Corpas na Gaeilge 1600–1882

Léirmheas leis an Dr Colm Ó Baoill: Studia Hibernica 34 (2006–2007) 232–4.
"Níl le déanamh agat ach an focal atá de dhíth ort a chlóscríobh agus beidh tú ar an phointe cheart ar an liosta;
cliceál dúbailte ansin agus gheibh tú liosta iomlán de na tagairtí don fhocal sin sna 700 de théacsanna;
cliceáil ar thagairt acu sin agus tá dréacht 5/6 líne romhat as an fhoinse."


'Sé tá sa duilleog seo, cur síos ar Chorpas na Gaeilge, cnuasacht de théacsanna Gaedhilge as Éirinn ón tréimhse 1600–1882, comh maith le ríomh-oideasra fá choinne focla a chuartú ann. Faoi MS-Windows a oibeoras an ríomh-oideasra. Tá 705 téacs sa chnuasacht, agus os cionn 7.2 milliún de fhocla reatha ionntu.

Tá Corpas na Gaeilge 1600–1882 le ceannacht ó Acadamh Ríoga Éireann. Ba dh'é €60 a luach i mí Lughnasa 2012. Gheibhthear leis leabhrán dhá-theangthach ina bhfuil céad leathanach, agus dlúthdhiosca ar a bhfuil na téacsanna agus an t-oideasra. Ní ceadmhach na téacsanna a thaispeáint nó a phriontáil in extenso, cionnas go bhfuil a mbunas faoi chóipcheart. I n-a áit sin, nuair a ghníthear focal a chuartú, taispeántar comhthéacs goirid do gach sampla den fhocal sa chnuasacht.

'Sé Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge (FNG), tionscnamh de chuid an Acadaimh, a d'fhoillsigh an corpas sa bhliadhain 2004. Cuireadh le chéile é mar chuid den réamh-obair ar an fhoclóir stairiúil féin. Is fada siar san obair sin a théid a fhréamhacha, faoi stiúradh Thomáis de Bhaldraithe go speisialta, ach bhí an corpas dá fhorbairt go díthcheallach sa tréimhse ó 1994 go 2004. Is ar an Dr Éamonn Ó hÓgáin a bhí an fhreagracht acadúil go dtí Meitheamh 2002, agus ar an Dr Úna Uí Bheirn ó Mheitheamh 2002. Ar an Dr Ciarán Ó Duibhín a bhí an fhreagracht theicniúil.

Nuair chuirtear an ríomh-oideas ar obair, tchídhthear scáileán mar seo:


Sula n-amharcaidh muid ar na liostaí focal, is fiú spléachadh a thabhairt ar na cnaipí ar an taobh dheas den scáileán sin thuas, a innseochas dúinn — i measc eile — caidé an t-ádhbhar atá sa chnuasacht.

English Athróchaidh teangaidh na cumarsáide eadar Gaedhilg agus Béarla  
Treoir Bhéarfaidh cuidiú as comhad treorach Tuilleadh eolais
Liosta Téacsanna Taispeánfaidh liosta de na téacsanna Tuilleadh eolais
Liosta Údar Taispeánfaidh liosta de na hughdair Tuilleadh eolais
Index nominum Taispeánfaidh liosta de na hainmneacha dílse agus a gcomhthéacsanna Tuilleadh eolais
Sainchuartú Cuartóchaidh rud ar leith i dtéacs ar leith Tuilleadh eolais
Amach Tiocfaidh amach as an ríomh-oideas  

Anois, tá dhá liosta focal le feiceáil ar an scáileán sin thuas. Ar chlé, tá liosta focal in ord aibitre; agus ar dheis, tá liosta in ord aibitre ó dheireadh an fhocail. Tá an dá liosta seo neamh-spleadhach ar a chéile. Is féidir focal a roghnú ar cheachtar den dá liosta, agus cliceáil a dheánamh air (nó is féidir focal a bhualadh isteach ar an mhéarchlár). Má ghníthear sin, tchídhfear comhchordacht den fhocal sin. Má ghlactar, mar shampla, an focal "éan" ar an taobh chlé, gheobhfar scáileán mar an cheann seo:


Tá 685 sampla den fhoirm "éan" sa chnuasacht. Taispeántar, san fhuinneog uachtair den chomhchordacht, suas go 15 sampla den fhocal — samplaí 1–15 sa chás seo — sampla amháin ar gach líne. Is fiú a thabhairt fá dear nach leigtear do na claochlaithe tosaigh cur isteach ar an leagan amach seo. Ach níl leimiúchán de bhreis ar sin deánta ar an ádhbhar, ná níor tugadh an litriú chun riaghaltachta.

Bíonn líne eighinteacht den fhuinneog uachtair i gcomhnaí ina "shampla reatha", agus san fhuinneog íochtair bíonn tuilleadh eolais le fagháil ar an tsampla sin. 'Sé an chéad líne den fhuinneog uachtair – sampla 1 as na 685 — atá faoi bhéim annseo. San fhuinneog íochtair, tá comhthéacs níos fuide le feiceáil don tsampla reatha, agus sonnraí níos iomláine: mar shampla, an leathanach agus an líne den téacs phriontáilte ar a bhfuil an sampla seo suidhte. Má ghníthear cliceáil ar an fhuinneog íochtair leis an chnaipe dheas den lúchóg, tchídhfear fuinneog bheag eile a chuirfeas i gcuimhne don léightheoir cén téacs atá i gceist leis an tsampla reatha: sa chás seo, gur ionann L234 agus Meascra Dánta I, II in eagar ag T. F. O'Rahilly.

Ag bun na comhchordachta cuirtear ar fagháil dóigh le samplaí a chur i dtaisce i gcomhad.


An coirneál teicneil

An ríomh-inneall atá de dhíth:
Próiseálán Intel Pentium 200 MHz (inmholta: 1GHz);
Microsoft Windows 95B (inmholta: 2000/XP);
64 MB RAM (inmholta: 256 MB);
CD-ROM 16x;
Scáileán de mhíneadas 800x600


Fadhbanna teicneala agus a leigheas / Problems and solutions:

1: Corpas na Gaeilge help file not accessible in Windows Vista, Windows 7, etc.
The help file supplied with Corpas na Gaeilge is in Windows Help format (.hlp). Microsoft have discontinued support for this format in Windows Vista, Windows 7 and later. In order to use Windows Help files in these versions of Windows, download and install the Microsoft upgrade of WinHlp32.exe for your version of Windows from http://support.microsoft.com/kb/917607


Ciarán Ó Duibhín
2012/09/19
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite