"Páidín Fadálach."        

Bhí fear ar an bhaile seo i n-am amháin a dtugadh
siad "Páidín Fadálach" air, agus bhí sé cinnte
bheith i gcomhnuidhe ar deireadh le gach aon rud.
Nuair a bhíodh an barr 'sa talamh ag an chuid eile
de na daoine, ní bhíodh Páidín acht ag toiseacht ag
romhar; agus ins an Fhoghmhar nuair a bhíodh
na cruacha féir déanta ag gach aon duine de na
comhursana, bhíodh Páidín le feiceáil i gcionn na
speile.

Bhí sé lá amháin ag dul 'un an mhargaidh, agus
bhí eagla ar a mhnaoi go mbéadh sé mall mar ba
ghnáthach, agus bhí sí ag cur deifre air. "Ó, am
go leor, am go leor," a deirfeadh Páidin.

"Ní bhéidh tú i n-am go leor, 'ar ndóigh" a
deirfeadh a bhean, "má bhíonn tú mall."

Ar sgor ar bith, fuair sí Páidín réidh 'sa deireadh
fá choinne an bhealaigh, acht ní rabh sé giota ar bith
ó'n teach gur mhothuigh sé an traen ag feadalaigh ag
an stáisiún. Phill sé ar ais `un an tighe ar a shuaimh-
neas. "A bhean mhodhamhail" ar seisean, "bhí
tusa ag cur deifre orm, agus 'ar ndóigh dá nglacainn
mo am, bhéinn fhad ar aghaidh anois."


Ciarán Ó Duibhín
2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite