Sgadáin Úra.       

Bhí an-dúil ag Máire Ní Cheallacháin i sgadáin
úra, agus lá amháin dá rabh carróir éisg ag dul thart,
cheannuigh sí duisín sgadán úr uaidh. Mar bhí na
h-iasgairí ag fagháil neart sgadán 'san am, níor
bhain sé dí acht leithphighinn an ceann ortha, agus
shíl Máire go rabh conradh breagh aici. Nuair
a bhí an margadh deanta aca, rith sí isteach 'un an
tighe, agus na sgadáin ar phláta léithe, go bhfuigheadh
sí an t-airgead do'n fhear. D'fhág sí an pláta ar
an tábla, fuair sí an t-airgead, agus d'imthigh amach
ionns'ar an fhear leis. Bhí cat iongantach bradach
sa tigh, agus nuair a mhothuigh sí boladh na sgadán,
caidé rinne sí acht dul suas ar an tábla, agus ceann
de na sgadáin a thabhairt léithe.

Acht ar sgor ar bith, chunntais Máire na sgadáin
nuair a thainic sí isteach, agus ní rabh ann acht
aon cheann déag, agus bhí sí ar na caorthacha mire.
Rug sí ar an mhaide bhriste agus amach léithe. Bhí
an carróir go díreach ag dul thart ag coradh an
bhealaigh, agus é chomhair a bheith as amharc.
Chraith sí an maide briste leis: "Arú," ar sise,
"a rógaire gan náire, nuair a thiocfas tusa ar ais,
bhéarfaidh mise le fios duit go bhfuil dhá cheann
déag i nduisín!" Stad an carróir. "Caidé sin
atá tú ag rádh a Mháire?" ar seisean. "Tá mé
ag rádh nach dtug tú damh acht aon sgadán déag
i n-áit duisín." "Tabhair aire nach ag an chat atá
an dómhadh ceann déag" arsa an carróir. "Maise
b'fhéidir gur agat atá an fhírinne," arsa Maire, agus
isteach 'un tighe ar ais léithe gur chuartuigh sí a
rabh de choirneáil ann, acht dheamhan greim de'n
chat a bhí le feiceáil. Amach 'na bhóthoighe léithe
sa deireadh, agus ceart go leor, bhí an rógaire cait
annsin agus é ag alpadh an sgadáin ar a dhicheall.
Thóg sí an maide briste agus bhuail sí cúpla leideóg
mhilltineach uirthi go dtearn sí stiúcaidhe dí.
"'Seadh" ar sise, nuair a chonnaic sí go rabh an
cat marbh aici, "ba daor a cheannuigh tusa an
luach leithphighinne, a chaitín bhig."


Ciarán Ó Duibhín
2008/04/04
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite