Chuaidh an Ghrian an Aithghiorra.        

D'éirigh Máire Nic Gabhann le spéirthí an lae.
Bhí an chruach mhónadh ins an gháraidh i gcúl an
tighe, agus thug sí isteach bacóg de'n mhónaidh.
Tharraing sí amach na h-aibhleóga agus an luaith,
agus chuir sí síos toirt bhréagh teineadh. Thug sí
isteach an t-uisge, agus chuir sí cuid de sa túlán,
agus chroch sí an túlán ar an teinidh. Nuair a bhí
an túlán ag guil, fuair sí pota an tae, agus nigh sí
go maith le h-uisge galach é. Chuir sí grainín tae
isteach ann annsin, agus dhóirt sí uisge galach anuas
air. Cibé ar bith, níor bhfada go rabh an bricfeasta
réidh, acht ní rabh cuma ar bith ar fhear an tighe a
bheith ag éirghe. "Éirigh go gasta, a Shéamuis,"
ar sise 'sa deireadh, "béidh do bhricfeasta fuar ort."
Leig Séamas cnead agus osna as. "Caidé'n t-am
dhe lá a bhfuil sé, a Mháire?" ar seisean. "Nach
bhfeiceann tú?" arsa Máire, "go bhfuil an lá
chomhair a bheith caithte: ar ndóigh tá an ghrian
chóir a bheith thart ag bun na spéire."

"Má tá," arsa Séamas, "caithidh sé go dteachaidh sí an aithghiorra indiu."

Vocabulary and Idioms

le spéirthí an lae = at the crack of dawn (spéir = sky)
gáraidh = cultivated ground near house
bacóg = an armful
aibhleóga = embers
toirt bhréagh teineadh = a fine substantial fire
túlán = kettle
grainín tae = a "grain" (small amount) of tea
ní rabh cuma ar bith air = he showed no signs of
cnead = groan
chomhair a bheith, chóir a bheith = almost
caithte = spent
bun na spéire = the horizon (western, in this case)

Pronunciation

CHÚ-í a' GHRÍ-an an AICH-iorr-a

DÍR-í MÁIR-e nic GABH-ann le SPÉIR-thí an lae.
bhí an CHRÚ-ach MHÓN-ú anns a' GHÁR-í i GÚL an
TOÍ-e, og-us thug sí is-TEACH BAC-óg de'n MHÓN-í.
THARR-aing sí a-MACH na HEIBH-leóg-a og-us an LÚ-ith,
og-us chuir sí SÍOS TOIRT BHRÉ TEIN-ú. thug sí
is-TEACH an TUIS-ge, og-us chuir sí CUID de sa TÚL-án,
og-us CHROCH sí an TÚL-án eir an TEIN-í. nú-ir a bhí
an TÚL-án eig GUIL, fuair sí POT-a an TAE, og-us NIGH sí
go MAITH le HUIS-ge GAL-ach é. chuir sí GRAIN-ín TAE
is-TEACH ann, og-us DHÓIRT sí UIS-ge GAL-ach an-Ú-as
eir. CIB-é eir BITH, níor BHAD-a go rabh an BRIC-feas-ta
RÉ-í, acht ní rabh CUM-a eir BITH eir EAR a' TOÍ-e a
bheith eig ÍR-í. "ÍR-í go GAS-ta, a SHÉAM-is,"
eir SI-se sa DEIR-ú, "BÉ-í do BHRIC-feas-ta FÚ-ar ort."
leig SÉAM-as CREAD og-us OS-na IOS. "caid-ÉN T-AM
e LÁ a BHUIL SÉ, a MHÁIR-e?" eir SEIS-an. "NACH
BHEIC-ann tú?" eir-sa MÁIR-e, "go bhuil an LÁ
CHÓIR a bheith CAITH-te: eir NÓ-í, tá a' GHRÍ-an
CHÓIR a bheith THART eig BUN na SPÉIR-e."

"má TÁ," eir-sa SÉAM-as, "caith-í sé go DEACH-í
sí an AICH-iorr-a in-NIÚ."

Notes:

Grammatical note:

pota an tae: the tea-pot
Preferable to "an pota tae". There are degrees of definiteness here.

  1. fuair sí POTA AN TAE: one specific teapot
  2. AN POTA TAE a cheannóchthá inniu: not one specific teapot, but not just any teapot either
  3. an bhfuil POTA TAE agat: any teapot at all.

The type 2 construction is gaining ground in the type 1 situation in contemporary Irish, more's the pity. GGBC is strong on the distinction between types 1 and 2, though I'm not sure it got to the full explanation behind it.


Ciarán Ó Duibhín
2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite