An Macán Mór.        

Tamall maith ó shoin nuair a bhí na rothair gann
i bhfarradh's mar tá siad anois, bhí buachaill óg in
a chomhnuidhe i n-áit chúilriasgmhair i dTír Chonaill
a dtugadh siad Peadar Mac Aodha air, agus cibé a
chuir in a chionn é, cheannuigh sé rothar lá amháin
margaidh dá rabh sé ar an tSrath Bán. Thárla i
dtrátha an ama céadna sin go rabh taidhbhse le
feiceáil fá'n áit, agus ní leigfeadh an eagla do na daoine
dul amach i ndiaidh dul ó sholus dó, ar eagla go
dtiocfadh an taidhbhse ortha. "An Macán Mór"
a bhí aca ar an taidhbhse, agus deirtear nach rabh
aon oidhche nach mbíodh sé le feiceáil ag imtheacht
fá na bealaigh móra, agus é ag dul mar bhéadh
séideán gaoithe ann.

Ar sgor ar bith, tráthnóna amháin dá rabh sean-
bhean de chuid na comhursanachta ag teacht ó'n
tsiopa, bhí Peadar Mac Aodha amuigh ag marcaidh-
eacht ar a rothar, agus cé casadh air i mbéal na séibe
ag coradh an bhealaigh acht an tsean-bhean seo.
Ní fhaca sí rothar in a saoghal, agus nuair a chonnaic
sí an rud gasta ag dul thairsti agus Peadar Mac
Aodha in a shuidhe i n-áirde air, sgannruigheadh an
croidhe aisti mar bhí sí cinnte dearbhtha gurbh é
An Macán Mór a bhí ann. Rith sí 'na bhaile chomh
maith is thainic léithe agus ag dul isteach 'un an
tighe dí, leig sí aon bhéic amháin aisti, agus thoisigh
a dh'innse do a rabh istoigh fa'n rud a chonnaic sí.
"A dhaoine na gcarad," ar sise, "tá an Macán
Mór ar shiubhal thart thíos annsin, agus Peadar
Mac Aodha bocht ar a dhruim leis."


Ciarán Ó Duibhín
2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite