Saothar Próis Chúige Uladh 1500–1800
Cá huair a thoisigh Ultaigh a scríobhadh i nGaedhilg? Chan é Cathal Ó Searcaigh a chur tús leis! Ná Séamus 'ac Grianna ná Seaghán 'ac Meanman ach oiread. Is i bhfad roimhe sin a cuireadh tús leis. Agus is truaigh nach bhfuil níos mó eolais againn ar na sean-scríobhnóirí agus ar na leabharthaí sin a scríobh siad, abair, eadar 1500 agus 1800. Nó b'fhéidir gur "tráchtaisí" a b'fhearr a thabhairt orthu in áit leabharthaí, nó is de láimh ar ndóighe a scríobhadh iad.
Chuir "Cú Uladh" — Peadar T Mag Fhionnlaoigh — leabhrán amach in 1925, ar a rabh an teideal "Scríobhnóirí Móra Chúige Uladh", agus is as an leabhar is mó a fuair mé eolas ar an ádhbhar seo. Ní dheánfaidh mé fá láthair mórán níos mó ná liosta de na leabharthaí a luaidh sé a chur in áirde, agus fosta corr-leabhar eile nár luaidh sé.
Leabhar Chloinne Suibhne, le Ciothruadh Mac Fionnghail (1514)
Amharc "Leabhar Chlainne Suibhne" leis an Athair Pól Breathnach, 1920. Ach is le craobhacha ginealaighe ag deireadh na láimhscribhinne a bhaineann an t-imleabhar seo, agus níl téacs shaothair Chiothruaidh innti.
Beatha Cholmcille, le Maghnus Ó Domhnaill (1532)
In eagar in irisleabhar Gearmánach c1905, agus in "Betha Colaim Chille" leis an Athair Aindreas Ó Ceallachair agus Getrude Schöpperle, Ollscoil Chicago, 1918 .
Imtheacht na n-Iarlaí, le Tadhg Ó Cianáin (1609)
In eagar in "The Flight of the Earls" leis an Athair Pól Breathnach, Maigh Nuad, 1916; agus in "Imeacht na nIarlaí" le Pádraig de Barra agus Tomás Ó Fiaich, 1972.
Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, le Lughaidh Ó Cléirigh (c1615)
In eagar leis an Athair Donnchadh Ó Murchadha c1895.
Scathan Shacramuinte na hAithridhe, le hAodh Mac Aingil (1618)
In eagar in "Scáthán Shacramainte na hAithrí" leis an Athair Cainneach Ó Maonaigh, 1952. Amharc fosta "Bráithrín Bocht ó Dhún" leis an Athair Anraí Mac Giolla Chomhaill, 1985.
Mag Uidhir Fhearmanach, le Ó Luinnín (c1630)
In eagar in "Me Guidhir Fhearmanach" leis an Athair Pádraig Ó Duinnín, 1917.
Annalacha Ríoghachta Éireann, leis an Bhráthair Micheál Ó Cléirigh et al (1632–6)
In eagar in "Annals of the Kingdom of Ireland" le Seán Ó Donnabháin i seacht n-imleabhar, 1846.
Cinn-Lae Uí Mhealláin, leis an Athair Tarlach Ó Mealláin (1646)
In eagar in "County Louth Archaeological Journal," 1923–30, leis an Athair Lorcán Ó Muireadhaigh; agus in "Analecta Hibernica 3," 1931, le Tadhg Ó Donnchadha (Torna); aistriúchan Béarla in "Dúiche Néill 10," 1995/96, le Cathal Dillon.
Tóraidheacht Gruaidhe Ghrian-sholuis, le hÉadhmonn Ó Donnghaile (1679)
In eagar le Cecile Ní Rathaille, c1924.
Comhairle Mhic Clamha ó Achadh na Muileann, le hEoghan Ó Donnghaile (1680)
In eagar leis an tSagart Seosamh Ó Dufaigh agus le Brian E Rainey, 1981.
Corpus Astronomiae, leis an tSagart Maghnus Ó Domhnaill (1694)
In eagar le F W O'Connell agus R M Henry, 1915.
Leabhar Chloinne Raghnaill, le Niall Mac Mhuireadhaigh (c1700)
In eagar le Seosamh Laoide, 1914.
Eachtra Aodh Mhic Goireachtaigh, le hÉamonn Óg Mhac Aonghusa (?) (1707–1727)
As ceanntar Fhoircheall, Co Árd Mhacha. In eagar ag Nicholas Williams in Éigse in 1970.
Seanmóirí Uí Ghallchobhair, leis an Easbag Séamus Ó Gallchobhair (1735)
An leabhar Gaedhilge is mó a rabh díol ariamh air. Foillsigheadh 25 eagrán eadar 1735 agus 1911.
Toruidheacht ar Lorg Chríosta, leis an Athair Séamas Mac Póilín (1762)
Níltear cinnte an é Mac Póilín a rinne an t-aistriúchán seo. Ach murab é féin, rinne sé óráid ar uaigh Eoghain Uí Néill (1744) agus Teagasc Críostaí (1748, 1782).
In eagar leis an Athair Domhnall Ó Tuathail, 1915.
The Spiritual Rose, le Matthew Kennedy agus Brian Callan (1800)
Foillsigheadh é 1800, agus bhí tuilleadh eagrán ann (McKenna xiv). Leabhar urnaighe é, aistriúchán don chuid is mó.
In eagar le Malachy McKenna, 2001. Amharc fosta tráchtas gan fhoillsiughadh (QUB) fá Ghaedhilg Chondae Mhuineacháin, le John P O'Boyle, c1950.
An introduction to the Irish language, le William Neilson (1808)
Tá trí chuid ann: gramadach, ráidhtí agus comhráidhtí, sliochta as na
mór-leabharthaí. Foillsigheadh é in 1808, agus eagrán athruighthe in
1843. Cuireadh athchló ar an bhunleagan in 1990. Amharc fosta
Séamas Ó Saothraí, "An Ministir Gaelach", 1992.
Amharc fosta: "Díolaim Próis 1450–1850" leis an Athair Anraí Mac Giolla Chomhaill, 1971.