Ar Fasgadh in a Shúil.        

Chuaidh fear greannmhar eile de chuid an bhaile
s'againne amach lá amháin i dtús an Fhoghmhair a
bhaint féir. Thug sé leis speal agus cloch speile,
agus nuair a chuaidh sé a fhad leis an pháirc, chuir
sé faobhar ar an speil, agus níor bh'fhada go rabh sé i
gcionn oibre. D'oibir sé leis go dicheallach, agus
níor mhothuigh sé go rabh stróic bhreágh bainte
aige. Sheas sé tamall ag deanamh a sgithiste, agus
ag amharc thart dó ar an spéir, shonnruigh sé go
rabh balc ag teacht. Go díreach le sin, thoisigh na
deora móra ag tuitim agus rith sé ar an fhasgadh.
Nuair a bhí sé ag rith, is cosamhail go dteachaidh
cuileóg nó seort eighinteacht míoltóige isteach in a
shúil. Chuimil sé agus chuimil sé leis ar an tsúil,
acht ní rabh gar ann. Chonnaictheas dó go rabh
an chuileóg i bhfolach istigh 'sa tsúil i rith an ama.
"Bruith chasta ort" ar seisean 'sa deireadh, "a
ghiodaláin gan náire, nach rabh aon áit eile agat le
dhul ar fasgadh acht isteach in mo shúil-sa!"

Vocabulary and Idioms

fasgadh (or: foscadh) = shelter
ar fasgadh = taking shelter
an baile s'againne = our townland
thug sé leis = he took with him
cloch speile = a scythe-sharpening stone
i gcionn oibre = at work
níor mhothuigh sé go rabh ... = he didn't notice *until* ...
ag deanamh a sgithiste = resting
ag amharc thart dó = on looking round
balc = a downpour
ní rabh gar ann = it was no use (gar = benefit)
bruith chasta ort = may you burn and shrivel up

Pronunciation

eir FAS-gú ann a SHÚIL

CHÚ-í FEAR GREANN-mhar EIL-e de CHUID a BHAIL-e
SOG-inn-e a-MACH LÁ a-MHÁIN i DÚS an FHÓ-mhair a
BHAINT FÉIR. THUG sé leis SPEAL og-us CLOCH SPEIL-e,
og-us nuair a chú-í sé FHAD leis a' PHÁIRC, CHUIR
sé FAOBH-ar eir an SPEIL, og-us níor BHAD-a go RÓ sé i
GIONN OIB-re. DOIB-ir sé go DITH-eall-ach, og-us
níor MHOTH-í sé go ró STRÓIC BHREÁ BAIN-te
eig-e. SHEAS (HASS, not HYASS) sé TAM-all a' DEAN-ú a SGÍS-te, og-us
eig AMH-arc THART DÓ eir an SPÉIR, SHONN-ruí sé go
ró BALC eig TEACHT. Go DÍR-ach le SIN, THOIS-í na
DEÓR-a MÓR-a eig TUIT-im og-us RITH sé eir an FHAS-gú.
Nuair a bhí sé eig RITH, ios COS-úil go DTEACH-í
CUIL-óg nó SEORT ÉIN-teacht MÍOL-tóig-e a-STEACH ann a
SHÚIL. CHUIM-il og-us CHUIM-il sé leis eir an TÚIL,
acht ní ró GAR ANN. CHONN-aic-theas dó go ró
a CHUIL-óg a BHOL-ach a-STIGH sa TÚIL i RITH an AM-a.
"BRUITH CHAS-ta ort" eir SEIS-an sa DEIR-ú, "a
GHIOD-al-áin gan NÁIR-e, nach ró AON ÁIT EIL-e og-at le
dhul eir FAS-gú acht a-STEACH ann mo SHÚIL-sa!"

A couple of points about northern pronunciation:

Remember that *stressed* "amh" has the sound of "ow" in "cow"; e.g. amharc: AMH-arc. Whereas stressed "abh" sounds like "ó", e.g. abhainn: Ó-inn; rabh: . So "amhrán" should really be spelled "abhrán" (Ó-rán), whereas "abhlóir" should be spelled "amhlóir" (OW-lóir).

Remember that  "á" is like "ah" (páirc, , clábar),
whereas        "ó" is like "aw" in most words (deóra, , stróic)
                   or like "oe" in others (mór, foghmhar: FÓ-mhar,
                                           rabh: , abhainn>: Ó-inn).

Ciarán Ó Duibhín
2008/03/29
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite