An Ganndal Drochmhúinte.        

Bhí gasúr beag ag dul 'un na sgoile maidin amháin
agus an-deifre air ar eagla go mbéadh sé mall. Nuair
a bhí sé ag teacht comhgarach do'n sgoil, chonnaic sé
gé agus ganndal ar an bhealach mhór. Bhí an
ganndal iongantach drochmhúinte, agus nuair a
chonnaic sé an gasúr ag teacht, spréigh sé amach a
chuid eiteóg, agus thoisigh sé a sgréachaigh. Rith
sé indiaidh an ghasúra, agus bhain sé liomóg as a
làirc. Bhí eagla a chuirp ar an ghasúr, agus léim sé
thar chlaidhe an bhealaigh mhóir. Nuair a bhí
sé ar an taoibh eile de'n chlaidhe, chraith sé a dhorn
leis an ghanndal. "A spágaidhe mhóir," ar seisean,
"murb é go bhfuil eagla orm romhat, chasfainn an
muineál fada díot."


Ciarán Ó Duibhín
2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite