Séamas Beag agus an Coinín.        

Bhí Séamas beag ag buachailleacht ar an chnoc
lá amháin, agus chonnaic sé coinín ag dul isteach i
bpoll faoi charraig. Rith sé 'na bhaile, agus níor
bh'fada go rabh sé ar ais agus madadh leis, agus
chuir sé isteach ins an pholl é. Ruaig an madadh
amach an coinín, acht d'imthigh an coinín isteach i
bpoll eile, a bhí ró-bheag ag an mhadadh le dhul
isteach ann. "Arú, nach tú atá contrailte!" arsa
Séamas, "acht b'fhéidir nach bhfuil an bhuaidh agat
orm go fóil?"

Bhí cuid mhór fraoich 'san áit, agus mar bhí
an aimsir breagh tirm le tamall maith roimhe, shíl
Séamas dá gcuireadh sé an fraoch le theinidh go
mb'fhéidir go ruaigfeadh an toit agus an teas an
coinín. Chuartuigh sé a phócaí go bhfuair sé cúpla
cipín soluis; chuir sé an fraoch le theinidh, agus
níor bh'fada go rabh an bladhaire ag éirghe i
n-áirde mar bheadh teine fhéil Eoin ann. "Á,
bíodh sin agat," ar seisean, "béidh fhios agat anois
gur fearr feannadh agus rósadh nó rósadh gan
feannadh."


Ciarán Ó Duibhín
2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite