An Stát a' Marbhadh na Gaedhilge Niall Ó Dochartaigh An t-Ultach 12:10 lgh 4–5 Bhí mé i nGaedhealtacht Thír-Chonaill seal mo chuarta ar a' tsamhradh s' chuaidh thart. Ní rabh mé annsin le deich mbliadhna roimh sin, agus is iomdha áthrach a tháinig ar an áit eadar a' dá am. Agus tháinig a lán-cheart féin den áthrach sin ar a' Ghaedhilg. Is mór a mheath sin ó thoisigh an riaghaltas s'againn féin 'á “cur chun cinn” ins na sgoltacha. Chan a' rádh atá mé nach bhfuil oiread daoine 'a labhairt anois agus a bhi an uair dheireannach a bhí mé an bealach sin. Acht tá an t-aos óg uilig ar shéala bheith millte ag na sgoltacha. Tá an Ghaedhilg ciotach briste brúighte chomhair a bheith glan as aithne ag cuid aca. An uair dheireannach a bhí mé thíos rinne mé cuid mhór cuartaidheacht' agus áirneáil i dteach a bhí ann. Bhí gasúr beag chúig mbliadhan sa teach sin agus chonnaictheas domh go rabh sé ar chainnteoir Gaedhilge de n' aois comh maith agus chuala mé riamh. Níl duine ar bith a gcluinfeadh é nach gcuirfeadh sonnrughadh ann. Bhí dhá bhuntáiste ag an ghasúr seo, mar bhí duthchas agus oileamhain. Bhí an mhuintir a tháinig roimhe gortha sa phobal as a gcuid Gaedhilge agus seanchuis. Le n-a chois sin tógadh an gasúr 'dtoigh n'athara móire agus níor chualaidh sé ó tháinig ann dó acht a' chuid a b'fhearr den Ghaedhilg. Bhí mé ar a' bhaile sin i mbliadna agus fuair mé mo ghasúr ag éirghe aníos 'na leath-stócach. Agus, 'Athair Shíorruidhe, an bhail a bhí ar a' duine bhocht indiaidh deich mbliadna bheith caithte aige a' foghluim Gaedhilge faoi Hóm Rúl! Chuir sé tocht orm nar sgar liom ó shoin. Thug sé in mo cheann dealbh áluinn a mbéadh uasgán salach a' cumailt labáin díthe agus é i n-ainm a bheith ag cur tuilleadh maise uirthí. “An a' magadh orm atá an gasúr?” arsa mise leis an athair-mhór eadar sin is tráthas. “Nó an Gaedhilg a chum sé dó féin atá aige?” “Gaedhilg a cumadh dó,” ars an seanduine. “An abair tú sin liom, a Mhicheáil?” arsa mise. “Deirim,” ars an seanduine. “An sgoil a d'fhág a' gasúr sin gan bhéal gan teangaidh mar chluin tú é.” “Agus, a Mhicheáil —,” arsa mise. Acht bhain a' seanduine an píopa as a bhéal agus d'amharc sé go glinn orm eadar a' dá shúil, agus d'aithin mé go rabh sé a' brath cupla focal a rádh ar bh'fhiú éisteacht leo. “Bhí mise tamall ar a' sgoil,” ar seisean. “Cupla geimhreadh a chaith mé a' tarraingt go Loch-a-Mhuilinn. Bhí maighistir ann a rabh leath-phluc atthaí air agus bhí ‘pluicín’ mar leas-ainm air. Bhí sreangán thart ar mo mhuineál agus cipín crochta as. Ghearrtaidhe iog sa chipín achan uair a gcluinfidhe a' cainnt i nGaedhilg mé. Agus bhuailtidhe a luach orm nuair a bhéadh an t-seachtmhain caithte. Acht níor chuir sin cúl ar bith ar mo chuid Gaedhilge. Níor chaill mé aon fhocal díthe agus ní chaill- finn dá mbíodh cipín ‘phluicín’ fá mo mhuineál agus a bhata le mo chaol-druim ó'n lá sin go dtí an lá indiu. Ní rabh na sgoltacha i n-innimh dochar ar bith a dheánamh don Ghaedhilg ariamh gur thoisigh siad uirthí leis a' phrácas seo atá ins na leabharthaí.” Dar liom féin, tá dona go leor má's mar sin atá an Ghaedhilg a' “dul chun cinn.” Annsin smaoitigh mé ar chainnt a dubhairt Easboc Rath-Bhoth ag Feis Thír Chonaill ar na mallaibh. Dubhairt an t-Easboc — do réir na bpáipéar — dubhairt sé nach rabh fhios aige cad chuige a rabh riaghaltas a bhí i n-ainm an Ghaedhilg a shábháil, nach rabh fhios aige cad chuige a rabh siad ag iarraidh cos-i-bpoll a chur leis a' Ghaedhealtacht ba mhó agus ba neartmhaire sa tír. Cupla lá 'na dhiaidh sin siud isteach go teach na sgoile mé. Ní rabh mé i bhfad annsin go dtug mé fá dear go rabh tréan Gaedhilge ag an mhaighistir agus é ar a dhicheall ag iarraidh na páistí a sheoladh ar bhealach a leasa. Chuaidh mé féin is é féin un comhráidh. “Níl neart agam air. Tá a' Ghaedhilg a' meath agus a' lóbhadh os coinne mo dhá shúl,” ar seisean, “agus gan mé i n-innimh tártháil a thabhairt uirthí.” “Agus goidé is cúis le sin?” arsa mise. “Na leabharthaí,” ar seisean. “Na leabharthaí.” “Agus cad chuige nach sgríobhann muintir na Gaedhealtacht leabharthaí maithe?” arsa mise. “Is leamh atá do cheann ort,” ar seisean. “Ní ghlacfaidh Aireacht an Oideachais le leabhar ar bith acht a' gramscar sin a tchí tú annsin agus a mhacasamhail féin eile.” Annsin shín sé a mhéar chuig leabhar a sgríobh Cigire Mac a' Chigire, M.A., H.Dip., etc. “É sin agus a mhacasamhail a leagfas amach na leabharthaí a bhéas ins na sgoltacha. Agus nidh nach iongnadh níl seans ar bith ag leabhar as a' Ghaedhealtacht.” Sin mar tá an Ghaedhilg ag “dul chun cinn” ins an Ghaedhealtacht. Sin mar tá sí i sgoil a bhfuil sgoith na Gaedhilge ag an mhaighistir. Agus nuair is amhlaidh, goidé mar is cóir díthe a bheith an áit nach bhfuil na maighistrí a dhath níos fearr ná na daoine atá a' sgríobhadh na leabharthach? Chuir mé tuilleadh seanchuis fá ghnoithe na leabharthach. Agus fuair mé amach an méid seo le cois a rabh fhios agam. 'Sé an bharamhail atá ag sgríbhneóirí na Gaedhealtacht' nach nglacfadh Aireacht an Oideachais le leabhar ar bith acht an prácas atá fá Bhaile-Átha-Cliath. Mar sin de, is doiligh le duine ar bith a chuid ama a chur amudha le leabhar. 'Na dhiaidh sin b'fhéidir go rachadh corr-dhuine i n-a cheann eadar lom is laimirne. Acht tá carraig eile sa bhealach aca. Ní léighfidh oifigigh an Oideachais ádhbhar leabhair ar bith gan é bheith cló-sgríobhtha. Chaithfeá an leabhar sgríobh' ar tús agus deich bpunnta a íoc as do phóca féin le n-a chló-sgríobhadh. Agus gan ann acht greim ar ruball easgoinne cé aca ghlacfaidhe í nó nach nglacfaidhe. Sin a' dóigh a bhfuilthear a' marbha na Gaedhilge ins na sgoltacha. Is mó an dochar atá an gramscar oifigeamhail atá ins na leabharthaí a dheánamh díthe, is mó sin míle uair ná an dochar a rinne an Béarla ins an am a chuaidh thart. Is measa é 'ná an cipín a bhí fá mhuineál ar sinnsear. Is measa é 'ná Eilis agus 'ná Cromul. Is mó an dochar atá sé a dheánamh don Ghaedhilg 'ná a rabh de ghéar-leanamhaint orainn leis na céadtaí bliadhain. Is fuide an saoghal a bhéarfadh an Ghaedhilg léithe faoi an fhear a thug iarraidh a díbirt go h-Ifreann nó go Connachta, is fuide sin 'ná faoi Riaghaltas a' tSaorstáit. Thug sí a ceann ariamh as gach gleo fear gur toisigheadh á “cur chun cinn i gcúrsaí oideachais.” Tugadh iarraidh a díbirt le teinidh is le h-arm, le gorta is le géar- leanamhaint, le reacht stáit agus le rith cogaidh. Agus tháinig sí beo as a' ghéibheann ariamh gur thoisigh an stát á “sábháil.” Ba deacair a marbha le lámh láidir. Chruthuigh sí féin gur dheacair. Is iomdha buille trom a buaileadh uirthí. Is iomdha sleagh nimhneach a sáitheadh inntí. Is minic a thug sin in mo cheann cruinniughadh daoine a bhéadh i bpobal agus a dtiocfadh baicle thréamanta ortha le teinidh is le h-arm. Mhuirfidhe mórán aca. Loitfidhe cuid eile aca. D'fhágfaidhe cuid aca eadar bás is beatha. Acht d'imtheochadh corr-dhuine aca slán as a' ghleo. Agus d'imeoradh a gclann agus clann a gcloinne díoghaltas ar na creachadóirí lá b'fhuide anonn. B'fhusa a gclaoidhe ar dhóigh eile. Teacht ortha le béal-bán is le carthannas. Deoch a thabhairt dóbhtha a rachadh fríd na cuisleanna aca. Deoch nach muirfeadh go tobann iad acht a d'fhágfadh spadánta gan bhrigh gan spriolladh, gan luth gan lathair iad. Sin mar táthar a' marbha na Gaedhilge. An Riaghaltas a' tabhairt nimhe díthe agus a' cur i gcéill gur íocshláinte atá ann. I n-ainm Dé stadadh siad de dheánamh ealadha- mhagaidh de'n méid de Éirinn a mhair d'aindeoin Chromuil. B'fhéidir nach dtiocfadh leo an Ghaedhilg a shábháil i ndiaidh a ndicheall a dheánamh. Acht thiocfadh leo sin a aidmheáil go fiúntach agus is mó an meas a mbéadh ortha ag an chuid againn a thuigeas Gaedhilg. Ag iarraidh an Ghaedhilg a shábháil má's fíor dóbhtha féin agus iad 'na ndearg-námhaid ag an méid sin den Ghaedhealtacht ar fiú trácht uirthí — Connachta agus Cúigeadh Uladh. Ní thiocfadh le tachrán ar bith as ceachtar den dá Ghaedhealtacht sgrúdú dá laghad a sheasamh gan dhá theangaidh coimhthigheacha a fhoghluim. Caithfidh se Béarla a fhoghluim agus le n-a chios sin an prácas gránda atá ag an mhuintir a bíos a' cur na gceisteann air. Cuir i gcás gur mhaith leis a bheith 'na mhaighistir sgoile. Gheobhaidh sé oiread den ghramscar ins an bhun-sgoil agus a bhéarfas goile-salach dó. Caithfidh sé sin a fhoghluim agus caithfidh an maighistir a theagasg má's mian leis maith a dheánamh sa sgrúdughadh. Annsin rachaidh sé isteach i gceann de na “Coláistí Ullmhucháin” agus líonfar a mhiadal den bhréantas sin ar feadh cheithre mbliadhan. Agus nuair atá an duine bocht i ndeireadh na péice cuirfear isteach i gColáiste Múinteoracht' é, go ndeanaidh sé an méid miodamuis atá caithte aige 'athchognadh “ass gayling.” Nach neamh-iongantach tonn-thaoscach a bheith ar a' duine- bhocht nuair a shroichfeas sé deireadh an astair. Neamh- iongantach oiread de mhí-ghnaoi agus de an-chuma bheith air agus nach n-aithneochadh a mháthair féin é. Tá cainnt thréamanta go maith ráidhte annseo agam. Cuirfidh sé iongantas ar chuid mhór daoiní. Is minic a chuireas a' “t-Ultach” iongantas ar dhaoiní. Níl páipéar ar bith eile i nÉirinn cosamhail leis. Tá an chuid eile uilig aca sásta leis a' dóigh a bhfuil a' Ghaedhilg “ag dul chun cinn.” Tá an gramscar amháin uilig ionnta agus gan cuma ortha go bhfuil dáimh ar bith aca leis a' Ghaedhealtacht nó ciall aca díthe. Mar sin de tá daoine ann agus síleann siad gur páipéar aistidheach “An t-Ultach.” Rud aistidheacht fear ar a bhonnaí ag sgaifte nar eírigh ariamh ó n-a nglúine. Acht má shíleann duine ar bith go bhfuil annseo agam acht lom-chnámh na fírinne, bhéarfaidh mé liom cupla ceist as sgrúdughadh ar bith dá mbíonn ag an riaghaltas ó cheann go ceann na bliadna. Agus cruthóchaidh mé nar labhair aon mhac Gaedhil ariamh sa chanamhaint sin ó'n chead bheirt a rinne tamall comhráidh le chéile fá bhruach an Easa Ruaidh na mílte bliadhain ó shoin. Cruthóchaidh mé do dhuine ar bith ar mian leis an rud atá ins an mhór-chuid de na leabharthaí nach Gaedhilg ar chor ar bith é. Agus má théid na cigirí a bhagar dlighidh orm — bhail réidhtighidh an t-urlár go mbuailidh mé oiread ortha agus ghlanfas a' smál dheireannach pheacaidh de m'anam