Clog ag Crathadh a Rubaill.       

"Creidim go bhfuil sé i n-am agam," arsa bean
Mhicheáil Ruaidh lá amháin, "an dinneár a chur
síos, nó tá mé cinnte gur goirid go rabh sé féin 'na
bhaile ó'n phortach." Dhearc sí ar an chlog a bhí
crochta ar bhalla na cistinighe. "Ní'l sé acht
ceathramha i ndiaidh an h-aon déag ar an chlog sin,"
ar sise, "acht tá eagla orm go bhfuil sí mall, nó
is fada an traen ar shiubhal síos. Gabh síos' un
an tseomra, a Bhrighdín," ar sise le duine de na
páistí, "agus amharc an bhfuil an clog shíos ag
dul."

Rinne Brighdín mar h-iarradh uirthi, acht níor
bh'fada go dtainic sí aníos le rása: "A mhamaí" ar
sise, "ní'l sí ag dul ar chor ar bith, tá sí in a seasamh
annsiud ag crathadh a rubaill."


Ciarán Ó Duibhín
2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite