Leabhar Chlainne Suibhne (1514)

Ciothruadh Mac Fhionnghail

An lámhscríbhinn ar a dtugtar "Leabhar Chlainne Suibhne," baineann sí le Clann tSuibhne Fhánada, agus tá sí san Acadamh Ríoga i mBaile Átha Cliath (24 P 25). Tá an chuid is mó den lámhscríbhinn líonta le tráchtas a scríobh fear darbh ainm Ciothruadh Mag Fhionnghaill sna bliadhanta 1513–1514 (go dtí lch 124). Ina dhiaidh sin sa láimhscríbhinn tá rudaí eile: tráchtas ar ghinealach Chlainne tSuibhne, a scríobh Tadhg Mac Fithil am eighinteacht eadar 1532 agus 1544 (lgh 125–136); agus ag an deireadh tá dánta éagsamhla fá Chlann tSuibhne Fhánada ón tréimhse chéanna (lgh 138–155).

Sraith de scéalta diadha de achan chineál atá i saothar Mhic Fhionnghaill: beathaí naomh, eachtraí beaga i stair na Críostaidheachta, scéaltaí beaga a bhfuil ceacht móraltachta le foghluim astu, smaointí diadha...

Tá eolas áirid fán scríobhnóir le fagháil ón scríbhinn féin. "An fear ó Thoraigh" a bheir sé air féin in áit amháin. Bhí sé pósta san am ar bhean a rabh Mór Chiar uirthi, ach níorbh í a chéad bhean í. Dá bhrí de, bhí fear ó Thoraigh an t-am sin, a rabh sé ar a chumas, chan é amháin Gaedhilg a léigheamh agus a scríobhadh, ach Laidin fosta, nó deir sé gur chuir sé féin agus fear eile eadarthu Gaedhilg ar cheann de na scéaltaí sa tráchtas, giota a fuair siad i Laidin.

Rinne sé cuid amháin den tráchtas in 1513, a deir sé linn, ar iarratas ó bean chéile Ruaidhrí Mhic Shuibhne Fhánada, Máire, ar de mhuinntir Mháille í, nighean le fear darbh ainm Eoghan Ó Máille: "ba í aois an tighearna an tráth a sgríobhadh an bheatha seo Cholm Cille do Mháire nighin Eogain Uí Mháille .i. xiii. & .ccccc. & míle bliadhan." Luaidhtear Máire arís le codanna eile den tráchtas, agus tá seans ann gur daoithe a rinneadh an t-iomlán de. Tá fhios gur in 1523 a bhásaigh sí.

Is minic Ciothruadh ag gearán as na droch-ghléasraí scríobhnóireachta a bhí aige, agus ag cainnt fosta fána bhean, mar shampla: "Cithruadh Mag Findgaill a sgríobh seo anuas gan cailc gan cubhar le drochadhme & ní buidheach mé fá chómhrádh na hoidhche aréir do Mhóir Chéin." Nó, "Mise Cithruad Mág Fhindgoill a sgríobh sin le drochadhme & ceanglaim ar gach aon a léighfeas sin a bheannacht a thabhairt ar m'anmain truaigh & fós ar anmain mo bhan pósta mur a ngabhann siad & go háirighe ar anmain Mhóire Céire óir is í do pósas fá dheireadh díbh sin." Bhí píosa amháin, "An Cáin Domhnaigh", a thug trioblóid ar leith dó, nó bhí sé ag iarraidh é a dheánamh ní b'fhusa a thuigbheáil agus ní rabh sé sásta leis an toradh: "Miscath uaim ar an Cháin Dómhnaigh seo óir ní fhuil ach tón eadar dhá sdól aici .i. d' fhág si a cruas & ni rug si ar boige."

Scríobh an Sagart Pól Breathnach "Leabhar Chlainne Suibhne" (Dublin, 1920), agus bháist sé an t-ainm céanna ar Ls 24 P 25.  Níl sa leabhar seo ach tráchtas Mhic Fhithil .i. an dara cuid den láimhscríbhinn (Cuid I den leabhar, lgh 1–75); maille le ginealaigh eile nach as 24 P 25 iad ach as leabhar Bhaile an Mhóta, ó láimh Mhic Fhirbhisigh, agus ó láimh Uí Chléirigh (Cuid II den leabhar, lgh 77–115).  I réamhrádh an leabhair, ar lgh xliv–lxiii, tá cur síos mionaideach ar Ls 24 P 25, ach níl téacs na chéad choda nó na treas coda de Ls 24 P 25 sa leabhar.


Ciarán Ó Duibhín
2004/12/07
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite