Oidhche an Mhadaidh Ruaidh.        

Oidhche fhuar gheimhridh a bhí ann agus bhí
sgaifte de bhuachaillí díomúinte in a suidhe thart
fá'n teinidh i dtigh Mhuiris Mhóir. Mar bhí cladach
na teineadh uilig tógtha suas aca, b'éigean do
Mhuiris bhocht fanacht i lár an urláir go rabh sé
chomhair a bheith fleaichte. Duine muiglidhe
modhamhail a bhí ann, agus bhí leisg air labhairt ar
dtús; acht bhí an fuacht creathnuightheach a bhí
ann ag cur air chomh mór sin sa deireadh nach
dtiocfadh leis a fhuilstin ní b'fhaide. Smaointigh sé
ar chleas. Chuaidh sé amach go binn an tighe, agus
ní rabh sé bumaite go rabh sé isteach ar ais agus a
dhá shúil ag dul amach ar a cheann le tréan iongantais,
má b'fhíor. "0, a bhuachaillí, a bhuachaillí" ar
seisean, "tá madadh ruadh i gcró na gcearc, agus
tá a bhfuil de chearca ann marbh aige. Taraigidh
amach annseo go gasta." Amach le a rabh istigh,
acht nuair a fuair Muiris amuigh iad, shuidh sé ar
a chathaoir fhéin 'sa chlúduigh, dhearg sé a phíopa
agus thoisigh sé a chaitheamh ar a shuaimhneas.

D'fhág an lucht áirneáil a chathaoir fhéin aige
'sa chlúdaigh gach aon oidhche ariamh 'na dhiaidh
sin, agus is maith is cuimhin leis na daoine a bhí
i dtigh Mhuiris an oidhche sin ' "Oidhche an
mhadaidh ruaidh" ' aindeoin go bhfuil sin dornán
maith bliadhantach ó shoin.


Ciarán Ó Duibhín
2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite