Thuit sé ins an Eabar.        

Bhí Micheál Ruadh lá amháin ar an phortach ag
gabhail do mhónaidh. Shrathnuigh sé cuid de'n
mhónaidh úir agus chróig sé an chuid eile dí. I
dtrátha an tráthnóna nuair a bhí deireadh na mónadh
úire srathnuighthe agus cróigthe aige, líon sé cliabh
le sean-mhónadh, chuir sé an cliabh ar a dhruim,
agus thug sé a aghaidh ar an bhaile. Bhí sé ag
teannadh 'un tosaigh go miotalach, acht sul ar
mhothuigh sé, bhuail sé ceann da chosa i n-éadán
túrtóige, agus thuit sé ar bhéal a chinn isteach 'san
eabar. D'éirigh sé chomh maith agus thainic leis,
d'fhág sé an cliabh annsin agus d'imthigh leis 'un
an bhaile ins na fatha fásgaigh. Bhí Brighid, a
bhean, in a seasamh ag binn an tighe, agus nuair a
chonnaic sí ag teacht é, agus é lán clábair, fhobair
dí tuitim i laige leis an sgannrughadh a fuair sí.
"A Mhicheáil na gcarad," ar sise, "caidé d'éirigh
duit, nó cé chaith an clábar ins an aghaidh ort?"
"Ó, a bhean mhodhamhail," arsa Micheál -

"Bhí ualach ar mo dhruim,
Bhí túrtóg in mo bhealach,
A's thuit mé ar mo ghaothsán,
Isteach i n-eabar shalach."

Vocabulary and Idioms:

eabar = mud
portach = turf-bog
mónaidh = turf (peat)
srathnuigh = arrange newly-cut turf in rows to dry
cróig = foot turf, i.e. arrange sods on end in groups of 3 or 4
cliabh = turf-basket
thug sé a aghaidh ar an bhaile = he set off for home (aghaidh = face)
ag teannadh 'un tosaigh = making good progress (teann = push)
go miotalach = hardily
bhuail sé a chos i n-éadán ... = he tripped over ...
túrtóg = a lump of earth
thuit sé ar bhéal a chinn = he fell on his face
chomh maith is thainic leis = as well as he was able
ins na fatha fásgaidh (or: feasaigh) = at full tilt
fhobair dí = she almost
tuitim i laige = faint
A Mhicheáil na gcarad = Micheál dear
caidé d'éirigh duit = what happened to you
a bhean mhodhamhail = my good woman (modhamhail = mild, mannerly)
gaothsán = nose

Pronunciation:

THUIT sé anns a NEAB-ar

bhí MICH-ál RÚ-a lá a-MHÁIN eir a' PHORT-ach eig
GUIL do MHÓN-í. SHRATH-nuí sé CUID don
MHÓN-í ÚIR og-us CHRÓIG sé cuid EIL-e daoi. i
DRÁTH-a an tráth-NÓN-a nuair a bhí DEIR-ú na MÓN-ú
ÚIR-e SRATH-naí og-us CRÓIG-the eig-e, LÍON sé CLIABH
le SEAN-MHÓN-í, CHUIR sé an CLIABH eir a DHRUIM,
og-us THUG sé a É-í eir a' BHAIL-e. bhí sé eig
TEANN-ú un TOS-í go MIOT-al-ach, ach sul eir
MHOTH-í sé, BHUAIL sé CEANN da CHOS-a i NÉAD-an
TÚR-tóig-e, og-us THUIT sé eir BHÉAL a CHINN a-STEACH sa
NEAB-ar. DÍR-í sé chomh MAITH og-us THAIN-ig leis,
DÁG sé an CLIABH ann-SIN og-us DIM-thí leis un
a' BHAIL-e anns na FATH-a FEAS-í. bhí BRÍD, a
BHEAN, ann a SEAS-ú eig BINN a' TOIGH-e, og-us nuair a
CHONN-aic sí a' TEACHT é, og-us É LÁN CLÁB-ir, HUB-ir
daoi TUIT-im i LAIG-e leis an SGANN-rú a FUAIR sí.
"a MHICH-áil na GAR-ad," eir SI-se, "cuid-É DÍR-í
duit, nó cé CHAITH an CLÁB-ar anns an É-í ort?"
"Ó, a BHEAN MHODH-úil," ar-sa MICH-ál -

"bhí Ú-a-lach eir mo DHRUIM,
bhí TÚR-tóg ann mo BHEAL-ach,
as THUIT mé eir mo GHAOTH-sán,
a-STEACH a NEAB-ar SHAL-ach."

Ciarán Ó Duibhín
2008/03/08
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite