CONALL NÉILL ÓIG AGUS A GHASÚR.
Caibideal VIII de "Nuair a Bhí Mé Óg" le Séamus 'ac Grianna, 1942
Tá neart cuimhne agam ar Chonall Néill Óig.
Bhí mé 'mo leath-ghasúr mhaith mhór nuair a fuair
sé bás. Agus ar ndóighe chuala mé iomrádh
air ó bhí airde do ghlúin ionnam. Nó b'annamh
fear nó bean ar a' bhaile a dheánfadh tamall cómhráidh gan
Conall Néill Óig a bheith leo ar thús nó ar dheireadh an tsean-
chuis. Fear a bhí ann a bhí tuigseach greannmhar déagh-
chainnteach. Fear fial fiúntach. Fear feasach fileadhanta.
Bhí a chuid Gaedhilge saillte le natháin agus le déagh-chainnt
agus le ranntaidheacht. Agus na sgéaltaí a bhí aige!
Chuirfeadh sé ceo ar do chluasa a' sgéalaidheacht oidhcheannaí
fada Geimhridh. Gheobhfá daoine a déarfadh nach bhfanadh sé
i mbun na fírinne. Nuair a d'innseadh Conall go bhfaca
sé le n-a shúile cinn marc-shluagh Aileach a' teacht isteach
beárn na Mucaoise an oidhche a bhí na péas is na saighdiuirí
sa tóir ar a' tSagart 'ac Pháidín, nuair a d'innseadh sé
an sgéal seo is iomdha duine déarfadh nach rabh ann acht
cumraidheacht. Acht os a choinne sin is iomdha duine eile
a chuir ceist cad chuige nár beireadh ar a' tsagart an oidhche
sin agus fáinne cruadhach is teineadh thart air. Agus annsin
bhí daoine ann a rabh an dearcadh aca ar chuid aislingí
Chonaill atá agam féin. Daoine a déarfadh go mbíonn a'
chomh-chosamhlacht ann agus go bhfeiceann duine amháin rud
nach bhfeiceann duine eile.
Ar sgor ar bith ba bhreágh amach a' chuideachta Conall
oidhche áirneáil. Is maith is cumhan liom oidhche amháin a bhí
sé 'dtoigh s'againne nuair nach rabh mé acht mo ghasúr bheag
agus rinne sé oidhche sheanchuis ar thaiseannaí agus ar
chróchnáidí agus ar a' tsluagh-sidhe nach ndeánfainn dearmad
díthe dá mbéinn beo go cionn chéad míle bliadhain. Tchím
go fóill an caisleán geal fá n-a mhíle fuinneog a chonnaic
sé ar thóin na Rann Liath oidhche Fhoghmhair agus é amuigh a'
tógáil eangach. Oidhche dheas chiúin i ndeireadh an Fhoghmhair
tamall roimh an lá. An caisleán ar aon bhárr amháin soluis.
Ceol dá sheinim ann a dheánfadh an marbh beo. An bád a'
teacht isteach do réir a chéile go rabh sí fá chupla céad
slat de bhun na mbeann. Annsin sámhán codladhta a'
teacht air an fhuirinn. Agus nuair a mhusgail siad bhí
an lá leath-ghlan agus gan le feiceáil aca acht beanna
liath na Rosann, nó le cluinstin aca acht a tonn a bhí a'
criongán go cianach i mbéal na trágha.
Bhí Conall beo bocht fad is mhair sé. Fuair sé saoghal
mór fada agus chaith sé a bhunadhas faoi ampla agus faoi
anás. Nó cá bith ba chiall de ní rabh sé féin agus a' t-ádh
ar na hóigh le chéile acht go fíor-annamh. Gheobhfá daoine
a déarfadh gur neamartach a bhí sé, gur leig sé a mhaidí
le sruth agus gur bh'é sin a' fáth nár éirigh an saoghal leis.
Acht deireadh sé féin gur a' siubhail leis a bhí sé; gur
rugadh é faoi an cheineamhaint nach dtiocfadh a thabhairt
i n-éifeacht.
Bhí sé bliadhain amháin agus fuair sé oiread airgid
agus cheannuigh eangach dó. Agus an chead uair a fhliuch
sé í tháinig oidhche gaoithe móire a rois ó'n druim í féin
agus a rabh curtha i n-a cuideachta go dtí nach rabh snáithe
díthe le fágháil ar maidín. Tráthnóna an lá thar n-a bhárach
bhí Conall 'na shuidhe ar charraic sa chladach agus é ag amharc
amach ar an fhairrge. Tháinig fear de chuid a' bhaile thart
agus bheannuigh sé dó.
"Níl 'fhios agam," arsa Conall, "ar órduigh ar nDia
beag dúinn a bheith mar seo?" "Acht níor órduigh," ar
seisean ar a' dara focal. Sin a' chainnt a thigeadh leis
i gcomhnuidhe nuair a bhíodh sé i gcruadh-chás. Má's ag
cuartughadh oibre i nAlbain é agus gan í le fágháil
aige, nó a' tarraingt i n-éadan sruth-trágha ó Bhuilg
Chonaill go tóin Rann na Feirste, má's ag amharc ar a
chuibhreann preátaí dóighte 'na ngualach ag an aicíd i lár
a' tSamhraidh é, sin a' cheist a chuireadh Conall air féin i
gcomhnuidhe:
"Níl 'fhios agam ar órduigh ar nDia beag dúinn a bheith
mar seo?" Agus a' freagar a bheireadh sé uirthí ar a'
dara focal: "Acht níor órduigh."
Níor phós sé riamh. Mar dubhairt duine éigint chaith
sé a shaoghal a' tógáil achan teaghlach acht a theaghlach féin.
Báitheadh dearbhrathair dó agus d'fhág sé seisear páistí
'na dhiaidh. Thug Conall a' bhaintreabhach agus na dílleachtaí
isteach chuige féin. Cupla bliadhain 'na dhiaidh sin fuair
deirbhshiúr dó bás agus d'fhág sí sgaifte eile 'na diaidh
agus thug Conall leis a' t-iomlán aca. Agus is iomdha
uair nuair a bhí an saoghal a' teannadh go cruaidh cadranta
air agus é ag iarraidh greim a shaothrughadh do na dílleachtaí,
is iomdha uair a dubhairt sé "Níl 'fhios agam ar órduigh
ar nDia beag dúinn a bheith mar seo - acht níor órduigh."
Acht a' gasúr ar thrácht mé i dtús a' sgéil air? Fear
de na dílleachtaí, ar bh'eadh? Níor bh'eadh acht gasúr de
chuid na comharsann nach rabh gaol nó páirt le Conall aige.
Tógadh an gasúr seo sa doras ag Conall, agus cá bith ba
chiall de bhí siad comh geallmhar ar a chéile agus thiocfadh
le athair is le mac a bheith. Tá mé a' deánamh gur bh'iad cuid
sgéaltach Chonaill a mheall a' gasúr ar tús. Agus thug
Conall spéis don ghasúr cionn is go bhfacthas dó gur gasúr
ar leith a bhí ann. Chuireadh sé ceisteannaí ar Chonall mar
chuirfeadh duine a bhéadh i mbun a mhéid is a stuaime. Sean-
aimseardha a deireadh an mhór-chuid de mhuintir a' bhaile
a bhí sé. Acht bhí a áthrach sin de bharamhail ag Conall.
"Chan sean-aimseardha ar chor ar bith atá sé," a deireadh
Conall, "acht thug Dia dearcadh agus agra-chinn dó nach
dtugann Sé acht do chorr-dhuine. Geárr marc ar mo chuid
cainnte-sa, cluinfear iomrádh ar a' ghasúr sin lá is fuide
anonn 'ná indiu."
Oidhche amháin le clap-sholas tháinig a' gasúr isteach
ionns ar Chonall. Bhí duine de na dílleachtaí tinn agus é
ag iarraidh deoch bhainne. Agus gan aon deor bhainne le
fágháil aige, acht Conall bocht a' tabhairt braon de shugh
mine dó agus a' rádh leis go mb'fhearr sin 'ná bainne.
Níor bhain a' tachrán as acht bolgam. Ní bhlaisfeadh sé an
dara deor de. Shuidh Conall ar shúgán agus rinne sé osna.
"Níl 'fhios agam ar órduigh ar nDia beag dúinn a bheith
mar seo?" Agus thost sé bomaite mar bhéadh sé a' dúil
le glór éigint freagar a thabhairt air agus innse dó cé aca
bhí Dia cionntach i n'anás nó nach rabh. "Acht níor órduigh,"
ar seisean sa deireadh, agus tharraing sé dúdóg phíopa
aniar as poll a' bhac agus thoisigh sé a mhothachtáil le bárr
a mhéir féacháil a rabh aon ghríodán tobaca ann a bhéarfadh
toit dó. Tharraing sé sifín as a' leabaidh agus thug sé
iarraidh an píopa a dheargadh. Acht ní rabh ann acht luaith.
Sháith sé siar i bpoll a' bhac ar ais é agus d'amharc sé i
n-áirde ar na creataigh. "Á, níor órduigh," ar seisean.
"Sé féin nar órduigh."
D'éirigh gasúr na comharsann agus chuaidh sé amach.
Chuaidh sé amach agus rún gadaidheacht' aige. Agus chuir
sé an rún sin i ngníomh. Ní rabh gadaidheacht ar bith le
deánamh aige i ngnoithe an bhainne. Ní rabh aige le deánamh
acht a' sgéal a innse do n-a mháthair. Agus d'éirigh sí
agus chuir sí an deor dheireannach dá rabh sa teach isteach
i ngogán agus thug dó é le tabhairt síos ionns ar Chonall.
Acht ní rabh tobaca ar bith aicí. Bhí fear a' toighe i nAlbain
agus ní rabh aon duine eile a' cathamh.
D'fhág a' gasúr gogán a' bhainne thíos ag Conall agus
níor fhan sé le buidheachas nó le beannachtaí acht a ghabháil
de léim amach ar a' doras ar ais. Soir leis go rabh sé
thoir 'dtoigh Shéimidh Néillín. Agus bhí sé a' greafadaigh
thart fá phrios a bhí i gcúl a' bhalla bhig go bhfuair sé 'theacht
ar fheadán tobaca a bhí ag Séimidh. Gheárr sé cupla ordlach
de n-a cheann agus d'imthigh sé.
Ar a theacht ar ais dó bhí an tachrán a bhí tinn 'na chodladh
agus Conall 'na shuidhe ar a' tsúgán agus é a' glanadh
preátaí brúighte fá choinne an tsuipéara. Tharraing a'
gasúr amach a' tobaca agus shín sé dó é.
"Is minic a chualamar gur dheise cabhair Dé 'ná an
doras," arsa Conall a' tarraingt air a phíopa.
"Cá bhfuair tú é?" ar seisean ar a' dara focal.
"Tá, a ghoid," ars an gasúr.
"Cha rabh agam-sa acht a' deánamh gur cabhair Dé bhí
ann," arsa Conall.
"Cabhair Dé atá ann fosta," ars an gasúr.
Líon Conall a' píopa agus dhearg sé é. Chaith sé go
cíocrach ar feadh tamaill mar bhéadh fear ann a mbéadh
trosgadh fada deánta aige. Sa deireadh chaith sé amach
sileog agus thoisigh sé a chómhrádh leis a' ghasúr. Agus
mhair a' seanchus agus a' sgéalaidheacht go ham luighe.
Cupla bliadhan 'na dhiaidh sin chuaidh a' gasúr un a'
Lagáin fá Bhealtaine agus go leor eile dá chineál i n-a
chuideachta. Shiubhail sé go Baile na Finne an lá roimh
aonach a' tSrath Bháin. Chuaidh sé síos ar a' traen tráthnóna
agus ar maidín a' lá thar n-a bhárach rinne sé fastódh le
feirmeoir as taobh thoir den Óghmaigh. Ní rabh de ghléas
marcaidheacht' leo acht sean-ghearrán a' rabh crupán ann
agus carr a bhí 'na ghliogar sgaithte as a chéile. Bhain sé
bunadhas lae asta an bealach a chur tharsta as a' tSráth
Bán 'un na hÓghmaighe. Tráthnóna claibeach ceo-bháistighe
a bhí ann. Fliuchadh an gasúr go craiceann agus d'éirigh
na cnámha stuifeailte aige 'na shuidhe ar a' tsean-charr.
Le coim na hoidhche tháinig siad go bun an astair. Tugadh
dornán preátaí fuar-bhruithte agus braon bláithche don
ghasúr. Agus nuair a bhí a dhóthán bainte asta aige tais-
beánadh a leabaidh dó - saipeachán cocháin amuigh ar lafta
an sgiobóil agus cupla mála agus ciumhas sean-phlainceid.
Chuaidh a' gasúr a luighe agus chuach sé é féin ins na
bratógaí comh maith is tháinig leis, agus a chár á ghreadadh
ar a chéile leis an fhuacht. Agus a chroidhe á bhriseadh le
cumhaidh. Nár bhocht an áit ar casadh é. Nár bh'iongantach
a' dream daoine ar thárluigh i n-a measg é. Nár léanmhar
an rud a bheith ag éisteacht leo agus gan 'fhios aige leath
an ama goidé bhí siad a rádh. Nár thruagh é. Nár bh'fhada
go dtigeadh an tSamhain agus go mbéadh cead a chinn aige.
An dtiocfadh an tSamhain a choidhche?... "Níl 'fhios
agam ar órduigh ar nDia beag dúinn a bheith mar seo?...
Acht níor órduigh!"
Ní rabh ag an ghasúr acht a chuid den chumhaidh. Bhí cumhaidh
ar 'athair agus ar a mháthair sa bhaile 'na dhiaidh. Agus bhí
a lán-oiread ar Chonall Néill Óig. An mhaidín a d'imthigh
an gasúr tháinig Conall isteach i dteach de chuid na comh-
arsann agus na deora le n-a shúile.
"Tá sé ar shiubhal indiu," ar seisean, "agus chan
un a' Lagáin a ba cheart a chur dá mbéadh ceart le fágháil.
Éireochaidh sé ar maidín Dia Ceadaoine agus a' codladh
i n-a shúile agus chuirfear amach a bhuachailleacht 'na throsgadh
é. Tchífidh sé bárr an Eargail comh gorm le smál amuigh
thíos uaidh agus caoinfidh sé go bog binn... "Acht," ar
seisean, agus glór urradhasach a' teacht chuige, "ní chaithfidh
an gasúr sin a shaoghal ag úspaireacht ag cuid mangairí
an Lagáin. Tiocfaidh sé isteach Bun an Eargail go fóill
- tá dúil agam go mbéimid uilig beo - agus béidh na
bailte amuigh a' cur fáilte roimhe. Tá rud mór ag Dia
fá choinne an ghasúra sin. Is fada fios ar sin agam-sa."
Chuathas a gháiridh faoi Chonall nuair a d'imthigh sé.
"Is mór a' fear as gasúr Shéamuis Ruaidh é," arsa
bean a' toighe. "Acht oiread is dá mbíodh sé a dhath ní
b'fhearr 'ná gasraí na tíre le imtheacht is a chuid a shaoth-
rughadh mar rinne 'athair roimhe. Shílfeá gur mac duine
uasail é ar mhór a' peacadh tabhairt air a lámha a shalughadh.
Ní fhaca mise éifeacht ar bith ar leith sa ghasúr acht sean-
cheann a gcaithfeá fuath a thabhairt dó."
Chuala mé an seanchus sin uilig nuair a bhí mé ag éirghe
aníos 'mo ghasúr. Is fiadhnaise mé féin leis a' méid
den sgéal atá le hinnse.
Oidhche dheas shamhraidh a bhí ann agus teine ar cheann
achan áird. Níor bh'í oidhche Fhéil' Eoin a bhí ann. Ní
rabhamar fá choicthighis den Fhéil' Eoin san am. Acht ní
rabh aon árd ó thóin Rann na Feirste go mullaigh Mhín-
Doire na Sluagh nach rabh craos teineadh air. Agus bhí
an droma mór amuigh agus a' tuargan a bhíthear a bhaint
as chluinfeá thall ar a' Bhrághaid é. Bhí gasúr Chonaill
Néill Óig a' teacht un a' bhaile 'na shagart.
Tháinig sé agus chaith sé cupla seachtmhain sa bhaile.
Chruinnigh na bailte dh'amharc air agus a' dubh-luthgháir ar a'
mhór-chuid aca roimhe. Agus na corr-dhuine nach rabh luthgháir
ar bith ortha roimhe leig siad ortha féin go rabh. An bhean
ud a dubhairt nach bhfacaidh sí éifeacht ar bith ann acht sean-
cheann a gcaithfeá fuath a thabhairt dó; agus an bhean ud
eile a rabh a clann "fhad is thiocfadh leis a' mhaighistir a
gcur," agus a' bhean a dubhairt anuraidh roimhe sin go rabh
fuigheall sean-mhallacht ar a' dream agus nach mbéadh aon
fhear aca a choidhche 'na shagart, tháinig a' t-iomlán aca
agus naprainn gheala ortha. Agus thug siad altughadh do
Dhia go bhfacaidh siad a' lá a rabh fear de mhuintir a' bhaile
'na shagart. Acht bhí luthgháir ar an mhór-chuid aca, luthgháir
amach ó n-a gcroidhe.
Agus cé bé nach rabh luthgháir air bhí luthgháir ar Chonall
Néill Óig. Agus b'aige a chaith a' sagart bunadhas an
ama. Bhíodh sé comh minic sin ag Conall is gur dhubhairt a
mháthair lá amháin, agus mothughadh feirge uirthí, gur chosamhail
gur áthruigh an saoghal nuair a b'fhearr le duine an coimh-
thigheacht ná 'athair is a mháthair.
Acht leig a' sagart amach ar ghreann é.
"Caithfidh mé bheith 'cuartaidheacht aige," ar seisean,
"go socruighe mé féin is é féin fá aisioc a dheánamh sa
tobaca a ghoid mé fad ó shoin chuige."
Ar ndóighe bhíthear a' cainnt ar feadh míosa ar a' tsagart.
Agus achan duine is a sgéal féin aige. Cuid a' rádh go
rabh sé i ndán dó. Cuid eile a rádh go rabh sé ar fastódh
ag feirmeoir tacamhail a rabh dearbhrathair dó 'na shagart.
Cuid a' rádh gur fastódh a rinne sé i gcoláiste agus go
dtug na huachtaráin fá dear gur bh'ádhbhar pearsa Eaglasaigh
é agus gur chuir siad un tosaigh é. Agus ní labhaireadh
Conall Néill Óig acht a cheann a chrathadh agus draothadh
gáire a dheánamh, ionann is a rádh "Ní chreidfeadh sibh go
rabh sé 'na shagart mur bé go bhfaca sibh ar an altóir i
n-Anagaire é. Acht chonnaic mise ar an Altóir sin é
agus culaith an Aifrinn air, chonnaic mé sin nuair nach rabh
sé acht 'na lupadán gasúra."
Níor fhan a' sagart i bhfad sa bhaile gur imthigh sé ar ais.
Ba é an dara sgéala a chualamar go dteachaidh sé sna
haithreachaí naomhtha, agus go mb'fhéidir go mb'fhada arís
go bhfeicfidhe sna Rosa é. An bhliadhain sin a bhí chugainn
chualamar gur amuigh sna tíortha cúil a bhí sé. Agus i
gcionn tamall stadadh de chainnt air.
Ar a' sgoil a chuala mé go rabh mision le bheith
i nAnagaire. Níor bh'é sin an chead mhision a
bhí ins na Rosa le mo chuimhne. Bhí mision i
gCeann Caslach cupla bliadhain roimhe sin agus
théigheadh sgaifte de mhuintir a' bhaile s'againne siar achan
oidhche. Agus ar a mbealach aniar an té a rabh beagán
Béarla aige a' míniughadh na seanmóra don chuid eile.
Ní rabh sagart na paróiste sásta leis a' chead mhision
seo. Bhí aithreachaí naomhtha annsin a dtiocfadh leo sean-
móracha cráibhtheacha a dheánamh acht bhí cuid mhór dá gcuid
cainnte a' gabháil le sruth. Bhí 'fhios sin ag sagart na
paróiste agus bhí sé faoi smúid 'rith na míosa. Is minic a
shuidh sé dh'éisteacht le seanmóir ghalánta agus dreach
brónach air, mar bhéadh sé a' smaoitiughadh ar a' chead Chingcís,
an lá a canadh briathra beannuighthe Dé sa dóigh ar thuig
achan duine iad, ba chuma goidé an teanga a bhí cleachttha
aige. Bhí sagart paróiste na Rosann faoi smúid nuair
a smaoitigh sé gur mhinic na briathra sin ceilte ar a' chineadh
ar chualaidh a sinnsear ar Chnoc Sláinghe iad cúig chéad déag
bliadhain roimhe sin. An cineadh sin ar mhair an creideamh
beo i n-a gcroidhe agus i n-a n-intinn ariamh anall, dh'ain-
deoin an-smacht' agus géar-leanamhaint' agus gorta agus
imirce. Agus ba é an deireadh a bhí ar a chuid smaointe
cupla bliadhain 'na dhiaidh sin gur chuir sé faisnéis fada
leitheadach a' rabh aithreachaí naomhtha ar bith ann a rabh
Gaedhilg aca. Agus fuair sé amach go rabh.
Domhnach amháin i dtús a' Mhárta d'aithneochthá aoibh air
nuair a thionntóigh sé thart a' labhairt leis a' phobal i ndiaidh
a' tAifreann a bheith léighte aige. D'fhuagair sé go rabh
aithreacha naomhtha a' teacht a leithéid seo de lá agus go rabh
Gaedhilg aca. Thaobh sé leis an iomlán againn a theacht
chuig an mhision. Dubhairt sé linn go gcluinfimis sean-
móracha a thuigfimís. "B'fhéidir," ar seisean, "gur ab é
seo an chead áimear a fuair cuid agaibh le mur síothcháimh
mar ba cheart a dheánamh le Dia. Agus," ar seisean,
"b'fhéidir gur ab é an ceann deireannach é."
An oidhche a thoisigh an mision bhí teach a' phobail lán
ó chúl go doras. Bhí mé féin le m'athair an oidhche sin
agus fuaireamar áit thuas i n-aice na haltóra. Thoisigh
na daoine a phlódughadh isteach go dtí go rabh na suidheacháin
uilig lán agus an phasóid pacáilte agus sa deireadh nach
rabh áit leinbh folamh ó choirneál go coirneál a' toighe.
Tháinig sagart na paróiste amach agus dubhairt sé an
paidirín. Annsin chuaidh sé anonn agus shuidh sé i gcathaoir
a bhí thall i leath-taoibh, taobh istuigh de réalacha na hAltóra.
D'aithneochthá an oidhche sin go rabh áthas air. Agus ar
ndóighe bhí. Bhí sé annsin agus a' pobal cruinn thart air ó
dhuine liath go leanbh. Daoine nach rabh mórán aca acht
Gaedhilg agus nar chualaidh aon seanmóir ariamh ag mision
acht ceann nar thuig siad a leath.
Sa deireadh seo chugainn a' t-athair naomhtha. Fear
tanaidhe a bhí ann a rabh aghaidh dhóigheamhail air agus ceann
dubh gruaige. Rinne sé mion-chasachtach mar bhéadh sé a
réidhtiughadh a sgeadamáin agus thoisigh sé:
"I gyown desna hepistiliv doh scree Pole, Abstal
naifay, hun na Rivawnack, doh yin shay taggirt dosna
cusspoaree ahaw reektawnack hun shinnay doh lawnoo.
Iss shay an ched rud iss aigin doon a yeinoo egg tossnoo
yoon ar an mishoon so naw - ... naw... naw kest a hur
orring feinig caw veel ar dreel... "
Sin a' méid den tseanmóir atá liom. Ní bhéadh an
méad sin féin agam - nó níor thuig mé focal díthe - mur
bé stócach a bhí i ndiaidh a theacht as Baile Átha Cliath 'na
mhaighistir sgoile. Eisean a thug na cupla focal sin domh
fiche bliadhain is corradh 'na dhiaidh sin.
Mar dubhairt mé bhí sagart na paróiste 'na shuidhe
i leath-taoibh a' feitheamh leis a' tseanmóir toiseacht.
Tháinig coinnle ar a shúile le luthgháir nuair a chonnaic sé
an t-athair naomhtha a' teacht amach ar an altóir, annsin
tháinig mar thiocfadh iongantas agus uathbhás air. Mar
sgánnróchadh sé gur taom thobann a tháinig air a bhain éis-
teacht na gcluas de. Chrom sé un tosaigh agus rinne sé
leath-dhrod ar a shúile mar dheánfadh duine a bheadh ag cur
cruaidh air féin ag iarraidh toirt 'aithne eadar é is léas
i ndiaidh luighe gréine. D'fhan sé mar sin crom un tosaigh
tuairim 's ar dheich mbomaite. Annsin leig sé é féin
siar sa chathaoir agus tháinig an ghruaim sin air a thig ar
dhuine nuair a bhaintear mealladh trom as agus nach bhfághann
sé aige i n-áit na haislinge a chum sé dó féin acht saoghal
fann folamh.
D'fhan a' pobal annsin go foighdeach ar feadh leath-uaire
agus iad a' feitheamh le go dtoisigheadh sé i nGaedhilg.
D'aithin a' t-athair naomhtha nach rabhthar á thuigbheáil ro-mhaith.
Acht níor shamhail sé go rabh an sgéal comh holc is bhí go
dteachaidh sé un cainnte le sagart na paróiste i ndiaidh
a' pobal imtheacht.
Ar a' bhealach un a' bhaile chuaidh m'athair agus cupla
fear eile isteach toighe Chonaill Néill Óig a dheargadh a
bpíopa. Bhí Conall 'na luighe sa leabaidh agus bheannuigh
sé go lag-bhríghtheach don mhuintir a tháinig un a' toighe.
"Tá mé a' guidhe Dé go duthrachtach," ar seisean,
"ó chuala mé go rabh aithreachaí naomhtha a rabh Gaedhilg aca a'
teacht; ag iarraidh ar Dhia oiread de lúth na gcnámh a thabhairt
domh agus go dtiocfadh liom a' siubhal a dheánamh go teach a'
phobail go gcluininn aon seanmóir amháin i nGaedhilg sul a
bhfághainn bás. Acht," ar seisean agus tocht le haithne
air, "ní bhfuair mé m'athchuinge... Ar dtoil le toil
Dé," ar seisean bomaite beag 'na dhiaidh sin. "Creidim
go gcuala sibh seanmóir ar dóigh anocht?"
"Ní rabh seanmóir ar bith ann," arsa Conall Shéarluis.
"Sé rud a chaith sé an oidhche a' léigheadh ós ar gcionn."
"B'fhéidir," arsa Domhnall Catach, "gur Beannacht a'
Phápa bhí sé a thabhairt dúinn."
"Ní hé ar chor ar bith," arsa duine eile. "Ag deireadh
an mhision a bheir siad Beannacht a' Phápa uatha agus ní
bhíonn sé leath nó trian nó an ceathramhadh cuid déag comh
fada leis a' rud a bhí anocht ann."
"'Mhághnuis," arsa m'athair le Mághnus Tharlaigh
Thuathail; "tusa a shiubhail agus a chualaidh, goidé bhí sé
a rádh?"
"Níl 'fhios agam," arsa Mághnus, "acht mo bharamhail
gur Laidean a bhí ann."
"Shíl mé féin go mb'fhéidir gur Béarla a bhí ann," ars
Éamonn Ó Dochartaigh. "Dar liom go gcuala mé "naw"
go minic aige. Acht creidim dá mba Béarla bhéadh ann
go dtuigfeadh duine éigint a bheagán nó 'mhórán de."
Agus sin go díreach, nó a leath-bhreac, an rud a dubhairt
sagart na paróiste leis an athair naomhtha an oidhche sin
i ndiaidh an pobal imtheacht. Agus rinne siad amach go
mb'fhearr a deánamh i mBéarla ó sin amach. Ar feadh
coicthighise 'na dhiaidh sin bhí seanmóir Bhéarla achan oidhche
ann, agus a' taos-óg ag iarraidh bheith a' míniughadh do na
seandaoiní comh maith is tháinig leo.
Bhí go maith agus ní rabh go holc go dtí an oidhche dheir-
eannach. Tráthnóna Dia Domhnaigh a bhí ann fá chupla lá
de Lá Fhéil' Pádruig. Bhí an aimsir maith agus a' talamh
tirim. Agus le luighe na gréine bhí na bealtaigh dubh le
daoiní a' tarraingt go teach a' phobail.
Bhí mé féin sa tsiubhal an oidhche sin comh maith le duine,
nó bhínn suas le m'athair achan oidhche. Nuair a tháinig-
eamar go sean-teach na sgoile cé bhí annsin romhainn acht
Conall Néill Óig agus é 'na shuidhe ar chloich a' deánamh a
sgithiste. É tuirseach i ndiaidh a' bealach a chur thairis
aníos.
"Is ceart thú, 'Chonaill," arsa m'athair leis. "Tá
an Geimhreadh thart go cródha agat."
"An méid a d'fhág a' Geimhreadh 'na dhiaidh díom,"
arsa Conall, "bhéarfaidh an tEarrach leis é."
"Ní thabharfaidh nó duisín aca," arsa m'athair.
"Ó, faraor," arsa Conall, "tá na laethe caithte.
Acht go bhfághann duine urradh is aigneadh beag ó Dhia corr-
uair, tamall beag roimh n-a bhás."
Níor labhair sé an dara focal, acht éirghe go hanac-
aireach agus siubhal isteach ar gheabhta theach a' phobail agus
coiscéim trom mall-triallach leis.
Nuair a bhí an pobal cruinn dubhairt sagart na paróiste
an paidirín. Agus nuair a bhí sé ráidhte aige tháinig sé
anuas den altóir agus shuidh sé thall i leath-taoibh mar ba
ghnáthach leis. Bhí doras a' sacristí fosgailte agus ba é
an chead rud a thug mé féin fá dear an mhuintir a bhí ós a
choinne a' cogarnaigh le chéile agus cuma ar chuid aca go
rabh iongantas a' tsaoghail ortha.
"Sé atá ann gan bhréig," arsa bean amháin le bean
eile. "Aithnighim taobh a leicinn ar a mháthair."
"Ní hé ar chor ar bith," arsa an dara bean. "Nó
níl sé acht seachtmhain ó bhí mé 'dtoigh Shéamuis Ruaidh agus
ní rabh iomrádh ar bith aca go rabh sé i nÉirinn ar chor a'
bith."
Le sin féin seo amach ar an altóir é. Bhí sé bric-liath
sa ghruaig agus a aghaidh daithte ag an aimsir mar bhéadh
fear ann a mbéadh tamall fada caithte ins na tíortha teo
aige. Tháinig a' dubh-iongantas ar a' phobal nuair a chonnaic
siad é. Bhí cuid mhór den mhuintir óga nar aithin ar chor
ar bith é, nach bhfacaidh riamh é. Acht a' chead fhocal a labhair
sé d'aithin a' t-iomlán aca é.
D'amharc sé anuas ar a' phobal bomaite beag. Agus
annsin thoisigh sé:
"Níl 'fhios ar órduigh ar nDia beag dúinn a bheith
mar seo... Ar órduigh Sé dúinn seal beag dona a
chathamh ar a' tsaoghal seo faoi léan is leathtrom agus gan
i ndán dúinn i ndeireadh an lae acht a' bás agus an uaigh
agus dorchadas síorruidhe? Ar órduigh Dia dúinn a
ghabháil i gcionn a' tsaoghail mar rachadh fear agaibh-se
amach i mbád lá a mbéadh roisteacha gaoithe móire ann agus
an fhairrge ag éirghe ar an fhéar? Dearcaidh ar a' bhád
sin bomaite beag. An fhuireann a' troid go cródha leis a'
mhórtas. An bád dá crathadh ar bhárr tuinne mar bhéadh
blaosg ruacáin ann. A cuid crann a' criongán agus a'
cás-adhmad a' gliúrascnaigh le tréan na doininne..."
Na sean-iasgairí a rabh a saoghal caithte ar an fhairrge
aca, shuidh siad suas díreach ar na suidheacháin agus tháinig
coinnle ar a súile. Rinne bean osna throm thíos i n-aice
an dorais - bean ar báitheadh a fear fá Nodlaig roimhe sin.
"Rológaí fairrge a' teacht ar bórd uirthí agus í ag
éagcaoin mar bhéadh leanbh ann a bhéad i bpianaigh. Agus
gan cladach ar bith le tarraingt air. Gan rompa acht an
fhairrge mhór agus a' duibheagán. Gan i ndán dóbhtha acht
a' báthadh is cuma c'fhad a seolfaidh siad... an ordóchadh
aon duine a mbéadh trócaire dá laghad ann do fhuirinn ar
bith imtheacht ar a leithéid de astar? Agus an síleann
sibh go n-órdóchadh Dia na trócaire dúinn ar saoghal a
chathamh faoi léan agus faoi leathtrom agus gan ionnainn
acht biadh cnumhóg i ndiaidh ar mbáis?
"Sílidh daoine corr-uair go bhfuil dearmad deánta
ag Dia daobhtha. Nach bhfeiceann Sé i ngéibheann iad, nach
gcluin Sé ag éagcaoin iad. Acht ní hamhlaidh atá. Leig-
eann Dia dúinn pian agus ánródh agus brón 'fhulaingt ar a'
tsaoghal seo 'gheall ar a' bealach a réidhteach dúinn go
ríoghacht na glóire.
"Ar órduigh ar nDia beag dúinn a bheith mar seo, a
bhráithre? An dtearn sé gráinín na créafóige beo le
pian a' tsaoghail 'fhulaingt agus a' bás a shaothrughadh, agus
éirghe 'na ghráinín créafóige ar ais arís? Sílidh daoine
i n-amannaí gur bocht a' saoghal a gheall Dia dóbhtha. Acht
a' rabh aon duine riamh ann a fuair saoghal comh cruaidh
agus fuair Sé féin?"
Annsin thoisigh sé gur innis sé dúinn fá shaoghal a'
tSlánuightheora. Agus bhí an cuntas sin comh glinn agus
go bhfacthas domh go rabh mé ag amharc Air le mo shúile cinn.
Oidhche pholltach shneachta agus gan áit ag an Mhaighdean
Muire le n-a ceann a leagan. An chathair isteach uatha fá
n-a cuid solas is calláin is ollghárdais. Agus an Naoidh-
eanán ar dhual dó síol Éabha a shlánughadh a' teacht un tsaoghail
i gcró eadar dhá cheann eallaigh... Annsin tharraing
sé ar a' pháis agus a' bás ar a' chroich... "Go dtí go
rabh coim na hoidhche ann," ar seisean, "A chuid fola
tarraingthe, A lámha agus A chosa pollta, A chloigeann
stróctha agus A chliabhlach roiste... Go dtí sa deireadh gur
thuit A chloigeann anall ar A ghualainn agus gur éag Sé."
Ní rabh aon ghruadh thirim i dteach a' phobail a' t-am seo.
Agus chluinfeá cuid de na mná a' smeacharnaigh.
"Annsin," ars an t-athair naomhtha, "tháinig a' dor-
chadas agus a' duibheagán. Tháinig eagla ar na haspail
féin. Bhí Críost marbh agus dubhairt daoine saoghalta
nach rabh ann acht duine gan chéill. Níor bh'é Dia bhí ann
ar chor ar bith, dar leo, nuair nár smol Sé lucht a chéasta
an lá sin ar Shliabh Cealbharaí. Acht níor smol. Chan le
daoine a smoladh a tháinig sé as na Flaithis, acht le n-a
sábháil ar theinte síorruidhe Ifrinn. Leig Sé dóbhtha a chur
un báis tráthnóna Dia hAoine agus maidín Dia Domhnaigh
'na dhiaidh sin d'éirigh Sé ó mharbh.
"Bhí an saoghal dorcha Aoine a' Chéasta. Acht tháinig
loinnir ann maidin Domhnach Cásg. Loinnir a mhair ó shoin
agus a mhairfeas ar feadh na síorruidheacht'. Mar sin de
níor órduigh ar nDia dúinn a theacht un tsaoghail fá choinne
buadhartha agus ánróidh. Acht d'órduigh Sé dúinn a theacht
le sinn féin 'ollmhughadh fá choinne na glóire síorruidhe.
Ghní daoine dearmad de sin corr-uair nuair a bhídh siad
claoidhte amach ag buaidhreadh an tsaoghail. Tá siad mar
bhéadh an fhuireann ann a bhéadh ag imtheacht leis a' ghaoith
mhóir agus nach bhfeicfeadh a dhath rompa acht a' duibheagán
agus an fhairrge bhorb chraosach amach go bun na spéire.
Acht dearcaidh go géar amach fríd a' cháthadh agus tchífidh sibh
an ciúnas agus a' cuan anonn uaibh. Tráigheannaí geala
gainimh agus deallramh maiseach ar muir agus ar tír. Tá
an cuan sin ann, a cháirde. Agus ní chaillfear aon duine
den fhuirinn acht a' té ar cionntaí é féin leis. Is treise
le grásta Dé ar chathaidh an diabhail. Agus a' té iarrfas
grásta gheobhaidh sé í. Tá sin geallta dúinn ó bhéal Dé.
"Acht," ar seisean, "tá coingheall amháin riachtanach
leis a' ghlóir shíorruidhe 'fhágháil... Bás 'fhágháil ar staid
na ngrásta. Nuair a rachas t-anam i láthair a' Bhreith-
eamhnais má tá sé saor ó pheacadh tá sé sa ghlóir ar feadh
na síorruidheacht'. Acht má tá peacadh marbhtha air níl fá
n-a choinne acht Ifreann fad is bhéas Dia 'na Dhia.
"Acht ar orduigh ar nDia beag dúinn a bheith dár
ndóghadh i nIfreann ar feadh na síorruidheacht'? Cinnte
níor órduigh. Sé féin nar orduigh. D'fhág Sé toil shaor
againn ar ndóighe. Agus annsin gheall Sé a ghrásta agus
a thrócaire dúinn le cuidiughadh linn ar long a stiúradh go
cuan na glóire. Níl rud ar bith dá múineann an Eaglais
dúinn is mó bheir sólás do dhuine amannaí 'ná trócaire Dé.
Ní dhearnadh aon pheacadh riamh nach maitheochaidh Dia, acht
faoiside agus aithreachas a dheánamh, agus rún daingean a
bheith ag duine gan na hAitheantaí a bhriseadh go bráthach
arís. Is deas a' rud anam nár saluigheadh riamh le smál
pheacaidh. Is gile míle uair é 'ná sneachta na haon oidhche.
Tá sé comh háluinn i láthair Dé is nach bhfuil léigheadh nó
sgríobhadh nó innse béil air. Acht tá rud amhain eile atá
chomhair a bheith comh háluinn leis, mar tá an t-anam a glanadh
le hurnaighe agus le haithrighe agus le teinte Phurgadóra
'na dhiaidh sin go dtí nach bhfuil smál air acht oiread leis a'
leanbh a rugadh aréir...
"Tá dúil as Dia agam, a cháirde, go mbéidh mise
agus sibh-se agus an uile dhuine dár muintir ar dheis-láimh
a' tSlánuightheora Lá an Bhreitheamhnais. Ní leigfidh mé
aon lá thart fad is bhéidh mé beo gan an athchuinge sin 'iarraidh
díbh. Agus má tá aon duine agaibh annseo anocht a bhfuil
imnidhe ar bith fá n'anam air, cuimhnighidh ar thrócaire Dé.
Cuimhnighidh ar a' rud a dubhairt Sé féin leis a' ghaduidhe
a bhí a' fágháil bháis ar a' chroich ag n-a thaoibh. "Béidh tú
i bPárrthas indiu i n-aoinfheacht liom-sa." Béidh an t-iom-
lán agaibh sa ghlóir acht aithreachas a dheánamh. Acht cuimh-
nighidh nach ceart do dhuine an t-aithreachas sin a chur ar
gcúl go cionn bliadna, nó go cionn míosa, nó go maidín
imbárach. Tugamuis ár n-aghaidh ar ár leas anocht agus ar
gcúl le'r n-aimhleas, agus le cuidiughadh Dé béidh mise
agus sibh-se i bPárrthas i n-aoinfheacht Leis indiaidh ar
mbáis."
Ins an am seo bhí na céadtaí cruinn taobh amuigh den
doras. An chuid nach rabh bealach isteach aca chualaidh siad
ó'n mhuintir a bhí i n-aice an dorais gur bh'é athair naomhtha
an bhaile s'againne bhí ann. Chuaidh an sgéala ó dhuine go
duine agus ó theach go teach. Agus nuair a bhí an tseanmóir
thart bhí na céadtaí cruinn fá theach a' phobail. Bhí 'fhios
sin ag an athair naomhtha agus d'iarr sé ar a rabh istuigh a
ghabháil amach, sa chruth is go mbéadh an t-iomlán rann-
pháirteach i ndrod a' mhision.
Nuair a bhí an t-iomlán againn amuigh dar leat go rabh
lucht thrí bpobal cruinn i gcuideachta a chéile ann. Bhí
oidhche ann comh deas agus tháinig le cuimhne na ndaoine.
Oidhche smúid-ghealaighe, é bárr láin-mhara agus gan 'fhios
agat cé an taobh a rabh an ghaoth.
Tá teach a' phobail 'na shuidhe ar laftán ós cionn na
caslach. An roilig ar a' leath-mhalaidh suas uaidh. Na
cnuic 'na bhfáinne thart ar do chúl. Agus gaoth na Brághad
'na luighe romhat amach síos go dumhchannaí geala na Maol
Fionn.
Tháinig a' t-athair naomhtha amach agus sheasuigh sé ag
doras theach a' phobail. D'iarr sé orainn ar gcuid coinneal
a lasadh go dtugamuis móide ar mbaiste. I gcionn
bomaite bhí dhá mhíle solus ar thaoibh na malacha ós cionn a'
chladaigh, agus a oiread eile amuigh thíos fút i ndoimhneacht
na fairrge. Ins na soluis a bhí san fhairrge ba mhó a chuirfeá
iongantas. Bhí siad mar bhéadh siad 'fhad uait leis na
réalta, agus iad le feiceáil go soiléir agat san am
chéadna. Chonnaictheas domh féin nar sholuis shaoghalta iad
ar chor ar bith acht soluis na bFlaitheas. Chonnaic mé
sgáile theach a' phobail fosta thíos fúm. Agus a' roilig fá
n-a coillidh chros. Acht ní chuirfeadh roilig eagla nó uaig-
neas ar bith an oidhche sin orm. Chonnaictheas domh nach rabh
ann acht áit ar fhág daoine dorn beag créafóige mar
chuimhneachán nuair a bhí siad ag imtheacht go Ríoghacht na
Glóire.
Thug a' t-athair naomhtha Beannacht a' Phápa dúinn,
agus a bheannacht féin. Annsin thóg sé a lámh ós ar gcionn
agus d'éalóigh sé isteach ar lorg chúl a chinn go dteachaidh
sé as ar n-amharc i ndoiléireacht a' dorais.
Cupla lá 'na dhiaidh sin a fuair Conall Néill Óig bás.
Bhí an t-athair naomhtha ag colbha na leabtha aige gur fhág an
anál é. Aimsir dheas Earraigh bhí ann, samharcáin a'
gobughadh aníos fá bhruach na mbeann agus an fhairrge comh
ciúin le clár amach go bun na spéire. Ní dhearnadh obair
ar bith ar a' bhaile an dá lá bhí Conall ar lár. Agus níor
thráigh teach na faire acht é lán ó chúl go doras 'rith an ama
sin. Bhí an t-athair naomhtha annsin bunadhas a' dá lá
agus é a' cainnt is a' comhrádh le seanfhundúirí an bhaile.
Dá mba am ar bith eile a gheobhadh Conall Néill Óig bás
bhéadh croidhe cráidhte ag óg is ag aosta i Rann na Feirste
'na dhiaidh. Acht ní rabh cumhaidh nó buaidhreadh orainn na
laethe sin. Chonnaictheas dúinn nach rabh ann acht gur imthigh
sé anonn tamall beag romhainn, agus nach rabh ann acht seal
beag gearr go mbéimis i n-aoinfheacht leis i bPárrthas.