“An Ghaedhilg a dhéanamh oireamhnach do shaoghal an lae indiú”!!! An Doirnealach An t-Ultach 12:7 (1935) lgh 4–5 Thárla cinéal neamh-ghnaitheach mé, tráthnóna amháin, an samhradh seo chuaidh thart, agus dar liom go rachainn soir 'toigh Chonaill Ruaidh. Chuaidh mé soir, agus bhí Conall i n-a shuidhe ar stól, amuigh os coinne an toighe, agus é ag cur bala ar eangach bhallán. Thoisigh an comhrádh againn; ach níor bh'fhada bhíomar ar obair nuair a d'iarr Conall orm amharc siar an bealach mór. “Cé an diúnlach é siud a tchím ag teacht anuas malaidh Éamuinn?” ar seisean. “An é sin an fear atá ag baint faoi i dtoigh Sheáin Aodha?” Bhreathnuigh mé fhéin an t-ógánach a bhí ag teacht anuas an mhalaidh, agus d'athain mé ar an chead iarraidh é. “Is é,” dubhairt mé. “Sin an fear céadna atá ann. An rabh tú ariamh ag cainnt leis, a Chonaill?” “Maise, ní rabh,” ar seisean. “Chuaidh sé soir annseo cupla uair; ach ní dhearn sé cainnt ar bith liom, ná mé leis, amach ó bheannughadh dá chéile. C'ainm é?” “Tá,” dubhairt mé fhéin, “ainm coimhthigheach go leór air — León Eadbhard De Móirtriubhas.” “Dar diabhail é!” arsa Conall, “cha rabh dochar ar bith duit a rádh go bhfuil sé coimhthigheach. Ach tá cuma choimhthigheach air, cá bith. Agus tchíthear domh fhéin go bhfuil dreach iongantach beadaidhe air. Sin an tuighe nach dearn mé dánacht ar bith air.” “Ó, maise, ní'l, a Chonaill,” dubhairt mé fhéin. “Dheamhan a bhfuil de bhród nó de bheadaidheacht air. Duine breagh atá ann ach thú bheith eólach air. Ní'l a dhath ag cur bhuartha air ach gnaithe Gaedhilge.” (Bhí mé 'gheall ar gan doicheall ar bith a bheith ar Chonall roimh León Eadbhard chóir, agus d'éirigh liom i gceart.) “Bhal, ár ndóigh, ní locht ar bith sin air,” dubhairt Conall. “An bhfuil an dadadh Gaedhilge aige?” “Tá, leóga, gearradh maith Gaedhilge aige,” arsa mise. “Ní h-ionann amach í agus an cinéal Gaedhilge a labhairimid-inne; ach tuigim fhéin i gceart é.” “Ní h-eagal dó ná tiocfaidh sé isteach uirthe de réir a chéile,” arsa Conall. “Na diúnlaigh a bhí thuas annseo, i dtoigh Anna Bhrighde, anuraidh — na diúnlaigh udaí as an University, tá a fhios agat — ní rabh dul agam fhéin iad a thuigbheáil na chead laethe, ar chor ar bith; ach dheamhan go rabh siad ábalta slathairt mheasardha a dhéanamh, sul ar imthigh siad.” “Bhí, ár ndóigh,” dubhairt mé fhéin; “agus ní'l dabht ar bith ná dhéanfaidh siesean gnaithe maith go leír fosta. Boc géar go maith an fear céadna.” B'fhada ó mo chroidhe an moladh a rinne mé ar an fhear anuas; ach chonnaictheas domh go mb'fhearr sin a choinneáil ceilte ar Chonall. Ba mhaiht liom é fhéin agus León Eadbhard a chur a chomhrádh le chéile, agus rinne mé amach gur de'n chríonnacht féacháil le gan Conall a bheith ró-rugtha chuige i dtús báire. Agus, ar scor ar bith, ní bhéadh maith domh iomlán na fírinne 'innse. Conall Ruadh nar fhág an baile ariamh, caidé an chiall a bhéadh aige do'n lear a bhí ar León Eadbhard De Móirtriubhas? Caidé an mhaith domh bheith ag innse dó nach rabh a dhath ag cur bhuartha ar León Eadbhard ach “an Ghaedhilg a dhéanamh oireamhnach do shaoghal an lae indiú,” agus gur shíl sé a sheacht sáith dí a bheith aige fhéin? Ní bhéadh, a dhath amháin; agus d'fhág mé mar sin an scéal. Níor bh'fhada gur nocht León Eadbhard ag tóin an toighe; agus sheasuigh sé nuair a chonnaic sé mise. D'iarr mé air theacht aníos agus a scríste a dhéanamh. “Tar suas, agus suidh síos, agus leig do na bhítimíní atá i ngrian fholláin an lae seo dul i bhfeidhm ort,” arsa mise. D'amharc Conall go h-iongantach ormnuair a chuala sé an bolgam sin dhá rádh agam; ach, amach ó sin, níor leig sé a dhath air. D'éirigh sé ina sheasamh agus chuir fáilte roimh an strainsear. “Táim go h-ana-séanmhar mar gheabhl ar pléisiúr do aithne do bheith agam,” dubhairt sé sin agus é ag tabhairt freagair ar Chonall; agus bhí sé ag brath suidhe ar an leic ag mo thaoibh-se. Ach le sin thug girseach bheag le nighean Chonaill, thug sí amach cathaoir chuige. Is cosamhail go bhfaca an mháthair é, agus go rabh sí ag déanamh nar chleacht sé suidhe ar leacacha loma. Agus ní bhéadh iongantas ar bith dí annsin, na bhí mo dhuien ar fhear amháin comh cóirighthe agus chasfaidhe duit i siubhal lae. An leisbheart a bhí air, dar leat gur dhá thairbhe a fuair sé an sloinneadh a bhí air. Tharraing Conall a phíopa amach as póca a bheiste. Líon sé é, agus dhearg é, agus shín do León Eadbhard é. “Caith toit,” ar seisean, go díreach mar déarfadh sé le Micí Naois nó le Paidí Sheáin é. Ach chroith mo dhuine a cheann, ag tabhairt le fios do Chonall go mb'fhearr leis leigean do'n phíopa. “Ní bhaineann tú dó, ar chor ar bith?” dubhairt Conall. D'athain León Eadbhard gur leis a bhíthear ag cainnt, ach ní rabh a fhios aige faoi'n spéir caidé h-ubhradh. “Cad é dubhairt an sean-fear?” ar seisean liom-sa. “Tá sé ag déanamh fiosrucháin an úsáidigheann tú tobaca, ar chor ar bith?” arsa mise. “Ó, úsáiduighim,” arsa León Eadbhard. “Úsáid- ighim; ach ní chreidim ins an nós atá ag maointear na tuaithe. Is dóigh le lucht sláintí-eólas gur taithí ana- contúrtac gur b'eadh pípí na gcomhursanc do úsáidiú. Is é deirid siad ná go gcomh-cruinnigheann ana-seo des na míocróibí ar an ngiota béil atá ins an bpípe; agus má tabhran duine ceadúnas do mhíocróibí duine eile comh- cruinniú do dhéanamh i n-a bhéal, go dtógaid siad ana- raic, agus gur b'é tora do bhíon ar an gcorúis san ná go mbíon an duine go leigtear do mhíocróibí duine eile comh-cruinniú do dhéanamh i n-a bhéal ting ar feadh i bhfad.” D'amharc Conall orm fhéin, agus b'fhuras aithne go rabh iongantas ar foghnamh air. Idir an cinéal Gaedhilge a bhí ag León Eadbhard agus na tuaimeanna beaga leamha a bhí leis na foclaí aige, ní rabh ciall ar bith ag Conall do n-a sheanchasc, ach oiread agus dá mbíodh sé ag cainnt i nGréigis. “Caidé dubhairt sé, a Dhoirnealaigh?” ar seisean. “An dtuigeann tusa é?” “Tuigim, ár ndóigh,” arsa mise; agus sul ar mhothuigh mé, bhí an dochar déanta agam. “Is é an rud atá sé a mhaoidheamh go bhféadfadh duine aicíd a thógáil ó phíopa duine eile.” Chuir sin mothughadh feirge ar Chonall. “Nach faithchilleach é!” ar seisean. “Ach, spréidheadh air! cad chuige nar dhubhairt sé sin sa dóigh a dtuigfeadh daoine é?” “Óró, ná bí ró-throm air, a Chonaill,” dubhairt mé fhéin. “Fan go fóill go dtaraidh sé chun béil. Tá cainnt is tíorthamhla i bhfad ná sin aige. Cuir ceist air fá rud éigin eile — fá ghnaithe mónadh, nó rud éigin de'n chinéal sin.” Ach ní rabh sé de dhíth ar Chonall ceist ar bith a chur air. Chuala sé “gnaithe mónadh” dhá rádh agam fhéin, agus thuig sé an méid sin. Agus thoisigh sé. “Ó, món — món,” ar seisean. “Do bhíos ag c'mórtas slánuighthe mónaidh. Do bhí ana-tabhairt-amach ann.” “Ag déanamh mórtais as sleántaí?” arsa Conall. “Nar pheacuighidh mé choidhche, má tá mé ábalta bun nó barr a dhéanamh de n-a scéal.” Mo sháith a thug sé domh fhéin na gáirí a choinneáil istigh; ach níor mhaith liom an comhrádh a mhilleadh. “Ní h-eadh, a Chonaill,” dubhairt mé. “Ní h-é sin an rud atá sé a mhaoidheamh. Bhí sé ag innse domh go bhfaca sé dhá chéad fear ag baint mhónadh i gcuideachta a chéile.” “Tchím, go díreach,” arsa Conall. “Maram gur siud ainmneacha na bhfear a bhí sé 'aithris duit. Tá ainmneacha saoitheamhla aca, suas an bealach sin.” “Deir Conall nach fuláir nó do bhí an obair sin go h-ana-suimiúl,” arsa mise le León Eadbhard. “Go h-ana-suimiúl,” ar seisean. “Go h-ana-h-ana- suimiúl. Gearrtar an món le fear go mbíon uirneis fá leith aige.” “Fear a bíos ghá gearradh?” dubhairt mé fhéin comh móiseánta agus thainig liom. “Ó, seadh, fear. Seadh, fear,” arsa León Eadbhard, agus ghread sé leis ag innse. “Adhbhar ana-aisteach is eadh an món,” ar seisean. “Do bhí sí ina substaint eile fad ó. Do bhí sí ina giotaí crainn; agus is é deiridh lucht eólaidheachta ná gur dineadh món dí de bharr athruighthe áirithe ceimiceach.” Thug sé fá dear an stánadh a bhí Conall a dhéanamh air, agus baineadh stad beag as. “An dtuigeann an sean-fear an méid sin?” ar seisean. “Ó, maise, tuigeann Conall cuid mhaith de,” arsa mise. “Nach dtuigeann, a Chonaill.” “Dubhairt sé rud éigin fá Din Ó Muanaigh agus fá lucht ólacháin,” arsa Conall; “ach sin troma ar thóg mise de n-a smachladh.” “Seadh. Innis leat, a León,” arsa mise agus mé ag leigean orm go rabh Conall ghá thuigbheáil comh breagh 's bhí i n-Éirinn. “Ó, go deighin, obair ana-suimiúl is eadh obair na mónaidh,” arsa León. “Tar éis dó bheith bainte, bíonn a h-aon-déag — is dóigh liom gur a h-aon-déag — agus roinnt áirithe codromáin fé'n gcéad fliuchrais ann. Agus substaint do-lasta is eadh an t-uisce, tá's agat. Uime sin, ní fuláir an fliuchras do chur ar neimh-nidh; agus is iad áiseanna is comónta chuige sin ná an séideadh do dhinean an gaoth agus an lonnrú do dhinean an grian. Dintar an fliuchras do bhíon ins an món do chur ar neimh- nidh leis an gaoth agus leis an grian; agus nuair do bhíon an fliuchras curtha ar neimh-nidh, is substaint so-lasta is eadh an món, agus dinean sé dóghadh thar barr.” Thost León Eadbhard; agus ní luaithe thost ná labhair mé fhéin, ar eagla go n-abóradh Conall rud éigin a bhéadh claon beag ró-thréamanta. “Anois, a Chonaill,” dubhairt mé, “sin an dóigh a ndéantar an mhóin a bhaint agus a thriomughadh san áit ar b'as León Eadbhard.” “Maise, an abair tú sin?” arsa Conall go tur. “Bhal, grásta nar fhaghaidh mé, má ba mhaith liom bheith aca lá ag baint mhónadh! Má tá an obair an ceathramhadh cuid fhéin comh h-achrannach agus bhí an deilín sin aige- sean, tá mise ag innse duit nar bh'as do'n té a bhéadh, seal tráthnóna fhéin, ag gabháil dí.” Chor León thart a cheann a dh'amharc ar mhadadh a thainig aníos; agus, nuair a fuair mé fhéin an fhaill sin, chaoch mé ar Chonall. “Anois, a Chonaill, innis do León an dóigh a ndéantar a baint agus a triomughadh sa tír chúil seo againne.” “Óró, caidé tá le h-innse?” ar seisean. “Nach dtig leat fhéin a innse comh maith liom-sa?” “Is cuma. Innis dó é.” “Maise, diabhal a bhfuil de dhóigh againne ach an dóigh a chonnaiceamar ariamh, a dhuine uasail,” ar seisean, agus é ag labhairt go breagh plásánta. “Triúr os coinne an tsleáin a bhíonn muid ann, cuid mhór de'n am — duine ag baint, duine ag cur as poll, agus duine ag srathnughadh. Ní'l ann, ina dhiaidh sin ach í 'fhreastal de réir mar bíos an aimsir ag fóirstin agus de réir mar bíos sí ag triomughadh. 'Sé rud a ghnímid a tionntódh, an chead uair, agus a cróigeadh i n-a dhiaidh sin, agus a h-ath-chróigheadh, b'fhéidir; agus clampaí a dhéanamh dí nuair a bíos sí tirm go leór agus an fhaill againn le n-a tógáil. Sin anois agat, a dhuine uasail, an dóigh a ndéanmuid-inne an obair; agus is é mo nóiseán fhéin nach rabh athrach de dhóigh ann ó bhí Fionn Mac Cumhaill ina bhodalán gasúra.” “Ó, seadh.. Fin Mac Cúl,” arsa León Eadbhard. “Is deas an laoi fianníocta é sin. Tá béal-oideas agat- sa. Agus ní deirim ná gur rud math gur b'eadh an béal- oideas — ina áit féin. Ach ní féidir tagairt go h-ealúnta do cúrsaí an lae indiú as an size Gaelinge atá sa mbéal- oideas.” Le sin go díreach, d'éirigh sé ina sheasamh. “Ní fuláir dom dul ag triall ar an oifig puist,” ar seisean. “Bíon na leitreacha ana-mhabhl annso. Níl ciall gnó aige sna daoine annso. Slána gaibh!” “Choimrighe Dhia thú, a dhuine uasail,” arsa Conall, go breagh croidheamhail, dar leat; agus chuir mé fhéin beannacht leis, fosta. Níor labhair ceachtar againn go deachaidh León amach as ár n-éisteacht. Agus níor dhubhairt Conall a'n chuid mhór annsin fhéin. Ach, an méid adubhairt sé, bhí brigh ar leith ann. “Ag déanamh go mbéidh Gaedhilg ag an bhéalastán sin a choidhche?” ar seisean go searbh. “Bhal, cha bhíonn — go dtaraidh thiar aniar agus Astraoilia ar a dhruim leis!”