An Spéir ag Tuitim.        

Bhí Muiris Mór lá amháin in a shuidhe 'sa chlú-
daigh go díreach i ndiaidh a dhinneár a dheanamh.
Bhí sé iongantach tuirseach i ndiaidh a bheith ag
lomadh bachta ó mhaidin agus bhí sé ag deanamh
tamall sgithiste. Tharraing sé air páipeár nuaidh-
eachta a bhí in a luighe ins an fhuinneóig go bhfei-
ceadh sé caidé mar bhí gnóithe an tsaoghail, agus
go h-áirighthe gnóithe na n-aontach, ag dul ar
aghaidh. Bhí a bhean gnóitheach ag deanamh
measgán, agus ní rabh durm nó darm ag ceachtar
aca. Le sin mhothuigh siad an madadh ag tafann,
agus an dara bumaite cé chuirfeadh isteach a cheann
ar an doras acht an diúlach iomráidhteach sin a
dtugadh siad an Bacach Ruadh air. "A Mhuiris,"
arsa an bacach ag teacht thar mhaide an dorais dó,
"tá súil agam go bhfuil sgéala maithe ar an pháipeár
indiu."

"Maise, a bhacaigh, níl déagh-sgéala ar bith
air; tá sgéala air go bhfuil an spéir ag tuitim 'sa
Domhan Thoir." "Maise mur dtuitidh sí sa Domhan
Thiar is lúighde' chás é, nó de réir mar tá sé ag
stealladh le cúpla mí thart, tá mé de'n bharamhail
go bhfuil sí briste in níos mó nó aon áit amháin,"
arsa an bacach.


Ciarán Ó Duibhín
2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite