Bhí sé in a Sgoláire.       

Bhí fear in a chomhnuidhe ar an bhaile s'againne
tamall maith bliadhantach ó shoin a dtugadh siad
Domhnaillín Mac a' Tuile air. Duine iongantach
mórtasach a bhí ann, agus mar bhí beagán Béarla
aige, shíl an duine bocht go rabh sé in a dhuine mhór
amach's amach, agus go dearbhtha ní i ngan fhios
do na daoine a bhí an Béarla aige acht oiread. Nuair
a chastaí duine de na comhursana air, agus nuair a
bheannuigheadh sé dó i nGaedhilg bhinn bhlasta,
bheireadh mo Dhomhnaillín cóir freagar i mBéarla
air.

Chuir a athair lá amháin 'un an mhargaidh le sac
préataí é, agus d'iarr sé air a bheith cinnte an sac
a bheith ar ais 'na bhaile leis.

Chuaidh Domhnaillín 'un an mhargaidh ceart
go leór, agus ní rabh sé i bhfad annsin go bhfuair sé
réidhtighthe do na préataí; acht cé bith a d'éirigh
do'n tsac, ní thiocfadh leis a fhaghail shíos nó shuas.
Ins an tráthnóna nuair a bhí sé ag dul suas an tsráid,
rith an fear a cheannuigh na préataí uaidh amach as
ceann de na tighthe agus an sac leis chuige. D'amharc
Domhnaillín tamall maith ar an tsac, agus annsin
thoisigh sé a chur i gcéill go rabh sé ag léigheadh an
roda a bhí sgríobhtha air. "Ó, seadh," ar seisean,
"&P, for John right enough&." "Anois," ar seisean
"acht murb é go bhfuil mé in mo sgoláire mhaith
ní bhéadh fhios agam sin."


Ciarán Ó Duibhín
2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite