Ní thug sí a Cosa Léithe.        

Bean bheag neamartach bheag-dhe mhaith a
bhí i Máire Ní Shiadhail, a bhí in a comhnuidhe i
Mín a' Chaorthainn tuairm's ar fiche bliadhain ó
shoin, agus bhíodh an sagart i gcomhnuidhe ag
gabhail dí cion is nach rabh si ag coinneáil na bpáistí
ar an sgoil i gceart.

Bhí sí lá amháin 'sa bhóitheach ag blighe an
eallaigh nuair a thug sí fa dear an sagart ag coradh
aníos an camhsa. Chaith sí uaithi a rabh aici, agus
isteach 'un an tighe léithe chomh géar gasta a's
thainic léithe.

Ní rabh aonduine istigh acht girrseach bheag
a dtug siad Brighdín uirthi. "A Bhrighdín a thais-
gidh" arsa an bhean, "sin an sagart ag teacht.
Caithfidh mé dul i bhfolach nó muirbhfidh sé mé
cion is gan sibhse a bheith ar an sgoil. Abair leis
go bhfuil mise ar shiubhal 'un an tsiopa."

Chuaidh Máire isteach i bhfolach faoi leabaidh
na cistinighe, acht mar bhí barraidheacht sputair
uirthi is cosamhail nar fholuigh sí a cosa i gceart.
Cibé ar bith, nuair a thainic an sagart 'un an dorais,
bheannuigh sé do'n ghirrsigh bhig, agus dhearc sé
faoi agus thairis agus i ngach aon choirnéal de'n
tigh. "Cá bhfuil do mhathair indiu?" ar seisean
leis an ghirrsigh.

"Tá sí ar shiubhal 'un an tsiopa," arsa an ghirr-
seach.

"Maise, abair léithe an dara h-uair a bhéas sí ag
dul 'un an tsiopa a cosa a thabhairt léithe" arsa
an sagart.


Ciarán Ó Duibhín
2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite