Béarlachas agus Ciotachas — An Aithghiorra An Doirnealach An tUltach 12:5 (1935) lgh 5–6, 14 Fear de na nua-scríbhneóirí atá ann, mhaoidh sé ar na mallaibh gur rud nádúrdha an t-earradh atáimíd a fhagháil fá láthair i n-ainm bheith ina Ghaedhilg ó ughdair agus éigse agus ollamhain ealadhanta iolscoile. Agus b'fhíor dó. An corp a chailleas an bheatha, ní'l a dhath amuigh is nádúrdha ná an fheóil a bheith ag leaghadh de na cnámha aige agus na cnámha féin a bheith ag tuitim as a chéile sa dóigh a gcuirfeadh an t-iomlán gráin a anama ar aonduine a rachadh ar a amharc. Samhail a b'fhearr ná sin níor bh'fhéidir a thabhairt do'n “nua-Ghaedhilg.” An té d'amharcfadh ar chorp i ndiaidh é a bheith tamall san uaigh, níor bh'fhuras dó a innse caidé ba chosamhlacht do'n chorp chéadna sul ar fhág an t-anam é. Ag amharc ar an mholl mhíofar dó, ní bhéadh a fhios aige — de thairbhe an amhairc sin — caidé ba chinéal dó tráth mhair sé beó i measc daoine eile. Ciaca bhí sé gnaoidheamhail nó gránda. Ciaca bhí sé urradhanta nó éidtreórach. Ciaca bhí sé lúthmhar leigthe gasta nó musach marbhánta mailltriallach. Agus is é a dhálta sin ag an “nua-Ghaedhilg” é. An té dhéanfadh a breathnughadh, ní aithneóchadh sé uirthe deagh-thréith ar bith dar shiubhail le Gaedhilg ariamh ó d'éirigh an Ghaedhilg i n-a teangaidh ar leith ó thús. Ach ní scéal iongantach na nua-scríbhneóirí agus na saoithe móra eile bheith ag iarraidh bheith ag cur i n-umhail dúinn gur aon teanga amháin an t-ablach éagsamhalta seo aca-san agus an teanga ar dhubhairt an tAthair Ó Raghallaigh gur theanga í “probably the most sensitive ever articulated by organs of mortal man.” Ní scéal iongantach iad a bheith ag iarraidh bheith ag cur i n-umhail dúinn nach moll cnumhógach cnámh atá aca i n-ionad na teangtha udaí “is sáimhe fonn” a mhol Peadar Ó Doirnín. Tá sin nádúrdha fosta. Ní'l aca acht an t-ablach, agus tá eagla a gcroicinn ortha go n-aithneóchar sin. Agus, nidh nach iongnadh dóbhtha fhéin, tá siad ag iarraidh bheith ag folach na fírinne. Is iomdha cleas a d'fhéach siad, agus is é seo an ceann is deireannaighe aca. A chur i n-umhail dúinn gur b'í an chreatalach seo aca-san an Ghaedhilg a bhí i n-allod ann. Gur b'í atá ann go fíor fá n-a deilbh agus fá n-a lúth agus fá n-a maise. Ach amháin de gur maisighe agus gur lúthmhaire agus gur caoin-dhéanta anois ná ariamh í — de thairbhe an láimhdeachais a rinne siad-san uirthe. Má's cóir a gcreidbheáil-sean, bhí sí ar chúl éaga go dtí ar na mallaibh. Ní rabh uirthe ach sean-phuilcí drogóide agus cóta báinnín deirg, agus bhí snuadh a gnúise millte ag gaoith 's ag gréin. Bhí droch-bhail uirthe, an créatúr, agus bhéadh sí mar sin, mur b'é an tarrtháil a thug siad-san uirthe. Chuir siad-san culaidh shíoda uirthe i n-áit an bháinnín agus na drogóide. Chuir siad púdar ar a h-aghaidh, agus d'fholuigh siad an dath crón a d'fhág an síon uirthe. Thug siad “suas 'un dáta” í ar gach uile dóigh — ach sin a dtearn siad de athrughadh uirthe. Agus, ár ndóighe, ní thig a rádh nach athrughadh ar fheabhas é. Spréidheadh scaoilte ortha! an bhfuil siad ag déanamh go rachadh aca dalladh mullóg a chur ar dhaoine ar a leithéid de dhóigh? An bhfuil siad ag déanamh nach bhfuilthear ag tabhairt fá dear a gcuid cleas beag suarach? Maise, táthar. Tá tuilleadh ag aithne na fírinne gach aon lá dá bhfuil ag teacht. Agus is í an fhírinne í gur rud gan bhrigh, gan bheodhacht, gan anam, an “nua-Ghaedhilg.” Ní'l cosamhlacht dá laighead aice le fíor-Ghaedhilg ach amháin an chosamhlacht atá ag cnámhlach scabtha an duine mhairbh le corp folláin foirbhthe an duine bheó. Tá duibheagán mór domhain idir í fhéin agus Gaedhilg ar bith dá rabh ariamh ann go dtí í. Tá — duibheagán lán comh mór agus tá idir an Béarla a scríobh Chaucer agus Béarla an “Celtic Twilight.” An mhuinntir atá ghá scríobhadh, ní'l ciall aca do fhocal ar bith Gaedhilge ach é a bheith i n-a equivalent ag focal eighinteacht Béarla. Agus ní'l siad ábálta abairt ar bith a chumadh ach abairteacha atá focal ar fhocal mar déarfaidhe i mBéarla iad. Agus tá an cyhanamhaint chioth- ramach bhacach sin le fagháil go fras i leabharthaí agus ar pháipéir atá i n-ainm bheith ag tabhairt eólais dúinn ar litridheacht na Gaedhilge. Agus an drong nach bhfuil ábalta a h-athrach a scríobhadh, tá siad ag iarraidh bheith ag cur i n-umhail dúinn gur rud nádúrdha í. Gur athrughadh nádúrdha an t-athrughadh a chuirfeadh an teanga Gaedhilge as aithne! Gur athrughadh nádúrdha an t-athrughadh a d'fhág- fadh an ghaedhilg sa dóigh a mbéadh sí comh-chosamhail leis an Bhéarla ach amháin sa méid a bhaineas le leitriughadh na bhfocal! Agus nuair a chuirtear cruaidh ortha dá thairbhe sin tarrainigidh siad ortha sciath dhídine eile. Deir siad gur fearr Gaedhilg ar bith dá olcas ná Béarla ar bith dá fheabhas. Gur cuma dúinn ach teanga a bheith againn a thaisbeánfadh gur náisiún ar leith sinn. Teanga eighinteacht a labhairfimis fhéin le chéile agus nach mbeadh ion-tuigthe ag Sasanaigh. Ach faoi'n spéir cad chuige a gcuirfimis a leithéid de shaothar orainn fhéin, má's sin a bhfuil de dhíothbháil orainn? Cad chuige a gcuirfimis costas ar bith orainn fhéin mar mhaithe le Gaedhilg, má's sin a bhfuil de dhíothbháil orainn? Cad chuige nach dtarrónaimis orainn an dóigh a b'aithghiorraighe agus a ba lugha costas? Ba é an rud amháin é sa deireadh, amach ó'n chostas agus an trioblóid. Má's cóir do na h-ollamhain bheith ag déanamh “nua- Ghaedhilg” de Bhéarla de réir a chéile, nach mbéadh sé lán comh córtha againn teanga úr dúinn fhéin a dhéanamh as an Bhéarla de aon uair amháin agus bheith réidh leis an streachailt atá orainn? B'fhuras a dhéanamh. Ní'l a dhath amuigh a b'fhusa. Ní bhéadh de dhíothbháil orainn ach cupla riaghal beag a bhéadh ion-tuigthe ag tachrán fhéin. Déarfaidh sibh fhéin an cleas céadna, má dhearcann sibh ar Thrí Riaghal na Nua-Theangtha 1. FOCLAÍ BÉARLA NACH BHFUIL IONNTA ACH AON SIOLLA AMHÁIN — An leitir thosaigh a chur ar deireadh agus an leitir dheiridh a chur ar toiseach. 2. FOCLAÍ BÉARLA A bhFUIL NÍOS MÓ NÁ AON SIOLLA AMHÁIN IONNTA — An siolla tosaigh a chur ar deireadh agus an siolla deiridh a chur ar toiseach. 3. INDEFINITE ARTICLE AN BHÉARLA .i.“A” — An focal seo a rádh mar tá sé i gcainnt an Bhéarla agus i gcló. Cuirtear na trí riaghal sin i bhfeidhm ar an Bhéarla agus béidh teanga dúinn fhéin againn a thaisbeánfas do chách go bhfuil béascna agus briathraidheacht againn nach bhfuil ag an dara cineadh ar dhruim an domhain. An abairt is neamh-shuimeamhla dá bhfuil sa Bhéarla, bhéadh sí comh coimhthigheach le Sanskrit ag Sasanach, ach í a thionntódh gus an teangaidh úr seo a bhéadh againne. “Kacj sah tog a tarc,” cuir i gcás. Ag déanamh go samhóladh Sasanach ar bith gur ionann sin agus “Jack has got a cart”! Ní shamóladh, leóga. Agus amharc an bhuaidh a bhéadh ag an teangaidh sin ar Ghaedhilg! Cá bhfuil an té a bhéadh comh dobhránta agus nach mbéadh déanamh a ghnaithe dí aige faoi cheann ráithe amháin? Cinnte, ní thiocfadh a cur ar a bonnaí mar ba cheart gan beagán beag saothair. Ach an méid saothair a bhéadh de dhíothbháil, ba ghoirid agus b'fhíor-ghoirid an t-am a bhainfeadh sé as ughdair agus ollamhain Inse Fáil. D'fhéadfaimis gan eagla ar bith a bheith orainn nach mbéadh litridheacth bhreagh próis sa nua-theangaidh. Sinn a bheith folamh ó litridheacht ar feadh dáta ar bith b'fhiú agus lucht na léir-mheas againn! An mhuinntir a léigheas na smaointe is uaignighe i gcroidhe gach scríbhneóra a bhfuil ann nó dá rabh ann ariamh! An mhuinntir a chuireas iongantas a n-anamh ar scríbhneóirí leis an dóigh a dtig leó a innse caidé ba chiall dóbhtha a leithéid seo nó a leithéid seo a rádh agus caidé thug ortha a rádh mar dubhairt siad é! An mhuinntir a dtig leó a innse go beacht cá h-uair agus cá h-áit a dtearn scríbhneóir casachtach, nó méanfach, nó srólfach, nó bogadh ar bith eile dá dtearn sé ariamh! Nach goirid a bhéadh siad sin ag cur tréan litridheachta ar fagháil dúinn? I dtaca le filidheacht de, bhéadh scoil againn a bhuail- feadh amach lucht na n-aisling féin. “Ew eerw eht tirsf That reve tursb Onti that tilens aes.” Sin agaibh sompla de'n rud a d'fhéadfaidhe a dhéanamh gan saothar ar bith ar bh'fhiú trácht air. Agus nach áluinn é! Dearcaigidh ar an uaim atá idir “Ew” agus “eerw” i líne a 1, agus idir “that” agus “tursb” i líne a 2, agus idir “that” agus “tilens” i líne a 3. Agus dearcaigidh, fosta, ar an chomhardadh atá idir “tirsf” agus “tursb” (línte 1 agus 2). Nach leamh neamh-ornáideach le n-a thaoibh “We were the first That ever burst Into that silent sea.”? Níor chóir, ár ndóighe, dearmad a dhéanamh de lucht na foghraidheachta. Na bhéadh a gcuidiughadh-san de dhíth orainn fosta. Le fírinne a dhéanamh, is ortha thiocfadh an ceann trom de'n obair. Agus 'gheall ar cuid de'n mhalsa a thógáil díobhtha, bhéarfaidh mé leideadh dóbhtha fá'n chead nidh a bhéadh aca le socrughadh — mar tá, an t-ainm a bhéarfaidhe ar an nua-theangaidh. Ní thiocfadh “Gaedhilg” a thabhairt uirthe gan an fhírinne a chur amach glan as a riocht. Agus níor bh'fhóirstineach “Lisheng” .i. aistriuchán nua=theangach ar “English.” Bhéadh sin i n-a shíor-admháil gur ó Sheán Bhuidhe a fuaireamar ár n-urlabhra. Ach, go h-ádhmhail dúinn féin, ní bh'eadh sé de fhiachaibh orainn ceachtar de na h-ainmneacha sin a thoghadh. Tá an “Ghaeling” ann, agus ní'l le déanamh againn ach Riaghal a 2 seo thuas a chur i bhfeidhm uirthe. (Ní ghoillfeadh sin uirthe, na is uirthe, agus faoithe, agus fá dtaobh díthe, a cuireadh i bhfeidhm a bhfuil de intleacht ag linguists na tíre seo le conablach leith-chéad bliadhain.) Cuirtear Riaghal a 2 i bhfeidhm uirthe agus bhéadh sí i n-a “Linngae” againn. Agus nuair a bhéadh an méid sin déanta, ba ghoirid a bhainfeadh sé as lucht na foghraidheachta an plán mín a chur uirthe. Bhéarfadh siad leó a gcuid acaraí ealadhanta agus dhéanfadh siad an dá “G” a de-gemminatáil fhad agus bhéitheá a' do choisreacadh fhéin. D'fhágfadh sin againn ainm a mbéimis bródamhail go deó as. Bhéadh Lingae againn. Bhéadh — ainm a mbéadh cuma na scoláireachta ar gach uile leitir dí. Ainm a mbéadh blas na Laidne air “agus an boladh breagh.” Agus le cois gach buaidhe eile dá mbéadh aige, bhéadh sé i n-a chruthughadh gheinearálta go bhfuil “doctúirí” againn sa tír seo go fóill. Gur anois a d'fhéadfaidhe “Insula doctorum” a thabhairt go fíor ar ár dtír dhúthchais. Mur mbéadh ann ach sin fhéin, tá dúil agam gur gearr go dtaraidh an lá a mbéidhmid uilig go léir go caithréimeach ag ceól “Pu hitw eht Lingae!” Phrases: bhí sí ar chúl éaga - it was suppressed, undeveloped. languishing amharc an bhuaidh a bhéadh aici ar Ghaedhilg - look at the advantage it would have over Irish is ortha a thiocfadh an ceann trom de'n obair - they would have to bear the brunt of the work an fhírinne a chur amach glan as a riocht - to stand the truth on its head