Sean-Ghnás Mhuinntir Mhusgrave The Musgrave Ritual, as "Eachtraí Sherlock Holmes", ar chuir Proinnsias Ó Brógáin Gaedhilg uirthi, 1936 Is minic a rinne mé iongantas de thréith bhig aistigh a bhí i Sherlock Holmes. Bhí sé ar fhearaibh beachta an domhain de thairbhe smaointighthe, agus bhíodh sé deismear go leór, i n-a dhóigh fhéin, de thairbhe cóirighthe; ach bhí sé comh h-amsgaidhe sin i nósa eile agus go gcuirfeadh sé i mbárr a chéille fear ar bith a bhéadh ar lóistín ina chuideachta. Ní de mo nádúir féin bheith iongantach órdamhail, agus ní móide m'órdamhlacht an tamall de shaoghal gharbh a chaith mé i n-Afghanistan. Mar sin de, bím níos réidh- chúisighe, ar a lán dóigh, ná mar is cóir do dhochtúir a bheith. Ach ní thugaim cead mo chinn damh féin glan, agus nuair a tchím fear a choinnigheas a chuid saigeár i mbocsa an ghuail, agus a chuid tobaca i mbárr a chuid asa seomra, agus na litreacha nach dtug sé freagraí ortha greamuighthe le sgian phóca i gceart lár an adhmaid ós ceann na teineadh, nuair a tchím a leithéid sin, bím ag déanamh gur b'airidh air achmhusán nár thuill mé féin ariamh. Rud eile, fosta, bhí mé de'n tuairim ariamh gur amuigh faoi'n spéir an áit ag duine le cleachtadh piostal a sgaoileadh; agus nuair a bheireadh Holmes leis a mhion- piostal agus bocsa céad pileár agus shuidheadh sé ina chathaoir shómais, agus toiseacht a dhéanamh V.R. deas le puill urchar ar an bhalla ós a choinne, ní thiocfadh liom gan a bheith aingidhe leis, nó d'fhágadh sé droch-chuma ar an tseomra gan trácht ar an droch-bholadh a thógadh an toit. Bhí ár gcuid seomraí lán drug, agus neithe beaga eile a bhain le coirthe, acraí beaga a chuirtí go minic i n-áiteacha nár cheart daobhtha a bheith agus a gheibhthí arís i soitheach an ime, nó i n-áiteacha ba neamh- fhóirstinighe ná sin féin, b'fhéidir. Ach b'iad cuid páipeár Holmes ba mhó a bheireadh buaidhreadh damh. Ní leigfeadh a chroidhe dó páipeár ar bith a chur ar ceal, go h-áirighthe páipeáir a rabh baint aca le sean-cháis ar chuidigh sé a réidhteach. Ach, d'aindeóin an fuath sin a bheith aige ar a gcur ar ceal, ní fhaghadh sé uchtach a gcur i dtaisgidh fá eagar ach uair i gcionn achan chúpla bliadhain, nó mar sin. Mar dubhairt mé cheana féin, i n-áit éigin sa stair ghearr seo, nuair a bhíodh Holmes i gceann na ngníomhartha ion- gantacha a d'fhág a ainm i mbéal an tsaoghail, ní bhíodh tuirsiú le déanamh air, ach nuair a bhíodh an obair déanta aige bheireadh an fhallsacht air. Luigheadh sé annsin agus a bheidhlín agus a chuid leabhar aige, agus chomhair a bheith nach ndéanadh sé siubhal ar bith ach eadar an tábla agus an sínteán. Bhíodh a chuid páipeár ag cruinniú mí ar mhí, mar sin, go dtí go mbíodh gach cúinne de'n tseomra lán beairtíní nach leigfeadh an eagla do aonduine a gcur i dtaisgidh ach an fear ar leis iad. Oidhche amháin gheimhridh agus sinn i n-ár suidhe ag an teinidh, dar liom féin go bhfeic- finn goidé mar ghlacfadh sé é, dá molainn an dá uair a bhí fágtha againn a chur isteach ag cur ár seomra bhig fá eagar éigin a d'fhuígfeadh cuma ní b'fhiúntaighe air. Ní thiocfadh leis a shéanadh go rabh sin de dhíth air, ach bhí stramhas mhí-shásta go leór air ag imtheacht go dtí n-a sheomra leabtha. Ní rabh sé i bhfad ar shiubhal go dtáinig sé arais agus bocsa mór stáin leis dhá tharraingt ina dhiaidh. D'fhág sé an bocsa i lár an urláir, agus shuidh sé síos ar stól bheag ag a thaobh agus thóg sé an clár de. Thiocfadh liom a fheiceáil go rabh sé trian lán de bheairtíní páipeár ann cheana féin, agus gach beairtín aca ceangailte le píosa de shreangán dhearg. "Tá cáis go leór annseo, a Watson," ar seisean, a' mo bhreathnú go rógánta. "Tá eagla orm, dá mbíodh fhios agat leath a bhfuil sa bhocsa seo, gur ag iarraidh orm cuid aca a bhaint amach a bhéitheá in áit tuilleadh a chur isteach." "Creidim gur b'iad sin na cunntaisí ar an chéad chuid de do chuid oibre, mar sin?" arsa mise. "Is minic a smaointigh mé gur mhaith liom nótaí a bheith agam ar na cáis sin." "Is iad, a mhic. Thoisigh mé cineál luath ar chuid aca seo, sul a dtáinig stairthidhe ar bith le bheith a' mo mholadh," ar seisean, agus é ghá dtógáil amach, beairtín i ndiaidh beairtín, go cúramach. "Níor éirigh siad uilig liom, a Watson," ar seisean, "ach tá cuid aca a bhfuil ceisteanna beaga deasa ionnta. Seo cunntas ar na dúnmharbhtha úd Tarleton; agus cás Vamberry, an ceannaidhe fíona; agus eachtra na sean-mhná as an Ruis; agus cunntas ar an cheist ait sin fá'n chroisín aluminium. Tá cunntas iomlán, fosta, ar Ricoletti na coise maide agus ar a rógaire mná. Ach fan - 'seadh, tá sé agam! Seo rud nach dochar a rádh go bhfuil sé cinéal beag recherché." Chuir sé a lámh síos go dtí tóin an bhocsa agus thóg sé aníos bocsa beag adhmaid a rabh clár sleamhnuighthe air, cosamhail leis an chineál bocsaí a bíos ag páistí le bréagáin a choinneáil ionnta. D'fhosgail sé é agus tharraing sé amach píosa de pháipeár a bhí cruptha, casta, agus sean-eochair práis, cipín adhmaid a rabh ceirtlín de shreangán air, agus trí shean-phláta bheaga miotail. "Cogar, a mhic, goidé do bharamhail de'n chnuasach seo?" ar seisean, agus é ag gáiridhe faoi'n dreach a bhí orm. "Cnuasach ait atá ann." "Cnuasach ait, leóga, ach tchífidh tú gur aite ná sin an sgéal atá ag baint leis." "Tá stair ag baint leis na neithe seo?" "Tá, oiread agus go bhfuil siad féin ina stair." "Goidé an dóigh a dtiocfadh le sin a bheith amhlaidh?" Thóg Holmes na neithe ceann ar cheann, agus d'fhág sé síos ar imeall an tábla iad. Shuidh sé féin ar a chathaoir annsin agus d'amharc sé treasna orm agus aoibh shásta air. "Seo a bhfuil fágtha agam," ar seisean, "le sean-ghnás Mhuinntir Mhusgrave a choinneáil beó in mo chuimhne." Chuala mé trácht aige ar an cheist níos mó ná uair amháin, ach níor éirigh liom ariamh a fhagháil amach goidé thárla. Bhéinn iongantach buidheach duit," arsa mise, dá n-innseóchthá damh fá dtaobh de." Agus an bhfuígfimíd an seomra mar atá sé?" ar seisean go rógánta. Is beag a bheir ort neamh-iongantas a dhéanamh de'n órdhamhlacht, i ndiaidh an iomláin, a Watson. Ach ba mhaith liom thú an sgéal seo a chur leis an chnuasach atá agat, na tá poinntí ann nach bhfuightheá a macsamhail i gcoir-eólas na tíre seo ná aon tíre eile. Níor bh'iomlán, ar chor ar bith, cunntas mo chuid gníomhartha gan trácht éigin a bheith ann ar an ghnaithe éagcoitchianta seo. "Is cuimhin leat an dóigh a dtug ceist an "Gloria Scott," agus an comhrádh a bhí agam leis an duine dona sin ar innis mé duit fá dtaobh de, is cuimhin leat, b'fhéidir, gur bh'é sin an chéad rud ariamh a thug orm tógáil leis an cheird a bhfuil mé ag tabhairt mo shaothair go h-uile daoithe anois. Tchí tú mé anois nuair atá eólas ar m'ainm i ngach áird de'n domhan, agus nuair atá an pobal mór agus oifigigh na tíre ar aon intinn gur mé an t-aon duine amháin ar fiú daobhtha cabhair a dh'iarraidh air nuair atá siad i ngéibheann ag cás do-fhuasgluighthe. Go fiú an chéad uair a chuir tú aithne orm, nuair a bhí mé gnaitheach leis an cheist sin ar chuir tú síos uirthe faoi'n tiodal, "Sgéal Sgár- loideach," bhí mo sháith le déanamh agam ins an am sin, d'aindeóin nach rabh mé ag fagháil mórán ar son mo shaothair. Ní chreidfeá, mar sin, comh deacair agus bhí sé damh mé féin mo bheatha a shaothrú, agus fhad agus b'éigean damh fanacht sul ar éirigh liom lón ar bith a dhéanamh as. Nuair a tháinig mé go Lonndain de'n chéad uair, bhínn ar lóistín i Montague Street, go díreach thart an chúinne ó'n Bhritish Museum. D'fhan mé annsin, agus ó bhíodh i bhfad ní ba mhó ama le spáráil agam ná ba mhaith liom, chuirinn isteach cuid de ag staidéaracht na n-ealadhan a chuideóchadh mo dhéanamh ní b'eólaighe. Gheibhinn cás, cinnte, anois agus arís, an mhór-chuid de'n am de thairbhe na mbuachaillí a bhí ina mic léighinn in mo chuid- eachta, na bhíodh cuid mhór cainnte orm féin agus ar mo chuid dóigheanna, an dá bhliadhain dheireannacha a bhí mé ar an Iol-Sgoil. Sean- ghnás Mhuinntir Mhusgrave an tríomhadh cás aca seo a fuair mé, agus b'í an tsuim a cuireadh sa cheist ait sin agus na poinntí móra a bhí ag bun an chéad rud ariamh, fhad agus tá fhios agam, a chuir i láthair an phobail mé mar atá mé anois. "Bhí Reginald Musgrave sa choláiste chéadna liom, agus bhí mé féin agus é féin rud beag mór le chéile. Ní rabh cean mór air-sean ag na mic léighinn eile, d'aindeóin go bhfacthas damh-sa i gcomhnuidhe nach rabh sa rud a bhíodh siad-san a chur síos do bhród ach an iarraidh a bheireadh sé ar an fhaitchíos a bhí sa dúthchas aige a cheilt. Bhí cuma ion- gantach uasal air le h-amharc air. Bhí sé tanaidhe; bhí gaothsán cromógach air agus súile móra aige; agus d'aindeóin go rabh sé cineál fuar-bhéasach, bhí sé mhúinte. Leóga, tháinig sé de dhream comh céimeamhail agus tá sa tír, d'aindeóin gur threibh iad a sgaith ar shiubhal ó shliocht Musgrave an Tuaiscirt, am éigin roimh an seiseadh h-aois déag, agus a bhain faobhtha i Sussex Thiar. Tá teach Hurlstone annsin go fóill, an teach, b'fhéidir, is aosta sa tír dá bhfuil comhnuidhe ionnta anois. D'fhág an áit i n-ar rugadh é séala éigin ar an fhear, agus níl am dá bhfeicinn féin a aghaidh thanaidhe ghéar, nó an dóigh a mbíodh a cheann in áirde aige, nach smaoin- tighinn ar áirsí liatha agus ar fhuinneóga agus barraí ortha, agus ar gach sean-rud eile dá mbaineadh le daingin na mór-thighearna fad ó. Thoisighimís a chomhrádh anois agus arís, agus is cuimhin liom gur thrácht sé níos mó ná uair amháin ar an tsuim a bhí aige in mo mhodh oibre-se. Ach bhí mé ar feadh cheithre mbliadhan, agus ní fhaca mé aon amharc air nó go dtáinig sé isteach, maidin amháin, chun mo sheomra i Montague Street. Ní rabh mórán athruighthe air. Bhí sé cóirighthe mar bhéadh buachaill óg a mbéadh taca ar a chúl - duine galánta a bhí ann i gcomhnuidhe - agus bhí an dóigh shéimh shuaimhneach chéadna leis a mbíodh achan duine ag cainnt air nuair a bhímís in ár mic léighinn le chéile. ""Goidé mar chuaidh an saoghal leat-sa, a Musgrave" arsa mise, agus sinn i ndiaidh lámh a chroitheadh go carthannach. ""Creidim gur chuala tú fá bhás m'athara bhoicht," ar seisean. "Tá sé ar shluagh na marbh le dhá bhliadhain. Tá dúithche Hurlstone ar mo chúram-sa ó shoin, tá fhios agat; agus ó tá mé in mo theachta do'n cheanntar mar an gcéadna, tá mo sháith i gceart le déanamh agam; ach cluinim, a Holmes, go bhfuil tusa ag baint déagh-úsáide as na buaidheanna sin a gcuirtheá iongantas orainn uilig leó sa tsean-am." ""Tá," arsa mise, "tá mé ag baint mo ghléas beatha as mo chuid gliocais." ""Is maith liom sin a chluinstin, na rachaidh do chomhairle go mór ar sochar damh-sa fá láthair. Tá rudaí iongantacha ag tuitim amach le tamall ag Hurlstone, agus níl na síoth-mhaoir ábalta míniú ar bith a thabhairt ortha. Tá sé ar ghnoithe comh h-iong- antach agus comh do-thuigthe agus chonnaic mé ariamh." "Bíodh geall, a Watson, gur éist mise go h-aireach leis, na dar liom féin go rabh an seans a rabh mé ag guidhe ar a shon ar feadh na mídheann uilig a bhí mé in mo thost, dar liom féin go rabh sé agam anois. Bhí mé cinnte in mo chroidhe go n-éireóchadh liom féin, an áit ar chaill daoine eile, agus gheobhainn caoi anois mo chuid cumais a chruthú. ""Innis damh le do thoil goidé mar tá," arsa mise. ""Shuidh Reginald Musgrave síos ós mo choinne agus dhearg sé toitín a chuir mé anonn chuige. ""Caithfidh mé a innse duit," ar seisean, "gidh gur baitsiléir mé, go bhfuil cuid mhór seirbhíseach agam ag Hurlstone, nó sean-áit streachlánach atá ann, agus ní furas an aire cheart a thabhairt dó. Tá éanlaith seilge agam, fosta, agus nuair a bhíos na choiligh feadha i séasúr bíonn daoine ar cuireadh agam, agus ní dhéanfadh sé cúis a bheith ar an ghann-chuid cuidighthe. Tá ocht gcailíní aimsire agam uilig, le cois an chócaire, an bhuitléara, dhá dhóirseóir, agus timthire gasúir. Tá seirbhísigh eile ann, tá fhios agat, le obair an gharraidh agus na stáblaí a dhéanamh. ""Is é Brunton, an buitléir, an fear de na seirbhísigh seo is fuide atá againn. Oide óg sgoile gan sgoil a bhí ann nuair a rinne m'athair a fhastódh ar tús, ach fear iongantach fuinnidhe, intleachtach a bhí ann, agus ní rabh i bhfad go rabh sé comh féidhmeamhail sin nach rabh déanamh againn gan é. Bhí méid mhaith ann, agus bhí sé dóigheamhail agus éadan breagh air; agus d'aindeóin go bhfuil sé againn le fiche bliadhain, ní thig leis a bheith ós ceann dá fhichead bliadhain go fóill. Do fhear a fhuair oileamhaint mar fuair seisean agus a bhfuil na buaidheanna aige atá - na tá sé i ndan a lán teangthacha a labhairt agus is beag gléas ceóil nach dtig leis seinnm air - is iongantach go mbéadh sé sásta an fad sin leis an phosta atá aige. Ach creidim go rabh am sócamhail aige agus gur thriob- lóideach leis áit eile a chuartú. Níl aonduine dá dtéidheann go Hurlstone nach gcoinnigheann cuimhne ar an bhuitléir. ""Ach tá locht amháin ar an rí-dhuine seo. Tá sé rud beag ar dhóigh Don Juan, agus tuigfidh tú féin nach deacair dó bheith mar sin i gceanntar suaimhneach tíre. ""Bhí achan rud go breagh fhad agus bhí sé pósta; ach ó fágadh ina bhaintreabhach é, tá ár gcroidhe briste aige. Bhíomar ag súil tá cúpla mí ó shoin go rabh sé ag brath socrú síos arís, na thug sé féin agus an dara cailín aimsire, Rachel Howells, thug siad lámh a's focal dá chéile, ach thug sé suas ise ó shoin agus d'éirigh sé mór le Janet Tregellis, nighean an príomh-airidhigh. Cailín iongantach maith Rachel, acht«ach» tá meón sho-chorruighthe mhuinntir na Breataine Bige aice, agus tháinig feacht de fhiabhras tréan inchinne uirthe. Ó d'éirigh sí as sin tá sí ag dul thart fríd an teach - nó bhíodh go dtí indé - agus gan innte ach sgáile le taobh mar bhíodh sí. B'é sin an chéad dráma beag dar thárla ag Hurlstone; ach thárla rud eile ó shoin a thug orainn dearmad a dhéanamh ar sin, agus sul a dtáinig sin féin, bhí Brunton curtha chun an bhealaigh mhóir as gníomh mí-náireach. ""Seo mar thuit amach. Dubhairt mé cheana féin gur fear intleachtach a bhí ann, agus is í an intleacht chéadna seo a chuir 'un dreabhlais é; na do réir chosamhlachta, rinne sí iongantach fiosruightheach é fá rudaí nach rabh ag baint dó. Níl fhios agam cá fhad a rachadh sé leis an fhiosruightheacht seo, ach a b'é rud beag a thárla de thaisme agus a chuir ar an eólas mé. "Dubhairt mé cheana féin go bhfuil an teach ina theach mhór streachlánach. Oidhche amháin an tseachtmhain seo thart - oidhche Dhiar- daoin, dá n-abrainn i gceart é - mhothuigh mé nach dtiocfadh liom codladh. Bhí mé amaideach go leór le cupa láidir café noir a ól i ndiaidh mo dhinnéara. Rinne mé mo dhíthcheall ag iarraidh tuitim thart, ach ní rabh maith ann, agus i dtrátha an dó, ar maidin, d'éirigh mé agus las mé coinneal ag brath giota eile de úr-sgéal a rabh mé ar obair air a léigheadh. Ach fágadh an leabhar shíos i seomra na mbilliard, agus ní rabh ní b'fheárr le déanamh agam ná mo chlóca a chur orm agus a dhul síos fá n-a choinne. ""Le dhul go dtí seomra na mbilliard bhí orm a dhul síos an staighre, agus annsin treasna cheann an phasáiste a bhí ag dul go dtí an leabharlann agus seomra na ngunnaí. Abair go rabh iongantas orm, mar sin, nuair a d'amharc mé síos agus chonnaic mé solas fríd dhoras fhosgailte na leabharlainne. Bhí an lampa curtha as agam féin agus an doras druidte agam sul a ndeachaidh mé a luighe. Nídh nach iongnadh, b'é an chéad rud a spreag mé gur lucht gadaidheachta a bhí ann. Tá ballaí na bpasáiste i Hurlstone chomhair a bheith uilig cumhduighthe le sean-airm chuimh- niúchán. Thug mé liom tuagh de cheann aca agus d'fhág mé uaim an choinneal. Le sin théaltuigh mé síos ar bhárra mo ladhara go dtí an pasáiste agus d'amharc mé isteach ar an doras. ""Cé do bharamhail a bhí sa leabharlainn ach Brunton? Bhí sé ina shuidhe annsin i gcathaoir shómais agus a chuid éadaigh go h-uile air. Bhí píosa de pháipeár a bhí cosamhail le léarsgáil ar a ghlúin aige, agus a cheann leagtha ar a bhois agus cuma air go rabh sé ag machtnamh go domhain. Níor fágadh focal ionnam leis an iongantas. Sheas mé annsin sa dorchadas agus mo dhá shúil sáithte ann. Bhí coinneal bheag ar imeall an tábla a rabh marbh-solas beag uirthe, agus ba ar an tsolas sin a chonnaic mé go rabh a chuid éadaigh uilig air. Le sin féin, le linn mé a bheith ag coimheád d'éirigh sé de'n chathaoir agus chuaidh sé treasna go dtí prios a bhí ag taobh an bhalla, agus bhain sé an glas de agus tharraing sé amach ceann de na drárthaí. Bhain sé páipeár as an drár seo agus annsin chuaidh sé arais arís go dtí an chathaoir. Spréidh sé an páipeár amach ag taobh na coinnle ar imeall an tábla, agus thoisigh sé dhá bhreathnú go dian. Tháinig fearg comh mór sin orm nuair a chonnaic mé na páipeáir a bhain le gnoithe an teaghlaigh dá sgrúdú ar a leithéid de dhóigh go dtug mé coiscéim 'un tosaigh. Le sin thóg Brunton a cheann agus chonnaic sé mé in mo seasamh sa doras. Thug sé léim ina sheasamh agus tháinig dreach liath air leis an eagla, agus sáith sé síos ina bhrollach an páipeár cosamhail le léar- sgáil a bhí dá sgrúdú aige an chéad uair a chonnaic mé é. """Tchím!" arsa mise. "Agus seo an dóigh a bhfuil tusa ag brath an mhuinntir a rabh muinighin aca asat a íoc arais! Fuígfidh tú an teach seo i mbárach." ""D'umhluigh sé ar nós fir nach rabh i ndan focal a labhairt, agus chuaidh sé amach tharam gan oiread agus a bhéal a fhosgladh. Bhí an choinneal ar an tábla go fóill, agus chuaidh mé suas go dtí an solas go bhfeicinn goidé bhí sa pháipeár a thug Brunton as an drár. Bhí iongantas orm ar tús, ach bhí a dhá oiread iongantais orm nuair a chonnaic mé nach dadaidh tábhachtach a bhí ann, ar chor ar bith, ach cóip de cheisteanna agus de fhreagraí a bhaineas le sean-chleachtadh ait a dtugtar Sean-ghnás Mhuinntir Mhusgrave air. Cineál de fhoirmreadh atá ann nach bhfuil ag aonduine ach ár mbunadh-ne; agus leis na céadta bliadhain, b'éigean do gach duine de'n teaghlach an gnás a choimhlíonadh comh luath géar agus tháinig siad i n-aois. Ní rud é a gcuirfeadh aonduine suim ann ach sinn féin, amach ó go mb'fhéidir go sílfeadh sean-sgéalaidhthe é bheith cineál iongantach, cosamhail le mar chuireas siad suim in ár gcuid cultacha airm agus ár gcuid staire - ach ní rabh gnaithe ar bith tairbheach ar an tsaoghal leis." ""Is feárr dúinn leigint do'n pháipeár go fóill beag," arsa mise. ""Leigfidh, cinnte, má mheasann tú gur gádh é," ar seisean. "Ach fan go gcluinidh tú. Chuir mé an glas ar an phrios arís leis an eochair a d'fhág Brunton ina dhiaidh, agus d'iompuigh mé thart le h-imtheacht ach goidé tchím ach Brunton féin ina sheasamh ós mo choinne arís." """A Mhr. Musgrave," ar seisean, agus bhí tocht air, ar mhéad agus bhí sé corruighthe, "ní thig liom náire a sheasamh, a dhuine uasail. Bhí mé níos bródamhla ariamh ná is dual do fhear de mo chéim beatha agus bhéarfadh an náire mo bhás. Béidh mo bhás ort, a dhuine uasail - béidh, leóga - má chuireann tú 'un éadóchais mé. Muna dtig leat mo choinneáil i ndiaidh ar thuit amach, de gheall ar Dhia leig damh fuagra a thabhairt duit go bhfuil mé ag imtheacht i gceann míosa, ionann agus gur ar mo lóntaí féin é. Thiocfadh liom sin a sheasamh, a Mhr. Musgrave, ach ní bhfuighinn thairis go deó dá gcaithtí amach mé ós coinne gach duine dá bhfuil sean-aithne agam ortha." """Ní airidhe ort mórán truaighe, a Bhrunton," arsa mise. "Rinne tú gníomh fealltach bradach. Ach, ó tá tú fhad sa teach agus tá tú, ní mian liom do náire a thabhairt i láthair an phobail. Ach tá mí ró-fhada. Imthigh leat i gceann seachtmhaine agus thig leat imtheacht ar do rogha leith-sgéil." """Seachtmhain, a dhuine uasail! An é sin uilig?" ar seisean go h-éadóchasach. "Coicthighis - abair coicthighis, ar an chuid is lugha." """Seachtmhain amháin," arsa mise, "agus ba chóir go dtuigfeá gur mór an caomhnadh an fad sin féin a fhagháil." ""D'imthigh sé leis agus a cheann crom aige, cosamhail le fear a bhéadh briste brúighte ar fad. Le sin chuir mé as an solas agus chuaidh mé arais go dtí mo sheomra féin. ""Ar feadh dhá lá ina dhiaidh seo choimheáid Brunton a ghnoithe go bréagh. Níor labhair mise ar dhadaidh dar thuit amach, ach b'fhada liom go bhfeicinn goidé mar shábháilfeadh sé é féin ar an náire. Ach an tríomhadh maidin ní tháinig sé, mar ba ghnáthach leis, i ndiaidh am bricfeasta le órduigheacha a fhagháil uaim le h-aghaidh an lae. Nuair a d'fhág mé an proinn-seomra thárla gur casadh damh an cailín aimsire, Rachel Howells. Dubhairt mé cheana féin nach bhfuil sí ach i ndiaidh tamall tinnis a chur thairstí, agus bhí dreach comh tláith mílítheach sin uirthe gur bhagair mé uirthe cionn as a bheith ag obair ar chor ar bith. """In do luighe a ba chóir duit a bheith," arsa mise. "Tar arais chuig do chuid oibre nuair a bhéas tú níos láidre." ""D'amharc sí orm agus bhí féachaint comh h-ait sin ina cuid súl gur thoisigh mé a smaoin- teadh go rabh an cailín ag dul as a meabhair. """Tá mé láidir go leór, a Mhr. Musgrave," ar sise. """Tchífimíd goidé tuairim an dochtúra," arsa mise. "Caithfidh tú leigint do'n obair go fóill, agus nuair a rachaidh tú síos an staighre abair le Brunton gur mhaith liom-sa labhairt leis." """Tá Brunton ar shiubhal," ar sise. """Ar shiubhal! Cá ndeachaidh sé?" """Tá sé ar shiubhal. Ní fhaca aonduine é. Níl sé ina sheomra. Ó, tá, tá sé ar shiubhal - tá sé ar shiubhal!" Le sin thuit sí siar i n-éadan an bhalla agus achan sgairt gháiridhe aice. Maidir liom-sa, chuir an taod thobann seo an dubh-uathbhás orm, agus d'imthigh mé leis an chlog a bhualadh chun cuidiú d'fhagháil. Tugadh an cailín go dtí n-a seomra agus í ag sgairtigh agus ag sgreadaigh léithe, agus annsin thoisigh mé a chur tuairisge fá Bhrunton. Ní rabh amhras ar bith ná go rabh sé imthighthe. Níor codluigheadh ina leabaidh; ní fhaca aonduine é ó chuaidh sé go dtí n-a sheomra an oidhche roimh ré; agus ina dhiaidh sin agus uile, bhí sé deacair déanamh amach goidé mar thiocfadh leis an teach a fhágáil, nó fuarthas na dorsa agus na fuinneóga uilig druidte ar maidin. Bhí a chuid éadaigh, agus a uaireadóir, agus go fiú a chuid airgid, bhí an t-iomlán sa tseomra - Ach ní rabh an chulaith dhubh a bhíodh air de ghnáth le feiceáil. Ní rabh a chuid asa seomra le fagháil ach oiread, ach bhí a chuid bróg annsin. Cá dtiocfadh le Brunton a dhul le linn na h-oidhche, mar sin, agus goidé thiocfadh a theacht air? ""Nidh nach iongnadh, chuartuigheamar an teach ó cheann go ceann, ach ní rabh sé le fagháil i n-áit ar bith. Mar dubhairt mé cheana féin, streachlán mór de shean-teach atá ann, go h-áirighthe an chéad chuid de a tógadh. Chomhair a bheith nach bhfuil comhnuidhe ar bith sa chuid sin anois, ach chuartuigheamar gach seomra agus gach plochóg gan tásg ná tuairisg a fhagháil ar an fhear a bhí caillte. Ní thiocfadh liom féin tabhairt isteach go n-imtheóchadh sé agus a chuid earraidh uilig a fhágáil ina dhiaidh; ach san am chéadna cá dtiocfadh leis a bheith? Chuir mé fá choinne na síoth-mhaor, ach ní rabh maith ann. Thuit fearthainn an oidhche roimh ré, ach d'aindeoin gur sgrúduigheamar an léana agus gach casán thart timcheall an tighe, ní fhacamar dadaidh a chuirfeadh ar an eólas sinn. Sin anois mar bhí an cás go dtí gur thárla rud éigin nua a thóg ár n-aire ar fad ó'n chéad diamhair. ""Bhí Rachel Howells comh tinn sin ar feadh dhá lá, cuid de'n am ag rámhailligh agus cuid eile mar bhéadh sí ag dul as a céill, go mb'éigean banaltra a fhagháil le suidhe aice i rith na h-oidhche. An tríomhadh h-oidhche i ndiaidh Brunton imtheacht bhí an bhanaltra ina suidhe aice arís; ach nuair a chonnaic sí go rabh an t-othar i suan codladhta, thuit sí féin ina codladh ina cathaoir shómais. Thuit, ach nuair a mhusgail sí go luath ar maidin fuair sí an leabaidh folamh agus an fhuinneóg fosgailte, agus ní rabh an t-othar le feiceáil i n-áit ar bith. Dúisigheadh mise, agus d'imthigh mé féin agus dhá dhóirseóir amach ar an bhomaite a chuartú an chailín chaillte. Ní rabh mórán moille orainn a fhagháil amach cé'n bealach a ndeachaidh sí, na fuaireamar a cuid lorgnacha ó bhun na fuinneóige anonn treasna an léana go dtí bun an locháin. Chailleamar iad annsin, in aice leis an chasán ghraibheáil atá ag dul amach go dtí na páirceanna. Tá an lochán ocht dtroighthe ar doimhne, agus tuigfidh tú féin an t-eagar ina rabhamar nuair a chonnaiceamar gur stad lorgnacha an chailín bhoicht a bhí as a céill go díreach ag an bhruach. ""Nidh nach iongnadh, fuaireamar gléas cuartuighthe ar an bhomaite, agus thoisigheamar a chuartú an chuirp; ach b'é sin a rabh ar a shon againn. Ach muna bhfuaireamar an corp thugamar rud éigin eile aníos nach rabhamar ag dréim leis. Mála línéadaigh a bhí ann a rabh moll de mhiotal mheirgeach ann a rabh an dath caillte aige, agus cuid mhór píosaí cloch nó gloine a rabh dath dorcha ortha. B'é seo iomlán a dtáinig linn a fhagháil as an lochán, agus d'aindeóin gur chuartuigheamar agus gur chuireamar tuairisg i ngach áit indé, ní thig linn eólas ar bith a fhagháil goidé d'éirigh do Rachel Howells nó do Richard Brunton. Tá síoth-mhaoir na conndae i gcruadh-chás mhór, agus anois nuair nach bhfuil níos mó a thig a dhéanamh tá mé ag cur na ceiste in do láthair-se." "Tuigfidh tú féin, a Watson, comh h-aireach agus d'éist mé leis an chunntas ar na neithe aite seo, agus an dóigh ar fhéach mé le n-a gcur i n-alt a chéile, agus le theacht ar shnáithe éigin a bhéadh fighte fríd an ghréasán uilig. "Bhí an buitléir ar shiubhal. Bhí an cailín aimsire ar shiubhal. Bhí grádh ag an chailín ar an bhuitléir, ach fuair sí cúis annsin fuath a thabhairt dó. Bhí fuil the, thobann na Breataine Bige innte-se. Bhí sí corruighthe go mór comh luath agus chuala sí go rabh sé imthighthe. Chaith sí mála a rabh roinnt de rudaí aite ann isteach sa lochán. Bhí sé riachtanach machtnamh ar na poinntí seo uilig; agus ina dhiaidh sin agus uile, ní rabh aon cheann aca a bhéarfadh go dtí croidhe na ceiste mé i gceart. Goidé chuir tús ar an iomlán? B'é sin an diamhair a bhí le réidhteach agam. ""Caithfidh mé an páipeár sin a fheiceáil, a Mhusgrave," arsa mise, "an páipeár sin a mheas do bhuitléir gur bh'fhiú do amharc a fhagháil air, go fiú dá gcailleadh sé a áit le n-a linn." ""Níl ann uilig ach amaidighe mar shean- ghnás," ar seisean. Is í a aois a bhfuil de leith-sgéal leis ar chor ar bith. Tá cóip de na ceisteanna agus de na freagraí agam annseo, má's mian leat dearcadh ortha." "Shín sé damh an páipeár céadna atá agam annseo, a Watson, agus seo é an cheastóireacht ait a mb'éigean do gach duine de Mhuinntir Mhusgrave a chur de nuair a tháinig sé go h-aois fir. Léighfidh mé na ceisteanna agus na freagraí duit mar atá siad: ""Cé'r leis é? ""Leis an fhear a d'imthigh. ""Cé aige a mbéidh sé? "Ag an fhear a thiocfas. ""Goidé an mhí? ""An seiseadh mí ó'n chéad cheann. ""Cá rabh an ghrian? ""Ós ceann an chrainn darach. ""Cá rabh a sgáile? ""Faoi an chrann ailme. ""Cionnas a céimnigheadh é? "An deich 's an deich ó thuaidh, an cúig is an cúig soir, an dó 's an dó ó dheas, an h-aon 's an h-aon siar, agus go díreach síos ó sin. ""Goidé bhéarfaimíd ar a shon? "Iomlán dá bhfuil againn. ""Cad chuige a dtabhairfimís é? ""Mar mhaithe leis an tairiseacht." ""Níl dáta ar bith ar an bhun-sgríbhinn, ach do réir an litrighthe, sgríobhadh i lár na seachtmhadh h-aoise déag é," arsa Musgrave. "Mar sin féin, tá eagla orm nach mórán cuidighthe a thig leis a thabhairt dúinn leis an diamhair a réidhteach." ""Ar chaoi ar bith," arsa mise, "bheir sé diamhair eile dúinn, agus ceann atá i bhfad níos suimeamhla ná an chéad cheann. B'fhéidir, dá bhfuighimís ceann aca a mhíniú ar tús, go réidhteóchadh sin an ceann eile. Ní bhéidh tú ina dhiaidh orm, a Mhusgrave, má abraim go bhfuil cuma ar do bhuitléir gur fear iongantach intleachtach a bhí ann, agus go rabh tuigse ní b'fheárr aige ná bhí ag aonduine de bhunadh do theaghlaigh le deich nglún anuas." ""Ní thuigim sin go ró-mhaith," arsa Musgrave. "Ní fheicim-sa go bhfuil tairbhe ar bith sa pháipeár." ""Ach tchíthear damh-sa go bhfuil, agus tairbhe mhór, agus creidim go bhfacthas an rud céadna do Bhrunton. Is dóiche go bhfaca seisean é roimh an oidhche sin a tháinig tú air." ""Thiocfadh, leóga, go bhfaca, na níor iarramar ariamh a choinneáil i bhfolach." ""Mheasfainn féin nach rabh de dhíth air an uair dheireannach seo ach dearcadh fríd arís. Má's cuimhin liom i gceart, dubhairt tú go rabh cineál de léarsgáil nó de chairt aige a bhí sé a chur i gcomórtas leis an sgríbinn, agus a sáith sé ina phóca nuair a tháinig tú air?" ""Bhí, ach goidé an bhaint a thiocfadh a bheith aige-sean leis an tsean-ghnás seo againne agus goidé an chiall atá leis an ráiméis seo?" ""Ní dóigh liom go mbéadh moill mhór orainn sin a fhagháil amach," arsa mise. "Má tá tú sásta, rachaimíd leis an chéad traen eile go Sussex, agus rachaimíd isteach níos doimhne sa cheist nuair a bhéimíd annsin." "Bhíomar araon ag Hurlstone an tráthnóna céadna sin. B'fhéidir go bhfaca tú pictiúirí de'n tsean-árus ainmneach, nó gur léigh tú tráchtais air. Ní abróchaidh mé fá dtaobh de, mar sin, ach go bhfuil sé ar dhéanamh "L". Is é an sgiathán fada an chuid is úire de. Níl sa sgiathán ghoirid ach an sean-teach ar cuireadh an chuid eile leis. Tá doras íseal, iongantach daingean, i lár an sgiatháin ghoirid seo, agus tá an dáta 1607 gearrtha amach le síseál ós a cheann; ach deir na h-eólaidhthe go bhfuil na maidí mullaigh agus an obair chloiche i bhfad níos aosta ná sin. Tá ballaí an tsean-tighe iongantach leathan agus tá na fuinneóga as cuimse beag; agus stadadh de chomhnuidhe an an uair a rinneadh an teach úr - ins an chéad seo a chuaidh thart. Mar sin de, ní rabh de ócáid leis an tsean-chuid anois ach go rabh sé ina chineál de theach stóir. Leóga, an mhór-chuid de'n am, ní bhíodh dadaidh ann ar chor ar bith. Bhí páirc bhreagh thart fá'n teach agus neart de shean-chrainn bhreaghtha innte, agus bhí an lochán ar thrácht mo chara air, bhí sé ag taobh an chabhsa suas le dhá chéad slat ó'n árus. "Bhí mé fíor-chinnte, a Watson, nach trí diamhra fá leith a bhí annseo ar chor ar bith, ach aon diamhar amháin; agus dá dtigeadh liom an tuigbheáil cheart a bhaint as sean- ghnás mhuinntir Mhusgrave, go mbéadh an t-eólas agam a chuideóchadh liom a fhagháil amach go cinnte goidé d'éirigh do Bhrunton, agus, mar an gcéadna, goidé d'éirigh do Rachel Howells. Thug mé m'aire uilig do'n chuid sin de'n sgéal, mar sin. Cad chuige a mbéadh a leithéid de fhonn ar an bhuitléir an sean-deilín seo a thuigbheáil? Ar an adhbhar, do réir chosamhlachta, go bhfaca sé rud éigin ann a d'fhan ceilte ar na h-uaisle seo leis na céadta bliadhain, rud éigin a rabh sé ag dréim le tairbhe a bhaint as dó féin. Goidé bhí ann, mar sin, agus goidé an droch-dheireadh a d'fhág sé air? "Thuig mé an bomaite a léigh mé briathraí an tsean-ghnáis go gcaithfeadh an tomhas talaimh a bheith ag baint le áit éigin a rabh trácht air sa chuid eile de'n pháipeár; agus dar liom féin, dá mbíodh an áit seo againn, go mbéadh tús maith déanta againn le theacht ar an rún a d'fholuigh muinntir Mhusgrave sa tsean-ghnás aisteach seo aca. Bhí dhá rud againn le n-ár dtreórú, an crann darach agus an crann ailme. Maidir leis an chrann darach ní rabh amhras ar bith fá'n cheann a bhí i gceist. Amach díreach ós coinne an dorais, ar thaobh na láimhe clí de'n chabhsa bhí bile ina sheasamh ós ceann a rabh fá dtaobh de, crann comh breagh le aon cheann dá bhfaca mé ariamh. ""Sin an áit ar leagadh amach bhur sean- ghnás," arsa mise, agus sinn ag tiomáint thairis. ""Tá mé cinnte go mb'éigean do'n chrann sin a bheith annsin nuair a chuir na Normánaigh an tír faoi smacht," ar seisean. "Tá sé trí troighthe agus fiche thart fá n-a bhun." "Bhí poinnte amháin agam anois a rabh mé cinnte de. ""An bhfuil sean-chrann ailme ar bith agaibh?" d'fhiafruigh mé. ""Bhíodh sean-cheann iongantach aosta thall annsin, ach tháinig splannc soillse air, tá deich mbliadhna ó shoin, agus ghearramar an bun." ""An féidir feiceáil cá mbíodh sé?" ""Ó, is féidir." ""Níl crainn ailme ar bith eile?" ""crann agus gach teach fá'n áit." "Bhí ádh orm annseo nach rabh mé ag dréim leis. Bhí achan rud ag teacht liom dhá uair comh maith agus comh tapaidh agus shíl mé a b'fhéidir. ""Cogar," arsa mise, "ar chuir an buit- léir ceist ar bith mar sin ort ariamh?" "D'amharc Reginald Musgrave orm agus iongantas air. "Dar fiadh! anois ó bheir tú in mo cheann é," ar seisean, "is cuimhin liom gur chuir Brunton ceist orm roinnt mídheanna ó shoin fá'n aoirde a bhí sa chrann. Bhí cainnt éigin eadar é féin agus an t-eachlach fá dtaobh de." "Chuir sé an-áthas orm seo a chluinstin, a Watson, na bhí fhios agam anois go rabh mé ar an bhealach cheart. Dhearc mé suas ar an ghréin. Bhí sí íseal sa spéir, agus cheap mé go mbéadh sí go díreach ós ceann bhárr- ghéaga an chrainn darach i gceann uaire. Thiocfadh triail a bhaint annsin as rud amháin dá rabh trácht air sa tsean-ghnás. Agus b'éigean gur bh'é an ceann a b'fhuide ar shiubhal de sgáile an chrainn ailme a bhí i gceist, na munar bh'é dhéanfaidhe tús sgríbe de bhun an chrainn féin. Is é bhí le déanamh agam, mar sin, a fhagháil amach cá dtuitfeadh an ceann a b'fhuide ar shiubhal de'n sgáile nuair a bhéadh an ghrian go díreach i ndiaidh dhul thar an chrann darach." ""Creidim go rabh sé deacair sin a dhéanamh, a Holmes, nuair nach rabh an crann féin annsin." "Bhal, bhí fhios agam dá dtiocfadh le Brunton a dhéanamh, go dtiocfadh liom-sa a dhéanamh fosta. Ach sa chás sin de, ní rabh sé deacair ar chor ar bith. Chuaidh mé féin agus Musgrave isteach chun na leabharlainne agus chuir mé deis ar an chipín seo. Annsin cheangail mé an sreangán fada seo dó agus chuir mé snaidhm i gceann gach slat de. Nuair a bhí sin déanta agam fuair mé dhá alt de shlait iasgaireachta a bhí go díreach sé troighthe ar fad, agus chuaidh mé féin agus mo chara amach go dtí áit an chrainn ailme. Bhí an ghrian mar bhéadh sí ag baint le bárr an chrann darach san am seo. Sháith mé an tslat sa talamh agus thomhais mé an sgáile a bhí aice. Bhí sé naoi dtroighthe ar fad. "Nuair a bhí sin agam ní rabh moill an chuid eile a áireamh. Má fhágann slat shé dtroigh ar aoirde sgáile naoi dtroigh ar an talamh, fuígfidh crann cheithre dtroigh agus thrí sgór, fuígfidh sé sgáile shé dtroigh déag agus ceithre sgór, agus is in aon treó amháin a luighfeas an dá sgáile. Thomhais mé amach an fad a bhí de dhíth orm. Thug sin suas chomhair a bheith go balla an tighe mé, agus mharcáil mé an áit le cipín. Ach abair go rabh áthas orm, a Watson, nuair a chonnaic mé poll beag cruinn sa talamh fá dhá órlach do'n áit ar sháith mé an cipín. Bhí fhios agam gur bh'é Brunton a rinne an marc nuair a thomhais sé féin é, agus go rabh mé ar an bhealach cheart. "Dheimhnigh mé treó na gceithre bpríomh- áirde annsin damh féin le mo chompás beag, agus thoisigh mé a chéimniú ó áit an chipín. Thug deich gcéim le gach cois ar chomh-líne mé le balla an tighe. Sháith mé chipín eile annseo. Thug mé cúig chéim dhúbailte go cúramach soir annsin, agus dá chéim dhúbailte ó dheas. Thug sin suas go dtí leac an tsean- dorais mé. Le dhá chéim a thabhairt siar anois chaithfinn a dhul síos pasáiste leacach, an áit a b'éigean a bheith dhá luadh sa tsean- ghnás. "D'amharc mé síos, a Watson, agus níor mhothuigh mé mé féin comh meallta ariamh agus bhí mé an bomaite sin. An chéad rud ar smaointigh mé air go gcaithfeadh sé gur bhain seachrán éigin damh san áireamh. Bhí an ghrian a bhí ag dul a luighe, bhí sí ag soillsiú díreach ar an phasáiste, agus thiocfadh liom a fheiceáil go rabh na sean-leacacha liatha, agus iad leath- chaithte leis an tsiubhal, go rabh siad uilig greamuighthe dá chéile, agus nár bogadh aon cheann aca leis na saoghalta. Do réir chosamhlachta, ní dhearna Brunton dadaidh annseo. Bhuail mé ar an urlár ach b'ionann fuaim a bhain mé as achan pháirt de. Ní rabh oiread agus poll beag amháin nó sgoilt le feiceáil. Ach go h-ádhmhail, thug Musgrave, a bhí ag toiseacht a thuigbheáil anois goidé bhí dá dhéanamh agam, agus a bhí comh corruighthe agus bhí mé féin, thug sé amach an sgríbhinn agus thoisigh sé a dhul siar ar an tomhas arís. ""Agus go díreach síos ó sin," ar seisean, "rinne tú dearmad ar an chuid sin." "B'é an rud a rabh mé ag smaointeadh air gur bh'ionann sin agus go gcaithfimís tochailt síos, ach chonnaic mé anois ar an bhomaite nár bh'amhlaidh a bhí. "Tá soilear faoi seo, mar sin?" arsa mise. "Tá, soilear atá comh h-aosta leis an teach féin. Tá sé shíos annseo, fríd an doras seo." "Chuamar síos staighre cam cloch. Le sin dhearg mo chomrádaidhe lasán, agus las sé lóchrann mór a bhí ar bhairille a bhí sa chúinne. Bhí sé soiléir ar an bhomaite go rabhamar ins an áit cheart, agus go rabh daoine diomaoidhte dínn annsin ar na mallaibh. "Áit stórais do adhmad a bhí san tsoilear, agus bhí na bluic a bhíodh, do réir chosamhlachta, ina luighe ar an urlár, bhí siad suas leis na ballaí anois leis an lár báire a fhágáil réidhtighthe. Bhí leac mhór throm annseo, agus fáinne meirgeach iarainn ina lár, agus carabhat dlúith breac tréadaidhe ceangailte dó. ""Dar fiadh!" arsa mo chara, "sin carabhat Bhrunton. Chonnaic mé air é. D'aithneóchainn i n-áit ar bith é. Goidé bhí an rógaire a dhéanamh annseo?" "Mhol mise cur fá choinne chúpla fear de na síoth-mhaoir le bheith i láthair, agus annsin d'fhéach mé leis an leac a thógáil leis an charabhat. Ach ní rabh ann ach go dtiocfadh liom a bogadh, agus b'éigean do fhear de na constáblaí cuidiú liom sul a dtáinig liom a cur ar thaobh amháin sa deireadh. Bhí poll dubh dorcha craosach faoithe, agus d'amharc- amar uilig síos. Le sin tháinig Musgrave 'un tosaigh leis an lóchrann agus chuir sé síos sa poll é. "Chonnaic mé annsin seomra beag a bhí suas le seacht dtroighthe ar doimhne agus ceithre troighthe gach bhealach eile. Bhí bocsa cearnógach adhmaid, a rabh práis ar na coir- neáil, ar thaobh amháin de. Bhí an clár tógtha de, agus an tsean-eochair ait seo sa ghlas. Bhí an taobh amuigh de uilig cumhduighthe le deannach, agus bhí an t-adhmad pollta ag an fhliuchlach agus ag na ciaróga agus bhí fungi ag fás ar an taobh istigh. Bhí an iomad de bhuinn miotail - sean-bhuinn a bhíodh i n-úsáid mar airgead, do réir chosamhlachta - ina luighe thall agus i bhfus ar thóin an bhocsa, ach ní rabh dadaidh eile ann ach sin. "Ach ní ar an tsean-bhocsa a bhí áird againn go díreach ins an am, na bhí ár súile sáithte againn sa rud a bhí ina luighe cruptha ag a thaobh. Corp fir a bhí ann! Bhí culaith dhubh air, agus é ina shuidhe ar a ghlúine beaga agus a éadan leagtha ar imeall an bhocsa, agus sgiathán ar gach taobh de aige. Tharraing an suidhe a bhí air an fhuil uilig go dtí n-a aghaidh, agus ní aithneóchadh aonduine é leis an chuma a bhí air agus leis an dreach shuaithnidhe a bhí ar a ghnúis, ach ba leór a mhéid, a éideadh, agus a chuid gruaige le taisbeáint do mo charaid, nuair a thógamar aníos an corp, gur bh'é an buitléir a bhí chaillte é. Bhí sé marbh le roinnt laethe, ach ní rabh gortú nó brúghadh ar bith ar an cholainn a thaisbeánfadh goidé mar cuireadh deireadh leis. Nuair a thugamar a chorp as an tsoilear fuaireamar ceist ós ár gcoinne a bhí chomhair a bheith comh deacair a réidhteach leis an cheann a ndeachamar i n-a chionn ó thús. "Innseóchaidh mé an fhírinne, a Watson, bhí mé cineál meallta leis an dóigh ar éirigh mo chuid lorgaireachta liom go dtí seo. Bhí mé cinnte go mbéadh an t-iomlán liom nuair a gheobhainn an áit a rabh trácht air sa tsean- ghnás; ach bhí sin agam anois, agus bhí mé fhad agus bhí ariamh ó fhios a bheith agam goidé a bhí i bhfolach comh cúramach sin ag bunadh an teaghlaigh. B'fhíor go bhfuair mé amach goidé ba chinneamhain do Bhrunton, ach bhí orm anois a fhagháil amach goidé mar bheir an chinneamhain sin air, agus goidé an lámh a bhí ins na gnaithí ag an chailín aimsire a d'imthigh. Shuidh mé síos ar bhairille bheag sa chúinne agus mhachtnuigh mé go cúramach ar an cheist go h-uile. "Tá fhios agat mo dhóigh, a Watson, i gcás de'n tseórt. Chuir mé i gcás go rabh mé féin in áit an bhuitléara, agus nuair a bhí mé sásta go rabh tuairim agam do'n intleacht a bhí ann d'fhéach mé le smaointeadh goidé dhéanfainn féin, dá mbínn sa chás chéadna. Ní rabh deacracht ar bith annseo, na bhí sár- intleacht ag Brunton, agus níor ghádh damh bheith ag smaointeadh go mb'fhéidir nach ndéan- fadh sé siud nó seo comh cliste liom féin. Bhí fhios aige go rabh rud éigin luachmhar i bhfolach. Fuair sé amach an áit. Chonnaic sé go rabh an leac a bhí ós a cheann, go rabh sí ró-throm ag fear ar bith le tógáil leis féin. Goidé dhéanfadh sé annsin? Ní thiocfadh leis cuidiú a fhagháil ó aonduine taobh amuigh, go fiú dá mbíodh duine éigin aige a dtiocfadh leis taobhadh leis, gan na boltaí a bhaint de na dorsa, agus é féin a chur i gcontabhairt duine éigin a fheiceáil. B'fhearr dó, dá dtigeadh leis, congantóir a bheith aige taobh istigh den teach. Ach cé bhí sa teach a dtiocfadh leis a chuidiú a dh'iarraidh? Bhíodh cean ag an chailín seo air. Is doiligh le fear a chreid- bheáil go bhfuil grádh mná caillte go deó air, dá olcas dá rabh sé daoithe. Bhéarfadh seisean iarraidh a bheith laghach leis an chailín seo, Rachel Howells, agus mór a dhéanamh léithe arís, agus annsin d'iarrfadh sé uirthe cuidiú leis. Rachadh an bheirt aca go dtí an soilear le chéile i ndiaidh na h-oidhche agus bhéadh an bheirt aca láidir go leór leis an leac a thógáil. Bhí mé ábalta an méid seo de'n ghnoithe a thuigbheáil comh maith agus dá mbínn annsin ag amharc ortha. "Ach obair mhaslach a b'éigean a bheith ann do bheirt, go h-áirighthe ó's bean a bhí i nduine aca, leac comh trom siud a thógáil. Bhí síoth- mhaor urradhanta láidir as Sussex ag cuidiú liom-sa ghá tógáil, agus ár sáith i gceart a bhí ós ár gcoinne. Goidé dhéanfadh siad le cuidiú leó? An rud céadna, creidim, a dhéanfainn féin. D'éirigh mé agus sgrúduigh mé go cúramach na bluic a bhí ina luighe thart fá'n urlár. Fuair mé an rud a rabh mé ag dréim leis chomhair a bheith ar an bhomaite. Bhí píosa amháin thrí dtroigh ar fad, agus bhí ceann de leathnuighthe, agus bhí cuid mhór píosaí eile a rabh na taobhanna leathnuighthe aca mar bhéadh siad ina luighe faoi rud éigin a mbéadh an-mheadhchán ann. Do réir chosamhlachta, b'é an rud a rinne siad na píosaí adhmaid a chur isteach faoi'n leic do réir mar bhí siad ghá tógáil, go dtí go rabh sí tógtha árd go leór sa deireadh le duine a dhul fríd an pholl. Chuirfeadh siad píosa de mhaide treasna ó thaobh go taobh le n-a coinneáil suas; agus níor bh'iongantas ceann amháin de'n mhaide a bheith leathnuighthe, na bhéadh meadhchán iomlán na cloiche ghá bhrúghadh síos ar imeall bhéal an puill. Bhí mé ar an bhealach cheart go fóill sa méid seo. "Ach, anois, goidé mar d'aithneóchainn go fíor goidé an dráma a thárla sa tsoilear ar uair an mheadhon oidhche? Bhí sé soiléir nach dtiocfadh ach le duine amháin aca dhul síos sa pholl, agus b'é Brunton an duine sin. Chaithfeadh an cailín fanacht ar uachtar. Bhain Brunton an glas de'n bhocsa annsin agus shín sé suas chuice-se, creidim, a rabh ann. Sin mar b'éigean a bheith, nó ní rabh na rudaí ann - agus annsin - 'seadh, goidé thárla annsin? "Goidé an fonn díoghaltais a bhí i gcroidhe na mná díomasaighe Ceiltighe seo? An bhfuair na cathuighthe buaidh uirthe go tobann nuair a chonnaic sí an fear a rinne éagcóir uirthe - éagcóir i bhfad níos mó, b'fhéidir, ná bhí fhios againne - faoi n-a cumhacht? An de thaisme a shleamhnuigh an píosa adhmaid as faoi an leic, agus an de thaisme a thuit an leac síos agus a rinne sí príosúnach de Bhrunton sa pholl ina bhfuair sé bás? An rabh sise saor ó locht ach amháin gur cheil sí goidé d'éirigh dó? Nó an ise a thug buille go tobann do'n mhaide agus a thug ar an leic tuitim síos ina h-áit féin? Cibé mar bhí, chonnaictheas damh go dtiocfadh liom an bhean a fheiceáil agus greim báis aice ar an taisge go fóill ina rith suas go tógtha an staighre cam, agus sgreadach ghéibheannach Bhrunton dhá cluinstin aice mar bhéadh sé sin i bhfad uaithe i gcéin. "Seo é an rud ba chionntach leis an dreach mhílítheach a bhí uirthe, agus leis an dóigh a rabh sí fríd a chéile. Seo é an rud ba chionnta leis an dóigh a rabh sí ag gáiridhe mar bhéadh gealt ann ar maidin lá ar n-a bhárach. Ach goidé bhí sa bhocsa? Agus goidé rinne sí leis? Gan amhras, ní rud eile bhí ann ach na píosaí sean-mhiotail agus na méaróga a fuair mo chara sa loch. Chaith sí amach annsin iad an chéad uain a fuair sí, ar eagla go bhfuighthí amach goidé bhí déanta aice. "Shuidh mé annsin gan bhogadh ar feadh fhichead bomaite ag machtnamh liom. Bhí Musgrave ina sheasamh go fóill agus dreach iongantach bán air. Bhí a lóchrann anonn agus anall ina láimh aige agus é ag coimheád leis síos sa pholl. ""Seo cuid de na buinn airgid a bhíodh i n-úsáid i n-aimsir an Chéad Séarlus," ar seisean, ag taisbeáint cúpla ceann dá rabh fágtha sa bhocsa damh. "Bhíomar ceart, tchí tú, in ár dtuairim fá dháta an tsean-ghnáis." ""Féadaimíd rud éigin eile a bhaineas leis an Chéad Séarlus a fhagháil, fosta," arsa mise. Bhí mé i ndiaidh smaointeadh go tobann ar an chiall a d'fhéadfadh a bheith leis an chéad dá cheist de'n tsean-ghnás. "Taisbeáin damh goidé tá sa mhála sin a fuair tú as an lochán." "Chuamar suas go dtí an leabharlann, agus spréidh sé an gramscar uilig amach ós mo choinne. An chéad uair a d'amharc mé ortha níor bh'iongantach liom é a bheith ag déanamh gur bheag a b'fhiú iad, na bhí an miotal chomhair a bheith dubh, agus ní rabh luisne nó loinnir ins na clocha. Ach chuimil mé ceann aca do mo mhuinchille, agus shoillsigh sé sa deireadh mar bhéadh dhrithleóg ann i gcroidhe mo bhoise. Bhí an nasc miotal déanta i bhfuirm fáinne dúbailte, ach bhí sé cam agus casta go rabh sé as a chrot féin ar fad. ""Caithfidh tú cuimhniú," arsa mise, "go rabh dream an ríoghraidh láidir i Sasain go fiú i ndiaidh an ama ar cuireadh an Rí chun báis, agus creidim, nuair a theich siad sa deireadh, gur fhág siad a lán de neithe luachmhara a bhí aca i bhfolach ina ndiaidh, ar shéala a theacht arais fá n-a gcoinne nuair a bhéadh an tír ní ba suaimhnighe." ""Fear mór de chuid Shéarluis a bhí in mo shinnsear, Sir Ralph Musgrave," arsa mo chara, "agus bhíodh sé leis an Dara Séarlus gach áit dá dtéidheadh sé." ""Tchím, leóga!" arsa mise. "Bhal, anois measaim féin gur chóir go dtabhairfeadh sin dúinn an poinnte deireannach eólais atá de dhíth orainn. Má's fríd tubaiste féin a tháinig tú uirthe, go mairidh tú an tsealbh seo. Is fiú rud maith í innte féin - ach is fiú i bhfad níos mó ná sin í de bhárr na suime a chuirfear sa stair atá ag baint léithe." ""Agus goidé rud é?" ar seisean, agus iongantas air. ""Ní dadaidh níos lugha ná sean-choróin righte Shasana." ""An choróin!" ""'Seadh. Cuimhnigh ar bhriathraí an tsean- ghnáis. Goidé seo iad? "Cé'r leis é?" "Leis an fhear a d'imthigh." Sin i ndiaidh an Rí Séarlus a chur chun báis, tá fhios agat. Annsin, "Cé aige a mbéidh sé?" "Ag an fhear a thiocfas." B'é sin an Dara Séarlus. Bhítheas ag dréim leisean cheana féin. Ní dóigh liom go bhfuil ceist ar bith ná go rabh an nasc brúighte gan chrot seo fá cheann na Stiubhartach Ríoghdha uair éigin." ""Agus goidé mar thárla sa lochán é?" "Á, sin ceist a mbainfidh sé tamall asam a freagar." Le sin thoisigh mé agus mhínigh mé an t-iomlán mar a cheap mé agus mar a chruthuigh mé é in mo intinn féin. Bhí an oidhche ann agus bhí an ghealach ag soillsiú go glan sa spéir sul a rabh deireadh agam le mo sgéal. ""Agus goidé mar thárla, mar sin, nach bhfuair Séarlus an choróin nuair a tháinig sé arais?" arsa Musgrave, ag cur an iarsma isteach sa mhála línéadaigh arís. ""Á, tá tú ar poinnte anois a bhfuil eagla orm nach bhfuighimíd a réidhteach go deó. Creidim féin go bhfuair an Musgrave a bhí i mbun an rúin, go bhfuair sé bás eadar an dá am, agus nuair a d'fhág sé an teacht- aireacht seo do'n fhear a tháinig ina dhiaidh go ndearna sé dearmad a mhíniú goidé ba chiall leis. Ó'n lá sin go dtí an lá indiu tháinig sé ó athair go mac go dtí go dtáinig sé, fá dheóidh, i n-eólas duine a bhain an rún as a fholach agus a chuir a shaoghal de dhíth air féin le n-a linn." "Sin anois agat, a Watson, sgéal Shean- ghnás Mhuinntir Mhusgrave. Tá an choróin aca shíos ag Hurlstone - d'aindeóin go rabh ceist dlighe ann a chuir costas mór ortha sul a bhfuair siad cead a coinneáil. Tá mé cinnte, dá dtráchtthá ar m'ainm-se leó, nach mbéadh ortha ach lúthgháir a taisbeáint duit. Maidir leis an chailín a d'imthigh, níor cluineadh iomrádh uirthe ariamh ó shoin. Is é mo thuairim féin gur fhág sí Sasain, agus go dtug sí léithe rún a coire go tír éigin thar sáile."