leithéidí
air. (12) Manntach a bíos an té a dtig stadanna dá
aindeóin ins an chainnt aige. (13) Meidh éisc a bíos i
ndaoine a labhaireas mar bhéadh an teanga spréidhte ó
thaoibh go taoibh an bhéil aca. (14) Moill éistigh adeir-
tear bheith ar dhaoine nach mbíonn a n-éisteacht comh maith
leis an choitcheann.

Cuid XIII: An tUltach 19:1 (1/1942) lch 4

Biadh

Trátha bidh: Tráth an focal is
coitcheannta bheir muinntir Thír
Chonaill ar "bhéile," nó ar "phroinn"
bidh. "Ní itheann sé sin ach na trí
thráth sa lá," adéarfaidhe. Chuala
pronnóg ag cuid de an sean-
daoine. "D'ith mé pronnóg bhreagh
phréataí," déarfadh siad. Bheirtear
bonnachán ar chinéal de fhéasta
bheag a bheithidhe a dhéanamh faoi choim.
Tá focal eile ann .i. scot, agus
bheirtear sin ar fhéasta a mbéadh
scaifte measardha líonmhar ina
chionn. I dtaca leis an gnáth-thrátha
de, bricfeasta, dinnéar,
tae, agus suipéar na h-ainm-
neacha a bheir bunadhas na ndaoine
anois ortha. Tá an focal céalan-
naí
(céadlongaí) i n-úsáid choit-
cheannta, ach ní h-ionann é anois
agus "bricfeasta." Is é rud a
bhriseas duine na "céalannaí" nuair
a ghní sé a bhricfeasta. Cuir i gcás,
an té chaithfeadh comhgaise éigin sul
a ndéanadh sé a bhricfeasta, is é
rud adéarfaidhe gur "chaith sé ar na
céalannaí é." I n-Oirghialla bheir-
thidhe an meadhon lae ar bhéile
lár an lae, ach níor chuala mé an
chiall sin dhá baint as i dTír
Chonaill ariamh. Braon tae is
gnáthach a ól eadar am dinnéara
agus am tae ceart, bheirtear an
tae beag
air.

Méid na proinne: Nuair a
d'íosfadh duine oiread agus bhain-
feadh an t-ocras i gceart de,
déarfaidhe gur ith sé a sháith, sin nó
gur ith sé a dhóthain, nó gur "bhain
sé a dhóthain as" an bhiadh. An té
d'íosfadh níos mó ná sin, bhéadh
barraidheacht ithte aige; agus
dá mbéadh an bharraidheacht mór,
d'fhéadfaidhe a rádh gur ith sé an-
lucht
. Dá mba mhian le duine a
rádh go rabh i bhfad níos mó ná a
riachtanas de bhiadh dhá chur ós a
choinne, níor bh'éadóigh é dhá rádh go
rabh "trí bharraidheacht" annsin.
Mura mbéadh duine ag iarraidh ach
oiread agus bhéadh de dhiothbháil leis
an bhiadh a bhlaiseadh, déarfadh sé,
"Tabhair a fhéacháil domh," nó "Ná
tabhair domh ach a fhéacháil." Nuair
a bhéadh duine ag maoidheamh nar ith
sé ach tráth beag éadtrom bidh,
d'fhéadfadh sé a rádh nar ith sé ach
coláisean beag. (Ar an dara
siolla is truime thuiteas béim an
ghotha san fhocal sin "coláisean.")

Cinéalacha Bidh

Arán: Arán coirce a bheir-
tear ar arán a ghníthear de mhin
choirce. De mhin eorna, ár ndóighe,
a dhéanfaidhe arán eorna; agus
d'aindeóin nach bhfuil sé ró-choit-
cheannta anois, is cosamhail go
meastaidhe brigh ar leith a bheith ann.
Bhíthidhe ag maoidheamh gur bh'aigean-
tach go leór a bhéadh "an seanduine
dóighte" nuair a chuirfeadh sé léadhb
de'n chinéal sin le n-a ghrásta.
Arán plúir a bheirtear ar arán a
ghníthear de phlúr agus gan min ar
bith fríd; ach dá gcuirtidhe mám de
mhin bhuidhe fríd an phlúr, bhéarfaidhe
arán mine buidhe air. De
phréataí bruithte a ghníthear arán
préataí
; ach tá cinéal eile, agus
is é rud a ghníthear na préataí a
mheilt le scríobán i n-áit iad a
bhruith fá n-a choinne. Is é sin an
cinéal a dtugtar bocstaí air.

Bainne: Bainne milis a
bheirtear anois ar leamhnacht. An
chuid mhéith de .i. an chuid éirigheas
aníos os cionn na codach eile de,
bheirtear uachtar, nó uachtar
bainne
air; agus an chuid is
luime ná sin .i. an rud a bíos faoi'n
uachtar, bheirtear íochtar bainne
air. Tráth théid bainne milis chun
raimhe agus thig blas géar air, is é
rud atá ann bainne reamhar,
agus déarfaidhe gur "ghéaruigh" sé.
Tráth buailtear bainne agus bhain-
tear an t-im de, bheirtear bláthach
air. Géaruigheann an bhláthach fhéin,
agus le n-a linn sin ghníthear dhá
chuid dí — cuid a bíos ina chnapáin
reamhra, agus cuid eile bíos mar
bhéadh uisce ann. Méadhg a bheir-
tear ar an rud uisceamhail sin, agus
gruth a bheirtear ar an rud reamhar.
Gruth buidhe a bheirtear ar an
bhainne mhéith bhuidhe a bíos ag boin go
díreach i ndiaidh gamhain a bhreith.

Im: Tráth bhaintear an t-im de'n
bhainne, agus ar feadh tamaill de
laethibh ina dhiaidh sin, bíonn sé úr.
Ach b'fhuras a mhilleadh. Dá mbéadh
sé de chomhair chinéil ar bith a mbéadh
boladh láidir, nó garg, as, d'éireó-
chadh cuid de'n bholadh agus de'n bhlas
chéadna aige fhéin. Oinniúin, cuir i
gcás, dá mbéadh im i bhfad ina
n-aice, "tharrónadh sé blas" na
n-oinniún.

Uibheacha: Dálta an ime, bíonn
na h-uibheacha "úr" i dtús ama. Ní
bhíonn siad "úr," ár ndóighe, nuair
a bíos mórán ar bith aoise aca;
agus b'fhuras sin 'aithne ortha,
nó bhéadh sean-bholadh asta.
Baogán (buidheagán) a bheirtear ar
chroidhe bhuidhe na h-uibhe; agus ar an
chuid gheal dí bheirtear gealacán
(nó, mar adeir cuid de na daoine,
"dealgán"). Blaosc a bheirtear
ar an tsligeán a mbíonn an dá
chuid istigh ann.

Tae: Tae "láidir" a bheirtear ar
tae a mbíonn barraidheacht de shugh
na nduilleóg ann; ach ní "tae lag"
a bheirtear ar an chinéal eile.
"Éadtrom" a bíos sé sin.

Préataí: Préataí maithe tior-
ma a mbriseann an croiceann aca
le linn a mbruith, bíonn siad
spréidhte. Bog, nó uisce-
amhail
, a bíos an cinéal eile. An
áit a mbionn préata daithte ag an
ghréin, déarfaidhe go rabh gorm
gréine
air; agus préata a bhéadh
pollta ag cuiteóga, nó cnumhóga,
bhéadh poill phéisteóga ann.
Brúightín a bhéarfaidhe ar phréataí
a bhrúighfidhe i ndiaidh iad a bhruith.
Is é rud is teallachán ann,
dornán préataí a bheithidhe i ndiaidh
iad a rósadh sa ghríosaigh. Chan
"amh" ach fuar a bíos préata go
dtí go mbruithtear é; ach d'fhéadfadh
"blas amh" a bheith air, dá mbéadh sé
gan a sháith de'n bhruith 'fhagháil. "An
préata beag 'ithe leis an phréata
mhór — is ionann sin agus béile de
phréataí 'ithe gan annlann ar bith.


Ciarán Ó Duibhín
2006/09/17
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite