“Storm Troops” na Connlanntaise Ní'l sa Chonnlannt ach tír bheag bhaoideach nach bhfuil comh mór le conndae ar bith de chuid na h-Éireann. Ar an taoibh thoir de'n Ghearmáin atá sí. Ach ní bhéadh a fhios agam fhéin go rabh a leithéid ann, ar chor ar bith, mur b'é Séarlaí_na_h-Eiteógaighe. Tá bád spéire ag Searlaí, agus i dtrátha na Bealtaine seo chuaidh thart thug sé leis mé sa bhád, agus stad spéire nó mór-chomhnuidhe ní thearn sé go rabhamar thoir sa Chonnlannt. Fear mór teangthach é, mar Searlaí,agus tá suim ar leith aige san obair atá muinntir Chonnlannt a dhéanamh le n-a dteangaidh dhúthchais fhéin a shábháil. Na, dálta mar tá an Béarla ag fagháil treis ar an Ghaedhilg i n-Éirinn, tá teangaidh Chonnlannt faoi chrann smola ag an Ghearmáinis. Cibé ar bith, bhí Searlaí i ndiaidh leitir a fhagháil ó fhear dá bhfuil i bpríomh-chathair Chonnlannt. Dubhairt an fear seo go rabh dóigh fáighte amach aca fá dheireadh leis an teangaidh náisiúnta a chur chun cinn agus an Ghearmáinis a ruagadh glan amach as an tír. Ní rabh faill aige a innse caidé mar d'oibeóraidhe an scéim, dubhairt sé; ach d'iarr sé ar Searlaí ruaig a thabhairt soir agus bheith i gcathair Chodóibhscí, a leithéid seo de lá. Bhíthear leis an scéim a chur ar obair, an lá sin. Nidh nach iongnadh, ní thearn Searlaí neamart ar bith ins na gnaithe. Chuir sé an bád spéire i ngléas, agus d'iarr orm fhéin ghabhail leis. Chuaidh. Ag gabhail soir trasna na h-Eórpa dúinn, d'innis Searlaí cuid mhór domh fá'n dóigh a bhfuil teangaidh Chonnlannt. Dubhairt sé nach bhfuil aon dadamh is fiú dí dhá labhairt ach in dhá n-áit — Thiarscaí agus Thíoscaí. Ach d'fhéadfaí bheith i rith do shaoghail i n-áit ar bith aca sin agus gan aonduine a chluinstin ag cainnt sa Ghearmáinis. I dtaca leis an chuid eile de'n tír de, is í an Ghearmáinis a labhaireann na daoine uilig — amach ó bhaicle bheag atá i gcathair Chodóibhscí. Cuid aca sin, thainig siad ar sheanduine aosta i mbaile a dtugtar Malscaodscaí air, agus rinne siad amach go mb'fhiú a oiread fhéin de ór é. Dubhairt an sean- duine seo gur chuala sé Connlanntais dhá labhairt ag n-a mháthair mhóir, agus bhí dornán beag ráidhteacha aige fhéin dí. Ach an Chonnlanntais a bhí ins na ráidhteacha sin, ní mó ná go n-aithneóchá eadar í fhéin agus an Ghearmáinis. Eadar thuaimeannaí agus ghraimear agus gach aon chinéal eile, ní thiocfadh leat a rádh go rabh sí fhéin agus an Ghearmáinis ní b'fhaide amach ó chéile i ngaol ná an dá ua. Ach, a dhuine chroidhe, níor locht ar bith sin uirthe! Níor bh'eadh ach a athrach — de réir mar dubhairt baicle Chodóibhscí. B'fhusa i bhfad sin 'fhoghluim ná an Chonnlanntais chruaidh a bhí ag muinntir (Thiarscí nó ag muinntir Thíoscí. Agus rud eile de — agus níor bheag an rud é — thiocfadh leó fhéin uilig bheith ina n-“ollamhan re Malscaodais.” (Ba é sin an t-ainm a bhí ar an chanamhaint bhriste a bhí ag an tseanduine, tá a fhios agat.) Duine géar-chúiseach Searlaí, agus dubhairt sé liom nar bh'iongantach leis ar chor ar bith lucht na Malscaodaise a bheith i mbun an scéim úir seo. Agus níor mheath a bharamhail air. Ach cluinfidh tú. Ag tarraingt comhgarach do chathair Chodóibhscí dúinn thugamar fá dear na slóighte síorraidhe ag déanamh ar pháirc mhóir a bhí i n-imeall na cathrach. “Dar fiadh!” arsa Searlaí, “fhobair go mbéamuis mall. Cuirfidh mé geall gur sa pháirc a chuirfear tús ar an scéim. Is fearr dúinn tuirlingt.” Rinneamar amhlaidh, agus tharraing ar an áit a bhfacamar na slóighte ag tabhairt a n-aghaidhe. Bhí árdán mór adhmaid curtha suas annsin, agus bhrúigheamar isteach comh deas do sin agus thainig linn ghabhail. Chuir Searlaí forrán ar dhuine dá rabh ann agus d'fhiafruigh de caidé bhí ar cois. Bhí cuma ar an fhear seo go rabh suim mhór aige ins na gnaithí, agus níor cheil sé eólas ar bith orainn. Dubhairt sé go rabh muinntir Chonnlannt, bunadhas uilig, cruinn sa pháirc. H-órduigheadh daobhtha theacht ann go dtí go dtaisbeánaidhe daobhtha comh furas agus bhéadh sé aca an Ghearmáinis a dhíbirt de thairbhe an scéim úir. Muinntir Thiarscaí agus muinntir Thíoscaí, bhí siad ann comh maith le dream ar bith eile. Ba iad a ba mhó bhí fá'n áit a rabhamar fhéin, dubhairt an fear. Ach ní fhuair sé an scéal a chríochnughadh. Thainig oibriughadh ar shluagh na ndaoine; bhrúigh siad isteach ní ba chomhgaraighe, agus le sin chonnaiceamar scaifte ollamh ag gabhail suas ar an árdán. Tuairim 's ar leath-scór a bhí siad ann, agus bhí beirt fhear ag iomchur barra lámh i ndiaidh gach uile dhuine ariamh aca. Bhí moll de rudaí mar bhéadh miasa stáin ann ar gach aon bharra aca, agus fágadh síos ar an árdán go h-iongantach faithchilleach iad. Bhí dhá rud mar bhéadh dhá chuinneóig ann i lár báire agus dhá shaighdiúir ghá ngárdáil. Ní rabh a fhios agam fhéin nó ag Searlaí faoi'n spéir cad chuige a rabhthar de na rudaí seo, agus chuireamar ceist ar an fhear ar labhair Searlaí leis roimhe sin. “Miasa cainnte na rudaí sin atá ar an barraí lámh,” arsa seisean. “Tá gach aon mhias aca sin lán de'n teangaidh náisiúnta, agus ní'l le déanamh ach ceann ar bith aca a chur sa chuinneóig agus canfaidh sí léithe comh binn leis na cuacha.” Ach, leis an scéal fhada a dhéanamh goirid, fuagradh i nGearmáinis go ndéanfadh beirt de na h-ollamhain a gcomhrádh i Malscaodais “trés na miasa.” Ar an aimsir a labhairfeadh siad an chead uair. Thug gach aon fhear aca leis mias agus chuir ina chuinneóig fhéin í. Agus le sin thoisigh an comhrádh. Bhí fear amháin ann, agus ba é an obair a bhí aige-sean innse i nGearmáinis caidé bhí na miasa a rádh; agus bhí gach aonduine ag furachas go dian go labhaireadh sé sin. Dubhairt an chead mhias a smachladh fhéin agus annsin chuir an fear teangtha Gearmáinis air. “Is breagh an lá é, buidheachas do Dhia,” ar seisean. Dubhairt an dara mias cibé bhí le rádh aice fhéin agus labhair an fear teangtha ath-uair. “Seadh, go díreach,” ar seisean. “Aimsear iongantach fhliuch í.” Baineadh búithre gáire as na cuilcigh a bhí ina seasamh dár gcomhair, agus d'imthigh mionna mór ar an fhear udaí a bhí ag tabhairt an eólais dúinn. “Tá rud éigin cearr,” ar seisean. “Chuir an dara fear an mhias chontráilte sa chuinneóig. Mias an bhoglaigh a chuir sé isteach i n-áit mhias an triomlaigh… Há! Bhí a fhios agam. An bhfeiceann tú? D'fhág siad an dá mhéis sin i leath-taoibh, agus tá siad ag cuartughadh dhá cheann eile a bhéas ina bpéire cheart. Agus níor bh'iongantach liom iad meangcóg eile a dhéanamh, na tá cuma ortha bheith fríd a chéile go mór.” Ní rabh ann ach gur chualamar caidé dubhairt sé, na bhí an dubh-thútarnach ag na diúnlaigh — ag muinntir Thiarscaí agus ag muinntir Thíoscaí. Ach shíothlóidh sin cinéal beag ar ball agus fuagradh go rabh na h-ollamhain ag brath toiseacht arís agus gur ar ghnaithe barr a labhair- feadh siad, an iarraidh seo. Labhair mias aca, agus labhair an fear teangtha ina diaidh. “An bhfuil na prátaí go léir bainte ag do dhaid-ó?” ar seisean. An gháir a d'éirigh annsin, bhí sé níos fearr na bheith measardha. Leig fear amháin scairt as comh h-árd 's bhí ina chloiginn, agus d'innis Searlaí domh caidé dubhairt sé: “Dar fiadh!” ar seisean, “caithidh sé gur tír luath an áit ar b'as do dhaid-ó. Is goirid curtha agam fhéin iad, 's gan bheith ag cainnt ar iad a bhaint.” Bhí an gleó comh mór, an t-am seo, agus nar chualamar an dara mias ag cainnt ar chor ar bith, agus mur b'é go rabh adharc mhór ag an fhear teangtha le n-a bhéal, ní chluinfimis eisean ach oiread. “Sitric do righne é,” ar seisean. “Bulaidh fir Sitric!” scairt seanduine mór gairbh- dhéanta. “Is é dhéanfadh na préataí a bhaint!” Char bhéicfeach agus char thútarnach go dtí sin é. An rud a bhí ann, thógfadh sé an chloigeann de'n cholann agat. Agus rud a ba mheasa ná sin, thoisigh an sluagh a bhrúghadh isteach fá'n árdán agus cuma ortha go rabh diabhlaidheacht mhór éigin faobhtha. “Seo, a stócaigh!” arsa Searlaí liom fhéin. “Bain- fimid ar shiubhal amach. Ní'l a fhios caidé an deireadh a bhéas ar seo, agus támuid-inne i n-ár strainseirí.” Chuamar sa bhád spéire agus bhog linn chun siubhail. “Caidé do bharamhail de'n scéim?” dubhairt mé fhéin le Searlaí i gcionn tamaill bhig. “Bliadhain ó indiú,” ar seisean, “agus ní bhéidh aon fhocal Gearmáinise fágtha i mBerlin fhéin.” FRÁSAÍ níor mheath a bharamhail air: his guess was accurate cad chuige a rabhthar de na rudaí seo: why were they using these thing